Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
socrú praghsanna price fixing
" Ghearr Coimisiún an hEorpa fíneálacha de £673 milliún (€855 milliún) ar ocht gcomhlacht a sholáthraíonn vitimíní mar gheall ar an socrú praghsanna a bhí ar siúl acu le deich mbliana anuas.
socruithe mídhleathacha illegal arrangements
" Fág as an áireamh na polaiteoirí a sheas siar agus a dhruid a súile cé go raibh a fhios acu go raibh gaimbíneachas i gceist agus go raibh socruithe mídhleathacha á ndéanamh ag a gcairde.
socrú arrangement
" Ag deireadh an lae, áfach, bhí ar Éirinn glacadh leis an socrú, agus ghlac sí leis.
socrú sealadach teoranta a limited temporary arrangement
" Bhí a fhios acu go maith go raibh deireadh ag teacht leis: socrú sealadach teoranta a bhí ann riamh, agus an t-aon argóint atá ann ná ar chóir deireadh a chur leis i mbliana nó an bhliain seo chugainn.
socrú arrangement
" Is fearr i bhfad an socrú atá anois ann agus, dar ndóigh; déanann córas an chúldorais an séasúr iomána agus peile i bhfad níos spéisiúla toisc go mbíonn go leor contaetha fós san áireamh suas go dtí mí Iúil.
socrú settlement
" Glactar leis go gcaithfidh na páirtithe uilig a bheith páirteach i socrú ar bith a thiocfas as na cainteanna atá ar siúl, ach tá an UPRG/UDA/UFF ag glacadh an talaimh aird mhorálta (sic) agus diúltaíonn siad labhairt le Sinn Féin.
a dtodhchaí féin a shocrú to decide their own future
" Tá sé de cheart ag saoránaigh gach tíre a dtodhchaí féin a shocrú gan tíortha eile a bheith ag cur a ladar isteach ina ngnóthaí.
socrú arrangement
" De thairbhe socrú a rinneadh i 1990, caithfidh aon iascaire atá ag lorg ceadúnais le haghaidh bád nua tonnáiste agus each-chumhacht inneall an bháid nua a bheith aige roimh ré.
socruithe codarsnachta contrast settings
" org/) is féidir na socruithe codarsnachta sna pictiúir a athrú agus píosaí de na pictiúir a mhéadú chun gné faoi leith a dhéanamh níos soiléire.
socrú arrangement
" Cén duine a dtiocfadh leis maireachtáil dhá bhliain in aon tír ach amháin an duine a shiúlfadh isteach i bpost a bheadh socraithe roimh ré? Is léir go bhfuil an socrú seo i gcoinne na fealsúnachta a deir gur cheart go mbeadh cead ag saoránaigh an Aontais bogadh thart de réir mar a oireann sé dóibh é sin a dhéanamh.
socrú agreement
" Ní hea, a deir na húinéirí eile, mar gurb é an socrú a bhí ann ná go bhfaigheadh an bainisteoir leath den airgead a bhuaigh an capall ar an ráschúrsa, ach nach raibh aon socrú faoi aon ioncam a bheadh tagtha isteach de thoradh obair ghiniúna an chapaill.
socrú arrangement
" "Níl aon tsocrú ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, ag an Údarás um Ardoideachas agus, i ndeireadh na preibe, níl aon tsocrú ag an rialtas go gcaithfí leis an nGaeilge ar aon phioc difriúil le haon ábhar eile.
socrú neamhoifigiúil unofficial arrangement
" Chomh maith le praghas talaimh a choimeád ard, chiallódh socrú neamhoifigiúil mar seo go mbeadh sé an-deacair ag údaráis áitiúla talamh a cheannach le tithe sóisialta a thógáil air.
socruithe taistil travel arrangements
" Bhí líon mór cúraimí ar Jane - socruithe taistil a dhéanamh do a lán daoine, mar shampla.
