Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
laistoir on the east side
" Fobhailte eile na leithinise iad Abha na Scáil agus Lios Póil laistoir; Caisleán an Ghriaire agus An Clochán lastuaidh; Ceann Trá, Dún Chaoin, Baile an Fheirtéaraigh, An Mhuiríoch agus An Fheothanach laistiar.
lastuaidh on the north side
" Fobhailte eile na leithinise iad Abha na Scáil agus Lios Póil laistoir; Caisleán an Ghriaire agus An Clochán lastuaidh; Ceann Trá, Dún Chaoin, Baile an Fheirtéaraigh, An Mhuiríoch agus An Fheothanach laistiar.
laistiar on the west side
" Corca Dhuibhne an cheoil, na rann is na n-amhrán! Tá Gaelainn le clos ar bhéalaibh daoine ar fud na leithinise, go mór mhór laistiar den Daingean.
cliathánach leis by his side
" Chonaic mé fear, mar shampla, ina shuí ar an gcosán agus scálaí tomhais cliathánach leis.
síos agus aníos dhá thaobh an tábla along both sides of the table
" " Shuigh an t-athair agus an mháthair ag dhá cheann an tábla agus cuireadh na cuairteoirí agus an chlann síos agus aníos dhá thaobh an tábla.
an taobh síorghránna the persistently ugly side
" Ar an ábhar sin, díreoidh mé m'aird ar nithe eile atá mar thoradh ar ionsaithe an 11 Meán Fómhair, nithe a léiríonn cuid acu an taobh síorghránna den tsochaí Mheiriceánach, agus nithe eile a mbeidh iarmhairtí acu go forleathan.
taobhlíne side-line
" ** Má théann an liathróid thar an taobhlíne, ní mór d'imreoir ón fhoireann nár chuir an liathróid amach an liathróid a chaitheamh ar ais ar an bpáirc dronuilleach leis an taobhlíne.
ar chaon taobh on every side
" Bhí daoine áirithe freagrach as éagóir, bhí siad freagrach as claondearcadh, as idirdhealú, ach chomh maith leis sin ba léir dom an toradh uafásach a bhí ar an doirteadh fola nó ar an mbás ar chaon taobh.
aontaobhacha one-sided
" Cé is móite d'eisceacht nó dhó, mar shampla, Uíbh Fhailí i gcoinne Chorcaí sa bhliain 2000, is beag cluiche iontach a tharla de bharr an chúldorais ó 1998 agus bhí go leor cluichí aontaobhacha ann i mbliana faoin gcóras a thugann an dara seans do gach foireann.
seó taoibhe side-show
" Tá gníomh substaintiúil de dhíth ar aontachtaithe más mian leo muinín a bheith acu i bpoblachtánaigh, ach is cineál seó taoibhe iad na haontachtaithe i súile na bpoblachtánach - beidh an idirbheartaíocht thábhachtach á déanamh idir Sinn Féin agus Rialtas na Breataine.
taobhlíne side-line
" Ní dhéanfaidh duine ar bith dearmad ar an spiorad a bhí aige, a raibh an rírá a tharla ar an taobhlíne i Meiriceá nuair a bhí an réiteoir mall ag tabhairt ceada dó teacht ar an pháirc mar ionadaí mar léiriú maith air.
ar an taobh thoir on the eastern side
" Tá dún cosanta eile ar an taobh thoir den oileán darb ainm Dún Dubhchathair.
taobhú leis to side with
" I rith na mblianta sin, bhí an rialtas níos mó ná sásta taobhú leis an bhFrainc agus leis an nGearmáin, tíortha a mhol go mór ballraíocht na Spáinne san Aontas Eorpach, rud a bhain sí amach sa bhliain 1986.
taobhchéim chiúin a quiet side-step
" D'fhigh sé a bhealach anonn ar an taobh eile den charr, chuile dhuine ag súil nach mbearnódh sé a radharc mantach féin agus iad réidh le taobhchéim chiúin a thógáil dá seasfadh sé rompu.
a dhruid de leataobh who moved from the side
" "Is cén áit a gcaithfear í a ghearradh, mar sin?" a d'fhiafraigh sé os ard, é ag cur múisce ar sheanbhean a dhruid de leataobh san am céanna.
