Pota Focal Intergaelic
sea | eas | seac | sead | seal | seam
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na vótálaithe seasta the core voters
" In olltoghchán na bliana 1997 bhí caint ar na vótaí inaistrithe agus ar na suíocháin imeallacha ach tá a lán cainte an t-am seo faoi míshásamh agus easpa suime na vótálaithe seasta.
seasta steady
" Tá na huimhreacha réasúnta seasta le blianta beaga anuas, leis an imirce laghdaithe go mór, agus roinnt daoine a bhfuil gasúir acu ag filleadh ó Shasana agus Meiriceá.
seasta fixed
" Más cuntas taisce le ráta úis seasta atá uait, tá rátaí idir 4% agus 4.
go seasta continually
" Dá bhfanfadh sé ag 45° go seasta, turas 28,527 ciliméadar a bheadh le déanamh aige i gcomparáid le 40,343 ciliméadar ag an meánchiorcal.
seasadh sé suas let him stand up
" Bhí mé cinnte gur ag tagairt do chiach agus do chiamhaire agus do chian an amhráin a bhí siad, ach ní hea! Ag tagairt don spota buí ar thóin a dhráir a bhí siad! An duine nach raibh spota buí ar thóin a dhráir ariamh seasadh sé suas.
Mar a sheasann cúrsaí as things stand
" Mar a sheasann cúrsaí san am i láthair, caitheann na breacairí a gcuid ama ag iarraidh teacht ar bhealaí le nach n-íocfaidh siad an cháin ard agus ní dhéanann siad obair ar bith.
gur sheas an UUP an fód that the UUP stood its ground
" Ba é an masla a chaith an UUP ar an DUP ná gur éalaigh siad ón choimhlint le Sinn Féin agus gur sheas an UUP an fód sna cainteanna ilpháirtí as ar fáisceadh Comhaontú Aoine an Chéasta.
go síoraí seasta forever
" " "Ná bí ag súil le tada bog uainne feasta nuair nár iompaigh tú féin ar do chois d'éinne ariamh ach tú go síoraí seasta ag tarraingt na gcos.
ordú seasta standing order
" An sprioc is mó anois 1,000 síntiúsóir tré ordú seasta.
seasta regular, steady
" Nó b'fhéidir go n-éireodh sé níos sciobtha de réir a chéile mura mbeadh duine cúramach go leor luas deas a leagan síos ón tús agus é sin a choinneáil seasta daingean go deireadh.
ná seas an fód don't stand up for yourself
" Bhí an chuma ar an scéal go rabhthas ag rá trí na fógraí seo: "Bíodh eagla ort ach ná seas an fód.
an seasfadh sé an fód would he stand his ground
" An dtitfeadh sé ar a chlaíomh, an ligfeadh sé do Brian Cowen a áit a ghlacadh agus an dteithfeadh sé féin chun na hEorpa le post compordach, a dúradh a bhí á thairsicint dó, a ghlacadh, nó an seasfadh sé an fód agus an dtroidfeadh sé a chúinne.
go seasta always
" Déanfar mórán infheistíochta i bhforbairt olacheantar nua (ach beidh praghas na hola seo ag méadú go seasta, mar go n-éireoidh eastóscadh na hola nua níos deacra agus níos costasaí).
An turas seo, sheasadar uilig. This time, they all stood.
síoraí seasta ag fiafraí dínn forever asking us
" ***SD: Bhí muid le chéile mar ghrúpa ar feadh os cionn bliana agus bhíodh daoine síoraí seasta ag fiafraí dínn, “An bhfuil CD agaibh?“ nó “Cá bhfuil an CD ar fáil?”.
farraigí doimhne deep seas
" “Le croí mór maith, agus gan cuimhneamh orm féin, agus ní chreideann daoine é sin anois, scríobh mé chuici agus dúirt, ‘Bí cinnte go bhfuil tú in ann a theacht ar chomhairle neamhspleách a threoróidh tú trí na farraigí doimhne seo.
