Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Bhíothas ag lorg láithreora a presenter was being sought
" Bhíothas ag lorg láithreora do chlár Gaeilge ar RTÉ, "Ecu! Ecu!", agus mhol beirt a bhí sna Fánaithe leis, agus a bhí bainteach leis an chlár, go dtabharfaí an post do Dhiarmuid.
a lorgaítear cabhair that help is sought
" Ach na laethanta seo má bhíonn ag teip orthu seo is minic a lorgaítear cabhair ó Ghardaí sa National Bureau of Criminal Investigation.
á lorg being sought
" Ardú €43 (ó €107 go €150 sa bhliain) atá á lorg acu.
á lorg being sought
" I measc na rudaí atá á lorg ag an ngrúpa seo ná go mbeadh taifead déanta ar páipéar de gach vóta ionas go bhféadfaí iad a chomhaireamh go neamhspleách dá mbeadh aon amhras faoin toradh leictreonach.
a lorgaítear which is sought
" Is ar chumas labhartha sa Ghaeilge go príomha a dhíríonn an bonnleibhéal agus an gnáthleibhéal agus tá an inniúlacht a lorgaítear an-teoranta.
a lorgaítear which is sought
" Is ar chumas labhartha sa Ghaeilge go príomha a dhíríonn an bonnleibhéal agus an gnáthleibhéal agus tá an inniúlacht a lorgaítear an-teoranta.
bhíothas ag lorg cóipe a copy was being sought
" Ina gcás siúd, bhíothas ag lorg cóipe den ghrianghraf a bhí istigh leis an iarratas bréige a líomhnaítear a rinne Frank Connolly ar phas.
d'fhéach siad le hí a chur chun cinn they sought to promote it
" “Bhí múinteoirí den scoth ann; chuir siad cuid mhór béime ar an teanga agus d'fhéach siad le hí a chur chun cinn sa scoil agus sa cheantar.
á lorg ag muintir Ghaoth Dobhair being sought by the people of Gaoth Dobhair
" Bhí suim faoi leith aige sa ghaelscolaíocht agus rinne sé abhcóideacht éifeachtach ar a son nuair ba ghá, mar shampla, nuair a dúnadh bunscoileanna i Rann na Feirste agus i nDún Chaoin, nuair a bhí scolaíocht dara leibhéal á lorg ag muintir Ghaoth Dobhair agus ag muintir Ros Dumhach agus, arís eile, nuair a bhí muintir Bhaile Munna ag iarraidh gaelscoil a bhunú.
bhíothas sa tóir ar thallann úr new talent was being sought
" Bhí tús agus deireadh maith i gceist, ach bhí an chuid sa lár cineál *shit*!” Ag an am sin – sa bhliain 1997 – bhíothas sa tóir ar thallann úr i mBaile Átha Cliath mar go raibh ráchairt as cuimse i ndiaidh a bheith ar fhuirseoirí Éireannacha sa Bhreatain.
Lorgaíos looked for, sought
" Lorgaíos uimhir chomhlacht tacsaí ó bhean an tí.
á iarraidh being sought
" Tá neamhspleáchas á iarraidh ag na Uígir le fada an lá.
á lorg being sought
" Seo ceist ar fiú a phlé san am i láthair agus tairiscintí á lorg ag Foras na Gaeilge do fhoilsitheoir nuachtáin.
lorgtha sought
" Mar shampla, bhí tairiscintí lorgtha aige maidir le staidéar a dhéanamh ar theorannacha na Gaeltachta.
tóir ag na mná air sought after by the women
" Fear óg drúisiúil a bhfuil tóir ag na mná air, agus aigsean orthu, is ea Seán.
an-tóir ar greatly sought after
" Scaoil sealgairí na mílte acu, mar go raibh an-tóir ar a gcraiceann, as ar rinneadh málaí láimhe, bróga agus earraí faisin eile nach iad.
an-tóir ar much sought after
" B’aisteach an rud é iriseoir mná i saol poiblí na hÉireann ag an tráth sin, gan trácht ar dhrámadóir mná, a raibh an-tóir ar a cuid tableaux vivants.
