Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sócamhach roimh an dócamhach pleasure before business
" Thug sí cúpla casadh dó agus dúirt, "Anois, ní chuirfidh muid an sócamhach roimh an dócamhach.
coicís roimh ré a fortnight in advance
" Bhí rabhadh tugtha d'fhórsaí míleata na hAstráile faoi Bhali coicís roimh ré.
roimh ré beforehand
" Is é an rud nár chuir lucht na pleanála in arm Mheiriceá san áireamh, agus a gcuid cluichí cogaíochta ar siúl acu roimh ré, ná an tionchar a bheadh ag Al-Jazeera ar mheon an phobail, ní hamháin san Iaráic féin, ach ar fud an domhain Mhoslamaigh.
is a dúradh linn roimh ré as we were told in advance
" Tá cogadh na hIaráice faoi lán seoil agus an chuma ar an scéal faoi láthair nach mbeidh sé thart chomh tapa is a dúradh linn roimh ré.
Is gá iad a chur in áirithe roimh ré it is necessary to book them in advance
" Is gá iad a chur in áirithe roimh ré - tá sonraí le fáil ar (www.
Tá eagla an domhain orm roimh mhadraí! I'm terrified of dogs!
" Is é sin go dtí gur rith mada na gcomharsan i mo dhiaidh síos an bóthar! B'in deireadh leis na nuachtáin dom! Tá eagla an domhain orm roimh mhadraí! Fuair mé mo chláirseach féin bliain ina dhiaidh sin.
roimh i bhfad before long
" Tá súil agam go bhfuil sibh ag baint sult as an aer úr ansin sna sléibhte agus cois farraige - agus go mbeidh sna tithe tábhairne chomh maith céanna roimh i bhfad.
ullmhaithe roimh ré prepared in advance
" Roghnaíonn Sinn Féin iarrthóirí óga atá cliste, dóighiúil, fuinniúil agus atá ábalta dul de réir na foirmle a bhíonn ullmhaithe roimh ré ag ceannairí an pháirtí.
roimh ré beforehand
" Dúirt iarspiaire amháin go raibh míniú an-simplí air sin - go raibh fhios acu roimh ré cén polasaí a bhí ag an rialtas agus nach raibh aon mhaith a bheith ag cur ina choinne.
doicheall roimh an reiligiún hostility toward religion
" Ag lua an Bhunreachta le tacú lena seasamh, deir AU nach léiríonnn an fhealsúnacht scarúnach seo "doicheall roimh an reiligiún", ach go bhfuil sé mar aidhm aici a chinntiú "go bhfanfaidh an rialtas neodrach maidir le ceisteanna reiligiúnda, agus go bhfágfar cinntí a bhaineann le Dia, le creideamh, agus le freastal ar ionaid adhartha i lámha na saoránach" (http://www.
roimh ré before-hand
" Ba chóir, mar shampla, go mbeadh duine a bheadh dul amach ag siúl i sléibhte Chill Mhantáin ábalta ar theacht ar lámhleabhar tarraingteach soléite ar logainmneacha an cheantair sin roimh ré.
D'éirigh sí roimh an lá she got up really early
" D'éirigh sí roimh an lá maidin Dé Sathairn agus rinne sí cupa tae di féin.
roimh ré beforehand
" Is cuidiú mór é gur féidir an íomhá a fheiceáil roimh ré ar scáileán an cheamara nó ríomhaire sula ndéantar pictiúr buan de, agus gur rud é sin is féidir linn féin a dhéanamh sa bhaile ar chostas íseal.
roimh ré beforehand
" Is cuidiú mór é gur féidir an íomhá a fheiceáil roimh ré ar scáileán an cheamara nó ríomhaire sula ndéantar pictiúr buan de, agus gur rud é sin is féidir linn féin a dhéanamh sa bhaile ar chostas íseal.
roimh ré beforehand
" Beidh mé ag siúl na slí seo arís le grúpa mac léinn sa bhliain úr agus mar sin b'éigean dom measúnú priacail a dhéanamh roimh ré, mar sin an dlí anois i gcás scoileanna agus coláistí.
