Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go chuas sa tseans that I took a chance
" Táim sásta go maith go chuas sa tseans ag an am sin.
dul sa tseans to take a chance
" " "*No!*" an freagra deimhneach a tugadh orm nuair a d'fhiafraigh mé di an raibh aon eagla orthu dul sa tseans.
dul sa tseans to take a chance
" Níl siad sásta dul sa tseans, i ndáiríre.
seans cóir a fair chance
" Mo thuairim féin ná nár tugadh seans cóir ná dóthain ama chun tionchar bhosca na Purgóide a mheas agus go mba sheafóideach agus go mba náireach an chaoi inar ghéill an coiste a bhí freagrach as an iarracht an pheil a fheabhsú mar chluiche don lucht féachana agus don imreoir sciliúil.
thapaíos an seans I seized the opportunity
" Bhaineas cúpla súmóg as an bpionta Guinness (a tháinig chugam, tar éis scaird thapaidh amháin, i ngloine phlaisteach) sular thosaigh an t-achrann, agus nuair a caitheadh amach beirt in aice liom, thapaíos an seans, agus d'éalaigh amach arís.
go bhfaighidh tú do sheans until you get your chance
" “Fiú muna nglactar leat an chéad uair, is fiú leanúint ort go misniúil le do chuid oibre agus dul ar ais is ar ais go dtí go bhfaighidh tú do sheans.
dá dtabharfadh sí seans dó é a thaispeáint. if she gave him a chance to show it.
" Blianta ina dhiaidh sin, chuala muid gur thiomáin sé trasna go Leeds Shasana nuair a chuala sé go raibh an bhean chéanna chun pósadh, gur sheas sé i gcúl na heaglaise agus gur scread sé os ard nach bhféadfadh sí pósadh nuair a bhí seisean chomh mór sin i ngrá léi, dá dtabharfadh sí seans dó é a thaispeáint.
nach bhfaighinn an seans arís that I wouldn't get the chance again
" Bhíos cinnte nach bhfaighinn an seans arís siúl trí hallaí príosúin.
ag meas a sheansanna. weighing up his chances.
" Faoi láthair, mar shampla, tá go leor daoine den tuairim go bhfuil Al Gore, iarrthóir uachtaránachta na bliana 2000, ag meas a sheansanna.
seans iontach great chance
" Bhí seans iontach ansin ag Sergio Garcia mar nach raibh uaidh ach par ag an bpoll deireanach.
tá seans go bhfillfidh na sléibhte there is a chance the mountains will return
" De réir an tseanchais, tá seans go bhfillfidh na sléibhte ar Tongariro le díoltas a bhaint amach.
seans go n-éireodh leis cuid dá dhínit a choimeád. maybe he would be able to retain some of his dignity.
" Dá n-éireodh sé as a oifig anois, seans go n-éireodh leis cuid dá dhínit a choimeád.
go háirithe iad siúd ar maith leo dul sa tseans. especially those who like to chance their luck.
" Diaidh ar ndiaidh, imíonn na custaiméirí, go háirithe iad siúd ar maith leo dul sa tseans.
Seans maith go mbeidh an gaisce áirithe sin ina churiarracht there is a good chance that that achievement will be a record
" In ainneoin Mick a bheith cúig bliana déag d’aois, roghnaíodh é mar chúl báire! Seans maith go mbeidh an gaisce áirithe sin ina churiarracht go ceann tamaill fhada mar is cosúil anois go gcuirfear cosc oifigiúil go gairid ar imreoirí faoi bhun ocht mbliana déag d’aois a bheith ag imirt in aoisghrúpa níos sine.
