Pota Focal Intergaelic
scór | cor | saor | scar | scog
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar scor ar bith anyway
" An léiríonn sé seo go bhfuil siad den bharúil nach bhfuil aon ghéarchéim ann? Ar cheart stop a chur leis na deontais mhóra a fhaigheann na heagraíochtaí Gaeilge a bhíonn ag múineadh na teanga go dtí go mbeidh siad sásta a bheith ag comhoibriú lena chéile agus go dtí go léireoidh siad go bhfuil seirbhís cheart phroifisiúnta á cur ar fáil acu? Má thagann an deontas ag deireadh na bliana ar scor ar bith, is cuma cén caighdeán atá i gceist sa seomra ranga, cén fáth a ndéanfadh siad aon iarracht feabhas a chur ar chúrsaí? B'fhéidir gurbh fhiú d'Fhoras na Gaeilge roinnt machnaimh a dhéanamh ar an cheist seo.
scor an cháis ina éadán the dismissal of the case against him
" I ndiaidh scor an cháis ina éadán, dúirt Stobie féin gur "mionimreoir i gcluiche i bhfad níos mó agus níos fuiltí" a bhí ann.
scor disband
" Tá Trimble agus Jeffery Donaldson ag ceol an amhráin chéanna - caithfidh an IRA scor má tá aon dul chun cinn le déanamh.
An focal scoir the last word
" An focal scoir ag Balor, mar is iondúil: "Caithfear glacadh leis, a Bhertie, ar an drochuair, nach mbeidh i do Bhabhla Mór ach fochup.
i bhfábhar an Seanad a scoir in favour of scrapping the Senate
" Tá sé íorónta gur bhain leath acu seo leis an Pháirtí Daonlathach, an páirtí a bhí cúpla bliain ó shin i bhfábhar an Seanad a scoir, toisc dar leo go raibh mí-úsáid á baint as.
go raibh sé á scor that he was being dismissed
" Ar an lá sin insíodh do de Róiste go raibh sé á scor as an arm "ar an gcúis gurb é leas na seirbhíse é a scor".
an focal scoir the last word
" Féach ar DJ Carey ag imirt mura dtuigeann tú an ráiteas sin! Ach, fágaimis an focal scoir ag muintir Mhic Aonghusa.
scor iomlán total disbandment
" Anois, tá sé ag iarraidh an ruda nach féidir a thabhairt dó, agus fios aige nach féidir é a thabhairt dó, is é sin, scor iomlán an IRA.
scor breaking-up
" Ar ndóigh, ceanglóidh Rialtas na Breataine na hathruithe seo le scor de chineál éigin i gcás an IRA.
Mar fhocal scoir finally
" Mar fhocal scoir, ní cóir dearmad a dhéanamh ar mhuintir Dhún Lathaí.
ar scor ar bith anyway
" "Uaireanta, ní bhíonn barúil agam cad é le déanamh," a deir Séigheann, "ach tosaím ag gearradh ar scor ar bith agus tógann an píosa a chruth féin.
an bata scoir the tally stick
" Mar shampla, bhíodh an bata scoir ag na Lacótá mar a bhíodh in Éirinn.
Mar fhocal scoir finally, in conclusion
" Mar fhocal scoir, níos luaithe i mbliana nocht mé mo thuairim go mbuafadh Cill Chainnigh Craobh na hÉireann.