roimh ré in advance
" Is maith an rud gur cuireadh comhairle orm roimh ré hata a chaitheamh! An séasúr síolraithe a bhíonn ann i Meitheamh agus bíonn na geabhróga an-bhuartha faoi na scalltáin, a ritheann thart achan áit ar an talamh.
roimh ré in advance
" Is maith an rud gur cuireadh comhairle orm roimh ré hata a chaitheamh! An séasúr síolraithe a bhíonn ann i Meitheamh agus bíonn na geabhróga an-bhuartha faoi na scalltáin, a ritheann thart achan áit ar an talamh.
roimh ghealadh an lae before daybreak
" Ar oíche bhás an Phápa bhí an séipéal ar champas na hollscoile ar oscailt ar feadh na hoíche agus roimh ghealadh an lae bhí pictiúr d’Eoin Pól II ar crochadh os cionn phríomhshlí isteach na hollscoile i dteannta na bhfocal “.
roimh ré in advance
" Má tá do chloigeann ag casadh ag smaoineamh ar an oiread sin seomraí, seo chugat roinnt de na píosaí ealaíne is suntasaí nach mór duit a fheiceáil: Sala Caravaggio ar an chéad urlár, ina bhfuil trí phíosa chiaroscuro de chuid an ealaíontóra chlúitigh sin *Madonna in Maesta* le Cimabue i seomra 1 *La Battaglia di San Romano* (Cath San Romano) le Paolo Uccello i seomra 7 *Fredrico da Montefeltro* le Piero della Francesca i seomra 7 *Madonna col Bambino e due Angeli *le Fra Filippo Lippi i seomra 8 *La Nascita di Venere *(Breith Venéis) agus *Primavera* le Sandro Botticelli i seomraí 10-14 *Anunciazione *(Teachtaireacht an Aingil) le Leonardo da Vinci i seomra 15 *Tondi Doni *le Michelangelo i seomra 25 *Madonna del Cardellino * le Raphael i seomra 26 *Venere d’Urbino* le Titian i seomra 28 Is fiú go mór ticéid a chur in áirithe roimh ré do chuairt mar bíonn an-tóir ar an dánlann agus ag amanna gnóthacha is minic a bhíonn na ticéid ar fad díolta.
ticéid a chur in áirithe roimh ré to book tickets in advance
" Má tá do chloigeann ag casadh ag smaoineamh ar an oiread sin seomraí, seo chugat roinnt de na píosaí ealaíne is suntasaí nach mór duit a fheiceáil: Sala Caravaggio ar an chéad urlár, ina bhfuil trí phíosa chiaroscuro de chuid an ealaíontóra chlúitigh sin *Madonna in Maesta* le Cimabue i seomra 1 *La Battaglia di San Romano* (Cath San Romano) le Paolo Uccello i seomra 7 *Fredrico da Montefeltro* le Piero della Francesca i seomra 7 *Madonna col Bambino e due Angeli *le Fra Filippo Lippi i seomra 8 *La Nascita di Venere *(Breith Venéis) agus *Primavera* le Sandro Botticelli i seomraí 10-14 *Anunciazione *(Teachtaireacht an Aingil) le Leonardo da Vinci i seomra 15 *Tondi Doni *le Michelangelo i seomra 25 *Madonna del Cardellino * le Raphael i seomra 26 *Venere d’Urbino* le Titian i seomra 28 Is fiú go mór ticéid a chur in áirithe roimh ré do chuairt mar bíonn an-tóir ar an dánlann agus ag amanna gnóthacha is minic a bhíonn na ticéid ar fad díolta.
roimh ré in advance
" AÓF: Le filleadh ar ais chuig Ceardlann Earraigh, an bhfuil sibh ag súil le mórán daoine ag na ranganna? MUíF: Bhuel, tá an rang bodhráin lán cheana féin! AÓF: Agus bíonn sibh ag iarraidh ar dhaoine clárú roimh ré, nach mbíonn? MUíF: Bíonn, ionas nach mbeidh na ranganna rómhór, an bhfuil a fhios agat, chun seans a thabhairt do chuile dhuine.