socrú sásúil a satisfactory arrangement
" Ina dhiaidh sin, bhí deoraithe ábalta pilleadh abhaile agus a dtithe a fháil ar ais, cé go raibh orthu socrú sásúil a dhéanamh do na ndaoine a bhí ina gcónaí iontu.
socruithe cruthaitheacha a aimsiú to find creative settlements
" "Ach tá difear idir sin agus socruithe cruthaitheacha a aimsiú le fadhbanna a réiteach.
socrú settlement
" Sin an comhartha is mó go bhfuil an DUP agus Sinn Féin ag suirí lena chéile agus go bhfuil socrú beagnach bainte amach, ach tá fadhbanna cruthaithe ag Paisley dó féin mar gur cháin sé David Trimble as an oiread dímhíleataithe a bhí ceannaire an UUP sásta cur suas leis.
socrú buan permanent settlement
" Ach an bhfuil Rialtas Ghiobráltar ullamh leis an deis a thapú agus socrú buan a fháil a mbeidh gach duine sásta leis? Sin ceist eile.
shocrú settlement
" Tuigeann Ibarretxe go maith nach mbeidh idirbheartaíocht cheart ann idir na dá rialtas agus tá sé ráite aige le rialtas sóisialach Zapatero nach dtuigfidh an chuid is mó den phobal Bascach drogall an rialtais lárnaigh dul i gcomhairle leo chun teacht ar shocrú.
socruithe arrangements
" Ach ní mór a mheabhrú go raibh socruithe á ndéanamh ceithre bliana ó shin le comhlacht poiblí a dhéanamh d'Aer Lingus.
an socrú ceannann céanna the exact same arrangement
" Ba é an pointe a bhí acu, agus pointe réasúnta dar liom, ná gur dhá chluiche éagsúla iad an pheil agus an iománaíocht agus má dhéantar socrú i leith ceann acu ní gá an socrú ceannann céanna a dhéanamh i dtaca leis an gceann eile.
Socrú scaoilte a loose arrangement
" Socrú scaoilte a bhí i bhfeidhm go dtí seo.
socrú arrangement
" An t-éacht ba mhó, is dócha, ná an socrú a dtáinig áitreabhaigh Thaobh an Bhogaigh agus an tOrd Oráisteach air faoi stiúir an Chumainn Tráchtála a ligfidh d’Oráistigh ó thaobh amuigh de Dhoire siúl ar Bhruach Thiar na cathrach, ceantar náisiúnach, den chéad uair le ceithre bliana déag.
socrú arrangement
" Fhad is a thógfaidh sé an socrú seo a réiteach, beidh ar mhná Dhún na nGall an turas fada go Baile Cliath a dhéanamh nó caithfidh siad cinneadh a dhéanamh obráid a bheith acu.
socrú arrangement
" (I bhfírinne, ní clár Shinn Féin amháin atá ann ach an socrú a rinneadh idir na páirtithe uilig – seachas an DUP – ar an 10 Aibreán 1998, ar a dtugann muid Comhaontú Aoine an Chéasta.
socruithe arrangements
" Cuireadh tairne eile i gcónra Phádraig Uí Fhloinn, an tIaraire Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta, nuair a rinneadh iniúchadh ar na socruithe a rinneadh leis an chomhlacht National Toll Roads (NTR), atá i gceannas ar dholadhroichead an M50.
socruithe arrangements
" Ina ndíograis chun cumhachta, caithfidh Sinn Féin a bheith an-chúramach cad iad na socruithe a dtabharfaidh siad a dtacaíocht dóibh.
socruithe arrangements
" Ina ndíograis chun cumhachta, caithfidh Sinn Féin a bheith an-chúramach cad iad na socruithe a dtabharfaidh siad a dtacaíocht dóibh.
socruithe arrangements
" Chun áiteanna deasa a fháil, bíonn orainn na socruithe a dhéanamh timpeall bliain roimh ré.
socruithe arrangements
" Chun áiteanna deasa a fháil, bíonn orainn na socruithe a dhéanamh timpeall bliain roimh ré.
is gá a shocrú roimh ré that need to be arranged in advance
" Ach, ar ndóigh, tá rudaí áirithe is gá a shocrú roimh ré.
