Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Seachnaígí avoid
" "Seachnaígí na háiteanna suaimhneacha, sibhialta," a chomhairlíonn Balor dá chuid léitheoirí stuama.
agus cláir sheachanta prevention programmes
" Tá níos mó ná ospidéil i gceist le córas leighis, áfach - tá cláir shláinte agus cláir sheachanta lán chomh tábhachtach.
Seachain be careful
" Seachain - gearrfar pionós ort má dhéanann tú aistarraingt roimh dheireadh na tréimhse.
a sheachnaíonn who avoids
" Ní fear é Balor a sheachnaíonn an chaint fhileata nuair a fhóireann sí don ócáid.
seachnaímid we avoid
" Cé gur gnátheagraíocht é Cumann na Gaeltachta (tá táillí ballraíochta, cruinnithe ginearálta bliantúla agus toghcháin i gceist), seachnaímid an "múnla corparáideach".
seachnaíonn turasóirí é tourists avoid it
" Cé gur beag a tharla ó thaobh na sceimhlitheoireachta de san Iordáin féin, mar gheall go bhfuil sé an-ghar d'Iosrael, seachnaíonn turasóirí é.
seachnaíonn sé an cheist he avoids the question
" Nuair a fhiafraím de an measann sé, mar a mheasaim féin, go bhfuil caighdeán na drámaíochta Gaeilge an-íseal, seachnaíonn sé an cheist agus díríonn sé ar fhadhb eile a bhíonn acu siúd ar mian leo dráma a léiriú.
ní sheachnaíonn sé an foréigean it doesn't avoid the violence
" ” Téann an dráma siar go haimsir Éilís I agus chun tosaigh go dtí an lá atá inniu ann ach ní sheachnaíonn sé an foréigean a thagann mar thoradh ar an seicteachas.
sheachain mé taighde a dhéanamh air sin I avoided doing research on that
" Anois, sheachain mé taighde a dhéanamh air sin mar ní fheicim gur bhain sé leis an scéal.
seachnaíonn sé he avoids
" Is duine é Lars a mbíonn faitíos uafásach air agus é i gcomhluadar – comhluadar ban ach go háirithe – agus mar gheall air seo, seachnaíonn sé gach saghas caidrimh**.
seachnaím I avoid
" Nuair a bhíonn fonn orm téacs a sheoladh as Gaeilge, seachnaím an fón féin agus bainim úsáid as áis Webtext ar líne - tá sé i bhfad níos éasca focail Ghaeilge a litriú ar mhéarchlár iomlán an ríomhaire.
agus go seachnóidh sé an chonspóid and that he'll avoid controversy
" **Buntáistí**: Seans go bhfuil ciall cheannaithe aige um an dtaca seo agus go seachnóidh sé an chonspóid feasta.
seachnódh sé he'd avoid
" A leithéid de chutzpah! Cheapfá go seachnódh sé aird an phobail go raibh a thriail féin thart, ach caithfidh sé go raibh a fhios aige go bhfuil slándáil Iosrael “*sacrosanct*” i Washington, mar a dheimhnigh Obama d’AIPAC anuraidh, cé go bhfuil slándáil Mheiriceá ar díol don dream is mó airgead, is cosúil.
t-aos seachanta untouchables
" An ‘t-aos seachanta’ is brí leis an fhocal.
seachnaíonn avoids
" Ach seachnaíonn sí an cheist sin go saoráideach.
Seachain avoid, look out for
" Seachain an fear díolacháin In agallamh ar theilifís Astrálach i mí Lúnasa, 2001, mí roimh 9/11, dúirt Richard Perle, a bhí ina chathaoirleach ar an mBord Polasaí um Chosaint ag an am, go raibh SAM buartha faoi trí thír: na tíortha céanna a d’ainmnigh Bush mar “ais an oilc” bliain ina dhiaidh sin.
seachain í avoid it, stay away
" Cuimhnímis ar an seanfhocal Gaeilge, ‘cáin an choill is taithigh í, mol an mhóin is seachain í’.
seachnaígí mind, look out
" Oíche mhaith agus seachnaígí na ciorruithe.
Níl ann ach buail an ceann is seachain an muineál it's just the same thing
" Níl ann ach buail an ceann is seachain an muineál.
Sheachain avoided
" Sheachain sí ócáidí sóisialta agus níor thug sí oiread is agallamh amháin ina saol.
Seachain an Dallcheo avoid blanket fog
" Seachain an Dallcheo Bhí sé ina cheo Dé hAoine, chuaigh mé agus cara eile, Gary, suas na cnoic ‘ísle’ taobh thiar den bhrú - Meall a' Bhuachaille (810m), Creagan Gorm (732m) agus Craig Gowrie (687m).
seachain í avoid it
" (Bhí seanfhocal Gaeilge againn atá leath ar an dul sin: mol an mhóin is seachain í agus cáin an choill ach taithigh í.
t-aos seachanta untouchables
" San India bhí an t-aos seachanta, nó na Dalit mar is fearr aithne orthu, thíos go mór leis an tubaiste.