Mar fhocal scoir finally
" Mar fhocal scoir, amharcaigí siar ar dhea-rúin na bliana seo a chuaigh thart.
scortha retired
" Tá scata breá daoine sa chumann - tá cuid mhaith acu scortha agus cineálacha éagsúla cúlra acu, ó iarfhear an phoist go hiarollamh ríomhaireachta.
ar scor ar bith anyway
" Níorbh fhada ar scor ar bith go mbínn ag dréim go mór le gach eagrán nua sa leabharlann agus féadaim a rá go bhfuil mé á léamh go measartha rialta ó shin.
ar scor ar bith anyway
" Níorbh fhada ar scor ar bith go mbínn ag dréim go mór le gach eagrán nua sa leabharlann agus féadaim a rá go bhfuil mé á léamh go measartha rialta ó shin.
ar scor ar bith anyway
" Foghlaimeoidh daoine óga faoi ghnéas ar scor ar bith, ach is faoi na daoine fásta atá sé a chinntiú go bhfoghlaimíonn siad faoi an dóigh cheart.
ar scor ar bith anyway
" John Hume ag teacht ======= Bhí go leor le déanamh ag Bríd sa bhaile ar scor ar bith, tógáil beirt pháistí san áireamh.
ar dhuine scortha é who was a retired person
" Bhí fear cairdiúil, ar dhuine scortha é, taobh thiar den chuntar.
dul ar scor to retire
" Sa chéad dul síos, nuair a bhí sé ag druidim leis an am a raibh mé le dul ar scor agus mé ag machnamh ar fhéidearthachtaí an tsaoil ar féarach, chonaic mé fógra do scoil samhraidh, seachtain Ghaeilge bhliantúil ar fheirm amuigh faoin tuath sa Bhreatain Bheag Theas Nua.
ar scor ar bith anyway
" D'inis mo chara di nach mbeadh siad ag iarraidh rud mar sin a dhéanamh agus, ar scor ar bith, nach raibh Moslamaigh ina gcónaí sa cheantar seo.
scor discontinuance
" Is mithid don IRA scor mura bhfuil sé le dul chun drabhláis.
Is mithid don IRA scor it is time for the IRA to disband
" Is mithid don IRA scor mura bhfuil sé le dul chun drabhláis.
go scorfaí an IRA that the IRA be disbanded
" Bhíodh dearcadh rómánsúil, soineanta fiú, ag King i leith na gluaiseachta ach níor chuir sé fiacail ann an iarraidh seo nuair a d'éiligh sé go neamhbhalbh go scorfaí an IRA.
a scor to bring to an end
" Is beag imreoir as na Sé Chontae a gheobhadh áit ar fhoireann dá leithéid na laethanta seo agus b’ionann é agus foireann na Sé Chontae a scor beagnach - mura dtabharfaí riail 50/50 isteach mar a rinneadh leis an PSNI! Ní fheicfidh muid foireann sacair uile-Éireann go ceann deich mbliana ar a laghad.
dul ar scor to retire
" “Tá bailiúchán ollmhór agam thuas staighre!” Beidh Marcus seachtó bliain d’aois an bhliain seo chugainn, aois ag a mbíonn neart daoine sásta dul ar scor agus a laethanta ar fad a chaitheamh ag imirt gailf nó ar saoire sa Costa del Sol.
ar scor ar bith anyway
" An chúis dheireanach: chuir daoine taobh istigh agus taobh amuigh de ghluaiseacht na poblachta ina luí ar cheannairí, ar chimí, agus ar na hÓglaigh iad féin – an chuid is mó acu seo ar scor ar bith – gurbh é próiseas síochána bunaithe ar chomhoibriú le náisiúnaithe eile an bealach ab fhearr le spriocanna poblachtánacha a bhaint amach, fiú dá gcaithfí an IRA scor.
fiú dá gcaithfí an IRA scor even if the IRA had to be disbanded
" An chúis dheireanach: chuir daoine taobh istigh agus taobh amuigh de ghluaiseacht na poblachta ina luí ar cheannairí, ar chimí, agus ar na hÓglaigh iad féin – an chuid is mó acu seo ar scor ar bith – gurbh é próiseas síochána bunaithe ar chomhoibriú le náisiúnaithe eile an bealach ab fhearr le spriocanna poblachtánacha a bhaint amach, fiú dá gcaithfí an IRA scor.