sheasadh fear an tí suas, the man of the house would look up,
" I dtithe cónaithe ar fud na tíre roimhe seo, ó Luan go Domhnach, sheasadh fear an tí suas, d’amharcadh sé ar a bhean agus a chlann agus gan mórán a rá, chuireadh sé air a chóta agus síos leis go dtí an tábhairne don phionta agus an ceann beag.
go seasfadh sí in aghaidh an Phríomh-Aire, that she would stand against the Prime Minister,
" Maidir leis an toghchán náisiúnta, is fada uainn fós é ach cuireadh cor deas sa scéal nuair a d’fhógair Maxine McKew, a bhí ina hiriseoir teilifíse leis an ABC go dtí le gairid, go seasfadh sí in aghaidh an Phríomh-Aire, John Howard, ina shuíochán i Sydney.
nár sheas sé i dtoghchán that he didn't stand in an election
" Is cuma nár sheas sé i dtoghchán riamh roimhe, fós fuair sé níos mó vótaí ná riamh.
tráchtáil sheasta steady commerce
" D’fhás an baile go mall; bhí tráchtáil sheasta le hÉirinn i gceist ar dtús, agus níos moille rinneadh siúcra agus tobac a thrádáil leis na hIndiacha Thiar agus le Virginia.
a sheas i scuaine who stood in a queue
" Mar ba léir ó na híomhánna de na mílte Polannach a sheas i scuaine chun vóta a chaitheamh in Éirinn, i Sasana, agus i dtíortha nach iad, ba iad Polannaigh óga ba dhúthrachtaí a ghlac páirt sa toghchán, agus ní foláir ná gurbh é an dream seo ba mhó a thug 209 suíochán do PO sa *Sejm*, teach íochtarach Pharlaimint na Polainne ina bhfuil 460 suíochán san iomlán.
pholasaí seasta permanent policy
" Tá an luath-thumoideachas i ndiaidh a bheith mar pholasaí seasta ag cuid mhór scoileanna Gaelacha le fada an lá.
Sheas sé lena fhocal, He was true to his word
" Sheas sé lena fhocal, agus chuir sé míchompord orainn ar fad dá bharr.
a sheas os comhair bholgáin na ngrianghrafadóirí who stood in front of the bulbs of the photographers
" Bhí cuid de na daoine dóighiúla a sheas os comhair bholgáin na ngrianghrafadóirí agus os comhair na gcriúnna teilifíse a bhí tagtha ansin ó gach cearn den domhan lán dóchais go mbeidís ag imeacht abhaile ag deireadh na hoíche agus deilbhín beag clúiteach faoina n-ascaill acu.
Sheasaidís ar an gcosán they used to stand on the pavement
" Sheasaidís ar an gcosán taobh leis na paráidí ag impí ar Dhia báisteach throm a chur anuas ar na daoine a bhí páirteach iontu – mar a tharla sa scéal bíobalta faoi Shodam agus Gomóra.
soláthar seasta steady supply
" Tá cuid mhaith de choirpigh na tíre as a meabhair cheana féin, agus cuireann soláthar seasta drugaí de gach sórt go mór leis an bhfadhb.
go seasfadh an Astráil an fód leis na Stáit Aontaithe sa chogadh that Australia would take a stand with America in the war
" Mar bharr air sin, ní raibh a fhios agamsa go raibh sé ann, cé go raibh mé féin ar chósta Virginia, cúpla uair soir ó Washington, ar an lá céanna!) Bhuail Howard le hUachtarán Bush in Washington go gairid i ndiaidh na n-ionsaithe agus gheall sé, thar ceann a rialtais, go seasfadh an Astráil an fód leis na Stáit Aontaithe sa chogadh in éadan na sceimhlitheoireachta.
sheas sé air he insisted
" Chuir sé seo isteach chomh mór sin ar Mhac Aonghusa, dar le halt Phoenix, gur sheas sé air go gcuirfí deireadh le hobair Harris ar an gclár Féach.
go seasta constantly
" Staighre in áit ardaitheoirí; muna bhfuil sé i bhfad ar shiúl – fág an carr i do dhiaidh agus siúl, ach an cineál seo iompar a chur i bhfeidhm go seasta.
sheas sí an fód she stood firm
" Troid idir an dubh agus an bán a bhí sa troid, dar léi agus sin an fáth gur sheas sí an fód.
