Pota Focal Intergaelic
oir | scoir | sir | soirc | sor
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dearcadh soir look east
" Ní mór dúinn dearcadh soir chuig ár gcairde, na Breatnaigh (< Breatain+nach = Prydeinig / Cruithin+neach), gur Cymry (= comh+brú) ó cheart iad! (Céard fúinn féin; an Gaeil gur Éireannaigh sinn, nó an Éireannaigh gur Gaeil sinn?) Ar chuma ar bith, fóireann focal dá gcuid siadsan, Breatnaigh, orainn go seoigh.
is faide soir most easterly
" Is é an t-oileán is faide soir é de na trí cinn, mar is léir ón seanleagan den ainm Inis Oirthir.
soir east
" Más éard atá i gceist gur fhág sé áit amháin, gur thaisteal sé soir nó siar gur bhain sé an líne dhomhanfhaid chéanna amach arís, níl amhras ar bith - rinne sé é sin.
soir ó east of
" Deirtear gurb é ceann an Dúna Mhóir an píosa talún is sia siar in Éirinn agus is minic a tugar "an paróiste is giorra do Mheiriceá" ar Dhún Chaoin, cé go bhfuil pobail eile ar chósta thiar na hÉireann a mbeadh an port céanna acu! Is é An Daingean an baile mór is giorra do Dhún Chaoin - isteach is amach le sé chiliméadar déag soir ó Dhún Chaoin ach, tá an fad cruinn ag brath ar cén treo a gheibheann tú nó cén córas iompair atá faoi do thóin.
níos faide soir fosta further east also
" Ach tá a leithéid scaipthe fud fad iarthar na hEorpa, agus níos faide soir fosta, mar shampla in aice leis an Mhuir Dhubh, san Iordáin, agus fiú sa Chóiré.
Má chuireann an áit seo soir ise if this place drives her crazy
" Agus muid ag dul amach as an doras, dúirt mé léi, "Má chuireann an áit seo soir ise, is cinnte go ndéanfaidh sé an rud céanna i mo chás-sa.
soir to the east
" De réir rialacha OSP, ar an mbealach Baile Átha Cliath-Cnoc Mhuire, is gá go mbeadh eitilt soir gach maidin den tseachtain agus eitilt siar gach tráthnóna.
a ghluais soir who travelled east
" Is ceangal é a théann i bhfad siar, go haimsir na chéad Scotti a ghluais soir agus a bhronn a n-ainm ar an tír, agus na nglúnta d&#146;fhilí cúirte, a fuair pátrúnacht ó uaisle an dá thír agus a d&#146;fhág a n-oidhreacht linn ina gcuid focal macnamhach rúnda.
soir ón Spidéal east of An Spidéal
" I gContae na Gaillimhe, mar shampla, bheadh Dúiche Sheoigheach, Baile Chláir agus an ceantar soir ón Spidéal imithe.
soir ó dheas to the south-east
" Tá Oileán Whithorn cúpla míle soir ó dheas.
ceathracha míle soir ó dheas, forty miles to the southeast,
" Níl Washington ach 150 míle ó thuaidh, tá an &quot;tríbhaile&quot; Newport News/Norfolk/Virginia Beach ceathracha míle soir ó dheas, agus ardchathair Virginia, Richmond, caoga míle siar.
ag taisteal soir ó thuaidh, travelling north-east
" com/)) agus bíonn na céadta ag taisteal soir ó thuaidh, ó Nollaig go Márta, agus cóip ina lámh acu.
soir ó thuaidh to the south-east
" An ghaoth is an bháisteach is an fuacht chomh cam, casta, ciotach leis na drochbhóithre seo idir Caisleán an Bharraigh agus an Ros Thiar &ndash; baile beag tuaithe cúpla míle soir ó thuaidh ón gCaisleán.
soir ó thuaidh to the northeast
" Beidh ábhar léitheoireachta agam agus é ag éirí fuar taobh amuigh! Níos faide soir ó thuaidh (gar go leor do Christchurch), tá ionad locha the, Fuaráin Hanmer.
ar an phointe is faide soir on the most easternly point
" Is sráidbhaile an-tarraingteach é Cromba, atá ar an phointe is faide soir d'Eilean Dubh, ó thuaidh ó Inbhir Nis in Albain.
is faide soir most easterly
" Tá Cape Byron ar an bpointe is faide soir den mhórthír.
níos faide soir further east
" Tá siad uilig imithe anois, agus tá Inbhir Greinnde, atá níos faide soir ag tús Linn Gi&ugrave;dain, ar an phort coimeádán is mó in Albain.