Ar scor ar bith anyway
" *Ouch!* Ar scor ar bith, chuimhnigh mé air seo ar fad an mhí seo caite nuair a léigh mé go raibh roinnt Éireannach ar deargbhuile mar gheall ar chlár de chuid *The Simpsons*.
an bhliain inar scoir na Sealadaigh the year in which the Provisionals disbanded
" An é 2005, mar sin, a luafar sna leabhair staire mar an bhliain inar scoir na Sealadaigh? Is é an fhírinne go bhfuil freagra na ceiste seo ag brath i bhfad níos mó ar iar-Aire Thuaisceart Éireann, Paul Murphy, agus ar a cheapadh le gairid mar chathaoirleach ar Choiste Faisnéise agus Slándála Rialtas na Breataine, ná mar atá sé ag brath ar a ndeir nó a ndéanann an tUasal Hain.
scor disbanding
" Beidh díomá ar chách má dhiúltaíonn an IRA scor agus is cinnte go gcuirfear i leith na bpoblachtánach gurb iadsan is cúis le teip Chomhaontú Aoine an Chéasta.
má dhiúltaíonn an IRA scor if the IRA refuses to disband
" Beidh díomá ar chách má dhiúltaíonn an IRA scor agus is cinnte go gcuirfear i leith na bpoblachtánach gurb iadsan is cúis le teip Chomhaontú Aoine an Chéasta.
scor winding up
" ) Bígí ag dúil le “dímhíleatú”, leis “an chlár comhionannais”, le scor an Royal Irish Regiment.
ar scor retired
" Bhí an smaoineamh céanna ag seansagart as an gCóbh ó dhúchas, an tAthair Micheál Ó Súilleabháin, atá ar scor anois.
Mar fhocal scoir to finish
" Mar fhocal scoir, déarfainn go bhfuil rud amháin níos tábhachtaí ná aon ní eile: Chun go mbeidh aon seans againn an Ghaeilge a athbheochan, caithfidh muid uilig a bheith sásta í a labhairt go poiblí, ar na sráideanna, sna tithe tábhairne, sna bialanna, sna siopaí, chuile áit.
ar scor retired
" Dar fia, tá boladh na fola i sróna na nDaonlathach, go háirithe le déanaí nuair a tháinig seisear ginearál sinsearach, atá ar scor anois, amach sna meáin ag éileamh go mbrisfí an Rúnaí Cosanta, Donald Rumsfeld, as a phost.
oifigigh scortha retired officers
" Ní cheadaítear d'oifigigh arm Mheiriceá, dála an scéil, cáineadh a dhéanamh ar an uachtarán ná ar a chomh-aireacht, agus nuair a bhíonn an t-arm ag iarraidh a mhíshástacht a chur in iúl, déantar é trí oifigigh scortha.
ar scor retired
" Dar fia, tá boladh na fola i sróna na nDaonlathach, go háirithe le déanaí nuair a tháinig seisear ginearál sinsearach, atá ar scor anois, amach sna meáin ag éileamh go mbrisfí an Rúnaí Cosanta, Donald Rumsfeld, as a phost.
oifigigh scortha retired officers
" Ní cheadaítear d'oifigigh arm Mheiriceá, dála an scéil, cáineadh a dhéanamh ar an uachtarán ná ar a chomh-aireacht, agus nuair a bhíonn an t-arm ag iarraidh a mhíshástacht a chur in iúl, déantar é trí oifigigh scortha.
é féin a scor to disband itself
" B’éigean don Grand Orange Lodge of Ireland é féin a scor mar gheall ar an Unlawful Societies Act (Ireland) in 1825 ach ba beag an difear a rinne sé don eagraíocht.
scor den chosc oifigiúil sin to stop that official ban
" Bhí ar an Roinn scor den chosc oifigiúil sin ach tá an Rialtas buartha faoi bhreith an phobail i gcónaí.
go ndeachaigh sé ar scor until he retired
" ” Chaith Risteard beagnach tríocha bliain san Institiúid ar fad go dtí go ndeachaigh sé ar scor trí bliana ó shin.
