Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an sop in áit na scuaibe a poor substitute
" Shílfeá, dá mbeifeá searbhasach faoi, go raibh an bóthar á réiteach i gcónaí do na foirne atá láidir go traidisiúnta - Corcaigh, Tiobraid Árann, Cill Chainnigh - agus go raibh ar na contaetha eile glacadh leis an sop in áit na scuaibe.
aos pinn agus aos scuaibe writers and painters
" Saothar iontach comhoibrithe idir aos pinn agus aos scuaibe an dá thír is ea *An Leabhar Mòr*, agus tosaíonn na samplaí liteartha atá le léamh ann chomh fada siar le hAmhra Cholm Cille, a cumadh go gairid i ndiaidh aimsir Cholm Cille féin - foinse inspioráide na hIomairte - agus críochnaíonn siad le scríbhneoirí mar Shomhairle Mac Gill Eain agus Rita Duffy, Nuala Ní Dhomhnaill agus Craig MacKay - cuid d'aos ealaíne ár linne féin.
marcanna garbha scuaibe rough brush marks
" Spreagann aghaidheanna feargacha íomhá le dathanna dorcha agus marcanna garbha scuaibe agus spreagann aghaidh ghealgháireach dathanna bríomhara atá measctha go fíneálta.
rince na scuaibe the brush dance
" Rinne Rosemarie Cooney agus Derrie Murray rince na scuaibe idir na poirt a chas John Carty, Kieran Hanrahan, Arty McGlynn agus Matt Molloy.
na scuaibe of the brush
" Dhéanainn a cuid gruaige a chíoradh gach oíche sula dtéadh sí a chodladh – céad buille na scuaibe! Ba ise a d’insíodh scéalta dom faoin nGorta Mór – faoin méid a tharla do bhaill áirithe de mo theaghlach féin, cuir i gcás – agus is dócha gurbh ise a chuir ina luí orm an tábhacht a bhaineann le coinsias sóisialta a bheith ag duine.
sop in áit na scuaibe a poor substitute
" I ndomhnach, is beag nár éirigh leis, ach cúpla lá dár gcionn ba léir nach raibh ann ach sop in áit na scuaibe.
damhsa na scuaibe the brush dance
" Princeam na Rónóige ========== Siocair fad agus méid a gúna, tugadh cead speisialta di damhsa na scuaibe a dhéanamh le scuab fiacla, seachas le scuab urláir.