Chuaigh sí sa seans She took a chance
" Chuaigh sí sa seans agus is ar éigean a tháinig sí slán.
seans faoin spéir a chance under the sky, any chance at all
" Níl seans faoin spéir go mbuailfidh Corcaigh – tá nithe mar chúrsaí stailce, mar bhainisteoir nua agus mar an dóigh ar theip orthu in 2007 go léir ina gcoinne.
seans réalaíoch realistic chance
" Mar gheall ar smál a bheith ar an triúir seo, tá seans réalaíoch ag beirt eile atá imeallach faoi láthair – Mike Huckabee ó Arkansas agus Fred Thompson ó Tennessee.
mura dtapaíonn tú do sheans le chuile dhuine nua if you don't seize your opportunity with every new person
" ’ “Tá mé cinnte gur cheap go leor daoine, ‘Tá an t-amadán seo ag dul thart ag rá go bhfuil sé ag scríobh bheathaisnéis Joe Éinniú nó ag scríobh bheathaisnéis Bhreandáin Uí Eithir, ach mura n-ndeir tú é sin, mura dtapaíonn tú do sheans le chuile dhuine nua nó le chuile dhuine a chastar ort go minic, cén seans eile atá agat labhairt faoi, é a tharraingt anuas.
chuile sheans go dtaitníonn mo chuid stuif leo cheana féin. there is every chance that they like my stuff already
" Tá na daoine i ndiaidh airgead maith a íoc as ticéid – mar sin, chuile sheans go dtaitníonn mo chuid stuif leo cheana féin.
seans gurb iad na daoine a bhfaighidh sé an ceann is fearr orthu there's a change that the people he will beat
" Ach an chéad uair eile, seans gurb iad na daoine a bhfaighidh sé an ceann is fearr orthu ná leithéidí Daniel Day Lewis agus Tommy Lee Jones.
dul sa tseans. take a risk
" Bíonn eagla a n-anama ar na póilíní chomh maith agus, mar sin, b’fhearr leo dul i muinín an ghunna ná dul sa tseans.
go bhfuil seans go rachadh an ceol treo eile ar fad, that there is a chance that the music would have gone in another direction altogether
" Deir sé dá mbeadh níos mó ama aige nuair a tháinig an grúpa le chéile an chéad lá riamh go bhfuil seans go rachadh an ceol treo eile ar fad, treo a bheadh níos sásúla.
Cuireann sé barraíocht seansanna amú. He wastes too many chances.
seans nach beag a fair chance
"seans nach beag ann go bhfuil gealacha nó pláinéid eile sa chruinne nár aimsigh eolaithe go fóill – pláinéid atá cosúil leis an Domhan – agus go bhfuil beathraí orthusan.
is amhlaidh is lú an seans there is less of a chance
" Dá laghad coisithe agus rothaithe atá ann, is amhlaidh is lú an seans go dtógfar cosáin nó lánaí faoi leith dóibh.
bhí gach seans ann go rachadh bliain eile tharam there was every chance that another year would pass me by
" Murach gur thug mé faoin obair ansin, bhí gach seans ann go rachadh bliain eile tharam gan an t-albam a dhéanamh.
tá gach seans go bhféadaidís dlús a chur faoina chúlú. there is every chance that they could intensify its decline
" Dá mba rud é go raibh tionchar ag na meáin ar ráta fáis an Tíogair Cheiltigh, tá gach seans go bhféadaidís dlús a chur faoina chúlú.
feallmharaíodh an t-aon iarrthóir a raibh seans aige the only candidate who had a chance was assassinated
" Ní raibh suim ag uachtarán an ama sin, Lyndon Johnson, fanacht in oifig níos mó, agus feallmharaíodh an t-aon iarrthóir a raibh seans aige, Robert Kennedy, cúpla mí roimh an gcoinbhinsiún.
Chuaigh siad sa seans they took a risk
" Chuaigh siad sa seans.
Seans maith good toilets/johns
" Seans maith go mbeidh an toradh céanna arís ar iarracht na bliana seo.
Chuile sheans very likely
" html ) Chuile sheans nár chuala tú mar gheall air, ach tá an ‘Brúghrúpa ar son Iosrael’ sa Bhruiséil chomh maith ag iarraidh an tionchar céanna a imirt ar bheartas eachtrach an Aontais Eorpaigh.
chuile sheans every likelihood
" Agus má ionsaítear an Iaráin, chuile sheans go gcuirfear tús leis an Tríú Cogadh Domhanda.