nuair a scoilteas an dá thaobh óna chéile when the two sides will split from each other
" Tá tráchtairí áirid ag rá gur seo an t-am nuair a scoilteas an dá thaobh óna chéile.
ar thaobh s'acusan on their side
" Leis an ról sin a chomhlíonadh, níorbh féidir géilleadh agus admháil go raibh aon locht ar thaobh s'acusan.
ar bhruach an bhealaigh mhóir on the side (edge) of the road
" A fhaid agus a bhí seo uilig ag dul ar aghaidh bhí fear an ghluaisteáin ghoirm ina sheasamh ar bhruach an bhealaigh mhóir agus a cheann crom aige.
thar a bheith aontaobhach extremely one-sided
" Anois d'fhéadfadh sé go bhfuil cúiseanna praiticiúla agus cúiseanna a bhaineann le hairgead agus araile ag baint leis na cinntí atá luaite thuas ach ardaíonn siad dhá cheist bhunúsacha: an é go bhfuil an pheil níos tábhachtaí ná an iománaíocht taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael agus an bhfuil RTÉ i gceannas maidir le roghnú na gcluichí a thaispeántar beo? Mar shampla, bhí an cluiche peile idir Áth Cliath agus An Lú beo ar an teilifís - cluiche thar a bheith aontaobhach, gan dealramh.
seachthorthaí dainséaracha dangerous side-effects
" Is cúis an-mhór imní é gur féidir drugaí mar seo a n-éiríonn daoine tugtha dóibh a dháileadh thar an idirlíon, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil líon chomh mór sin Meiriceánach á dtógáil agus go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil seachthorthaí dainséaracha ag baint leo, mar shamplaí taomanna inchinne, an galar dubhach, preabadh croí, ardú i mbrú fola, agus laige croí forlíonta.
ó thaobh na dtaobhanna from both sides
" " D'fhéadfaí a rá gur thóg Neil an ceol ó thaobh na dtaobhanna, mar uncail dó a bhí in Tomás Ó Cannain ón sárghrúpa traidisiúnta sin Na Filí, agus nuair a bhíodh siad i mBéal Feirste, bunús an ama thiocfadh sé toigh mhuintir Martin agus bhuailfeadh siad i gcónaí cúpla port.
a lámh sínte leis his arm motionless at his side
" Shín sí bréid na haghaidhe chuig Cormac ach sheasaigh sé ansin ina stacán agus a lámh sínte leis.
a bhí ina bhior sa bheo which was a thorn in the side
" Ainm ar nós *Hibernia*, iris eile den scoth a bhí ina bhior sa bheo ag údaráis an stáit seo nuair ba ghá, ach freisin a d'fhulaing go mór ó dhlíthe éagóracha leabhail an stáit seo.
dhá thaobh a bhéil the two sides of his mouth
" Ní haon rud nua é polaiteoir labhairt as dhá thaobh a bhéil ag an am céanna, ach is feiniméan ar leith é an *Bertie Speak*.
ar dhá thaobh an sconsa on both sides of the fence
" Creidim go bhfuil daoine tuirseach den té a choimeádann cos i gcónaí ar dhá thaobh an sconsa.
taobhlíne side-line
" Is ábhar cainte iad sa mbaile, san ionad oibre, ar an taobhlíne, sa scuaine siopadóireachta, sa teach ósta, ar an ngalfchúrsa, ar an traein agus áit ar bith a mbíonn daoine cruinnithe.
ar leataobh to the side
" "Ní mé an cléireach altóra beag a thuilleadh, ar gá dó suí ar leataobh.
aontaobhach one-sided
" An fhianaise don tuairim sin ná chomh haontaobhach is a bhí na cluichí i Laighin le cúpla bliain anuas nuair a bhí Cill Chainnigh ag imirt in aghaidh contaetha eile, agus torthaí na gcluichí sraithe i mbliana.
comórtas sacair cúigear an taobh five-a-side soccer competition
" Is iad Kevin Maguire agus Jason Caldwell a eagraíonn an comórtas sacair cúigear an taobh seo i mBaile Átha Cliath, agus imríonn foirne ó lucht leanúna Arsenal, Manchester United agus clubanna eile in éadan a chéile ar an Pháirc Astro i dTamhlacht.