Cearta Seasta permanent rights
" ) Níl amhras ar bith ormsa ach dá bhfoilseofaí é ar maidin, nach mbeadh ach aon ní amháin den straitéis ag dó na geirbe do na meáin chumarsáide agus go deimhin do sciar mhaith de phobal na hÉireann: cé mhéid a chosnóidh sé? Cearta Seasta I gcroílár na díospóireachta seo caithfear plé a dhéanamh ar an luach a chuirtear ar chearta teangan.
sheasann an fód holds firm
" An sóisialaí a sheasann an fód leis an ngnáthdhuine in éadan an chórais.
sheas stood, held out
" An rud is iontaí faoin India, agus an rud is mó a thugann dóchas do mhuintir na tíre sin, ná gur sheas an daonlathas chomh fada inti ar chor ar bith.
sheas stood
" Freastlaíonn a cheathrar páiste scoil lán-Bhreatnaise agus sheas sé sa toghchán don Tionól i gCaerdydd i 2007.
sheas stopped, stood
" Ar aon nós, sheas Charlie agus Micheál ag caint agus cuireadh mé féin agus m’athair in aithne dó.
go seasta continually
" Cé go bhfuil contaetha ar nós na Gaillimhe, an Chláir agus Uíbh Fhaillí tagtha chun cinn san iomáint ó shin i leith, agus gur éirigh le hArd Mhacha agus Tír Eoghain sa pheil, is díol spéise gurb iad na contaetha a bhí láidir go seasta san am, Ciarraí, Corcaigh, Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann, atá chun tosaigh in athuair sa chúigiú is cúig fhichead bliain ó bunaíodh an cumann.
Seasadh suas (were) erected
" php?page=archive_content&archive_id=375) Seasadh suas roinnt stáisiún aithreachais ag an am chéanna agus tá cuma fíorshuimiuil, stairiúil agus spioradálta ar an áit anois.
ar bonn seasta on a constant basis
" An saol crua é a bheith os comhair ceamara sách minic chaon seachtain ar bonn seasta? BNC: Is obair chrua í, caithfidh tú i gcónaí a bheith ar an airdeall, caithfidh tú i gcónaí a bheith aireach faoi céard tá timpeall ort, céard tá ag tarlú sa domhan, bíodh tú i do láithreoir, nó id’ iriseoir, nó aon duine atá ag plé leis na meáin, mura dtuigfidh tú céard tá ag tarlú sa domhan mór, beidh sé sin soiléir! Ó chláracha do ghasúir, cláracha siamsaíochta, is cuma céard é an t-ábhar, mar ag deireadh an lae, tá bunús iriseoireachta leis an bpost.
Seasfaidh an ceann seo this one shall prove so
go seasta continually
" Ina theannta sin, agus costas na hartola ag ardú go seasta, bhí costas seasmhach ar an gcumhacht eithneach.
seasta continually
" Is féidir líonra a chothú ag úsáid líonraí seasta cosúil le *Twitter* nó *Facebook* nó teagmhálacha Gmail is do chairde ansin atá ar *Foursquare* a tharraingt isteach i do líonra gan stró.
sheas sa bhearna bhaoil stood up and were counted
" Ach arís eile, ba iad gnáthmhuintir na hÉireann a sheas sa bhearna bhaoil le cuidiú agus le comhpháirtíocht le go dtiocfadh daoine tríd an uafaireacht.
baill sheasta permanent members
" Is baill sheasta ar Chomhairle Sábháilteachta na Náisiún Aontaithe iad na Stáit Aontaithe, an Rúis, an tSín, an Bhreatain agus an Fhrainc.
