Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
stoirm oighre ice storm
" Ba é ba chúis leis an stoirm oighre a bhuail oirthear Cheanada in Eanáir 1998 agus leis na tinte foraoise san Indinéis a scaip deatach chomh fada ó bhaile le tuaisceart na hAstráile agus Kuala Lumpur na Malaeisia, áit a raibh ar na daoine mascanna a chaitheamh ar mhaithe lena sláinte.
go raibh an stoirm ag siothlú that the storm was abating
" Ní raibh cuma ar bith air go raibh an stoirm ag siothlú.
roinnt stoirmeacha fearthainne an-troma some very heavy rain storms
" Cé go raibh aimsir mhaith ann an chuid is mó den am, bhí roinnt stoirmeacha fearthainne an-troma ann freisin.
stoirm mhillteanach a great storm
" Chuir stoirm mhillteanach bac ar an phlean seo, cé go raibh an cabhlach chomh cóngarach don tír gur mhothaigh Tone go dtiocfadh leis brioscaí a chaitheamh i dtír.
stoirm shneachta snow storm
" Nuair a shéideann stoirm shneachta anuas ort ón tuaisceart i lár mí an Mhárta, is deas fios a bheith agat go bhfuil tú ag taisteal ó dheas.
le linn stoirme during a storm
" Dúirt mo dheirfiúr go raibh sí ceaptha ag an sneachta i stáisiún Greyhound uair amháin le linn stoirme agus í ar a bealach go Philadelphia le scrúdú leighis a dhéanamh.
Maolaíonn an stoirm the storm subsides
" Maolaíonn an stoirm agus muid ag teacht gar don uaigh amhail is dá mba radharc ó scannán é.
stoirm olldóiteáin conflagration
" Caithfear a rá nár thuig mé i gceart a láidre agus a thapúla is a bhíonn an cineál falscaí a tharlaíonn go rialta san Astráil, go dtí gur bhuail stoirm olldóiteáin na bruachbhailte in iarthar Canberra sé bliana ó shin.
fuacht na stoirme the storm's cold
" Ní chuireann fuacht na stoirme seo isteach orthu a bheag nó a mhór.
abhaile oíche amháin i ndiaidh stoirme home one night after a stomr
" Nuair nach dtagann a athair abhaile oíche amháin i ndiaidh stoirme geallann sé dá mháthair go dtiocfaidh sé air agus go dtabharfaidh sé slán é.
faoi thionchar na stoirme geimhridh eile influenced by the other winter storm
" Ar an 29ú, faoi thionchar na stoirme geimhridh eile, chas Sandy faoi chlé agus thug fogha faoi Nua-Gheirsí agus faoi Cheantar Nua-Eabhrac.
níorbh ’in baol mór na stoirme that wasn’t the big danger
" Má bhí gaoth mhór ann, níorbh ’in baol mór na stoirme, ámh.
le linn na stoirmeacha during the storms
" ‘An ghaoth aniar bíonn sí fial is cuireann sí iasc i líonta,’ a deirtear, ach nach aisteach an rud é gur tháinig na mílte tonna de chlocha beaga agus clocha móra, d’fheamainn ghaoithe agus d’fheamainn raice, agus de ghaineamh mín ghrinneall na mara i dtír le linn na stoirmeacha, agus nár tháinig iasc ar bith! ‘Ní hé lá na gaoithe lá cóirithe na líonta ná lá daingnithe na ndíonta ná lá deisithe na mballaí farraige,’ a deir Balor an Saoi agus an Gaothaire.
stoirmeacha ceoil music storms
" Ach ansin chuala Garth Brooks (nó Gearóid Ó Srutháin, mar a thugann sé air féin nuair a bhíonn sé in Éirinn) go raibh comharsana Chumann Lúthchleas Gael ag lorg tuilleadh stoirmeacha ceoil le go mbeadh na sráideanna beaga cúnga thart ar Pháirc an Chrócaigh plódaithe le meisceoirí agus múisceoirí as achan chontae in Éirinn, nach mbeadh aon bhealach isteach ná amach ag na cónaitheoirí agus go mbeidís mar a bheadh cimí ina gcuid tithe beaga féin.