Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag scuabadh an urláir sweeping the floor
" Bhí go maith agus ní raibh go holc; luigh sé isteach ar an obair, ag scuabadh an urláir, ag déanamh an tae, agus ag comhlíonadh na ndualgas beag eile a tugadh dó.
ag scuabadh urlár sweeping floors
" B’fhearr liom bheith ag scuabadh urlár ná a leithéid a dhéanamh.
scuabadh na bhfiacla brushing teeth
" Dála nósanna na maidine – scuabadh na bhfiacla; cóiriú na leapa – ba chuid normálta dár lá é cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhí ar bheagán airgid nó dóibh siúd a bhí scoite amach ón bpobal ar bhealach éigin.
scuabadh to sweep
" Is éard a thugann an dá shampla thuas le tuiscint gur deacair do Maradona coimhlintí pearsanta le himreoirí a scuabadh ar leataobh chun leasa na foirne atá faoina chúram.
scuabadh ó to take from
" Ar ndóigh, níor leor an méad sin don uachtaránacht, ach d’éirigh leí oiread vótaí a scuabadh ó na hiarrthóirí eile a d'fhág nár éirigh le duine ar bith acu breis is 50% de na vótaí a fháil – an líon a theastódh chun an toghchán a bhuachaint sa chéad bhabhta vótála.
Scuabadh was swept
" Scuabadh chun siúil pé míshó idir-eatarthach im’ chroíse le dáiríreacht a haithrí.
ag scuabadh aneas sweeping from the south
" Bhí fórsaí an Ghinearáil Tito ag scuabadh aneas leis an mbealach aduaidh a chosc ar na Comhghuaillithe.
tá teanga Sheáin Bhuí ag scuabadh roimpi English is sweeping all in its way
" Ar fud na mór-roinne, agus ar fud na cruinne go deimhin, cés moite de Mheiriceá Theas b’fhéidir, tá teanga Sheáin Bhuí ag scuabadh roimpi ina maidhm bháite.
rinneadh iarracht na daoránaigh a aer-scuabadh as a stair an effort was made to airbrush them from history
" Mhair an dearcadh diúltach seo i dtaca lena stair i measc na n-Astrálach le linn an chéad leath den fhichiú haois agus rinneadh iarracht na daoránaigh a aer-scuabadh as a stair.
scuabadh were washed
" Bhí Humptaí Dumptaí thuas ar an mballa, shéid an ghaoth is thit sé ar an talamh, tháinig amach an tseanbhean bhuí, is nuair chonaic sí HD ina luí, “anois” a deir sí, “ní fhéadfadh an rí, ná an méid capall is fear atá faoi, thú a chur ar ais arís mar a bhí!” - Na pictiúir dhaite a bhí breactha ar iarsma Bhalla Bherlin ó briseadh é, scuabadh den bhalla iad le huisce te ar na mallaibh.