Síoraí Seasta constantly
" Fás Síoraí Seasta ======== Má leanann an obair ar aghaidh ar an chaoi seo, meastar gur ag an tSín a bheidh an cheannaireacht dhomhanda i réimse na heolaíochta faoi cheann deich mbliana.
seasta continually
" Munar leor an méid sin, tá carranna fuaime seasta ag cúrsáil na mbóithre, ag casadh ceoilíní bolscaireachta ar an leibhéal fuaime is airde.
Sheas seisean an fód he was unchanged
" Sheas seisean an fód, áfach, rud a léiríonn gur dúnghaois bhuan de chuid an pháirtí é seachas ceann ad hoc a dtagann athrú air de réir mar a athraítear a gcuid urlabhraithe oideachais.
sheasann an uimhríocht number(s) stand/are
" Seo mar a sheasann an uimhríocht faoi láthair: - tá an Chomhrialtas cinnte de 79 vóta ag tógaint san áireamh an bheirt T.
thar toinn do ráinig chugainn reached us from across the seas
" “Cionn is gur mian leo a bheith ina nÉireannaigh,” ar sé - ainneoin gur Sasanaigh, Albanach agus Iodálach a bhí ar an fhoireann chéanna agus bainisteoir Sasanach ina bun ach san allagar náisiúnta, tá na himreoirí seo mar chuid den “buíon dar slua, thar toinn do ráinig chugainn”! Ar Son na Tíre ======= Tá raicín ar siúl ó thuaidh faoi láthair cionn is gur tharraing imreoir óg sacair, Adam Barton, amach as scuad Thuaisceart Éireann do chluichí cáilithe i gCraobh na hEorpa 2012 cionn is gur mhaith leis imirt do thír eile.
miongháire seasta bréige constant false smile
" Cruthaigh fionnán praiseach mná ar imeall an trí scór, tabhair miongháire seasta bréige di, cuir tuin chainte isealaicme Astrálach ina béal, agus, mar nod do chur síos Mitterand ar Thatcher, tabhair ‘beola Monroe agus súile Caligula’ di, agus ansin tá mearphictiúr breactha agat, sceitse beag tapaidh den tseanmháthair bhlúsach Janine ‘Smurf’ Cody, matrarc thréad fuilteach mac a dhúnmharaíonn gan taise ná cúis chuile dhuine a thagann idir iad agus a gcraos don maoin éasca, is dá sábháltacht féin, is chun ‘onóir’ tóin-in-airde an teaghlaigh a shásamh.
Má sheasann sé an fód if he stands his ground
" Má sheasann sé an fód ar cheist na bpinsean, ní fhágfaidh sé cos faoi lucht an fhreasúra.
sheas le stood with
" “Cén tír í seo, a chairde?” Ní hé go gcuirtear an cheist amach díreach ag tús an leabhair ‘Indignez-vous!’ (Bígí feargach!), leabhar a scríobh Stéphane Hessel, duine a sheas le de Gaulle sa Dara Cogadh Domhanda agus arbh é ambasadóir na Fraince é ina dhiaidh sin i Saigon, i gCathair na hAilgéire agus sa Ghinéiv.
nár sheas amach ne’er moved out
" Ba iad an dáréag a bhí gan steamar céille, dar leis an slua amuigh, an dream beag sin a d'fhan faoi iamh is nár sheas amach riamh faoin mbáisteach.
sheasann an dualgas ansiúd the duty rests in that case
" Is ar mhian na dtuismitheoirí a sheasann an dualgas ansiúd.
sheasann an chosmhuintir an fód ordinary people stand their ground
" Tugtar spléachadh dúinn ar an bhfrustrachas, ar an easaontas, ar an bhfearg agus ar an drochtheanga a thagann chun cinn nuair a sheasann an chosmhuintir an fód i gcoinne chórais an stáit agus ollchomhlachtaí idirnáisiúnta.