roimh ghealadh an lae before daybreak
" Ar oíche bhás an Phápa bhí an séipéal ar champas na hollscoile ar oscailt ar feadh na hoíche agus roimh ghealadh an lae bhí pictiúr d’Eoin Pól II ar crochadh os cionn phríomhshlí isteach na hollscoile i dteannta na bhfocal “.
nach sléachtann mórán deisceabal sa chuid eile den domhan go talamh roimh dhia mór an haca that not many disciples in the rest of the world worship the great god of hockey
" Ach i dtaca le Gretzky de, in ainneoin an chultais a leanann de i Meiriceá Thuaidh agus i dtíortha tuaisceartacha na hEorpa ina n-imrítear haca oighir – agus, gan dabht, in ainneoin sheacht ndícheall Fhathaigh Bhéal Feirste, an fhoireann haca a imríonn in Airéine na hOdaisé, chun an sóiscéal a chraobhscaoileadh in Éirinn – is é an fhírinne é nach sléachtann mórán deisceabal sa chuid eile den domhan go talamh roimh dhia mór an haca.
is gá a shocrú roimh ré that need to be arranged in advance
" Ach, ar ndóigh, tá rudaí áirithe is gá a shocrú roimh ré.
roimh ré in advance
" Bíonn 6,600 seomra óstáin i Learpholl curtha in áirithe míonna roimh ré agus an méid céanna in óstáin eile sa réigiún.
roimh mháirseáil chonspóideach before a controversial march
" Ní thig leo dul rófhada chun tosaigh ar a lucht leanúna, dar leo, ach tharla eachtra iontach an mhí seo caite nuair a thug urlabhraí an pháirtí ar chúrsaí póilíneachta, an t-iarchime Gerry Kelly, le fios go raibh cainteanna díreacha idir é féin agus baill shinsearacha de chuid an PSNI roimh mháirseáil chonspóideach de chuid an Oird Oráistigh i dtuaisceart Bhéal Feirste ar an 12 Iúil, mórshiúl a mbíodh racáin lena linn le blianta beaga anuas.
roimh ré in advance
" AÓF: An bhfuil tú chun cuairt a thabhairt ar an áit roimh ré le socrú isteach ann? TC: Beidh mé ag caitheamh coicíse ann i Meán Fómhair 2006 chun labhairt leis an Dochtúir Mick Maloney faoin obair a bheas romham ann agus chun dul i dtaithí ar an ollscoil ann.
roimh fhoilsiú na hirise before the magazine is published
" Mhíníos dó go scríobhtar an t-alt seachtain nó dhó roimh fhoilsiú na hirise agus, i ngeall air sin, is deacair a bheith tráthúil.
roimh cheolchoirm before a concert
" Nuair a labhair mé le Spillane díreach roimh cheolchoirm a bhí aige i gConradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair, ba léir dom go raibh sé sásta leis an albam agus thar a bheith bródúil as.
roimh an bhfleá thuasluaite. before the above mentioned feast.
" B’in, chomh fada agus is eol dúinn, an chéad dinnéar altaithe i Meiriceá, cé go ndeir staraithe go ndearna grúpa oilithreach altú do Dhia i Jamestown, Virginia, dhá bhliain roimh an bhfleá thuasluaite.
níor cuireadh in iúl di roimh ré she wasn't informed in advance
" Níor cuireadh an t-alt seo i gcló isníor cuireadh in iúl di roimh ré nach gcuirfí.
roinnt míonna roimh ré. some months in advance.