socrú síos to settle down
" Thóg sé tamall beag socrú síos arís - bhí sé aisteach ar fad bheith ann gan na hoibrithe deonacha eile a bhí ann liom, ach anois táim socraithe síos amach is amach.
faoi shocruithe praiticiúla about practical arrangements
" Tá ceisteanna ann fosta faoi shocruithe praiticiúla.
lena leithéid de shocrú with such an arrangement
" Bheadh deacracht ag Pat Rabbitte lena leithéid de shocrú, áfach, agus d’fhéadfadh go mbeadh air dul i ngleic le ceannairc inmheánach ina choinne.
socrú arrangement
" Is féidir leat é a fheiceáil má dhéanann tú socrú roimh ré.
baghcat a dhéanamh ar shocrú. to boycott a settlement.
" Ón am a bhris *coup d’état* Stailc Oibrithe Uladh an feidhmeannas, bhí gné riachtanach eile curtha san áireamh – nárbh fhéidir le ceachtar den dá dhream baghcat a dhéanamh ar shocrú.
socrú síos to settle down
" Bhíodh muid ag filleadh go Sligeach gach bliain ar laethanta saoire agus bhí sé i gcónaí ar intinn agam socrú síos in Éirinn.
chuir sé ar ceal socrú a rinne sé le réimeas Clinton it scapped an arrangement it has made with the Clinton regime
" In 2001, tar éis dóibh baghcat a thionscnamh in aghaidh Smith and Wesson, ghéill an comhlacht sin don bhrú agus chuir sé ar ceal socrú a rinne sé le réimeas Clinton a chuirfeadh glais ar thruicir a ghunnaí.
socruithe tórraimh funeral arrangements
" Mhol na dochtúirí do mo mhuintir dul abhaile agus socruithe tórraimh a dhéanamh.
an socrú ba cheart a bheith déanta i mbliana the arrangement that should have been made this year
" Dá réir sin, an socrú ba cheart a bheith déanta i mbliana ná Luimneach v Cill Chainnigh, Port Láirge v Loch Garman, Laighin i gcoinne na Mumhan.
Agus ní hé go raibh am de dhíth orthu le socrú isteach. And it is not as if time they needed time to settle in
" Agus ní hé go raibh am de dhíth orthu le socrú isteach.
le teacht ar shocrú to come to an arrangement
" Ba é an 26 Márta an spriocdháta a thug sé do na páirtithe le teacht ar shocrú a chuirfeadh ar a chumas an Feidhmeannas in Stormont a athbhunú.
socrú arrangement
" An nóiméad a thuirling an t-eitleán in Malaga, bhí teocht ní ba theo le brath san aer – bhí mé sna flaithis! Nuair a d’fhág mé an t-aerfort, bhí fostaí de chuid an chomhlachta réadmhaoine a raibh socrú déanta agam leis ag fanacht orm.
an socrú dlí a shíniú, to sign the legal arrangement,
" ” Tuigtear dom gurbh éigean don bhrúghrúpa pleanála Airdeall an dlí a bhagairt ar Chomhairle Contae na Gaillimhe ar chúpla ócáid nuair nach raibh siad sásta an socrú dlí a shíniú, ainneoin go raibh an forbróir sásta a leithéid a dhéanamh.
Táthar tar éis teacht ar shocrú éigin le blianta beaga anuas, an arrangement has been reached in recent years
" Táthar tar éis teacht ar shocrú éigin le blianta beaga anuas, rud a chiallaíonn go bhfuil an rud ar fad curtha chun leapa.
socruithe arrangements
" Chuirfeadh Conradh Liospóin deireadh leis an gcrosadh nó an *veto*, mar a thugtar air go hiondúil, i 60 réimse ina bhfuil sé i bhfeidhm faoi láthair, crosadh atá an-tábhachtach chun stop a chur le rialacha, dlíthe nó socruithe nach lenár leas iad.