oiread tóra so sought after
" Ní iontas ar bith é mar sin go bhfuil oiread tóra i gcónaí ag lucht tarraingthe grianghraif ar eachtraí spóirt, agus go mbíonn na meáin scríofa breac le grianghraif de gach cineál spóirt.
an-tóir ar greatly sought after
"an-tóir ar an Tansáin mar láthair thurasóireachta anois, idir cheantar Shliabh na Gile, nó Kilimanjaro, oileán coimhthíoch Sainsibeár agus ar ndóigh, na turasanna safari.
an-tóir ar very sought after
"an-tóir ar na hOileáin Mhic Cùga i gcomhair bainiseacha agus mí na meala na laethanta seo, go háirithe i measc lánúineacha as Nua-Shéalainn, an Astráil agus as Meiriceá.
an té atá á lorg the person who sought it
" Ní hamháin sin, ach níl sé ceadaithe tuairisciú a dhéanamh ar an iarratas don urghaire ná an té atá á lorg a ainmniú.
an-tóir much sought after
" Bhí an-tóir, ba chosúil, ag muintir na hÉireann ar chlár amháin darbh ainm “Glee”, faoi chlub siamsaíochta ardscoile in Ohio.
bhíodh tóir air it used to be sought
" Ní éadach galánta é, ach ós rud é nach dtréigeann an dath agus é ar tuar faoi sholas na gréine, bhíodh tóir air le héadach tí a dhéanamh, cuirtíní agus clúdaigh adhairte, cuir i gcás, rudaí a bhíonn le níochán go minic.
an-tóir ar much sought after
" Is dócha go raibh an-tóir ar leithéidí Louis Vuitton, Cartier agus Prada i measc mhná na háite agus na fámairí mná araon.
ráchairt thar lear air sought after overseas
" Níl na fíonta chomh mór is atá an Chiantí agus an Borolo ach tá Montepulciano d'Abruzzo ar cheann de na fíonta Iodálacha is mó anois a bhfuil ráchairt thar lear air.
an-tóir much sought
" Samhlaímid go mbeidh an-tóir ag lucht leanúna Uí Riada ar an mbailiúchán seo agus fóirfidh sé freisin mar bhlaiseadh dá shaothar do ghlún nua.
de dhíth ar being sought by
" Ach de réir cosúlachta, bhí tréithe eile de dhíth ar mhuintir na hÉireann ins an Uachtaránacht.
bhí tóir freisin ar also sought after were
" Bhain mórán den turgnamh sin le húsáid drugaí agus le cúrsaí gnéis; bhí tóir freisin ar léargais spioradálta an Oirthir agus conas droim láimhe a thabhairt don tsaint agus don ábharachas a chruthaigh cuid mhór fadbhanna, na cogaí móra domhanda ina measc.
nach bhfuil tóir ar being sought
" Má tá saothar á chóipeáil, á íosluchtú, go dleathach nó mídleathach tá agat; is é an fhadhb is mó nuair nach bhfuil tóir ar an saothar; nuair nach bhfuil sé sa bhfaisean.
nach lorgaítear is not sought
" Is eisceacht í an próiseas comhairliúcháin seo mar sin, óir gurb iondúil nach lorgaítear moltaí ón phobal nuair a bhíonn leasuithe á ndéanamh ar fhormhór na reachtaíochta.
rabhthas á lorg was being sought
" Lenár linn féin, bronnadh in Albain, gan choinne, an cineál údaráis a rabhthas á lorg don Ghaeltacht abhus, Comhairle nan Eilean.
bhí tóir ar was being sought
" Sna seachtóidí, bhí tóir ar an nGréig, ar an Spáinn agus ar Éirinn mar gheall ar shaibhreas den chineál sin.
Tá an-tóir air it’s much sought after
" Tá an-tóir air mar genre, ach arís, ar mhaithe lena dhéanamh, d’úsáid muide gnéithe a bhain leis an mbéaloideas, a bhain leis na scéalta sí.
caithfear í a lorg it has to be sought
" Tá an fhírinne le fáil, ach caithfear í a lorg.
