Pota Focal Intergaelic
iad | sad | sia | sid | aid
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhraith siad they felt
" Bhí Gaeilge sa bhaile agus ar scoil ag a bpáistí ach bhraith siad gur ghá céim eile a thógaint le saol níos leithne a chur ar fáil dóibh trí imeachtaí sóisialta agus oideachasúla, ranganna, ceardlanna, cóisirí, etc.
go gcomhlíonfaidh siad a ndualgas that they will fulfill their responsibility
" Dualgas i leith na Gaeilge a chur ar na forais atá á maoiniú ag an stát agus a eagraíonn imeachtaí oideachasúla agus caitheamh aimsire don óige, ar nós The Ark Ard-Mhúsaem na hÉireann agus an Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, agus deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonfaidh siad a ndualgas.
Bhain siad siar asam They took me back
" Bhain siad siar asam le binb agus boirbe a ngutha.
chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar chuir siad an dlí orthu: they took them to court
" Chuir an clár ríomhaireachta sin ar chumas daoine ceol a fháil ó bhailiúcháin daoine eile ar an idirlíon agus chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar an gcomhlacht a bhunaigh é.
sháraigh sháraigh siad: they got the better of
" Mar shampla, i dtoghcháin an Tionóil i 1998, fuair an SDLP 177,963 vóta, an chéad uair riamh a sháraigh an páirtí sin Aontachtaithe Uladh.
caitheann siad leo mar they treat them as
" Fearann siad fáilte agus fiche rompu isteach sa tír; caitheann siad leo mar chaoirigh na hÉireann; tugann siad béile breá blasta amháin d'fhéar na hÉireann dóibh; ansin díolann siad ar aghaidh iad mar chaoirigh na hÉireann.
baileoidh siad leo they will up and go
" Athlonnú ======= Tá sé go maith go bhfuil na comhlachtaí seo ar fad in ann postanna a sholáthar d'aos óg agus do dhaoine dífhostaithe na tíre, ach a luaithe is a thiocfaidh siad ar láthair eile ina bhfuil na scileanna agus an bonneagar céanna ar fáil, baileoidh siad leo mar a dhein na comhlachtaí éadaí agus comhlachtaí carranna le fiche bliain anuas.
nach minic a bhíonn siad thíos leis an mhí-iompar seo they seldom pay for this bad behaviour
" Is é an fáth go bhfuil na póilíní ag caitheamh mar seo go fóill le fir dhubha ná nach minic a bhíonn siad thíos leis an mhí-iompar seo.
bíodh siad ar a n-aire they had better watch out
" Iad siúd sa tír a bhfuil páiste acu nach bhfuil cumas acadúil ard go leor aige/aici, bíodh siad ar a n-aire.
dhíbir siad they expelled
" Bhunaigh siad fochoistí, dhíbir siad Sinn Féin ó na fochoistí sin agus ansin rinne an fochoiste obair an choiste mhóir.
d'éignigh siad the raped
" Is dráma é mar gheall ar bhean iarrtha tearmainn ar tharla rudaí uafásacha di ina tír féin - mharaigh saighdiúirí a tuismitheoirí, a seanathair, agus fiú a leanbh agus d'éignigh siad ise.
dhiúltaigh siad they refused
" Ar ndóigh, ní raibh Rialtas Shasana sásta le hÉire neamhspleách agus dhiúltaigh siad glacadh leis an vótáil dhaonlathach sin.
chuir siad fúthu they settled
" Tá cuid eile acu ina ndochtúirí; tháinig siad go hÉirinn mar mhic léinn agus ansin chuir siad fúthu anseo.
go sáróidh siad that they will transgress
" Tá na meáin chumarsáide i Sasana lán scéalta faoi dhlíthe úra in aghaidh sceimhlitheoireachta, cé go bhfuil seans ann go sáróidh siad Acht Chearta Daonna an Aontais Eorpaigh.
gur chinn siad that they decided
" ) Chuir Príomh-Chonstábla an RUC, Sir Ronnie Flanagan, in iúl don Státrúnaí "gur thuig an UDA an damáiste a bhí an foréigean á dhéanamh do dhaoine aonair, agus an damáiste a bhí sé á dhéanamh do phróiseas na síochána, agus gur chinn siad ar stop a chur leis an fhoréigean.
gineann siad they generate
" agus Roy Keane agus Denis Irwin agus gineann siad an t-uafás airgid don CLG.