soir ó thuaidh ó Melbourne. Northeast of Melbourne
" Céad bliain ó shin, i Márta na bliana 1908, fógraíodh go dtógfaí an phríomhchathair ar an láthair a bhfuil Canberra anois &ndash; beagnach 300 ciliméadar siar ó dheas ó Sydney, agus 650 ciliméadar soir ó thuaidh ó Melbourne.
soir siar everywhere
" Ach seo atá molta: 2009 Annus horribilis na Gaeilge: Deireadh le Roinn rialtais faoi leith do chúrsaí Gaeltachta agus gearradh 196 ball dá fhoireann; Údarás na Gaeltachta le briseadh ina ghiotaí agus a chúraimí le scaipeadh soir siar; deireadh le ceann de na tionscail is dúchasaí agus is rathúla sa Ghaeltacht, is é sin, na Coláistí Samhraidh; gan aon ionadaíocht faoi leith ag an Ghaeltacht nó ag an Ghaeilge ag bord an Rialtais; deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge agus leis an Scéim Tithíochta Gaeltachta; deireadh leis an eagraíocht a bhí ag dul i ngleic le riachtanais Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta.
soir east
" html) Bhí m’óstán bloc amháin soir ón trá agus bloc amháin siar ón lárionad.
Soir Siar in all directions
" Scaipeadh Soir Siar B’fhéidir nach ionadh mar sin nach bhfuil fágtha san Iaráic faoi láthair ach timpeall 5,000 Mandaean.
soir ná siar left nor right
" Tháinig sé anuas an staighre ag léamh an leabhair gan breathnú soir ná siar, ar aon taobh, ach é ag breathnú ar an leabhar, ach bhí tobar, nó foinse, go díreach roimhe ag bun an staighre sin.
soir ó thuaidh north eastwards
" Tá achar 73 míle sa chosán seo ó bhéal abhann Ribble ar chósta Muir Éireann soir ó thuaidh go dtí a foinse ag Cam Fell, sna Penwynion i bPáirc Náisiúnta na *Yorkshire Dales*.
soir ó thuaidh north east
" Mí go leith tar éis na dtuilte agus an sciorradh tailte a mharaigh gar do 900 duine sna sléibhte soir ó thuaidh as cathair Rio de Janeiro, tá anord fós i réim sa réigiún.
Soir eastwards
" Leathbhus Soir agus a Leathbhreac Siar ===================== Bhain muid triail as an mbus áitiúil lá eile chun cuairt a thabhairt ar bhaile Avarua.
soir stretching east
" **SMM: Nár cheart na bailte go léir a bhfuil an Ghaeilg acu, ó Chill Ghallagáin soir go Port a’ Chlóidh agus an Corrán Buí, a chur le chéile in éineacht lena macasamhail de bhailte istigh ar an Muirthid, thart ar an Eachléim?** BNC: Bíonn siad ag caint ar na clusters seo a bhunú.
soir east
" Slí na Rosann ====== Tráthnóna inné, lean mé comhartha soir le cósta ón gcéibh a d'fhógair Slí na Rosann.
ag síneadh soir siar agus siar soir stretching in all directions
" Machaire lom curadóireachta faoi lus na mine buí ag síneadh soir siar agus siar soir.
atá imithe soir ar fad fán dtráth seo who’s gone completely mad by now
" Más crann taca í an deirfiúr chiallmhar le linn na bainise, nuair a cheaptar go dtiocfaidh an domhan slán, ’sí Justine (atá imithe soir ar fad fán dtráth seo) is fearr atá in ann deighleáil leis an mbagairt ar ball nuair is léir nach ‘ar eitilt tharainn’ ach ar chonar ár scriosta atá Melancholia chugainn ar ardluas.
soir i dtreo east towards
" Ní fada go raibh muid ar an mbóthar mór soir i dtreo Łódż.
ag breathnú soir looking east
" Taobh ó dheas de, tá gleann mínghlas torthúil Dyfi, ar an leiceann thiar thuaidh baile Bala, agus in alt an tsléibhe ag breathnú soir i dtreo Shasana tá Llanrhaeadr.
scaipeadh soir siar scattered in all directions
" Bhí na cúraimí seo faoi bhagairt mhór ó mhol údair Thuarascáil an Bord Snip Nua go mbrisfí an tÚdarás ina ghiotaí agus go ndéanfaí a chúraimí a scaipeadh soir siar.