" Bíonn an-tóir, ní nach ionadh, ar an lóistín i nDún Éideann i mí Lúnasa, mar sin tá sé inmholta socrú a dhéanamh roinnt míonna roimh ré.
roimh cheolchoirm before a concert
" Bhí beirt mhac de chuid Peel, William agus Thomas, ar fhoireann amháin agus bhronn a bhaintreach Sheila an trófaí ar na buaiteoirí, Cream, i The Picket, roimh cheolchoirm le Pete Wylie agus The Mighty Wah! “Ceann de na spriocanna atá againn ná daoine a thabhairt le chéile tríd an cheol,” a dúirt Phil liom agus ba é Billy Bragg an chéad cheoltóir a sheinn sa Picket nua i mí Feabhra 2006 mar chuid de Hope not Hate, camchuairt in aghaidh an chiníochais.
agus a chuireann fáilte roimh aíonna. and which welcomes guests.
" Is pobal éacúiméineach Críostaí é, atá beo go fóill, agus a chuireann fáilte roimh aíonna.
go raibh eagla air roimh an dorchadas that he was afraid of the dark
" Maidir leis an albam nua, chuala mé scéal faoi Jim Coleman, deartháir le Michael Coleman, go raibh eagla air roimh an dorchadas agus nár thaitin sé leis riamh a bheith ag imeacht ina aonar ó theach go teach san oíche ag seinm ceoil.
roimh ré in advance
" Thug mé cuairt air i mí na Nollag 1985, tar éis a lán maorlathais a bheith ann ón phríosún roimh ré.
roimh ré beforehand
" Bíonn a fhios againn i gcónaí roimh ré má tá trioblóid ar na bacáin.
ag cleachtadh roimh ré. practising in advance.
" Níl aon taithí ag Jamie ar bheith ag dreapadóireacht ar oighear agus bhí sé ag iarraidh bheith ag cleachtadh roimh ré.
ní mar gheall ar fhaitíos roimh Shasana, not because of fear of England,
" ” Aisteach go leor, ritheadh an leasú seo, ní mar gheall ar fhaitíos roimh Shasana, ach mar gheall ar fhaitíos roimh rialtas cónaidhmeach na Stát féin.
díreach roimh an mbriseadh lár téarma, just before the mid-term break,
" Mar is gnách san earnáil seo, tháinig brú ollmhór díreach roimh an mbriseadh lár téarma, agus na spriocdhátaí ag bagairt orthu! Mar sin, bhí mise lánsásta le teacht na Cásca, agus thapaigh mé an deis chun éalú ón mbaile agus m’aghaidh a thabhairt ar thuaisceart an Oileáin Thuaidh.
roimh an olltoghchán ó dheas before the general election in the south
" Bhí mé ag breathnú ar chlár teilifíse roimh an olltoghchán ó dheas – sular fógraíodh dáta an toghcháin féin – agus iarradh ar an lucht féachana sa stiúideo focal amháin nó abairt a roghnú a chuirfeadh síos ar an dearcadh a bhí acu ar phearsantachtaí nó ar pháirtithe.
trí bhallóid roimh ré by ballot beforehand
" Fuair Milan 17,000 ticéad, díoladh 9,000 trí bhallóid roimh ré agus fuair UEFA 20,000 iad féin, le haghaidh urraí mar Coca Cola.
roimh an olltoghchán before the general election
" D’éirigh Derek Cattell, ball den choiste gnó i Sedgefield, as an pháirtí roimh an olltoghchán chun tacaíocht a thabhairt do Reg Keys, tar éis dó 30 bliain a bheith caite aige sa pháirtí.
roimh theacht i méadaíocht. before they grow up.
" De réir staitisticí ó Oileán Muile, beirtear thart ar 20,000 uan ansin gach bliain agus faigheann thart ar 2,600 acu bás roimh theacht i méadaíocht.
roimh ré. in advance.