Is mó seans go n-éireodh le beartas mar sin there’s a greater chance that a plan like that would succeed
" In áit na hacmhainní ar fad beagnach a chaitheamh ar Bhéarlóirí go príomha, ag iarraidh Gaeilgeoirí a dhéanamh astu, nach fiú iarracht a dhéanamh a ndílseacht don Ghaeilge a dhaingniú i measc na ndaoine óga a bhfuil sí acu cheana? Nach bhfuil sé thar am dúinn, iarracht a dhéanamh na déagóirí a bhfuil Gaeilge acu cheana ar fágáil na scoile dóibh, a choinneáil ag Gaeilgeoireacht agus iad ag dul isteach sna ficheadaí? Is mó seans go n-éireodh le beartas mar sin, im’ thuairimse.
Seans faoin spéir déarfainn I’d say not a chance in the world
" Sprioc an Dá Dheich ========= An 10ú Craobh ag Brian Mac Óda mar bhainisteoir agus an 10ú bonn mar imreoir ag Henry Ó Seibhleáin – is iad sin spriocanna muintir Chill Chainnigh do 2013 agus bímis deimhin de go mbeidh gach mac agus iníon athar agus máthar de chuid phobal Chill Chainnigh ag obair ar son na spriocanna seo a bhaint amach agus go bhfóire Dia ar gach foireann a gcastar orthu! D’fhéadfadh sé tarlú dar ndóigh go mbuafadh foireann éigin ar Chill Chainnigh i gcomórtas Laighean na bliana seo chugainn ar nós mar a rinne Gaillimh in 2012 ach cén seans go dtarlóidh sé an dara huair i rith na bliana céanna? Seans faoin spéir déarfainn, mar a chonacthas i mbliana agus is lú é mar sheans agus an dá sprioc thuas luaite ina spreagadh ar leithligh ag Cill Chainnigh an chéad bhliain eile.
is lú é mar sheans there’s less of a chance
" Sprioc an Dá Dheich ========= An 10ú Craobh ag Brian Mac Óda mar bhainisteoir agus an 10ú bonn mar imreoir ag Henry Ó Seibhleáin – is iad sin spriocanna muintir Chill Chainnigh do 2013 agus bímis deimhin de go mbeidh gach mac agus iníon athar agus máthar de chuid phobal Chill Chainnigh ag obair ar son na spriocanna seo a bhaint amach agus go bhfóire Dia ar gach foireann a gcastar orthu! D’fhéadfadh sé tarlú dar ndóigh go mbuafadh foireann éigin ar Chill Chainnigh i gcomórtas Laighean na bliana seo chugainn ar nós mar a rinne Gaillimh in 2012 ach cén seans go dtarlóidh sé an dara huair i rith na bliana céanna? Seans faoin spéir déarfainn, mar a chonacthas i mbliana agus is lú é mar sheans agus an dá sprioc thuas luaite ina spreagadh ar leithligh ag Cill Chainnigh an chéad bhliain eile.
Níl seans na ngrást there isn’t a chance in the least
" Níl seans na ngrást go vótálfaidh móramh i dTuaisceart Éireann ar son athaontú na tíre.
dhiomail siad na seansanna úd they squandered those chances
" Cé gur sheas na Poblachtánaithe ar an bpointe gurb iad na Daonlathaigh nach raibh sásta dul i mbun cainteanna, b'é an tuairim choiteann go raibh seansanna go leor ag na Poblachtánaigh cheana féin an bille a athrú nuair a pléadh é sa Chomhdháil, ach dhiomail siad na seansanna úd trí iarrachtaí an bille a chur ar neamhní seachas é a fheabhsú.
is beag seans it’s unlikely
" Labhraíonn na buíonta seo Béarla don chuid is mó agus mar sin is beag seans go gcaithfidís vóta ar son páirtí gur mhaith leis neamhspléachas don Stát Francach a bhaint amach, agus cearta teangan daigne ar son na Fraincíse a chur i bhfeidhm.