Tá sé curtha i leith Drew go ndearna sí cuntas bréagach Bebo a shocrú, Drew is accused of setting up a false Bebo account,
" Tá sé curtha i leith Drew go ndearna sí cuntas bréagach Bebo a shocrú, faoin ainm “Josh”, agus é mar aidhm aici ón tús bulaíocht a dhéanamh ar Megan mar gheall ar gur bhraith sí go raibh Megan ag déanamh bulaíochta ar a hiníon-sa.
socruithe taistil travel arrangements
" Bhí an turas go Manainn déanta agam cúpla babhta cheana ar an eitleán ach ó tharla seirbhís báid as Baile Átha Cliath a bheith ann sa samhradh, agus mise a bheith ag cuimhneamh ar an lorg carbóin a d’fhágfainn i mo dhiaidh, shocraíos dul i dteagmháil leis an Isle of Man Steam Packet chun na socruithe taistil a dhéanamh.
socrú arrangement
" Mhol sé fosta go bhfeadfaidís socrú a dhéanamh le comhlachtaí guthán póca le “Focal Ultaise an Lae” a chur ar fáil.
a shocrú arrange
" Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís; tá na laethanta saoire thart, tá bunús na ndaoine ar ais ag obair agus caithfear rud inteacht a shocrú chun oícheanta fada an fhómhair agus an gheimhridh a chur isteach go spraíúil.
socrú agreement
" Dúirt sé fosta gur go gairid roimh an bhuiséad a déanadh an socrú €3m a chur ar fáil agus gur airgead caiptil le hionaid ceoil a fhorbairt atá i gceist le cuid mhaith de.
tíocht ar shocrú cóir to arrive at a just solution
" Má dhéanann sé iarracht tíocht ar shocrú cóir le Cúba maidir le saoirse trádála a cheadú arís idir an dá thír, beidh a fhios againn nach caint san aer atá ar bun aige.
socrú settle, organize
" Grád:E John Gormley (An tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil) Gnaithe maith déanta aige ach tá coimheá leochailleach le socrú idir a dhílseacht chomhghuallaíoch don Rialtas agus mianta a chúlbhinseoirí féin a shásamh.
socrú settling, organizing
" Ón fhoirgneamh sin, go háirithe urlár íseal, d'fhéadfá cúig nó deich soicind a chaitheamh ag socrú d’urchair don té ag gabháil thar bráid i gcarr.
socrú settlement
" Agus arís go dtí go n-aimseofar socrú cothrom do chách.
socrú to settle
" Imeacht as Ciarraí SMM: Do chaithis seal blianta i Luimneach (i gColáiste Mhuire gan Smál), i Chicago, i nGaillimh, ag teacht is ag imeacht as Baile Átha Cliath – An airíonn tú uait Ciarraí in aon chor? An mbeifeá sásta socrú síos i nGaillimh, i mBÁC nó i gCorcaigh? DÓS: Thugas.
socrú agreement
" Deir Uachtarán Shinn Féin gur beag ról a d’imir Liam Adams i gcúrsaí an pháirtí i nDún Dealgan agus gur chuir sé cosc ar a dheartháir seasamh don pháirtí in olltoghchán 1997, ach tá sé sin séanta ag Fra Browne agus Owen Hanratty (a fuair an t-ainmniúchán), beirt a d’fhág Sinn Fein i 1997 i ndiaidh don pháirtí glacadh le Prionsabail Mitchell, “socrú inmheánach atá in éadan bhunreacht an pháirtí” dar le Browne.
socrú arrangement
" Bhí socrú déanta aici go gcuirfeadh sí glaoch orainn an tráthnóna sin toisc go raibh dea-scéala aici dúinn.
socrú a settlement
" Lean an scéal ar aghaidh agus bhagair muid an dlí orthu agus rinne siad socrú linn a bhí chun ár sástachta.
shocrú organize
" Is féidir an t-inneall cuardaigh nó an saibhseálaí féin a shocrú go seachnófaí a leithéid.