" Creideann Europus go bhfuil ag teip ar dhaoine a chuireann isteach ar phostanna leis an AE mar nach mbíonn oiliúint curtha orthu roimh ré.
roimh thitim an chumannachais before the fall of communism
" ” Rugadh Izabela i mí Aibreáin 1980, naoi mbliana roimh thitim an chumannachais sa Pholainn.
roimh an méadú ar an Aontas Eorpach before the expansion of the European Union
" ” Ba i mí Mheán Fómhair 2001 a tháinig Izabela go hÉirinn, seachtain i ndiaidh na n-ionsaithe a rinneadh ar na Stáit Aontaithe agus dhá bhliain go leith roimh an méadú ar an Aontas Eorpach a lig do na mílte Polannach teacht go hÉirinn ag lorg oibre.
roimh chasadh an chéid. before the end of the century.
" Beifear ag cur san áireamh a laghad den rath agus a bhí ar ardáin dáilithe i dtíortha áirithe eile agus an dóigh ar theip orainn Teilifís Dhigiteach Trastíre a bhunú in Éirinn sna blianta beaga roimh chasadh an chéid.
roimh an olltoghchán before the general election
" Bhí ceisteanna fosta faoin chinneadh an ciorclán a eisíodh roimh an olltoghchán a tharraingt siar, ach é a atheisiúint a luaithe is a bhí na vótaí caite.
ar oícheanta roimh chluichí móra. on nights before big games
" Scéal amháin a léiríonn pearsantacht réchúiseach Mick ná go ndúirt Kevin Heffernan le foireann Átha Cliath, roimh chluiche ceannais na bliana 1979, go raibh táibléid ar fáil ó dhochtúir na foirne do dhaoine a raibh deacrachtaí codlata acu ar oícheanta roimh chluichí móra.
Nuair a bhíonn tú sa Roimh, When in Rome,
" Nuair a bhíonn tú sa Roimh, nó in Nürnberg, etc.
roimh an Ghorta. before the Famine.
" Spailpíní Chúige ChonnachtSa chéad chaibidil deir sé go raibh a lán Éireannach i Learpholl roimh an Ghorta.
eolach ar na hábhair ghaolmhara roimh ré. knowledgeable about the related subjects in advance.
" Cabhraíonn an saghas seo cuardaigh ghrafaigh go mór le duine agus é ag iarraidh taighde a dhéanamh ar ábhar go tapa toisc go bhfaigheann sé eolas láithreach bonn, ní hamháin i dtaobh an ábhair atá á chuardach aige ach i dtaobh na n-ábhar gaolmhar ar fad chomh maith – agus ní gá go mbeadh an t-úsáideoir eolach ar na hábhair ghaolmhara roimh ré.
roimh ré beforehand
" Bhí gach saghas Tuaisceartach i láthair ag an ócáid seolta, má thuigeann tú leat mé, agus ní raibh a fhios ag daoine roimh ré cé acu an n-éireodh le Fíbín daoine a chur ag gáire, nó an dteipfeadh ar an jóc.
Beidh fáilte roimh chách. All will be welcome.
faoi lán seoil roimh i bhfad. in full-swing before long
" Tá Lá Fhéile Pádraig ag teannadh linn agus ciallaíonn sé sin rud amháin: beidh Seachtain na Gaeilge – ar coicís na Gaeilge í na laethanta seo – faoi lán seoil roimh i bhfad.
díreach roimh directly before
" Cuireann an fhéile i gcuimhne dúinn gur linne ar fad an Ghaeilge, is cuma cárb as muid nó cé acu ar féidir linn idirdhealú a dhéanamh idir an tuiseal tabharthach agus an tuiseal ginideach nó nach féidir! Mar a deir mana na féile, “Croí na Teanga – *It’s You*!”Mar is gnáth, cuirfear tús le clár leathan imeachtaí leis an bhféile a cheiliúradh i rith na seachtainí díreach roimh Lá Fhéile Pádraig.
roimh i bhfad before long
" Níl aon amhras faoi ach go gcuirfear ceamara digiteach proifisiúnta ar fáil roimh i bhfad a bheidh ar comh-mhéid le ceamara digiteach baile ach lena bhféadfar caighdeán an cheamara teilifíse a bhaint amach.
lena linn agus roimh ré. during it and beforehand.