le scor to be dissolved
" An mhí seo caite bhí círéibeacha i dTonga nuair a tháinig olc ar dhaoine go raibh an pharlaimint le scor gan tada bheith á dhéanamh faoi chóras daonlathach a chur i bhfeidhm.
scor winding up
" Na heasaontóirí Ag scríobh in *The Blanket*, maíonn an t-easaontóir Anthony McIntyre gurb é scor an Assets Recovery Agency an rud a mheall iarbhaill an IRA i dtreo aitheantais don PSNI.
ag dul ar scor, retiring,
" Agus múinteoirí ag dul ar scor, ag tógáil sos gairme, ag filleadh ar an staidéar nó ag imeacht le gairm eile, is cinnte go mbeidh idir céad agus 150 múinteoir de dhíth gach bliain sa chóras scolaíochta lán-ghaelaí.
Chuaigh Krauss ar scor óna phost Krauss retired from his job
"Chuaigh Krauss ar scor óna phost mar stiúrthóir Ionad Theangacha Dúchasacha Alasca seacht mbliana ó shin ach tá oifig aige ansin go fóill agus caitheann sé go leor ama san ionad.
dul ar scor. to retire.
" ” An todhchaí Is léir gur fear gnóthach é Peter Quinn agus gur fear é fosta nach mbeidh sásta go deo dul ar scor.
mar fhocal scoir, as a last word,
" (Ní ar an dóigh chéanna le Dáithí Lacha, má thuigeann sibh mé!) Agus mar fhocal scoir, agus má thagann an crú ar an tairne, is féidir brath i gcónaí ar Lovely Labhrás Ó Murchú chun cúpla focal a rá i gcéad teanga na tíre.
a bhí imithe ar scor who had retired
" Ag an am céanna, mar gheall ar dhul in aois dhaonra na hAstráile, thosaigh daoine a bhí imithe ar scor ag cur fúthu ansin, chun an seal deireanach dá saol a chaitheamh cois farraige.
mar bhronntanas scoir. as a retirement present
" Fear nach raibh barúil ina cheann aige faoi roghnú imreoirí nó iad a chur in áit cheart ar an pháirc imeartha, agus fuair sé €700,000 mar bhronntanas scoir.
go gcaithfear na mílte post a scor that thousands of jobs will have to be slashed
" Leoga, measann Varney go gcaithfear na mílte post a scor le geilleagar an tuaiscirt a chur ar a bhonnaibh arís.
scor an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, the ending of the Irish Language Broadcast Fund,
" Diúltaíodh d’Acht na Gaeilge (agus ag an am chéanna, tá an tAire Cultúir i Meiriceá ag spré shoiscéal na hUltaise) agus tá lucht tacaíochta traidisiúnta an pháirtí ag éirí míshuaimhneach – cúntóirí ranga nach bhfuair tacaíocht ón pháirtí agus iad ar stailc anuraidh; lucht na Gaeilge ó thuaidh fán díobháil dul chun cinn ar Acht na Gaeilge agus scor an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, agus anois tá cuid de phobal Bhóthar na bhFál ag cur ceisteanna faoi chumas an pháirtí feabhas a chur ar a saol laethúil.
an focal scoir. the last word
" Ach ba ag an Éireannach a bhí an focal scoir.
aois scoir sroichte reached pension age
" Agus an aois scoir sroichte aici, shocraigh sí an chuid eile dá saol a chaitheamh ag maireachtáil leis na daoine ba bhoichte i gCaireo, lucht na ngiobal nó iad siúd a mhaireann ar pé rud a fhaigheann siad ar na sráideanna.
ar scor ar bith anyway
" Agus bíonn carranna ag taisteal istigh orthu ar scor ar bith.
ar scor retired
" Tá na feirmeoirí ag brath freisin ar dhaoine ar scor a chaitheann cuid dá saol ag taisteal – ‘fánaithe na léithe’, mar a thugtar orthu, ach arís, níl an cumas ceart iontu.