a ghineann siad which they generate
" Tá an t-airgead a ghineann siad ag teastáil chun an óige a mhealladh, a choinneáil agus a thabhairt chun blátha.
thograigh siad féin they themselves chose
" Má tá moill ag baint lena gcuid oibre, is i ngeall ar gur thograigh siad féin jab críochnúil a dhéanamh, ní i ngeall ar mhoill ó thaobh an stáit de.
threisigh siad a chéile they strengthened each other
" Is amhlaidh a threisigh siad a chéile in ionad a bheith in iomaíocht lena chéile.
a thréig siad that they abandoned
" Ach an mbeidh na haltraí sásta filleadh ar na seanphostanna a thréig siad - postanna ar thuarastail ísle agus le leibhéal ard struis? An mbeidh an Rialtas in ann tacaíocht na ndochtúirí comhairleacha a fháil nuair a laghdófar an méid ama agus an méid acmhainní is féidir leo a chaitheamh lena gcliaint phríobháideacha.
Ó ghnóthaigh siad since they won
" Ó ghnóthaigh siad an toghchán, tá an comhrialtas ag iarraidh a chur ina luí ar dhaoine nach raibh mórán bainte ag na teifigh leis an toradh.
chaith siad uilig an tráthnóna fá shult agus fá shásamh they all had a pleasant evening
" Chuir sé amach gloine beorach do féin, fíon dona chuid tuismitheoirí agus do na cuairteoirí agus *Coke* d'Eilís agus d'Aoife agus chaith siad uilig an tráthnóna fá shult agus fá shásamh.
réitíonn siad go maith le chéile they get on well with each other
" Tá triúr tánaistí aigesean agus deir sé go réitíonn siad go maith le chéile agus go dtugann siad tacaíocht láidir dá chéile i gcónaí.
dhiúltaigh siad they refused
" Ghlac oifigigh eile an Cúigiú Leasú Bunreachta in aghaidh féinchiontaithe agus dhiúltaigh siad ceisteanna a fhreagairt.
a tháirgíonn siad that they produce
" Is mian léi saghas plean gnó a leagan síos do scoileanna agus fostaithe a íoc de réir an líon uaireanta a oibríonn siad, an méid a tháirgíonn siad agus na cuspóirí a éiríonn leo a bhaint amach faoi dheireadh gach míosa.
chuir siad dallamullóg ar vótóirí na hAstráile they hoodwinked Australian voters
" Fuarthas amach le deireanaí gur chuir siad dallamullóg ar vótóirí na hAstráile.
nach dtapóidh siad an deis that they won't seize the opportunity
" An bhfuilimid chun neamhaird a thabhairt ar dhaoine nach de shliocht Éireannach iad? Agus cad faoi naimhde na Gaeilge atá de shíor ag iarraidh céim síos a thabhairt don teanga sa chóras oideachais? An gceapann éinne nach dtapóidh siad an deis amach anseo chun ísliú céime a thabhairt don Ghaeilge ar an mbonn nár chóir dúinn a bheith á brú ar dhaoine nach mbaineann sí leo? Tá sé in am ag na heagraíochtaí Gaeilge dúiseacht agus aghaidh a thabhairt ar cheist an ilchultúrachais sula mbeidh sé ródhéanach.
sular aimsigh siad before they found
" B'éigean don fhoireann tarrthála streachailt trí shneachta domhain agus gaoth láidir ar feadh cúig huaire sular aimsigh siad na coirp.
thochail siad they dug
" chonaic ball den fhoireann sciathán ag gobadh amach as an sneachta agus thochail siad an grúpa amach.
rinne siad turas ar they went around
" Anuas leo ansin agus rinne siad turas ar an seomra suí, seomra staidéir Nigel a bhí i gcúl an tí agus a raibh radharc álainn aige amach ar an gharradh.
má dhiúltaíonn siad if they refuse
" Uaireanta díoltar ar suas le €12,000 iad le máistir striapach a dhéanann bagairt go minic a dteaghlach sa bhaile a mharú má dhiúltaíonn siad comhoibriú.
ionsaíonn siad they attack
" Uaireanta ionsaíonn siad daoine a dhiúltaíonn airgead a thabhairt dóibh agus is minic fosta a bhíonn argóintí fíochmhara acu le daoine.
