Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Comhscór Level scores
" Cúig nóiméad déag le dul agus Cill Chainnigh ar an ionsaí arís is arís eile agus is gearr go raibh na foirne ar Comhscór arís, 1-14 i gcoinne 2-11.
na scórtha míle scores of thousands
" Is é an feall é nach gcaithfidh na scórtha míle duine óg a vóta ar an 17 Bealtaine.
nuair a d'aimsigh DJ Carey cúilín iontach when DJ Carey scored a great point
" Ba chuma faoi sin, mar nuair a d'aimsigh DJ Carey cúilín iontach i bhfad amach ar an gcliathán deas, tar éis dó dul thar beirt Chláiríneach agus an sliotar a smachtú ar a chamán amhail is dá mbeadh sé ina ghairdín féin ar chúl an tí, b'éigean dom seasamh suas agus bualadh bos a thabhairt dó faoi mar a rinne na mílte eile.
na scórtha míle páiste scores of thousands of children
" Má fheiceann siad eitleáin de chuid aerfhórsa Mheiriceá ag tuirlingt in Éirinn ar a mbealach chun na hIaráice leis an tír sin a bhuamáil nó má chloiseann siad Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann ag rá gurb í An Iaráic féin seachas na smachtbhannaí is cúis leis na scórtha míle páiste bheith ag fáil bháis, is deacair a shamhlú go mbeidh an fonn céanna orthu earraí Éireannacha a cheannach.
scóranna dochreidte incredible scores
" Cluiche eile a bhí iontach ná Loch Garman agus Uíbh Fhailí i gcluiche leathcheannais Laighean i 1996, cluiche a bhuaigh Loch Garman ach ar imir Uíbh Fhailí go hiontach ann freisin - bhí scóranna dochreidte i gceist agus iomáint den scoth.
bhronnadar deiseanna scórála they presented scoring chances
" Ach ina áit sin rinne siad feall i ndiaidh fill agus iad faoi bhrú sa tréimhse dheireanach, agus bhronnadar deiseanna scórála ó phocanna saora ar Loch Garman.
scór sármhaith a great score
dóthain scóranna enough scores
" (Cé gur bhuaigh Cill Chainnigh agus Uíbh Fháilí trí chluiche, ní raibh dóthain scóranna acu.
scórdhifríocht score difference
" Ní hamháin gur chaill na foirne sin gach cluiche beagnach eatarthu, ach má fhéachaimid ar a gcuid scóranna feicimid go raibh scórdhifríocht an-dona acu.
na scórtha péas scores of policemen
" Cúig bhomaite i ndiaidh don bhuíon siúl thart le dhá cheantar naisiúnacha, choinnigh an PSNI pobail an dá cheantar, Ard Eoin agus Mountainview, taobh istigh dá limistéir féin - sula dtáinig na scórtha péas isteach le go dtiocfadh leo lucht leanúna na nOráisteach a chomóradh agus iad ag siúl ar an bhóthar, cé go raibh cosc curtha ar lucht leanúna ag Coimisiún na bParáidí.
a aimsíonn an scór faoi na cúinsí sin who scores under those circumstances
" Is túisce a bhronnfainn an cúilín breise ar an imreoir a aimsíonn an scór faoi na cúinsí sin ná i gcás poc saor ón talamh.
nó cúl a scóráil or to score a goal
" Mar a dúirt mé le linn m’óráide ag an ócáid ar an 14 Bealtaine, tháinig cuid mhór daoine chuig ranganna Gaeilge thar na blianta, daoine a raibh baint acu leis an rince Gaelach nó le Cumann Lúthchleas Gael ach fuair siad amach go raibh sé i bhfad níb fhusa coiscéim damhsa a fhoghlaim, nó cúl a scóráil sa pheil, ná greim a fháil ar ghramadach na Gaeilge! Luigh Seán isteach ar fhoghlaim na Gaeilge le díograis agus, dá bharr sin, tá an ghramadach agus an comhrá ar a thoil aige.
na scórtha míle Moslamach a maraíodh ansin the scores of thousands of Muslims who were killed there
" Is beag plé a bhí ag an gcruinniú faoin ionradh ar an Iaráic agus an Afganastáin, na scórtha míle Moslamach a maraíodh ansin agus an bhaint a bhí ag rialtas na hAstráile leis an scéal.
scórtha scores
" Chuaigh na scórtha paraimíleatach de chuid an UVF isteach sa cheantar – atá in aice le coláiste traenála an PSNI! – leis an ruaig a chur ar theaghlaigh a bhain leis an LVF.