socruithe agreements
" ó Shligeach-Liatroim, Jimmy Devins agus Éamonn Scanlon, nach dtagann faoi aoireacht Fhianna Fáìl ach a vótáileann leis an rialtas i gcónaí; - sa bhfreasúra tá 75 vóta idir FG (51), LO (20) agus SF (4); - tá ochtar neamhspléach ann, triúr acu a mbíodh sé de nós acu vótáil i gcónaí leis an rialtas de bharr socruithe speisialta a bhí déanta leo, ’siad san, Jackie Healy-Rae, Michael Lowry agus Noel Grealish ach tá Grealish, tar éis a thacaíocht a tharraingt siar de bharr na giorruithe atá déanta ag an HSE i réigiún an Iarthair; - tá triúr easantóirí eile de chuid Fhianna Fáil atá ag bagairt vótáil in aghaidh an rialtais, ’siad san, Mattie Mc Grath, Joe Behan agus James Mc Daid; - Tá beirt neamhspléach eile ar thaobh na heite chlé, Finian Mc Grath agus Maureen O Sullivan, nach mbeidh in ann tacú leis an gcéad Cháinaisnéis eile.
Socrú arrangement
" Socrú maith a bhí ann do ghnó Houlding, ach ba dhrochrud do shlánú agus do shláinte na n-imreoirí agus dá lucht tacaíochta.
socruithe arrangements
" Nua Gach Bia ======= Ach a luaithe is a bhíonn an Beaujolais Nouveau thart, tosaítear láithreach ar na socruithe don Nollaig.
socrú agreement
" (Sa chás seo, bheadh vóta saor ag gach teachta nuair a bhí an socrú leis an CAI a chíoradh sa Dáil) Is annamh a fhaighimid deis cruth úrnua a chur ar ghléas riartha an stáit, ach seo anois sinn in am na cinniúna.
socrú isteach settle in
" Is ar ár mbealach go Méribel a bhíomar agus deifir orainn a bheith ann chun an sneachta a fheiceáil agus socrú isteach san árasán a bhí tógtha ar cíos againn, greim a réiteach le hithe agus oíche mhaith chodlata a fháil.
socrú isteach settle in
" **SMM: Tá oiread blianta caite agat i nGaillimh faoin am seo anois agus b’fhéidir nach dtiocfadh leat socrú isteach in áit chomh chiúin leis an mbaile anois, meas tú?** BNC: Bhíodh daoine ag rá lem’ athair, go ndéana Dia grásta air, “an bhfuil Brídín fós i nGaillimh?" - “Tá.
socrú settlement
" Tháinig socrú (doiligh) bunreachtúil ar cheist an Tuaiscirt tar éis sos cogaidh na nóchaidí.
shocrú aon uaire a once off settlement
" Is mór an méid airgid é sin ar na saolta deireanacha seo agus ba shoiniciúil an chéad réiteach a mhol an Teachta Ó Cuív, ’sé sin go nglanfadh an Stát na fiacha seo mar shocrú aon uaire.
Socrú Isteach settle in
" Socrú Isteach ======== Ní fheadar an de thaisme nó d'aonghnó a rinneadar é, ach ní fhéadfadh na léirseoirí páirc níb' fhearr a roghnú chun lonnú ann.
d’eascródh as na socruithe seo would issue from these arrangements
" Agus ar ndóigh bheadh uirthi aon chinneadh a d’eascródh as na socruithe seo ar fad a chur ina luí ar a muintir féin sa Ghearmáin.
socrú síochána peace settlement
" Dearcadh Bhernadette ar an bPróiseas Síochána ========================== Rinne Bernadette an pointe, i dtreo dheireadh an chláir, nach bhfuil mórán difríochta idir an socrú síochána atá anois ann agus an socrú a deineadh ag Sunningdale 1973, idir Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann, faoinar cuireadh rialtas ar bun ar a raibh ionadaithe ón UUP, an SDLP agus Alliance.