" Bítear ag cur ina luí ar imreoirí a thábhachtaí is a bhíonn sé a n-inchinn a dhíriú ar an gcluiche, lena linn agus roimh ré.
roimh ghéarchéimeanna Bhóthar Gharbh Achaidh! before the Garvaghy Road crises!
" Ba mhaith liom fáil amach, ní hamháin faoin díograis chreidimh agus pholaitiúil, ach faoin tsíceolaíocht a spreag cuid de na huafáis a raibh sé páirteach iontu agus daoine á ngríosú aige le máirseáil trí áiteanna nach raibh fáilte rompu – agus tá muid ag caint ar thríocha bliain roimh ghéarchéimeanna Bhóthar Gharbh Achaidh! Dá bhfeicfeadh sé toradh a chuid saothair, an ndéanfadh sé gach rud mar a rinne?Ar an drochuair, ní bheidh an tOirmhinneach ag plé le ceisteanna tábhachtacha den chineál seo sa leabhar; beidh sé ag díriú ar na cúig bliana a chaith sé ag teacht isteach ón fhuacht.
roimh an gcogadh cathartha before the civil war
" **Tacaíocht láidir**Is amhlaidh go raibh na Stáit Aontaithe ag tabhairt tacaíocht láidir d’arm treallchogaíoch na Batutsi – Rwandan Patriotic Front (RPF) – roimh an gcogadh cathartha i Ruanda.
roimh an dara pobalbhreith before the second opinion poll
" Má éiríonn leis an bpobalbhreith seo, mhol an grúpa gur chóir tabhairt faoi chomhairliúchán forleitheadach pobail – a mhairfeadh ar feadh cúig bliana – roimh an dara pobalbhreith, ina roghnófaí an cineál poblachta ba mhian le muintir na tíre a chur ar bun.
go gcuireann siad fearadh na fáilte roimh an moladh maidir leis an bpoblacht that the welcome the proposal regarding the republic
" D’eisigh ARM preaseisiúint díreach tar éis na comhdhála thuasluaite inar léirigh siad go gcuireann siad fearadh na fáilte roimh an moladh maidir leis an bpoblacht, agus d'éiligh siad go reáchtálfaí an phobalbhreith tháscach nuair a dhéanfar an chéad olltoghchán eile a ghairm, is é sin, sa bhliain 2010, is dócha.
Níor ghá dó aon rud a fhoghlaim roimh ré. He didn't need to learn anything beforehand
" Bhí Skaggs ábalta suí síos le Liam O’Flynn agus Paddy Glacken agus an fhidil a thógáil amach agus a rá leo, “*Right, what will we play?”* Níor ghá dó aon rud a fhoghlaim roimh ré.
an bhliain roimh ré the year beforehand
" Bíonn beagáinín athbhreithnithe ag teastáil ó na daoine a d’fhreastail ar rang an bhliain roimh ré agus is cuma leo siúd má dhéantar rudaí simplí a chleachtadh ar feadh cúpla seachtain go dtí go mbíonn na tosaitheoirí beagnach ar comhchéim leo.
roimh chasadh na mílaoise. before the turn of the millenium
" Is as Béal Feirste ó dhúchas dó, ach bhí sé ina chónaí i Learpholl ar feadh na mblianta sular bhog sé go Nua Eabhrac i 1997 agus ba mhinic dom scríobh faoina chuid pictiúr roimh chasadh na mílaoise.
roimh an olltoghchán before the general election
" " Chuir siad ráiteas chuig gach iarrthóir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain roimh an olltoghchán i nDeireadh Fómhair 1964.
roimh cháin pre-tax
" Mar a luaigh mé an mhí seo caite, tá an ráta malartaithe idir an punt sterling agus an euro ina chuidiú ag lucht turasóireachta (agus ag Tesco, comhlacht a ghnóthaigh brabús roimh cháin de £2,803 milliún punt anuraidh.