go scórálfaidís níos mó cúl that they would score more goals
" Is dóigh liom gur chreid an fhoireann úd go scórálfaidís níos mó cúl ná an freasúra cuma cé mhéad cúl a scaoilfidís féin isteach (agus ní raibh mórán díobh sin ann le fírinne).
na scórtha bealach le bia a réiteach scores of ways to prepare food
" Thug siadsan leo a gcuid bia féin freisin agus na scórtha bealach le bia a réiteach agus ba ghearr go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar dhaoine nach raibh in ann *wok* a litriú, gan trácht ar a úsáid, tamall beag roimhe sin.
in ainneoin gur scóráil siad sé chúl despite the fact that the scored six goals
" Ó bhíos i mo ghasúr, bhí gean agam ar mhuintir na nDéise de bharr Chraobh na hÉireann 1963, nuair a bhuail Cill Chainnigh iad in ainneoin gur scóráil siad sé chúl, más buan mo chuimhne, ach, go mí-ámharach do Phort Láirge, scóráil Eddie Keher 0-14.
na scóranna a aimsiú to find the scores
" Ach tá teacht aniar i bhfoireann Chorcaí, rud a léirigh siad anuraidh in aghaidh an Chláir, agus ina gcuid cluichí eile i mbliana, agus toisc go raibh Seán Óg ina mháistir ar Dhónal Ó Seanacháin bhí sé deacair ar Phort Láirge na scóranna a aimsiú.
mar gheall ar na deiseanna scórála a scaoil siad uathu because of the scoring opportunities they lost
" Ach rinneadh iarrachtaí thosaithe Átha Cliath a cháineadh mar gheall ar na deiseanna scórála a scaoil siad uathu agus fágadh comhartha ceiste faoi fhíorchumas na foirne.
ag scóráil cúil scoring a goal
" Bhí mé an-óg ag an am, gan dabht, ach tá cuimhne nó cineál pictiúrtha i mo cheann den laoch mór ag scóráil cúil i gcluiche ceannais Chorn an Bhóthar Iarainn i gcoinne fhoireann Laighean ar a raibh cuid mhaith *Dubs*.
i ndiaidh dóibh na scórtha euro a íoc after they had paid scores of euro
" (Cuimhnigh ar ár gcairde as deisceart Chill Chainnigh agus cé chomh háiféiseach is a bheadh sé dá gcaillfidís a gceadúnas de bharr iad a bheith beagán os cionn na sprice an mhaidin i ndiaidh dóibh na scórtha euro a íoc le hiad a thabhairt cúpla míle slí abhaile!) Ba cheart go mbeadh sé mar chuspóir ag na Gardaí nósmhaireacht úr a chruthú – is é sin, go bhfágfadh daoine an carr sa bhaile nuair a bheadh fonn dí orthu.
na scórtha scores
" Trí na cillíní linn ansin, áit a raibh na scórtha ina suí go díomách ag breathnú ar an urlár nó ar an mballa.
ag aimsiú na scór finding scores
" Ach shábháil Eddie Kehir a fhoireann, Cill Chainnigh, ar an taobh eile den pháirc, ag aimsiú na scór mar ba dhual dó.
barraíocht deiseanna scórála too many scoring opportunities
" Tugann sí barraíocht deiseanna scórála don fhreasúra.
cúil a aimsiú to score goals
" Beidh buiséad mór le caitheamh aige agus an-deis aige cúil a aimsiú dá pháirtí agus don rialtas.
caithfidh sé níos mó deiseanna scórála a thapú he has to take more scoring opportunities
" Údar gach oilc, dar leis an fhreasúra, agus caithfidh sé níos mó deiseanna scórála a thapú seachas a bheith ag cosaint a pháirtí de shíor.
scóráil scored
" “Níl sé i gceist agam aon duine a mhaslú”, arsa Babs, “ach dá mbeadh Henry Shefflin (a scóráil aon chúilín déag sa chluiche) agus araile ag imirt ar a seacht ndícheall, ní bheadh Átha Cliath chomh gar dóibh ar chlár na scór.
chlár na scór score board
" “Níl sé i gceist agam aon duine a mhaslú”, arsa Babs, “ach dá mbeadh Henry Shefflin (a scóráil aon chúilín déag sa chluiche) agus araile ag imirt ar a seacht ndícheall, ní bheadh Átha Cliath chomh gar dóibh ar chlár na scór.