taisteal soir to travel east
" Ach tá Ceanada mór, agus más ann don Ghaeltacht, tá sé in Oirthear Ontario, atá i bhfad ar siúl ó ardchathair na cúige sin, Toronto, agus go dtí seo bhí ar Ghaeilgeoirí Toronto taisteal soir chun freastal ar chúrsaí ardleibhéil Gaeilge nó ar fhéilte mar Oireachtas Cheanada.
soir uaidh further east
" Is aisteach gur sa taobh sin den domhan, oirthear na Gearmáine agus soir uaidh, mar a mbíodh deacrachtaí acu le hearraí laethúla siopa fiche bliain ó shin, gur ansiúd atá na cuisneoirí a rinneadh daichead bliain ó shin, ach atá ag obair inniu féin.
soir ó thuaidh, i dtreo northeast towards
" Ansin, áfach, ag fógra a bhfuil ‘Rabhadh’ air (Beo eagrán 113, Meán Fómhair 2010), téann na cipíní soir ó thuaidh, i dtreo Dhíseart Aoidh Mhic Bhricne.
soir i dtreo east towards
" Tháinig an cóiste ar deireadh le mé a thabhairt ar ais chuig an stáisiún mór gaisciúil, agus ní fada go raibh mé ar an Thalys, siúl 250 ciliméadar san uair faoin traein chéanna soir i dtreo Bonn na Gearmáine arís.
coinneáil orainn soir kept going east
" Céard a rinne muid ach coinneáil orainn soir go Vladivostok.
soir uainn to the east of us
" Roghnaítear an lá sin ionas go mbíonn muintir na cathrach in ann an lá breithe a cheiliúradh sa dóigh fhíor-Astrálach: thar deireadh seachtaine fada! Déanta na fírinne, tapaíonn daoine go leor in Canberra an deis an deireadh seachtaine fada a chaitheamh ar chósta theas New South Wales, cúpla uair an chloig soir uainn, le héalú ó bhrú na cathrach agus ó bhrothall an fhómhair.
soir thar farraige east over the sea
" com/tracks/119316619&color=ff6600&auto_play=false&show_artwork=false"></iframe> San áit a dtéann abhainn an Teifi i bhfarraige, ar an teorainn idir Ceredigion agus Penfro, seachtó míle soir thar farraige ó chósta Loch Garman ̵ sin é an ceantar is líonmhaire ar fhág na Sean-Ghaeil clocha oghaim ina ndiaidh sa mBreatain.
Bóithrín soir ó thuaidh a small road leading north east
" Ach ar féidir go bhfuil clocha oghaim ann nár tugadh suntas dóibh cheana? An bhfuil tuilleadh ann gan tuairisc? Bóithrín soir ó thuaidh as Cellan gar do Lampeter a chuir mé romham a shiúl anois.
soir ó dheas i dtreo south east in the direction
" Ach tá rian den traidisiún sna sléibhte ó dheas de Kraków, sin agus soir ó dheas i dtreo Lublin agus Rzeszow.
soir ó thuaidh as to the Nth West of
" I Mí Feabhra i mbliana, tuigeadh gurbh é Happisburgh, 17 míle soir ó thuaidh as Norwich an suíomh rúnda.
ag dul soir going east
" Is é sin, in ionad ag dul siar, chun tiomáint Shlí an Atlantaigh Fhiáin, beidh Éireannaigh ag dul soir le siúl ar an cósta i dtír álainn eile.
soir in iomlán iad (send) them completely crazy
" Drochscéala ‘Eugene Goostman’ ============= Dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí muiníne acu cheana, déarfainn gur chuir an nuacht is déanaí faoi Dhuais Turing soir in iomlán iad.
soir ó dheas southeastwards
" Má éiríonn leo, sciobfar an tSiria agus an Liobáin ar shiúl ar fad agus ruaigfear Siaigh na hIaráice soir ó dheas i dtreo na hÍaráine.
bualadh soir go east
" Bhí deis ag Rónán bualadh soir chuig a theach Cois Claidigh, braon tae is caife a réiteach don bheirt acu, aghaidh a thabhairt ar an mhicreafón agus labhairt amach, rud a bhfuil Rónán go maith in ann a dhéanamh.
an bóithrín iarainn soir by rail(way) eastward
" Thug ‘gallthochas’ Diarmuid Johnson isteach chuig lámhscríbhinn Ghaeilge in Iarsmalann na Breataine agus an bóithrín iarainn soir go Poznan na Polainne áit ar bhuail sé leis an gCaisideach Bainc.