Fearadh fáilte is fiche roimh (the announcement) was heartily welcomed
" Fáilte roimh an deis oibre Fearadh fáilte is fiche roimh an bhfógra ag na rialtais sna ceithre thír thuas.
fáilte roimh chách all are welcome
teacht roimh take on, overcome
" Ach más mian linn go gcaithfí leis ar an bhonn sin seachas mar phlean buile eile de chuid an Aire Uí Chuív, caithfidh pobal na Gaeilge a chinntiú go dtarlóidh díospóireacht leathan roimhré, sa dóigh is go dtig leo teacht roimh aon chlamhsán faoi chaiteachas an stáit ar an teanga (bíodh sé bunaithe ar an fhírinne nó ar an aineolas.
ullmhú roimh prepare for
" Déanfar iarracht ranganna breise a chur ar siúl nó ábhar a chur ar fáil tríd an idirlíon sa chaoi is go mbeidh mic léinn in ann iad féin a ullmhú roimh na scrúduithe.
roimh facing
" Tír Mhór an Dá Shaol Is mór an dúshlán atá roimh an rialtas nua.
roimh ré beforehand
" Ba léir ó na pobalbhreitheanna roimh ré go raibh deis ag Nick Griffin faoin chóras seo, dá mbeadh fuarchúis agus freastal íseal ar na bothanna vótála ann.
le teacht roimh to get the better of
" An bhfuil bealach ar bith le teacht roimh na hathruithe seo agus iad a shárú? D’ainneoin a cuid lochtanna uilig, is múinteoir maith é taibhse an Tíogair Cheiltigh agus taispeánfaidh sé dúinn feasta gur fearr i bhfad an cur le chéile agus an daonnacht ná an coimhthíos agus an leithleas.
roimh ré beforehand
" Bhaineamar úsáid as Google Maps chun ár dturasanna laethúla a réiteach roimh ré.
roimh ré beforehand
" Dúirt sí ar an gclár, “*what a’ ya goin’a ask me*”? Bhí mé ag cuimhneamh ar “*Well, mm, it’s alright now, don’t worry about it, it’s no surprize*” – ní maith liom na ceisteanna a thabhairt do na daoine roimh ré.
roimh before
" ie roimh an 20 Nollaig 2009 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí na Nollag’ mar theideal ar do theachtaireacht.
roimh before
" Nuair a smaoiním ar an fhuacht mharfach agus ar dhorchadas an gheimhridh, smaoiním i gcónaí ar na daoine a mhair fadó, i bhfad roimh ré an téimh lárnaigh! Tráth nach raibh tithe ann ar chor ar bith, tráth nach raibh ann ach an duine in aghaidh na ndúl.
roimh before
" Bhí gorta sa tír roimh 1845, ceann i 1729, fágaim, an bhliain inar fhoilsigh Jonathan Swift ‘*A Modest Proposal’*, leabhar inar mhol sé cinedhíothú ar Éireannaigh bhochta.
roimh before
" Bhí an pobal Mandaean lonnaithe timpeall ar Bhagdad, an phríomhchathair, díreach roimh thitim Saddam.
roimh before
" ie roimh an 25 Deireadh Fómhair 2010 agus bíodh na focail ‘Comórtas Dheireadh Fómhair’ mar theideal ar do theachtaireacht.
Aithnítear an Gníomh roimh an gCaint action speaks louder than words
" Aithnítear an Gníomh roimh an gCaint =========== Glacann muid leis mar sin go bhfuil an Rialtas seo dáiríre ‘maidir le gníomh fónta agus radacach a dhéanamh ar son na teanga’ agus mar sin de, cén gníomh a bhfuil muid ag súil leis sa Ghaeltacht: 1 Roinn na Gaeltachta faoi chúram Aire sinsearach le freagracht a ghlacadh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ag an leibhéal is airde sa chóras daonlathach atá againn sa tír seo.
roimh ré beforehand
" Is gné shuntasach den chóras rialtais abhus go bhfuil an chumhacht ag aon rialtas náisiúnta tús a chur le feachtas míleata thar lear gan chead a fháil ón bparlaimint roimh ré.