aimsiú to score
" Míníonn sé cad atá i gceist aige: an bealach a n-imrítear an pheil anois ná go mbeireann imreoir greim ar an liathróid, ritheann, iompraíonn í chomh fada agus is féidir, cuireann ar aghaidh, cliathánach nó siar í ar an seachadadh láimhe chuig leathbhádóir a dhéanann an rud céanna agus ar aghaidh mar sin go dtí go bhféachfar le scór a aimsiú nó go sciobfaidh, nó go ‘ngoideann’, an freasúra an liathróid.
scórálfadh would score
" Cad is féidir a rá faoi? An diabhal ina steillbheatha? Cneámhaire? Scabhaitéir? Falcaire? Damnaíodh Mac Annraoi i ndiaidh an chluiche mhí-iomráitigh úd i bPáras na Fraince tá cúpla seachtain ó shin anois ar an ábhar go ndearna sé gníomh suarach, cam, is é sin an liathróid a láimhseáil, a dhuine, agus í a sheachadadh trasna an chúil s’againne le go scórálfadh comhghleacaí leis, an cúl ba shuaraí is b’uirísle ó bhí Mikey Mac an tSíthigh ina phatachán.
a scór is ísle his lowest score
" De réir na pobalbhreithe Viavoice/Libération a foilsíodh i lár mhí Dheireadh Fómhair, níl muinín ach ag 34% den phobal as an uachtarán, a scór is ísle riamh ó tháinig sé i gcumhacht.
aimsigh scored
" Sa chéad ghrianghraf tá Dan agus Justin Mac Cárthaigh, bainisteoir na foirne, ag comóradh a mbua ar Luimneach i gcluiche ceannais na Mumhan in 2007, cluiche inar aimsigh Ó Seanacháin trí chúl agus trí chúilín agus a chinntigh go bhfaigheadh sé gradam Iománaí na Bliana ina dhiaidh sin.
ceithre fhichead four score
" Is ar éigean a aithníonn an t-údar an tír inar chaith sé ceithre fhichead bliain dá shaol.
an freasúra a chur den scóráil to knock the opposition of their scoring
" Dá bhrí sin, tá deis ag foireann Phoblacht na hÉireann i gcónaí gaisce a dhéanamh (a) má bhíonn an t-ádh leo maidir le nithe éagsúla ar nós cinntí réiteora agus imreoirí a bheith i mbarr a sláinte (b) má oibríonn plean agus beartas an bhainisteora an freasúra a chur den scóráil ina coinne agus (c) má imríonn siad leis an spreacadh agus leis an gcroí céanna a bhíonn ag foirne na hÉireann de ghnáth agus a bhfuil béim leagtha air ag an mbainisteoir Trappatoni.
An ceithre scór, ar a laghad, acu araon both of them four score at least
" An ceithre scór, ar a laghad, acu araon.
scór ceolfhoirne an albaim air the album’s orchestral score on it
" Mar shampla, i ndiaidh di an t-albam pages a dhéanamh, chaith sí gúna déanta as páipéar ar a raibh scór ceolfhoirne an albaim air agus é ceangailte le chéile ag Sharon Costello Desmond, a bhain úsáid as 250 slat d'órshnáithe.
súil a choinneáil ar na scóranna to keep an eye on the scores
" Ach thar aon ní eile is maith liom geall a chur Dé Sathairn ar na cluichí sa bpríomhshraith agus súil a choinneáil ar na scóranna ansin, an fhad is atá na cluichí ar bun.
nach scórálfaí aon chúl that no goal would be scored
" Ag úsáid an idirlín, leag mé geall de €2 ar mhórán gach cluiche nach scórálfaí aon chúl.
níos fearr ag aimsiú na scóranna better at scoring
" Measaim go mbuafaidh Maigh Eo ar Dhún na nGall toisc go bhfuil siad níos fearr ag aimsiú na scóranna agus go bhfuil siad gafa chun cinn mar fhoireann i mbliana fad is atá Dún na nGall imithe ar gcúl de réir cosúlachta.
an fuadar báire the urgency to score
" Gártha molta an tslua bhaile ina chluasaibh, níorbh é an fuadar báire, ná an buaileam sciath, ná an féinghlóire, ná an cruas fearaíoch, tréithe is dual don a lán, a bhí le sonrú ann.
na scórtha míle scores of thousands
" Tá go leor de na Chríostaithe coimeádacha sna Stáit Aontaithe a bhí ag iarraidh go leanfaí ar aghaidh ag cothú Terri Schiavo, seachas deireadh a chur lena beatha, sásta tacú le polasaithe a rialtais san Iaráic atá tar éis na scórtha míle a fhágáil marbh.