sheas liom stuck by me
" Tusa a sheas liom i ndiaidh dom a bheith caite amach sa dorchadas; tusa a chreid ionam nuair a bhí lucht an lagmhisnigh ag bagairt orm; tusa a choinnigh an lóchrann lasta nuair a bhí dúluachair gheimhreadh shaol na polaitíochta ag reo mo chroí istigh i lár mo chléibh; tusa a thug Enda Álainn Aoibhiúil orm nuair a bhí iriseoirí eile ag magadh fúm agus ag scríobh fúm go scigiúil agus ag spochadh.
fiántas farraige wild seas
" Is é an péintéir Sasanach Derek Hill a thug an chéad spreagadh do na péintéirí seo, nuair a thosaigh sé sna 1960í ag caitheamh tréimhsí fada istigh san oileán ag cur faoi i mbothán beag lom scoite amach ón phobal – nós maireachtála a mheabhródh duit díthreabhaigh in Éirinn na luath-Chríostaíochta - i ndlúthchaidreamh le fiántas farraige agus fairsinge spéire, a chuimsíonn agus a thugann sainmhíniú ar an oileán beag scoite seo agus ar a mhuintir.
meáchan mór na farraige great heaving seas
" ” Toraigh á Léiriú ======== Tugann Ó Colm léargas dúinn fosta ar an dua a chuir Derek Hill air féin ag iarraidh Toraigh a léiriú dúinn ina ealaín: “Lá gaoithe móire a bhí ann agus an síobán ag tiomáint na dtonn roimhe aniar ó thuaidh agus meáchan mór na farraige ag roiseadh ar na carraigeacha faoi Theach an tSolais.
seasfaidh sé it shall withstand
" Thar aon ní eile is áis tagartha é *QuickGuide™ Irish Grammar* atá furasta a iompar ach mar gheall ar an bpáipéar lannaithe, tá sé láidir agus seasfaidh sé saol fada láimhseála.
Sheas mé I stopped
" Sheas mé tamall ag breathnú air.
chaoi ar sheas an Fhionlainn an fód how the Finns stood their ground
" Tá siad mórtasach as an chaoi ar sheas an Fhionlainn an fód i gcoinne an Airm Dheirg le linn an dara Cogadh Domhanda.
Sheas stopped
" Sheas an t-eitleán ag lamairne de chuid an chomhlachta thurasóireachta agus tugadh deis dúinn dul ar an snámh gaosáin.
farraigí cáite raging seas
" Ní raibh sé sa phlean go mbeadh muid ag stopadh in Ailt an Chorráin ach i ngeall ar an drochaimsir a bhuail an bád ag trasnú Cuan Dhún na nGall, beartaíodh sos gearr a ghlacadh ó chruatan farraigí cáite agus gálaí gaoithe an Atlantaigh in Ailt an Chorráin.
Sheas an traein the train stopped
" Sheas an traein ar feadh i bhfad ar bhruach na Polainne i stáisiún cúlráideach nár aithnigh mé féin.
sheas mé ag breathnú ar I stopped to look at
" Bhí traein agam go haerfort Düsseldorf an tráthnóna sin, agus sheas mé ag breathnú ar an gclár ama sa halla mór feiceáil cén t-ardán a bhí uaim.
ag gearán seasta continually complaining
" Chloisinn léachtóirí eile ag gearán seasta faoi chomh teoranta is a bhí cumas cuid mhaith de na mic léinn sa scríobh.
Sheas held
" Easpa Misnigh ======== **SMM: Sheas vóta Chonamara in aghaidh an Chomh-mhargaidh ag an am, 1972.
Sheas muid isteach we stepped in
" Sheas muid isteach de leataobh an bhóthair as an mbealach.
sheas stopped
" Nuair a shroich muid teorainn Na hUngáire, sheas an traein, tháinig ceathrar gardaí ar bord, agus ba léir go mbeadh tamall moille ann.