Seachnaíonn súil ní nach bhfeiceann out of sight, out of mind
"Seachnaíonn súil ní nach bhfeiceann’ an mana neamhráite a bhí againn.
seachain avoid
" A Mháistir abair liom conas teacht ar stoiteacht, ar ghaois agus ar shaoirse! A dhalta, más mian leat a bheith saor, seachain nimh na gcéadfaí.
seachnófaí a leithéid such would be avoided
" Is féidir an t-inneall cuardaigh nó an saibhseálaí féin a shocrú go seachnófaí a leithéid.
sheachnaíonn avoids
" “Ní chreidim go bhfuil ceann ar bith de na páirtithe san Fheidhmeannas i bhfách le ciorruithe sa chaiteachas poiblí ar bonn ídéolaíochta, ach is beag scóp atá acu clár oibre a thógáil a sheachnaíonn gearradh siar agus dífhostaíocht ollmhór” arsa an tUasal Campfield.
Seachain an Sliotar don’t hit the ball
" Buail an Camán is Seachain an Sliotar! ================== Grianghraf suimiúil eile ná ceann a foilsíodh sna nuachtáin an lá tar éis chluiche ceannais na hÉireann in 2008.
Buail an Ceann is Seachain an Muineál no basic difference
" Buail an Ceann is Seachain an Muineál ====================== Ba léir gur beag difríocht atá idir na príomhpháirtithe ó thaobh na hidé-eolaíochta de.
Seachain na hAmhais mind the hoods
" "Seachain na hAmhais!" a deir mo mháthair agus í ag crochadh an ghutháin.
Seachain na bithiúnaigh mind the thugs
" Ach cén diabhal aithne a bhí aici ar Baltimore? "Seachain na bithiúnaigh" ar sí, nuair a dúras léi go rabhamar chun deireadh seachtaine a chaitheamh sa chathair sin.
Seachnaíonn sé mo shúile he avoids my look
ní sheachnaíonn doesn’t avoid
" Fearg, díoltas, sceitheadh, uafáis, brúidiúlacht, éadulaingt – ní sheachnaíonn Villeneuve na téamaí móra beatha is báis.
seachnaíonn avoids
" (Ceart is cóir dó, seachnaíonn Malick an deabhal CGI – beochan ar an sean-nós is ansa leis.
Cé gur sheachain sé féin although he himself avoided
" Cé gur sheachain sé féin an phoiblíocht, dhírigh sé ar phoiblíocht a lorg dá bhannaí ceoil agus do na réaltaí éagsúla a d’fhostaigh sé in imeacht na mblianta.
Sheachnódh sé sin that would avoid
" Sheachnódh sé sin an t-am is an costas a bhaineann le scéimeanna aonuaire a chur ar siúl.
Sheachnófaí é seo this would be avoided
" Sheachnófaí é seo, ar ndóigh, dá mbeadh rialacha soiléire ann maidir le hathaontú teaghlaigh agus dá gcuirfí sásra achomharc neamhspleách ar bun a phléifeadh le cinntí a dhéantar i réimse na hinimirce.
Níor sheachain didn’t avoid
" Má bhí cathair ghríobháin Machiaveilliach riamh ann, b’í polaitíocht na Tríú Leasa Déag í! Níl Uachtarán gan Locht ======= Níor sheachain Spielberg an chamastaíl ab éigean do Lincoln a chleachtadh chun an vóta a chinntiú.
a sheachnaíonn which avoids
" Seo cuireadh duit aithne a chur ar an mBrasaíl – aithne cheart, aithne a sheachnaíonn an cliché.
Seachnaíonn Súil an Ní nach bhFeiceann out of sight out of mind
" Seachnaíonn Súil an Ní nach bhFeiceann ========== Nach ait an mac an saol fós féin? Is dream muidine, na Gaeil a fhógraíonn ár gcumas ceoil ar an ardán domhanda go rialta agus a bhfuil stádas faoi leith bainte amach sa réimse chultúrtha sin againn, le blianta beaga anuas go háirid.
seachain gach ní neafaise avoid all unimportant things
" Abraimis mar sin ‘seachain gach ní neafaise’, ‘múineann neamhghá seift’, nó ‘is fearr gach laghad’.
Seachain mind
" Seachain nach ‘am bàsadair’ (i nGaeilg na hAlban) a bhí ann.
Buail an ceann is seachain an muineál six of one and half a dozen of the other
" Buail an ceann is seachain an muineál! Is é an rud céanna é a deir Maidhc Ó Cathail, gur beag, dar leis, idir dearcadh an Daonlathaigh agus dearcadh an Phoblachtaigh i SAM.