tsocrú dheireanach final settlement
" D’fhéadfadh go mbeadh gnéithe áirithe de phlean an Fhorais sa tsocrú dheireanach a dhéanfar idir na páirithe éagsúla – meascán de bhunmhaoiniú agus d’iarratais ar scéimeanna b’fhéidir – ach is féidir a bheith measartha cinnte de nach gcuirfear an tSamhail, mar a ‘samhlaíodh’ dóibh siúd a cheap é, i bhfeidhm.
deis cheart socrú isteach a proper chance to settle in
" Sula bhfaighfidh tú deis cheart socrú isteach i do phost úr mar sin, níor mhiste duit mar chéad chúram iarracht mhór a dhéanamh tionchar dearfach a imirt ar an phróiseas.
chun socrú ar pé acu to decide which
" Cruinniú an AE sa Bhruiséil ============ Anuas air sin, tháinig 27 Feisire de chuid Pharlaimint na hEorpa le chéile ag Comhairle Ghnothaí Eachtracha an AE ar 14 Bealtaine chun socrú ar pé acu, an gcuirfidís baghcat ar an Úcráin nó nach gcuirfeadh le linn an Euro 2012.
socrú fabhtach faulty solution
" Cha raibh aontachtaithe dúra n 6-chontae sásta a muinín a chur in uimhríocht Parlaiminte agus fuair muid an socrú fabhtach a bhí againn le 50 bliain.
leas a bhaint as an socrú seo to make use of this arrangement
" Bhí siad ábalta leas a bhaint as an socrú seo ó thaobh cosaint spioradálta de agus dheimhnigh an saothar eaglaise a chruthaigh ealaíontóirí ar a son nach amháin gur éarlaimh chumhachtacha a bhí iontu ach go raibh siad fosta tábhachtach go leor le cur san áireamh i bpictiúir naofa.
Ag socrú a chuid trealaimh organizing his equipment
socrú síos settling down
" Mar bharr ar an olc, thug drong bithiúnach faoi tar éis dó socrú síos i Rabat, príomhcathair Mharacó.
socruithe arrangements
" Mhaígh na breithimh fé dheireadh ná féadfaidís cead a thabhairt do Marie Fleming socruithe a dhéanamh deireadh a chur lena saol le cabhair sheachtarach gan daoine leochaileacha eile sa chomhphobal a chur sa bhearna bhaoil.
Nach bhféadfaí tíocht ar shocrú leis couldn’t an agreement be reached with
" (Tá a fhios agam gur airgead Eorpach atá ann ach is airgead poiblí é atá á chur amú, ar mhaithe le cén rud? Nach bhféadfaí tíocht ar shocrú leis an Aontas Eorpach faoin gcaiteachas seo? Is cuid tábhachtach d’oidhreacht na hEorpa an Ghaeilge.
Ag Socrú Síos Abhus settling down here
" Ag Socrú Síos Abhus ===== Na Polannaigh atá linn le breis is ceithre bliana, tá siad le fanacht mar is abhus amháin atá siad i dteideal íocaíochtaí leas sóisialta.
socrú rialála atá de dhíth a regulation arrangement is needed
" Ar ndóigh, scéal casta é seo agus ní socrú teicneolaíoch nó socrú rialála atá de dhíth.
socrú ar neamhaird a dhéanamh de deciding not to bother about
" Is é mo mheas má shocraíonn tú gan bacadh le teicneolaíocht is ionann seo agus socrú ar neamhaird a dhéanamh de ghnóthaí airgid.
athraíonn na socruithe changes the requirements
" Tógann sí a guthán amach as póca a gúna, cuireann Tinder ar siúl agus athraíonn na socruithe: Fir laistigh d’aon mhíle amháin achair.
de réir do shocruithe gnéasachta according to the sexual choice(s)
" Ortha na Seiceála, Seachas na Seirce ============= Crios iompair súisí atá san áis, a chuireann duine i ndiaidh dhuine os comhair an úsáideora – fir amháin, mná amháin nó fir agus mná, de réir do shocruithe gnéasachta – agus a thugann rogha don úsaideoir – caithfimid focal eile a roghnú in amanna mar seo! - an duine a fheiceann siad a mharcáil le croí nó le crois.