D'éalaigh siad they escaped
" D'éalaigh siad ón seomra ranga ag an am céanna fosta agus caitheann siad a gcuid ama in oifig anois ag obair mar "bhainisteoirí oideachais", ag cur brú agus struis ar na daoine bochta atá fágtha sa seomra ranga.
níor bhraith siad they didn't depend on
" Bhí siad ina mbaill de rocghrúpa an tráth sin, ach níor bhraith siad ar an cheol amháin le hairgead a shaothrú.
a shaothraíodh siad that they used to earn
" " Is féidir a lán airgid a shaothrú ag fánseinm a deir siad, meangadh beag gáire ar a n-aghaidh, gan iad sásta aon rún a scaoileadh faoin mhéid a shaothraíodh siad.
dhiúltaigh siad go hiomlán they totally refused
" Ach dhiúltaigh siad go hiomlán rud ar bith a rá dom.
a chraobhscaoileann siad they propagate/broadcast
" Scaothaireacht gan dochar a chraobhscaoileann siad: "Tugtar ómós don Impire! Bata is bóthar don Bharbarach! " Tá Banphrionsa na Seapáine ag súil le leanbh; sceitimíní ar an *uyoku* - ar gach éinne chun na fírinne a rá.
ar eagla go gceapfaí go raibh siad i bhfábhar an fhoréigin in case it was thought that they were in favour of censorship
" Ní raibh fonn orthu tabhairt faoin rialtas agus bhí faitíos míréasúnta orthu, dar le Mac Coille, cur in aghaidh na cinsireachta ar eagla go gceapfaí go raibh siad i bhfábhar an fhoréigin.
a ruaig siad as seilbh é that they dispossessed him
" É ag grúscán leis féin go friochanta nó gur chroith sé a dhorn go bagrach i dtreo Dhónail, ag maíomh go borb gurbh é féin an t-úinéir agus go gcaoinfidís an lá a ruaig siad as seilbh é.
a thuilleann siad that they earn
" D'éirigh sí as a bheith ag múineadh trí bliana ó shin ach is ar éigean atá sí féin agus a fear céile Len Graham (amhránaí cáiliúil eile) ábalta maireachtáil ar an airgead a thuilleann siad.
thug siad droim láimhe they turned their back on
" Bhí na vótóirí ag iarraidh go dtiocfadh athrú ar chúrsaí agus thug siad droim láimhe don chomhrialtas de chuid na ndaonlathaithe sóisialta agus na liobrálach a bhí ag rith na tíre le hocht mbliana anuas.
dearann siad they design
" Déanann siad an chuid is mó dá ngnó trí mheán na Gaeilge agus dearann siad formhór a bhfoirgneamh do lucht na Gaeilge i mBéal Feirste.
ionas dá mba é an rud é gur shíl siad go raibh leathchois san uaigh aici as if she they thought she had one foot in the grave
" Bhí achan duine ag cur a tuairisce ionas dá mba é an rud é gur shíl siad go raibh leathchois san uaigh aici.
ag briseadh na gcos ina dhiaidh a bhí siad they were falling over each other to get him
" Leoga nach ag briseadh na gcos ina dhiaidh a bhí siad.
dhiúltaigh siad they refused
" Idir 1922 agus 1936 rinne an Seanad 37% de bhillí a leasú agus dhiúltaigh siad d'ocht gcinn.
Níor chuir siad san áireamh an pobal aontachtach they didn't take into consideration the unionist community
" Níor chuir siad san áireamh an pobal aontachtach mar phobal a raibh saol acu féin, agus nach n-imeodh mar a shlogfadh an talamh iad nuair a d'imeodh na Sasanaigh.
chuir siad fúthu they settled
" Nuair a bhí sí sna déaga, phill siad ar an tír chéanna agus chuir siad fúthu i Milano.
bhíodh siad ag seinm they used to play
" Go minic thagadh bannaí go dtí an club agus bhíodh siad ag seinm ansin ar feadh míosa.
agus chuir siad fúthu they settled
" D'fhág a theaghlach siúd Éire sa bhliain 1844, agus chuir siad fúthu i Séú Barda Nua-Eabhrac.