Ar scor ar bith however, anyway
" Ar scor ar bith – an tsiopadóireacht seo - bíonn mo dhroim thíos liom.
Ar scor ar bith however
" Ar scor ar bith, as go brách le Balor chun seal a chaitheamh ag súilnimheáil thart ar imeachtaí an tsamhraidh atá fós beo ar fhód glas na hÉireann.
scortha disbanded
" Tá tionchar na Mná Iarainn, mar a thugtaí uirthi, le feiceáil sa lá inniu ó thuaidh - feidhmeannas uilepháirtí ag comhoibriú i Stormont, síocháin ar na sráideanna (bunús an ama), an tIRA scortha - is amhlaidh an scéal é mar thoradh ar dhúnghaois Margaret Thatcher.
Ar scor ar bith however
" ) Ar scor ar bith, bhí sí féin ag inse domh go n-amharcann daoine cineál coimhthíoch ort má ólann tú í lár na seachtaine, nó dhá lá i ndiaidh a chéile ag deireadh na seachtaine.
fhocal scoir parting word
" Mar fhocal scoir, áfach, bí cinnte i gcónaí go bhfaigheann tú cead r-phost a sheoladh chuig duine agus coinnigh an fianaise sin i gcónaí.
scor luath early retirement
" Ghlac James Pinnington (nó 'J' mar a thugtaí air) scor luath as an phost a bhí aige sa státseirbhís agus bhí sé ag líonadh a chuid ama ag déanamh na ‘Munros’.
scortha retired
" na Gaillimhe, sárobair fosta 20 bliana ó shin nuair a bhí sí ina rúnaí de fhochoiste na Gaeilge den British Association for Irish Studies agus í ina cónaí i gCoventry, Sasana, ach tá sí scortha le blianta.
scorfaidh pension off
" com/encyclopedia/Crom-Cruach) Seanadóirí bochta na hÉireann! Is gairid nach mbeidh fiú an méid a fhaigheann Balor bocht á fháil acu, nó deir Enda Aoibhinn Aoibhiúil go scorfaidh sé an Seanad má éiríonn leis riamh rialtas a chur le chéile.
focal scoir parting note
" com/watch?v=e1n-_U4aOR0&feature=related) Fágaimis focal scoir na Samhna ag an bheirt a bhíos ag déanamh an diabhail ar a chéile, Jesse is a bhean: (http://www.
scor disbanding
" Measaim féin nach mbeadh Sinn Féin chomh buartha sin uilig fá scor Choimisiún na Mórshiúlta, d’ainneoin a bhfuil ráite acu.
ar scor ar bith at all
" “Gairdeas na Nollag? Bah! Tuar cait is féasóg air!” Ní Balor Biatach a dúirt, ná Scrooge féin – nach raibh focal Gaeilge aige ar scor ar bith – ach Brains Cowen.
fhocal scoir parting shot
" Agus mar fhocal scoir, dá n-imreodh gach imreoir de réir na rialacha agus uaisleacht agus ceart is cóir ina chroí, dá mbeadh meas ag gach imreoir ar na rialacha agus ar imreoirí eile, ní bheadh gá ar bith le réiteoirí agus bheadh na Scigirí ag Corn an Domhain an bhliain seo chugainn!
ar scor in recess (on holiday)
" Cuimhnímis go raibh an Dáil ar scor agus formhór na comhaireachta ar saoire ag an am agus nach dócha go raibh gá aige pilleadh go gasta.
mar fhocal scoir finally
" Agus mar fhocal scoir, bheadh sé neamartach gan a lua go bhfuair an rialtas luach maith as a gcuid airgid ar dhá ócáid inar eitil bunús na comhaireachta lena chéile.
saol scoir retired life
" SMM: Guímid gach rath ort don saol scoir sna blianta amach romhat.