gan socrú de chineál ar bith a dheanamh le not to make any settlement with
" Is léir go bhfuil cinneadh déanta ag an DUP gan socrú de chineál ar bith a dheanamh le Sinn Féin roimh an chéad toghcháin eile do Stormont.
an socrú sin that arrangement
" Dúirt urlabhraí an CLG go mbeadh dhá stoirm cheoil aige sa cheanncheathrú agus bhí gach duine sásta, a bheag ná a mhór, leis an socrú sin.
nach bhfuil sa tsocrú is deireanaí ach so the latest arrangement is just a break
" Ar an drochuair, tá bunfháthanna níos doimhne taobh thiar den chliseadh agus tá an baol ann nach bhfuil sa tsocrú is deireanaí ach sos.
Socrú Airgid a financial agreement
" Socrú Airgid ===== Is mór í an deighilt chultúrtha idir oirthear na tíre, áit a labhraítear an Rúisis, agus iarthar na tíre, áit a labhraítear an Úcráinis.
socruithe neamh-iniompartha unsustainable arrangements
" Is ábhar imní do Mhatt Carthy ó Shinn Féin an mhoill ar an mbonn, “go gcuideoidh sé le teaghlaigh atá faoi bhrú ag na bainc glacadh le socruithe neamh-iniompartha maidir le haisíocaíochtaí.
Ag Socrú Isteach settling in
"Ag Socrú Isteach ====== Agus bhí Ghaeil-Airgintinigh i measc cheannairí na tíre i ndiaidh í neamhspleáchas ón Spáinn a bhaint amach.
faoin socrú seo about this agreement
" Is é ábhar maíte an CLG faoin socrú seo go mbeidh ar chumas mhuintir na hÉireann i gcéin, go háirithe sa Bhreatain agus san Astráil, na cluichí úd a fheiceáil ‘beo’ (má tá siad sásta an táille chuí a íoc le Sky dar ndóigh) agus go mb’fhéidir go bhfeicfidh daoine eile sna tíortha sin cluichí na nGael á n-imirt agus go meallfaí lucht féachana breise i measc mhuintir na dtíortha úd.
sa socrú seo (interest) in this agreement
" Dar leis an Ruarcach nach bhfuil bunphrionsabal ar bith fágtha ag an CLG anois agus nach bhfuil de shuim ag *Sky* sa socrú seo ach oiread daoine eile agus is féidir a mhealladh chun íoc as an gcainéal acu san agus tuilleadh brabaigh a dhéanamh.
socrú úr new agreement
" B’fhíor don iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a mhaígh nach chun sochair na teanga a rachfadh an socrú úr agus gur coiscéim chun tosaigh agus péire ar gcúl a bhí sa ghníomh.
socrú isteach to settle in
" Beidh sé thar a bheith doiligh orm socrú isteach i saol na hÉireann arís.
le socrú síos i measc to settle down amongst
" (gáire) Ceantar Chathail Bhuí Mhic Giolla Ghunna ============= **SMM: Roghnaigh sibh ceantar ciúin álainn le socrú síos i measc loch is sléibhte.
ag socrú isteach settling in
" Tá súil agam go bhfuil tú ag socrú isteach ar do phost úr.
shocrú stairiúil historic agreement
" Tá Robert McMillen dóchasach go n-éireoidh le Sinn Féin agus leis an DUP teacht ar shocrú stairiúil sna Sé Chontae go luath.
shocrú to settle
" Tá Roseanne Smith den tuairim go gcaithfidh tú intinn agus amhras an chustaiméara a shocrú agus a bheith ilteangach, más mian leat do chomhlacht a chur ar bonn brabúis.
socruithe taistil travel arrangements
" An té a eitlíonn isteach go Meiriceá agus atá dall ar easpa chóras traenach mar is eol dúinn a leithéid in Éirinn é, tá sé i gcontúirt corrbhotún a dhéanamh ina chuid socruithe taistil i rith a sheal i Meiriceá.