fothorthaí ón gcógas side-effects from the medicine
" Samhlaigh an créatúr bocht má bhíonn air/uirthi filleadh ar an dochtúir de bharr fothorthaí ón gcógas a bhí sé ag glacadh! Is iad dochtúirí teaghlaigh na tíre a fheiceann daoine mar seo chuile lá, mar sin tá tuiscint mhaith acu ar an scéal.
tóin tamhanda Bhalor Balor's huge back-side
" Bhí oscailt na gcluichí ollásach agus seandiaganta sa mhéid is gur cuireadh Balor giota maith siar ar bhóithrín na smaointe go dtí laethanta a óige féin; bhí na cluichí féin corraitheach agus gríosaitheach sa mhéid is gur bhog tóin tamhanda Bhalor cúpla orlach óna chathaoir theolaí anois is arís le teann fuaiscnimh; agus bhí searmanas an chlabhsúir maoithneach agus rachtúil sa mhéid is gur fháisc sé deoir ghoirt an chumha amach as súil an chioclóp.
sleasa sides
" ? seanchaitewell-worn leidprompt inphógthakissable seithehide ceimiceáinchemicals g-spota mo choinsiasathe g-spot of my conscience chuimlínn mo shúileI used to rub my eyes loinnirbrightness líonadh a meallaher charms used to fill mo dhá bhasmy two palms cuaracurves sleasasides go cleitiúillike a feather néaróga a pléisiúirthe nerves of her pleasure a bharrchigiltto tickle a chaiteáthat you would wear na bróga cnocadóireachtathe hill-climbing shoes choisbheartfootwear briathra binnesweet words i ndiaidh na coisíochtaafter walking mo dhara ríomhaire glúinemy second laptop computer craiceann crogaillcrocodile skin méarchlárkeyboard lannablades d'íslíodh siadthey used to lower sclábhaí deonachvoluntary slave mo mhianmo desire spíontaexhausted in ísle brídepressed d'fháirbrí a héadainfrom the wrinkles in her forehead smálmark máchailíblemishes scórthaí na snáthaideneedle scratches fíneáltachtdelicacy nochtnocht brocachfilthy tolgcouch mo rogha de thogha na n-amhrán grámy choice of the best love songs fá dtaobh den chruthabout the appearance easnacharibs ciúnasquietness glór scairdinnilljet-engine voice cúil na dramhaíolathe rubbish heap fonóid faoiscoff at ar an choinníoll go n-athchúrsálfar iadon the condition that they will be re-cycled
olc a chur ar gach taobh to offend every side
" ” Olc ar gach taobh ======= Lena gceart a thabhairt do *The Simpsons*, áfach, tá sé tar éis bheith mar pholasaí ag an seó i gcónaí olc a chur ar gach taobh.
i dtraipisí to one side
" Rinne an fhondúireacht a bhí i bhfeighil na talún achomharc chuig an Chúirt Uachtarach agus chaith siadsan breith na hArd-Chúirte i dtraipisí i mí Feabhra na bliana seo.
aontaobhach one-sided
" “Bhí cuid áirithe den chlúdach a fuair muid ó chuid de na meáin Bhéarla aontaobhach go maith, cuid de bunaithe ar mhíthuiscintí agus ar dhoiléireacht.
ar an taobh thiar de leithinis na nAirde on the west side of the Ards peninsula
" I measc a chuid ridirí bhí William Savage (nó Sauvage sa Fhraincis), a thóg caisleán agus eaglais ag Ard Caoin, ar an taobh thiar de leithinis na nAirde.
an iomarca cluichí aontaobhacha too many one-sided matches
" Bhí críoch an-mhaith leis an mbliain de bharr na gcluichí leathchraoibhe agus craoibhe ach is gá a rá go raibh an iomarca cluichí aontaobhacha i gceist, is é sin cluichí ina raibh bearna mhór idir an dá fhoireann.