Sheas muid go foighdeach we waited patiently
" Sheas muid go foighdeach ar an gcosán.
nár sheas an cadhnra ach leath lae the battery only lasted half a day
" Dhíol sé an chéad ifón le daoine, cuirim i gcás, nuair nach raibh ach raon sách measartha ag an bhfón agus nuair nár sheas an cadhnra ach leath lae.
Sheas siad i leataobh they waited to one side
" Sheas siad i leataobh faoi scáth na hoíche ag súil le déirc.
meanga gáire seasta a constant smile
" Níor labhair Antonio mórán ach bhí meanga gáire seasta ar a aghaidh.
an tseanfharraige the high seas
" Beidh trialacha farraige cóngarach do chósta na hIorua sula rachaidh sí ar an chéad turas ar an tseanfharraige samradh na bliana seo chugainn 2013.
gan nasc seasta without a permanent connection
" Tá an bogearra seo dírithe go háirithe ar dhaoine gan nasc seasta idirlín ar ardluas.
Sheas mé ag fanacht le I stopped waiting for
" Sheas mé ag fanacht le treoir.
sheas an daonlathas democracy survived
" É sin ráite, sheas an daonlathas in Éirinn, bíodh is go raibh sé lochtach, nuair a chlis air ar fud na hEorpa – sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Iodáil, sa Spáinn, agus sa Phortaingéil.
Seasann an neach uaigneach the lonesome being stands for
" Seasann an neach uaigneach sa phictiúr ar dhroichead faoi spéir shuaite a bhfuil dath fola uirthi.
ag obair seasta in work continually
" **CF: An bhfuil aon rud os do chomhair amach, nuair a bheas Doubt thart?** BNN: Mar aisteoir, ní bhíonn a fhios agat riamh ach bhí an t-ádh orm anois le bliain go bhfuil mé ag obair seasta.
sheasann i lomchodarsnacht stand in complete contrast
" Tá a fhios ag an saol mór gur sagairt iad seo a bhfuil meas ag an phobal orthu, agus gur sagairt iad a sheasann i lomchodarsnacht le cuid áirithe eile den chléir.
Tharla go mbíonn go seasta bolg an aeir briste as it’s always lashing rain
" Tharla go mbíonn go seasta bolg an aeir briste le síorbháisteach abhus i gCorca Dorcha, céard eile atá le cailleadh againn! Múinimis do mhuintir an tsaoil bhraonaigh gur cuma faoin bhraon anuas agus faoi ghadaíocht ár gcuid airgid nuair is féidir leat ceol, braon a ól le STUAIM, agus taitneamh a thabairt do chomhluadar an daoine eile, an ‘chuileachta’ mar a deirid ó dheas.
thar lear over seas
" Chuaigh Riverdance chomh mór sin i bhfeidhm ar dhaoine gur ghin sé tionscal damhsa: na scoileanna rince, na compántais a thriallann ar na ceithre hairde, na cláir theilifíse, na siopaí a chuireann na cleathainsí iomadúla ar fáil do na rinceoirí féin (stocaí, smideadh, gúnaí, bréagfhoilt, bróga, idir chrua is éadroma) Ní baol go ndéanfaidh an pheil Ghaelach ná an iomáint thar lear aithris ar an rath céanna go luath.
d’fhág a chnámha i sáile fhuar gave his body to the cold seas
" Is iomaí duine acu a d’fhág a chnámha i sáile fhuar an Atlantaigh.
a sheas go láidir in aghaidh stood strongly against
" Antoisceach amach is amach is ea é, óna dhearcadh polaitiúil atá bunaithe ar an smaointeoir Ayn Rand (a sheas go láidir in aghaidh rudaí mar leas sóisialach) go dtí a dhearcadh fíor-Chaitliceach.
sheas muid faoi am lóin we stopped at lunch time
" Teach Bia den Seandéanamh ============ I mbaile Chorte a sheas muid faoi am lóin.
sheas an fód do stood strong for
" Cé gur thacaigh formhór mhuintir na tíre leis an toirmeasc, bhí daoine áirithe abhus a sheas an fód do na hoibrithe Áiseacha.