Théadh siad they used to go
" Théadh siad ansin agus chaitheadh siad suas le €500 ar shuathaireacht speisialta; ní raibh aon deacrachtaí acu ó thaobh airgid de.
tig siad they come
" Gach mí Iúil, cuir i gcás, bíonn cúrsa siúil ann do mhúinteoirí bunscoile agus tig siad as gach páirt den tír anseo.
dá mba rud é gur cheap siad go raibh sé ciontach if they thought he was guilty
" Ní raibh sé i measc na ndaoine a gheobhadh ardú céime agus dá bhrí sin ní shamhlaíonn siad boic mhóra ag dul as a mbealach len é a chosaint dá mba rud é gur cheap siad go raibh sé ciontach.
chuir siad in iúl they made it known
" Ach chuir siad in iúl go gcuirfeadh siad fáilte roimh stáisiún logánta le "substantial Irish language programming".
a impíonn siad they entreat
" "Ach, a Mhamaí, bíonn rud deas ag na daoine eile," a impíonn siad lena súile móra.
b'fhéidir nach gcluinfeadh siad i choíche iad perhaps they'd never hear them
" Ach go bé go gcaithfidh siad é sin a dhéanamh, b'fhéidir nach gcluinfeadh siad i choíche iad.
tiompóidh siad i d'éadán they'll turn against you
" Ná má tá tú i gcónaí anuas ar dhaoine, tiompóidh siad i d'éadán agus is fearr duit leathdosaen a mhealladh leat nó dosaen a thiompó i d'éadan.
go n-éisteodh siad liom that they would listen to me
" Is é ábhar bróid do mo mhacasamhailse go n-éisteodh siad liom.
nó go mbeidh siad féin thíos leis or that they themselves will suffer
" Léiríonn na cásanna seo ar fad gur gá do chomlachtaí súil a choimeád ar an méid atá ar bun ag a gcuid oibrithe - nó go mbeidh siad féin thíos leis.
a sheinneann siad that they play
" Beidh ceoltóirí ag dul timpeall chun cur ar a súilibh dóibh go bhfuil a leithéid ann agus an saghas ceoil a sheinneann siad.
ar phléigh siad that they dealt with
" Tá an Roinn Sláinte faoi scamall de bharr na slí ar phléigh siad leis na mná ar tugadh fuil shalaithe dóibh.
chuir siad i mo leith they accused me
" Tháinig póilíní agus chuir siad i mo leith go raibh mé ag iarraidh airgid ar dhaoine.
ionas go mbeadh siad in ann so that they could
" Ní hamháin sin, ach tá soilse speisialta curtha in airde ag a n-athair sa gháirdín mór ar chúl an tí ionas go mbeadh siad in ann cleachtadh a dhéanamh i rith an gheimhridh.
chuir siad fúthu they settled down
" I ndiaidh tamaill bhog siad go Tuaisceart Éireann agus chuir siad fúthu i gContae an Dúin.
tchí siad they see
" Mar sin, ainneoin go raibh poblachtánaigh - Sinn Féin, ach go háirithe - meallta i dtorthaí an daonáirimh, tchí siad go bhfuil an tionscadal mór atá á stiúradh acu - Éire aontaithe a bhaint amach - ag dul sa treo cheart, dar leo.
airíonn siad brú mór a bheith orthu they feel under a lot of pressure
" Ag an leibhéal is airde, agus go mór mór i gcás cluichí a chraoltar beo ar an teilifís, airíonn siad brú mór a bheith orthu toisc go bhfeiceann na ceamaraí go leor nach bhfeiceann siad féin.
go réitíonn siad go maith le chéile that they get on well together
" " Daonlathach ======= Tá na baill chéanna páirteach i Kíla anois ó bhí 1996 ann agus deir Colm go réitíonn siad go maith le chéile.
nach mbacann siad that they don't bother
" Ag an bpointe seo, is cosúil nach mbacann siad fiú le héisteacht leis na tuairimí seafóideacha a bhíonn le cloisteáil ar an nuacht teilifíse agus raidió.
thréig siad iad they abandoned them
" Nuair nár éirigh leo an méid sin a dhéanamh thréig siad iad.
nach ngéilleann siad that they don't give up
" Aontaíonn siad ar fad gur duine uasal é; gur cainteoir maith é; gur spreag sé iad; gur chuir sé iad ag traenáil go dian, gan trócaire; go ndeir agus go ndéanann sé rudaí aisteacha; go n-ullmhaíonn sé iad ar fheabhas le haghaidh cluichí móra sa chaoi is nach ngéilleann siad go deireadh an chluiche; go gcuidíonn sé leo ar bhealaí éagsúla ina saol pearsanta; gur féidir labhairt leis agus nithe a phlé leis; go mbíonn a theach i gcónaí ar oscailt dóibh; go gcailleann sé guaim air féin uaireanta; go dtugann sé deochanna gránna dóibh le n-ól uaireanta; agus go ndéanfadh rud ar bith ar son fhoireann na Mí.