ar thaobh aille on the side of a cliff
" Bíonn muid ar thaobh aille agus duine éicint ag glaoch ag iarraidh téide: “Téad? Ní hea! Rópa atá ann!” Ar aon nós, bheartaigh mé ar rudaí a eagrú agus faoi láthair tá mé ag obair ar shuíomh gréasáin don ghrúpa: (www.
a thaobhaigh who sided
" B’fhéidir nach rabhamar ach deich mbliana d’aois, ach níor stop sin scoilt sa rang idir iadsan a thaobhaigh le *Garret the good* agus iadsan a thaobhaigh le Charlie.
leis an dá dhream a scaradh óna cheile to separate both sides from each other
" Ach mar thoradh ar na cainteanna idir Kelly agus an PSNI, ní raibh saighdiúirí na Breataine le feiceáil ar na sráideanna, níor tógadh na fálta móra a bhíonn ann leis an dá dhream a scaradh óna cheile agus bhí an mórshiúl síochánta.
sásúil agus tairbheach don dá thaobh satisfactory and beneficial to both sides
" Measann Ó Ciardha, áfach, go bhfuil an socrú atá déanta le RTÉ sásúil agus tairbheach don dá thaobh agus, ar aon nós, nach raibh sé riamh i gceist go mbeadh TG4 ag cur cláracha le chéile iad féin.
ón dá thaobh den choimhlint from the two sides of the conflict
" Ach ina ainneoin sin goléir is ón dá thaobh den choimhlint sa Tuaisceart atá roinnt de nadaoine is cineálta is fíréanta (sincere) a bhfuil aithne curtha agamorthu trí m\'obair".
ó thaobh na dtaobhann. from every side.
" ” Teaghlach ceolmhar Tá suim ag Nicholas féin sa cheol ó thaobh na dtaobhann.
an taobh sin den ghnó that side of the business
"an taobh sin den ghnó ag fás le cúpla bliain anuas.
ar an dá thaobh den teaghlach. on both sides of the family.
" ” D’fhás an grúpa Skara Brae as an chairdeas a bhí idir muintir Dhomhnaill agus Sproule ach bhí suim ag Maighread san amhránaíocht thraidisiúnta ó bhí sí ina cailín óg de bhrí go raibh amhránaithe ar an dá thaobh den teaghlach.
ar an dá thaobh den teorainn on both sides of the border
" Tá cáil ar Peter Quinn ar an dá thaobh den teorainn mar fhear ar féidir leis rudaí a chur i gcrích.
ar thaobhanna fraochmhara on the heathery sides
" I Srath Nabhair, tá roinnt carn fada ann atá déanta as clocha liatha, a bhfuil cuma ollphéisteanna orthu ina gcodladh ar thaobhanna fraochmhara na gcnoc.
a mhuintir ar an dá thaobh. his people on both sides.
" Cé gur rugadh é i mBaile Átha Cliath, ba de bhunadh Aontroma agus an Dúin a mhuintir ar an dá thaobh.
Shílfeá go seasfainnse ar leataobh You would think that I would stand to the side
" Shílfeá go seasfainnse ar leataobh ag breathnú ar an radharc seo go searbhasach – ach bhíos i lár baill ag canadh leo, gan de cheangal agam féin leis an ollscoil ach gur chaith mé seimeastar ag teagasc inti! Éirí na n-íochtaránThosaigh an séasúr i mbliana le dhá dhroch-thuairt d'ollscoileanna móra.
ar an taobh thuaidh on the northern side
" Bhíodh Lìte ar an taobh thuaidh den abhainn, ag an áit a dtéadh sí isteach san fharraige.
taobh teicniúil technical side
" Ar dtús, ní raibh taobh teicniúil ag baint leis an gcomhlacht, agus chuaigh Irial i mbun smaointe a ghiniúint agus iarratais a chur faoi bhráid eagarthóirí coimisiúnaithe.
neart taobhshráideanna a lot of side-streets
"neart taobhshráideanna ag baint leis agus bíonn sé contúirteach do choisithe agus iad á thrasnú.
ar thaobh feithicle. on the side of a vehicle
" Go tobann, chuala mé fear ag scairteadh, "*stop, stop*", agus é ag bualadh ar thaobh feithicle.