le heolas a chur ar na farraigí siar to discover the western seas
" Chroch an naomh úd a chuid seolta le heolas a chur ar na farraigí siar.
go seasfadh seisean an fód leo that he’d make a stand with them
" Dhearbhaigh Norman láithreach go seasfadh seisean an fód leo dá dheoin féin agus chuir sé comhairle a leasa orthu i dtaca lena n-agóid.
sheas an bhrionglóid Grossdeutsch an fód the dream of a Greater Germany held its own
" (Scríobh an saineolaí cultúir Carl Schorske mar shampla ina leabhar iontach mar gheall ar Vín de chuid Freud agus Klimt gur shlánú intleachtúil an náisiúnachas ann ós rud é gur sheas an bhrionglóid Grossdeutsch an fód os comhair an impiriúlachais ghránna in 1848).
sheas mé roimh I stood in before
" Ghéill mé féin don chéad bheirt, agus sheas mé roimh an tríú bean.
sheas mé in aice leis I stopped beside him
" Nuair a phléasc leis an bhuachalla a bhí amach romham agus nuair a hiompaíodh den talamh é ag screadaíl ar nós muice, sheas mé in aice leis mar nach dtiocfadh liom a iompar, thiontaigh thart ag caoineadh i dtreo an stócaigh a bhí dár lámhach.
eisean a sheas amach he was the exception
ar sheas mé ann which I stopped in
" Cosúlacht eile: sa gcéad bistro ar sheas mé ann tar éis dom lán na súl a bhaint as an taispeántas, céard a bhí ar siúl ann ach cluiche rugbaí i gcorn Heineken.
an dá chuan the two seas
brú seasta continual pressure
" Tuigim go bhfuil brú seasta ón mBéarla agus go bhfuil sé deacair gan ghéilleadh anois is arís don nath cainte nó don choincheap a thagann go saoráideach ón mBéarla.
nár sheas sé an fód fá choinne did he not stand up for
" Ní hamháin nár sheas sé an fód fá choinne leasuithe liobrálacha “Vatacáin a dó”, ach ar a bhealach féin rinne sé iarracht cuid acu a chur ar neamhní.
níor sheas siad leis they didn’t stand by
" Bhí cuid mhaith bladair, go háirid ó thaobh ceannairí an pháirtí, faoi céard a dhéanfaidís nuair a thiocfaidís isteach sa rialtas, ach nuair a thángadar isteach i rialtas, a mhalairt ar fad atá tarlaithe agus níor sheas siad leis na bunphrionsabail a mheas mise a bhí tábhachtach.
Is ar éigean gur sheas an puball the tent barely hung on
" Is ar éigean gur sheas an puball san ionad seiceála in aghaidh na síbe.
seasfaidh sé an fód ar son an Aontais he’ll support the Union
" Mhothaigh mé riamh gur aontachtach caolaigeanta den tseandéanamh a bhí ann agus níl amhras ar bith ann go seasfaidh sé an fód ar son an Aontais ach ag tús na bliana seo, chuala mé an tUasal Copeland ag caint ar oíche a chaith sé le daoine a bhí gan dídean.
sheasann iarrthóirí i dtoghchán Dála candidates stand in a D. election
" Nuair a sheasann iarrthóirí i dtoghchán Dála tuigeann siad go bhfuil an córas seo i bhfeidhm agus go mbeidh orthu géilleadh don gcóras sin muna mbeidh ar a gcumas a dtuairimí féin a chur siar ar an bpáirtí go héiritheach i gcónaí.
a sheasann ar a mbonnaí féin who stand on their own two feet
" Nuair a sheasann aon iarrthóir le mórpháirtí náisiúnta, áfach, ní as féin a sheasann sé mar bíonn líonra tacaíochta proifisiúnta laistiar de agus buntáistí eile nach mbíonn ag na hiarrthóirí neamhspleácha a sheasann ar a mbonnaí féin i dtoghchán.