Braitheann siad they feel
" Braitheann siad nach mbaineann an teanga leis an gcultúr atá acu féin - na cairteanna, an popcheol agus na scannáin as Hollywood a mbíonn athghuthú Spáinnise déanta orthu.
nach bhfuil siad ar aon intinn leis that they don't agree with him
" Is léir go bhfuil mífhoighid ag teacht ar Howard le daoine atá chomh hamaideach sin nach bhfuil siad ar aon intinn leis.
is a d'aimsigh siad as they found
" Tá dhá mhí imithe in 2003 agus tá an Garda Síochána tar éis dhá oiread den druga cócaon a aimsiú i mbliana is a d'aimsigh siad le linn na bliana ar fad anuraidh.
go mbuafaidh siad é that they will win it
" Muna ngníomhaíonn údaráis an stáit go tapa anois, beidh cath dhá oiread níos deacra acu, cath nach bhfuil aon chinnteacht ann go mbuafaidh siad é.
diúltaíonn siad they refuse
" Glactar leis go gcaithfidh na páirtithe uilig a bheith páirteach i socrú ar bith a thiocfas as na cainteanna atá ar siúl, ach tá an UPRG/UDA/UFF ag glacadh an talaimh aird mhorálta (sic) agus diúltaíonn siad labhairt le Sinn Féin.
Gheall siad ráiteas a sheoladh chugam they promised to send me a statement
" Gheall siad ráiteas a sheoladh chugam ach níor tháinig faic go fóill.
aimsíonn siad a chéile they find each other
" Imríonn siad dá chéile agus ar son a chéile agus aimsíonn siad a chéile le pasanna iontacha, idir fhada is ghearr.
beireann siad air they catch it
" Imríonn siad an sliotar fan talún nuair is gá agus beireann siad air nuair is féidir.
Ní dhiúltaíonn siad they don't refuse
" Ní dhiúltaíonn siad am ar bith.
má aibíonn siad if they ripen
" Ach is fearr le garraíodóir má aibíonn siad thar tréimhse ama.
Shamhail siad they imagined
" Shamhail siad cluichí beaga a d'fhéadfaidís a imirt léi .
go n-aimsíonn siad they find
" Siúlann na mná ar deiseal agus na fir ar tuathal, timpeall na cearnóige, agus iad ag déanamh géarstaidéir ar a chéile go dtí go n-aimsíonn siad an duine a bhfuil dúil acu ann.
go raibh siad in amhras air that they had a suspicion about
" Nuair a tháinig na Gardaí ar ghuthán soghluaiste i dteach duine go raibh siad in amhras air, rinne siad anailís ar an áit ina raibh an guthán roimhe sin agus bhí siad ábalta a fháil amach gur úsáideadh é faoi dhó gar don Ómaigh ar an lá a phléasc an buama.
nuair a iompraíonn siad iad féin when they behave
" Sílim go mbíonn meas ar leith againn ar an lúthchleasaí cumasach, an t-iománaí sciliúil agus mar sin de má tá siad uasal agus gnaíúil freisin agus nuair a iompraíonn siad iad féin ar nós an ghnáthdhuine.
mhaígh siad the stated
" Dúirt an *Daily Post*: "It beggars belief that, in just 45 days this summer, the British tax-payer had to cough up £18m to police the anachronistic annual marches in Northern Ireland" agus mhaígh siad go raibh gach taobh, idir dhílseoirí agus phoblachtánaigh, ag baint úsáide as na paráidí le haghaidh cúiseanna polaitiúla.
a d'fhág siad le huacht aici that they bequeathed her
" " Agus í ag smaoineamh ar a tuismitheoirí, deir sí gurb iad na rudaí is mó a d'fhág siad le huacht aici ná meas ar an oideachas agus an mhuinín lena rud féin a dhéanamh sa saol gan a bheith ag fanacht ar chabhair ó dhaoine eile - dhá phrionsabal a sheas go maith léi sa saol a bhí roimpi.