taobhscatháin side-mirrors
" Mhínigh sé dom go mbíonn caochspota ag cúl chabhán leoraí, agus cé go mbíonn na taobhscatháin ina gcuidiú, bíonn an caochspota fós ina fhadhb.
taobhanna dhá fheithicil ag bualadh in éadan a chéile. the sides of two vehicles hitting against each other
" Is éard atá i gceist le *side swipes* ná taobhanna dhá fheithicil ag bualadh in éadan a chéile.
carranna ar a dtaobh deas cars on their right-hand side
" Bíonn scátháin fheithicil roth stiúrtha ar chlé curtha in oiriúint do na bóithre thall san Eoraip, agus mar sin de, bíonn sé deacair do na tiománaithe carranna ar a dtaobh deas a fheiceáil agus iad ag tarraingt amach le dul thar fheithiclí eile.
cás na n-íochtarán the side/case/predicament of the underdog
" Ní fheadar an é sin an fáth a raibh sé ag iarraidh a bheith páirteach in “Work Experience” agus “Joy in the Hood”? An é go dtuigeann sé cás na n-íochtarán agus go dtuigeann sé go maith má tharlaíonn dóibh casadh áirithe ina saol go mbeidh bealach a leasa i ndán dóibh? “Mar is eol duit, tá gaolta agam in Éirinn, agus dúirt mé le mo thuismitheoirí gur dheas liom teacht anseo chun mo chuid oideachais a chríochnú.
taobh léirithe the production side
" Bhí ‘The Vagina Monologues’ déanta agam mar bhí cara liom bainteach le taobh léirithe an turais.
ar leataobh to one side
" Is den chiall é mar sin go gcuirfí na gnáthrialacha oideachais ar leataobh ina gcás siúd.
a mheasann an dá thaobh a bheith ina bhua dóibh féin. which the two sides regard as a victory for themselves.
" Is gá go mbeadh an toil pholaitiúil ann agus bealach éalaithe a mheasann an dá thaobh a bheith ina bhua dóibh féin.
is dorcha darkest side
" Tá sé ríthábhachtach, dar liomsa, áiteanna mar Auschwitz a fheiceáil, chun léargas a fháil ar an taobh is dorcha den chine daonna agus chun foghlaim ó cheachtanna na staire.
ag claonadh leis siding with, going towards
" Den chuid is mó, is sna stáit "ghorma" (is é sin, na stáit atá ag claonadh leis na Daonlathaigh) atá na príomhchathracha móra –Massachusetts, Nua Eabhrac, California, agus Illinois, cuir i gcás.
As Béal Feirste from the far side
" ” “As Béal Feirste mise, bíodh a fhios agaibh,” a dúirt Áine Uí Cheallaigh ón Rinn le hiriseoir ón Dungarvan Democrat.
sleasa side
" uk/en/travelandtransport/highwaycode ) Agus ag dul i dtreo an phríomhbhóthair ó bhóthar sleasa, is é an nós atá ag a lán tiománaithe sa lá inniu, go dtéann siad go gasta go dtí an bomaite deiridh agus brúfaidh siad ansin ar an choscán agus stadfaidh go tobann ag an line bhán.
ar leataobh to one side
" Tá orthu a gcuid pleananna pinsin a chur ar leataobh (má thugtar an deis dóibh) agus fanacht ag obair seal eile de bhlianta.
taobhú linne to side with us
" Thug an tUachtarán le fios gur chiorraigh sí a tuarastal sise, rinne an rialtas amhlaidh agus chuideodh sé go mór le sinne, atá ag saothrú chuid Pháidín den mheacan, a thuiscint go bhfuil dream an tuarastail áiféisigh in ann taobhú linne in Éire Inc.
féith an ghrinn a comic side
" Cró na Snáthaide Bhí féith an ghrinn ann chomh maith.
taobhú leis an tseoinínteacht to side with toadyism
" Leis na Trioblóidí ag dul in olcas ag an am, is dócha go raibh rogha ag 'An Nuachtán Éireannach' i Sasana: an cloigeann a choinneáil síos agus taobhú leis an tseoinínteacht, nó an fód a sheasamh ar son an daonlathais agus ar son chearta na ndaoine.