Beidh tóir shall be sought after
" Beidh tóir ag réimse leathan léitheoirí ar an saothar seo, agus go háirithe ag lucht staidéar na meán féin.
de dhíth air sought
" Ceann de na tograí Éireannacha is rathúla ann ná togra chun leabhar grianghrafadóra de radharcanna Éireannacha le Peter Cox a d’ardaigh $29,727 nuair nach raibh ach $11,000 de dhíth air! Comhghairdeas leis! <http://kck.
lorg sé margaíocht he sought a market
" Ní hamháin gur lorg sé margaíocht ar a son ach chuir sé na bonnacha faoi na hionaid siamsaíochta agus óstáin nua ina mbeadh fáil ar a gcuid ceoil ag gnáthdhaoine, Gaeil agus Gaill le chéile.
iarradh cead permission was sought
" Mar shampla, san iarratas pleanála 12359, iarradh cead i mBothúna Thoir ach sa doiciméid pleanála a eisíodh is BOHOONNA EAST an t-ainm atá ar an mbaile fearainn.
an t-ionad is mó ráchairt most sought after spot
" Ní athraíonn ó bhliain go bliain ach na buíonta ceoil a fhaigheann cuireadh go Gaeltacht Milwaukee, an t-ionad is mó ráchairt ar Pháirc na Féile cois locha.
beifear in ann athnuachan a lorg renewal may be sought
" Ag deireadh na tréimhse sin beifear in ann athnuachan a lorg.
namhaid nach raibh de chuspóir agus de phléisiúr sa saol aige an enemy which sought no other delight
" Ag Saothrú Meas Namhad ============ A fhad is a bhain sé liom féin áfach agus mé mar bhall de Arm Heffo (fonóta thíos) sna seachtóidí agus ochtóidí, ba é Páidí Ó Sé an namhaid, namhaid nach raibh de chuspóir agus de phléisiúr sa saol aige agus ag a chomhghleacaithe mallaithe Ciarraíocha ach croí gach ‘Dub’ a bhriseadh chomh minic agus ab fhéidir.
is mó a bhfuil tóir orthu most sought after
" Ós rud é gurb iad na Stáit Aonaithe agus an Bhreatain an dá cheann scríbe is mó a bhfuil tóir orthu i measc mac léinn idirnáisiúnta is tionscal é seo a bhfuil an-tábhacht ag baint leis ó thaobh an gheilleagair de.
bhí an-tóir ar was greatly sought after
" Chomh maith le saothar eaglaise, bhí ealaíontóirí gnóthach ag obair ar choimisiúin aonaracha d’úsairí agus do cheannaithe agus bhí an-tóir ar an saothar seo, go háirithe pictiúir aislingeacha Botticelli a bhí bunaithe ar an fhinscéalaíocht.
atáthar á lorg what’s being sought
" Is beag an uaillmhian atá ag an stát más é an toradh atáthar á lorg tar éis ceithre bliana déag ‘ag foghlaim’ na teanga ná go mbeadh glúin úr de ‘Aindiacha na hArdteiste’ (thuasluaite) tagtha ar an saol.
más sin amháin a bhfuiltear ag dréim leis if that’s all that’s sought
" Is lú an uaillmhian i bhfad é más sin amháin a bhfuiltear ag dréim leis ó chainteoirí Ghaeilge ón chliabhán.
a bhfuil an-tóir uirthi which is very much sought after
" Buiséad: €2,500 go €12,500 (2003 go 2006) An mhí seo táimid ag féachaint ar charr athláimhe atá an-choitianta – agus a bhfuil an-tóir uirthi.
d’iarr sé achomharc he sought an appeal
" Shéan an t-imreoir go ndearna sé an gníomh a cuireadh ina choinne agus d’iarr sé achomharc.
Tá an-tóir ar an gceol tíre country music is much sought after
"Tá an-tóir ar an gceol tíre i gConamara, agus tá sé cliste go leor an bealach gur athraigh grúpa ceoil amhráin le Johnny Cash, Kris Kristofferson agus daoine eile go Gaeilge” a deir sé.