bheartaigh siad they decided
" In aimsir an drochshaoil tharla sé go raibh deacrachtaí airgid ag an chlann agus bheartaigh siad ar an oileán a dhíol.
bhagair siad they threatened
" Ní mó ná sásta a bhí an Coimisiún agus bhagair siad an dlí a chur ar an stát.
tógann siad muca they rear pigs
" Fásann siad a lán saghsanna glasraí, agus tógann siad muca.
thacht siad they strangled
" I mí na Samhna 2001, thacht siad Theys Eluay, cathaoirleach eagraíochta síochánta darb ainm Presidium Dewan Papua, a bhfuil an-tacaíocht aici i measc mhuintir Phapua Thiar.
cúrsaí mar atá siad matters as they stand
" An é nach féidir an fhís a thabhairt i gcrích, go bhfuil traidisiún níos láidre ná pleanáil agus scéimeanna ar bith nó an é nach bhfuil an toil ann dáiríre? Tá go leor daoine sa Chumann Lúthchleas Gael atá sásta le cúrsaí mar atá siad agus nach bhfeiceann gur chóir airgead agus fuinneamh a chur "amú" ar scéimeanna "gan dealramh".
lig siad a n-anáil they took a breather
" " Chuir Seán a thóin le leic na fuinneoige agus shuigh Máire ar leic an dorais agus lig siad a n-anáil ar feadh cúig nó deich mbomaite.
mar a deireadh siad as they used to say
" Rinne sí cinneadh nach mbeadh aon bhaint aici leis in aon chor ach amháin, mar a deireadh siad sa Roinn ag an am, "if the exigencies of the service require it!" Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, cuireadh Máire go dtí an Spáinn, áit ar chaith sí dhá bhliain ag obair mar rúnaí ambasáide.
níor thuill siad cathaoirleacht they didn't earn a chairmanship
" Níl Caitliceach fán áit; Sinn Féin, an SDLP, Alliance féin, níor thuill siad cathaoirleacht ar choistí na comhairle.
go ndíreoidh siad that they'll concentrate
" Polasaí amháin ná bheith dian ó thús cluiche agus cárta buí a thaispeáint chun teachtaireacht a thabhairt do na himreoirí nach nglacfar le briseadh rialacha go héasca, ach leis sin tá cruachás ag an moltóir má dhéanann an t-imreoir céanna calaois eile nach bhfuil ródhona ina dhiaidh sin - an dtugann sé an dara cárta agus an t-imreoir a dhíbirt nó an scaoileann leis toisc nach bhfuil aon dochar déanta? An rogha eile ná scaoileadh leis an imirt go luath sa chluiche le súil is go socróidh na himreoirí síos agus go ndíreoidh siad ar an gcluiche.
dhiúltaigh siad they refused
" Bhí náire ar an seandream agus dhiúltaigh siad an teanga a theagasc dá bpáistí, mar go raibh níos mó "féidearthachtaí" ag baint leis an Bhéarla.
d'aithrisíodh siad a gcuid filíochta they used to recite their poems
" "Sa tseanaimsir, bhíodh filí ag dul thart leis na cruiteoirí dalla agus d'aithrisíodh siad a gcuid filíochta, scil ar leith ar ndóigh.
bheannaigh siad dom they greeted me
" Shiúil lanúin i mo threo, agus bheannaigh siad dom.
dhóighfeadh siad an chos duit they would burn the foot off you
" Ní raibh ach cúpla duine ina suí orthu agus nuair a chuir se bonn a choise orthu, thuig sé cad chuige - dhóighfeadh siad an chos duit.
bhuailfeadh siad i gcónaí cúpla port they would play a few tunes
" " D'fhéadfaí a rá gur thóg Neil an ceol ó thaobh na dtaobhanna, mar uncail dó a bhí in Tomás Ó Cannain ón sárghrúpa traidisiúnta sin Na Filí, agus nuair a bhíodh siad i mBéal Feirste, bunús an ama thiocfadh sé toigh mhuintir Martin agus bhuailfeadh siad i gcónaí cúpla port.
ní dhéanann siad saothar ná sníomh They toil not, neither do they spin
" Chuir dearcadh agus stíl Mhíchíl na focail seo i gcuimhne dom: "Tugaigí faoi deara lilí an bháin, mar a fhásann siad; ní dhéanann siad saothar ná sníomh.