teip chomhchoiteann a failure of both sides
" Is teip chomhchoiteann polaitíochta é a chaithfear a chur ina cheart.
bolscaireachta aontaobhaigh one-sided reporting
" “Mholfainn do gach duine an fhírinne a aimsiú i measc chastacht na polaitíochta agus na bolscaireachta aontaobhaigh,” ar sé.
de leataobh to one side
" Beidh an Rialtas de leataobh agus na criosannaí tárrthála teannta go docht timpeall orthu.
shleasluí lying on (his) side
" ) Bhí brionglóid ag Balor – tromluí trom, tromchúiseach, tromchiallach, tromsmaointeach a tháinig chuige agus é ar a shleasluí ina phluais cháidheach, a chuid srann (agus eile) ag baint creathaidh as an tsliabh os a chionn agus as putóga na cruinne faoina leath-thóin.
a dtaobhsan their side
" Ní minic a chloistear a dtaobhsan den scéal, ach labhair duine de na ceannairí, Sugule Ali, le Johann Hari, iriseoir de chuid Independent Shasana ar na mallaibh: “*We don’t consider ourselves sea bandits,”* a dúirt sé.
de leataobh to one side
" Fear eile, Bráthair Críostaí, thug sé de leataobh lá amháin mé agus chuir comhairle orm.
leathmhaig a bhéil the side of his mouth
" Feictear na mothúcháin agus na smaointe atá againn go furasta – an bealach a n-amharcfadh duine ort go cionmhar nó an tslí a dtitfeadh leathmhaig a bhéil ar dhuine agus drochscéal faighte aige.
i leataobh to one side
" Ach, don chuid eile den daonra, is é tús an tsamhraidh é agus cuireadh cúraimí an tsaoil i leataobh ar feadh scathaimhín agus tugadh aghaidh ar na tránna.
cheartsheasamh right side up
" Bhí Enda ar mire ar fad nuair a léigh sé an nóta ina cheartsheasamh.
thar aill over the side
" Sochaí a thiomáineann Roman agus Maru, friothlaochra an scéilín áiféisigh seo, go himeall a bpléascaithe, agus, eirbeall in airde, thar aill a scriosta ar deireadh.
féith ghrinn comic side
" Ach cá leandálann siad chun pluais éalaithe a bhunú ach ar dhíon tí Roman, áit ina socraíonn siad isteach i bpoball beag oráiste! Tá féith ghrinn ag Neranjo, i dtaca le suáilcí eile, is léir.
ar leataobh to one side
" Fiúntas an Ama Duit B’fhéidir go mbeadh sé deacair ar fhiontraí, go háirithe le comhlacht nua, an méad sin ama a chur ar leataobh ach smaoinigh air mar seo: samhlaigh go bhfuil tú ag seoladh seirbhís nó tairge nua.
taobh ciotach left side
" Achan tír ar domhan a bhfuil tiomáint taobh ciotach an bhealaigh ina dhlí, is ceann de na fáthanna taismí báis is coitianta é sin.
leataobh one side
" Má ba léir, áfach, go raibh an bád ag luí rud beag ar leataobh, ní raibh a fhios go raibh sí ag tógáil uisce.
cliathánach to the side
" Míníonn sé cad atá i gceist aige: an bealach a n-imrítear an pheil anois ná go mbeireann imreoir greim ar an liathróid, ritheann, iompraíonn í chomh fada agus is féidir, cuireann ar aghaidh, cliathánach nó siar í ar an seachadadh láimhe chuig leathbhádóir a dhéanann an rud céanna agus ar aghaidh mar sin go dtí go bhféachfar le scór a aimsiú nó go sciobfaidh, nó go ‘ngoideann’, an freasúra an liathróid.
Tuigim dhi I can see her side of it
" Dúirt sí “well I’m sure they’re goin’a be original, the usual”! - Tuigim dhi.
faoin tuath in the country(side)
" com/watch?v=3nuUhKVIrWU) Modd Cymru – Modh na Breataine Bige Mhínigh sé dúinn go gceannaíonn a chomlacht sa Bhreatain Bhig seantithe faoin tuath, tithe atá tréigthe agus ina mballóga go minic, agus athchóiríonn sé iad, ag baint úsáid as seanscileanna agus as ábhar tógála traidisiúnta.
