Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
blaoscanna shells
" Na huibheacha bruite a raibh mé ag súil go mór leo, bhí na blaoscanna bainte díobh agus lorg méar salach fágtha orthu! Bhí an freastalaí chomh cairdiúil, gealgháireach sin nach raibh sé de mhisneach agam gearán a dhéanamh! Creid é nó ná creid, d'éirigh liom iad a ithe agus táim fós beo.
scilling shelling
" AÓF: Cén áit a bhfuil sibh lonnaithe? TM: Ó 1980 i leith tá muid lonnaithe i dteach i Sráid Henrietta, atá ar cíos againn ó Chomhairle Chathair Átha Cliath le haghaidh céad bliain ar scilling sa bhliain (má iarrtar í).
sliogán shells
" Cosúil le go leor áiteanna thart ar an loch, tá cairn mhóra sliogán ann, ach ní raibh muidne ábalta ceann a aimsiú.
sliogáin shells
" Taobh thiar den phuball, tá dramhcharn, agus sliogáin, cnámha éisc agus cnámha ainmhithe le fáil air.
creatlach shell
" Níl ach creatlach ann anois, agus ní féidir dul isteach ann.
pléascáin shells
" Is féidir na poill a d’fhág na pléascáin a fheiscint go soiléir.
ollsliogán shell
" 329 ollsliogán, ar an meán, caite isteach sa chathair gach lá idir 5 Aibreán 1992 agus 29 Feabhra 1996, ag “óglaigh” Arm na Seirbia agus iad i mbun cinedhíothaithe.
sliogán ar strae stray shell
"sliogán ar strae a rinne seo, ná baol air.
déanta de shliogán muirín. made of a scallop shell.
" Tá a chuid gruaige in aimhréidh agus gan air ach cóta barrchaite, clóca ar a bharr agus é ceangailte le fáiscín déanta de shliogán muirín.
as sliogán an mhuirín. from a scallop shell.
" Faoi mar a bheifeá ag súil leis, tháinig *Santiago Peregrino *(Séamus Oilithrigh) chuige agus thug sé uisce le hól do as sliogán an mhuirín.
carn mór sliogán a big heap of shells
" Síltear gur baineadh úsáid as an uaimh ón tréimhse mhéisiliteach ar aghaidh agus tá carn mór sliogán le feiceáil ag oscailt na huaimhe go fóill.
crotal folamh an empty shell
" Níl fágtha den bhfear sin anois ach crotal folamh gan bhrí.
tsliogáin shell
" Is ceann de mhórfhírinní an tsaoil í ar nós solas na gréine, nó scáil an tsliogáin ghléghil sin ar a dtugaimid an ghealach, ar dhromchla dorcha an locha.
sliogáin shells
" Bhí an bheirt i láthair chomh maith nuair a bhí na sliogáin á dteilgean leis na Ceithre Cúirte.
mblaosc (egg)shell
" Tá na héin tosaithe ar na saolta beaga seo ag déanamh neadacha agus is léir go bhfuil siad fós misniúil deimhneach go mbrisfidh a n-ál as an mblaosc an ráithe úrnua seo.
sliogáin ghliogair non-explosive shells
" Thuig na hÉireannaigh gur sceimhlitheoireacht in aghaidh an phobail áitiúil a bhí ar bun ag Arm Iosrael ann nuair a scaoileadh siad sliogáin ghliogair – gan ábhar pléascach – isteach faoi fhraitheacha tí.