fáilte roimh chách all are welcome
" Tá cuireadh i mo láimh agam ónár gcomharsana, muintir Panagrosso, teaghlach Meiriceánach/Iodálach a bhfuil cónaí orthu san fhoirgneamh céanna linn, chuig ócáid ar a dtugann siad ‘fáilte roimh chách’ air chun Lá an Altaithe, nó Lá an Bhuíochais, a cheiliúradh.
roimh before
" ie> roimh an 23 Nollaig 2010 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí na Nollag’ mar theideal ar do theachtaireacht.
roimh before talks
" Cé gur seo an cogadh is faide a raibh Na Stáit Aontaithe ann riamh, níos faide ná an cogadh i Vítneam, fiú, agus cosnaíonn sé 10 billiún dollar gach bliain, tá Obama agus an Ginearál Petraeus ag leanúint dá seandúnghaois: bua ar an ármhá roimh chainteanna leis na Talaban.
roimh an in store for
" Ach is gá an scéal a scaipeadh go forleathan NACH bhfuil fás tagtha faoi líon na scoileanna ó Mheán Fómhair 2008! Is é buairt AITHEANTAS ná go mbeidh deireadh ré roimh an ngaelscolaíocht, mar earnáil oideachais atá ag fás, muna mbuaitear Cath Ráth Tó.
eagla roimh fear of
" ”* Rinne na Síónaigh dianstocaireacht ar an gComhdháil, chothaigh siad na Síónaigh “Chríostaí,” agus bhunaigh siad meithleacha smaointe a chothaigh eagla roimh Ioslam mar bhagairt don Iarthar Domhain.
roimh ré earlier
" D’ainneoin an mhéid sin, dúradh linn roimh ré ar Theilifís Éireann ag an am go dtarlódh tubaiste ag Oileán Faoide i gCuan Bheantraí.
roimh thitim before the fall
" An dream bídeach a mhaígh roimh thitim ó dhíomais an chóras gheilleagair, níor tugadh aon aird mórán orthu ag an am, Peter Schiff i Meiriceá, David McWilliams agus Eddie Hobbs in Éirinn.
roimh an dúshlán by the challenge
" An Lucht Oibre Scantraithe: ============= Is í mo thuairimse go bhfuil An Lucht Oibre scantraithe roimh an dúshlán a bhainfeadh le Gilmore a bheith ina Thaoiseach.
roimh ré beforehand
" Bhí a fhios ag na húdaráis ar a laghad lá roimh ré go mbeadh an chathair faoi uisce agus ghníomhaigh siad dá réir.
roimh an díle before the flood
" Bhíodh an ceantar, a bhfuil cáil uirthi de bharr áilleacht a taobh tíre agus stair a chathracha, ag brath go mór ar an turasóireacht roimh an díle.
roimh ré beforehand
" Mhol sé cláir scoile a chuirfeadh cosc ar an bhfadhb roimh ré de bharr go mbíonn sé an-deacair dul i ngleic leis an bhfadhb nuair a bhíonn na gasúir tite i bhfeoil cheana féin.
roimh before
" Bhí iarracht an-mhór déanta ag na himreoirí an bhliain roimhe sin ó thaobh traenála agus d’éirigh leo an comórtas craoibhe agus an comórtas sraithe araon a bhuachain.
roimh before
" ie> roimh an 21ú Aibreán 2011 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí Aibreáin’ mar theideal ar do theachtaireacht.
roimh facing
" Beidh dúshlán ollmhór roimh cheannairí an pháirtí, gan amhras ar bith, agus iad ag iarraidh é a athbhunú agus a atógáil.
roimh before
" Bhí lúcháir orm go mbeadh sé de dheis agam cur leis an mhéid teorannta seo roimh dheireadh na scoilbhliana.
roimh ré beforehand
" Ní do bhainne cíche, do bhia ná do theas agus fuacht a bhíonn bunáite inchinn an duine nuabheirthe liog-rianaithe amach roimh ré, ach do fhoghlaim teangan.