Brú ón Dá Imeall pressure from both sides
" Brú ón Dá Imeall Cén fáth mar sin go bhfuil an bac nua seo tógtha ag Robinson ar fhuascailt fhadhb aistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt?Freagra: An TUV, the True Unionist Voice de chuid Jim Allister.
thaobh side
" Nuair a bhíonn tóir charranna i scannán ar bith le taifeadadh i San Francisco, rachaidh siad síos an tsráid seo! Ba ar an Embarcadero a bhí mo thriall, agus mé meáite ar rothar a thógáil amach ar cíos agus rothaíocht thar Dhroichead an Órgheata, féachaint céard atá le feiceáil i Marin County, an leithinis ar thaobh eile an droichid.
taobh side
" Is cuimhin liom lá geimhridh i dtús na n-ochtóidí agus mé an-óg, nuair a chuaigh mé taobh locha le m'uncail chun uisce a fháil do na beithigh.
thaobhaigh sided (with)
" Dearfaí nach bhfuil mórán difir idir iompar an PSNI inniu agus iompar an RUC 40 bliain ó shin nuair a thaobhaigh siad le dronga Protastúnacha in éadan mórshiúlta na gCeart Sibhialta ag tús na dtrioblóidí.
imeall side(s)
" Le 20 bliana anuas tá ollmhargaí móra agus ionaid siopadóireachta tógtha ar imeall mórbhailte, ar nós Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus tá a lán síopaí áitiúil dúnta dá bhrí sin.
i leataobh to one side
" Cuirtear i leataobh é.
ar shlí na hurchóide on the side of evil
" Tá sí imithe ar shlí na hurchóide.
ag taobhú leis siding with
" Nuair a bhí Barack Obama ag cur leasú le cúram sláinte chun cinn le déanaí, cuireadh iontas ar go leor go raibh Lieberman, iarbhall de na Daonlathaigh, ag taobhú leis an bPáirtí Poblachtánach i gcoinne an uachtaráin.
mhás a thóna sides of his arse
" Lá dá raibh an t-aineolas seo ag teacht go tromchúiseach idir é féin agus a shuaimhneas, tharraing sé anáil mhór fhada, scaoil broim mór cumhachtach, theann dhá mhás a thóna le chéile agus chuir sé ceist ar a athair: “A dhaidí, cad é is brí le polaitiócht?” Anois, mar a mhínigh mé thuas, tharla an eachtra seo sna seanlaethanta dorcha in Éirinn, san am nach raibh cúrsaí polaitíochta chomh casta is atá sa lá atá inniu ann.
imeall side, edge
" “Creideann siad gur féidir an stát a dhaonlathú agus go dtiocfaidh Éire Aontaithe mar thoradh ar sin, ar an mhéar fhada féin” arsa McAliskey, “ach ar leibhéal eile, na daoine ar an imeall, daoine atá ag streachailt bia a chur ar an tábla don teaghlach, daoine atá éagsúil ó thaobh eithneachta nó gnéasachta de, ar chruthaigh muid sochaí ina bhfuil cothrom na Féinne acu siúd? Measaim nár chruthaigh.
taobh side
" Scéal a bhfuil an t-uafás agus an daonnacht taobh le taobh ann agus a théann go croí cheist na hinimirce nua-aimseartha.
taobh na máthar maternal side
" Reggie Trench, deartháir Cesca, ba ea a sheanathair, taobh na máthar, a fuair bás sa Fhrainc i 1918 mar oifigeach sa Sherwood Foresters, Arm Shasana.
dáiríreacht freisin a serious side also
" Má tá greann i gceist leis an slógadh, tá dáiríreacht freisin - is comhartha é do Ghlenn Beck agus dá lucht leanúna nach féidir leis a shlógaí polaitiúla a eagrú gan freagra éigin.
Thadhg an dá thaobh play on the two sides
" Ní féidir leat a bheith i do ‘Thadhg an dá thaobh’ níos mó.
i leataobh to one side
" Is gá an t-airgead a chur i leataobh anois, dar leis.