dul ar scor to retire
" BD: Nuair a bheas do thréimhse mar Uachtarán thart, an bhfuil sé i gceist agat dul ar scor go ciúin, nó an bhfuil a fhios agat fós cad atá i ndán duit? Uachtarán na hÉireann: Níl plean cinnte ceaptha againn fós, ach tá súil againn go mbeidh muid in ann leanúint leis an obair atá ar siúl againn ar son na síochána in Éirinn.
focal scoir parting word
" Tugaim an focal scoir do dhuine de mhuintir dhúchais na hAstráile, agus é ag labhairt ina theanga féin.
scoradh (top)sodding
" Luibheolaíocht ====== Tuigeann oifigigh mo Roinne an tábhacht a bhaineann le gníomhaíocht an duine sa phortach; an siúl, scoradh, a bheith ag baint, an scaradh, an gróigeadh srl.
fhocal scoir a parting shot
" Scríobh sé mar fhocal scoir, *“At a time when commercial messages to children on TV are under real pressure from regulators, it makes much more sense to explore channels that are not facing the same pressure.
Mar bhuille scoir finally
" Mar bhuille scoir, tá gach crosbhóthar mór gafa ag arm d’fheachtasóirí proifisiúnta: bochtáin a n-íocann áisíneachtaí poiblíochta luach de thar ar €17 in aghaidh an lae leo chun bratach nó lamhnán héiliam le téacs bolscaireachta a choinneáil ina lámh, ar feadh ocht n-uaire an chloig, faoin ngréin, sa bháisteach, faoi dheatach na tráchta.
Ar scor ar bith anyway
" ) Cnap Gael ag Féile na nGael ============ Ar scor ar bith, bhí dea-spionnadh ar Éamó agus bhí sé ag cur in iúl don domhan is dá mháthair nach raibh dualgas ar bith ní ba mhó air, cionn is nach raibh sé ina Aire Gaeltachta ní ba mhó, dul fá scread asail de Ghaeltacht Milwaukee.
scor disbanding
" Luaigh sí Cumann Chearta Sibhialta Thuaisceart Éireann agus na héilimh a bhí acu sin sna 1960í - vóta d’achan duine - *one man, one vote* - (seo roimh aimsir chomhionannais gnéis!), scor na B-Speisialach, deireadh le leatrom i gcúrsaí tithíochta agus fostaíochta agus deireadh leis an chlaonroinnt.
a scor to cease, terminate
" Dá vótálfadh Mc Grath, Behan, Mc Daid agus Grealish in aghaidh an Rialtais ar vóta muiníne, nó ar vóta a bhainfeadh leis an gCáinaisnéis, chaithfí an Dáil a scor.
fhocal scoir parting word(s)
" Dhá fhocal scoir ======= Ar dtús, d’fhéadfadh an CLG foghlaim ó na cluichí iománaíochta/camanachd agus dhá chúilín a bhronnadh ar phoc saor a chuirfí thar an trasnán – laghdódh sé ar líon na bhfeall dar liom.
scor disband
" B'fhusa b'fhéidir é a scor ina iomláine ach ní fúmsa an cosán simplí a shiúl.
Ar scor ar bith however
" Ar scor ar bith, ní fiú a bheith ag gearán ná ag éagaoineadh.
mar fhocal scoir as a parting shot
" Agus mar fhocal scoir, tá Balor an Baothán i ndiaidh fios a chur ar phaidrín speisialta, ceann beannaithe ag an Phápa, le bronnadh ar Éamó Ó Caoimhnis.