An bua a shantaigh siad the victory they sought
" An bua a shantaigh siad agus nach raibh acu ó 1967, bheith ina gcuraidh sraithe ar Shasana, bhí sé ar iarraidh.
níos inmhianaithe more sought after
" Dí-nascann an Denglisch an t-aos óg óna n-oidhreacht theangeolaíoch agus cuireann a dul chun cinn in iúl go bhfuil an Béarla níos inmhianaithe sa Ghearmáin ná an Ghearmáinis.
agus é ar thóir croílár a chuid intleachta liteartha as he sought the core of his intellectual literature
" Droim Láimhe don Seanchas ========== Cromann de Paor fé mhionscagadh ar gach focal i ngach aon scéal dar chum an Cadhnach agus é ar thóir croílár a chuid intleachta liteartha.
agus tearmann á iarraidh acu while they sought asylum
" Tá curtha i leith FRONTEX, áfach, go bhfuil daoine díbeartha aige ó theorainneacha an AE agus tearmann á iarraidh acu, rud a thagann salach ar dhlí Eorpach is idirnáisiúnta maidir le cearta an duine.
Bhí an-tóir ar an bhfíseán seo this video was much sought after
" Bhí an-tóir ar an bhfíseán seo agus níorbh fhada go bhfuair sí glaonna ó na comhlachtaí taifeadta ‘*XL Recordings*’ agus ‘*Virgin Records*’ ag iarraidh uirthi ceirnín a dhéanamh leo.
an-tóir orthu tráth dá raibh greatly sought after one time
" Luaigh Cheiro ina chuimhní cinn, a raibh an-tóir orthu tráth dá raibh, gur thaistil sé chun na hIndia agus é ina ógfhear chun snas a chur ar na buanna fáistine a bronnadh go nádúrtha air.
atá dhá éileamh being sought
" Ach anois tá siad cothrom le caighdeán atá dhá éileamh.
ní iarrtar airgead ar ais money isn’t sought in return
" Ach an freagra atá agamsa air sin ná is minic go mbíonn fadhbanna teicniúla i ngnáthrang agus ní iarrtar airgead ar ais.
a bhí á lorg agam which I sought
" Caithfidh mé a rá gurb é seo an chéad uair gur diúltaíodh eolas den chineál a bhí á lorg agam a thabhairt dom faoin fho-alt áirithe sin.
mbeadh an-tóir go deo ar an seoladh the address would be much sought after
" Shamhlófá go mbeadh an-tóir go deo ar an seoladh - 1 Pennant Hills Road, Parramatta, NSW.
Lorgaítear an luach is fearr the best price is sought
"Lorgaítear an luach is fearr don mhadra ar mhian leo ceannach ach go minic roghnaítear madra nach bhfuil cláraithe ó dhuine gan cheadúnas oifigiúil.
oiread sin tóir ag na turasóirí orthu so much sought after by the tourists
" Chuaigh muid chuig áiteanna nach mbeadh oiread sin tóir ag na turasóirí orthu.
Ba mhór an tóir a bhí ar (work) was much sought after
" Ba mhór an tóir a bhí ar shaothar John Lavery, arbh as Béal Feirste ó dhúchas dó (1856), nuair a rinne sé an pictiúr seo agus i measc a chuid cliant bhí rítheaghlach na Breataine, polaiteoirí móra agus na huaisle.
Bhí an-tóir ar shaothar an fhile the poet’s work was much sought after
" Cruthú na hÍomhá ======= Bhí an-tóir ar shaothar an fhile, AB ‘Banjo’ Paterson, san Astráil sna blianta deiridh den naoú haois déag agus go luath san fhichiú céad.
shantaigh sought, wanted
" Cad é a shantaigh Greta Garbo i gceantar Loch Gartáin? Tá dráma bunaithe ar a cuairt go Dún na nGall a scríobhann Ciara Nic Gabhann.
á lorg being sought
" Ní fada an lá a bheas ‘sár-urghaire’ á lorg ag pearsa mór le rá in Éirinn le stop a chur le nochtadh eolais faoina shaol priobháideach, dar le Breandán Delap.
is mó ná riamh an tóir being sought more than ever
" Sa Bhrasaíl, is mó ná riamh an tóir atá ar na creidimh atá bunaithe ar úsáid tae Santo Daime – nó Ayahuasca, mar is fearr aithne air san Eoraip.