Am Scoir time to go
" Am Scoir ===== Luaigh an príomhaire an dá phríomhaidhm a bhaineann le misean na nAstrálach san Afganastáin: le cinntiú nach mbeadh an tír ina tearmann ag lucht sceimhle arís agus leis an bhfód a sheasamh leis an “gcomhghuaillí is neasa dúinn”, Stáit Aontaithe Mheiriceá.
ceist an bheartais scoir the matter of a withdrawal strategy
" Luaigh Gillard ceist an bheartais scoir ina ráiteas sa pharlaimint, ach dhiúltaigh sí scun scan aon dáta a chur in iúl don scor mar gur mhaígh sí go mbeadh an cinneadh seo ag brath ar “na cúinsí ar an talamh”.
scor withdrawal
" Luaigh Gillard ceist an bheartais scoir ina ráiteas sa pharlaimint, ach dhiúltaigh sí scun scan aon dáta a chur in iúl don scor mar gur mhaígh sí go mbeadh an cinneadh seo ag brath ar “na cúinsí ar an talamh”.
Mar fhocal scoir finally, in parting
" ly/9jV331> Mar fhocal scoir, muna bhfuil do dhóthain ansin duit, tabhair cuairt ar (I Love Shopping)(http://www.
Mar fhocal scoir as a parting shot
" - Mar fhocal scoir, amharcaigí siar ar dhea-rúin na bliana seo a chuaigh thart.
focal scoir parting shot
" Fágaimis an focal scoir ag Victor Frankenstein a dúirt go raibh sé ag iarraidh ‘rún na bhflaitheas agus ifrinn a fhoghlaim’.
aois scoir age of retirement
" Dar liom ba chóir go mbeadh an aois scoir níos ísle, ceathracha hocht b’fhéidir.
Mar fhocal scoir as a parting shot
" Mar fhocal scoir ar an ábhar, rinne sé bagairt mar seo a leanas: ní mór aghaidh a thabhairt ar aon chliseadh ar dhílseacht do rialacha na heagraíochta agus níl ach réiteach amháin ar an gceist agus is é sin tacaíocht airgeadais a choinneáil siar ó chontaetha a sháraíonn rialacha an amaitéarachais.
mar fhocal scoir finally
" Bí Cúramach ======= **LNC: Agus mar fhocal scoir, dá bhféadfá aidhm an ISS a roinnt linn i mbeagán focal? Cabhróidh sé seo leis na rónta agus leis na daoine a thiocfas i dteagmháil leo gan choinne i rith an tsamhraidh!** S: Is carthantacht é an ISS agus cé go bhfuilimid go hiomlán dírithe ar athshlánú na rónta agus iad a scaoileadh saor.
Mar ábhar scoir finally
" Mar ábhar scoir, ní shaothróidh múinteoir Béarla sa Bhrasaíl ach thart ar 10 euro san uair a’ chloig.
An Bord a Scor Anois dissolve the bord now
" An Bord a Scor Anois ============ Creidim go mba cheart an Bord atá ann faoi láthair a scor tar éis an chéad chruinnithe eile.
focal scoir the last words
" Scríobh sé freisin mar gheall ar an dlúthnasc a d’airigh sé idir an teanga agus an básfheachtas chun saol síoraí a dh’fháilt ab ea an teanga - agus ní foláir gur rith an nasc seo leis agus focal scoir Íosa á chíoradh.
aois scoir age of retirement
" Chuaigh múinteoirí agus státseirbhísigh amach ar stailc lae i Mí Meithimh in agóid i gcoinne ardú cion pinsean agus aois scoir agus bhí na ceardchumainn ag Comhdháil an TUC (14.
an focal scoir the parting word
" McWilliam, Joseph McWilliams, Locky Morris, Aisling O Beirn, Brian O Doherty, Dermot Seymour agus tá an focal scoir ag daltaí Bhunscoil Mhic Reachtain, na healaíontóirí is óige sa taispeántas, a rinne pictiúir dá gcuid laoch.
mar bhuille scoir as a parting shot
" Agus, mar bhuille scoir, an apacailipsis chinniúnach ina n-alptar an domhan agus gach a mhaireann air in aon imbhualadh eadarphlainéad amháin.
leasú seachas a scor to reform rather than disband
" Ach tá deis stairiúil ann anois Seanad Éireann a leasú seachas a scor.