Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
stoirm oighre ice storm
" Ba é ba chúis leis an stoirm oighre a bhuail oirthear Cheanada in Eanáir 1998 agus leis na tinte foraoise san Indinéis a scaip deatach chomh fada ó bhaile le tuaisceart na hAstráile agus Kuala Lumpur na Malaeisia, áit a raibh ar na daoine mascanna a chaitheamh ar mhaithe lena sláinte.
brú teasa heat before a storm
" "Tá brú teasa ann, nach bhfuil," a dúirt Áine.
anfa storm
" " As go brách leis an scódaí súgach ansin, suas fá chósta thiar na hÉireann, fríd na tuillte agus na stoirmeacha, fríd an anfa agus an doineann ar dlúthchuid iad de shamhradh gruama na hÉireann.
go raibh an stoirm ag siothlú that the storm was abating
" Ní raibh cuma ar bith air go raibh an stoirm ag siothlú.
roinnt stoirmeacha fearthainne an-troma some very heavy rain storms
" Cé go raibh aimsir mhaith ann an chuid is mó den am, bhí roinnt stoirmeacha fearthainne an-troma ann freisin.
stoirm mhillteanach a great storm
" Chuir stoirm mhillteanach bac ar an phlean seo, cé go raibh an cabhlach chomh cóngarach don tír gur mhothaigh Tone go dtiocfadh leis brioscaí a chaitheamh i dtír.
stoirm shneachta snow storm
" Nuair a shéideann stoirm shneachta anuas ort ón tuaisceart i lár mí an Mhárta, is deas fios a bheith agat go bhfuil tú ag taisteal ó dheas.
le linn stoirme during a storm
" Dúirt mo dheirfiúr go raibh sí ceaptha ag an sneachta i stáisiún Greyhound uair amháin le linn stoirme agus í ar a bealach go Philadelphia le scrúdú leighis a dhéanamh.
Maolaíonn an stoirm the storm subsides
" Maolaíonn an stoirm agus muid ag teacht gar don uaigh amhail is dá mba radharc ó scannán é.
garbhshíon an gheilleagair financial storm
" Is olc an ghaoth nach séideann maith Tharla go mbeidh garbhshíon an gheilleagair inár gcoinne go ceann tamaill eile, ní miste na deiseanna atá fanta againn a áireamh.
anfa teasa heat storm
" Chruinnigh na comharsana ar an tsráid agus faoiseamh orainn go léir gur tháinig muid féin agus ár dtithe slán tríd an anfa teasa.
fuacht na stoirme the storm's cold
" Ní chuireann fuacht na stoirme seo isteach orthu a bheag nó a mhór.
chuaranfa gheilleagair financial storm
" Ó thaobh thodhchaí na nuachtán de, tiocfaidh deireadh leis an chuaranfa gheilleagair, ach leanfar ar aghaidh le forbairt an idirlín.
racán rumpus, storm
" Nuair a thug sé an deis do Nijinsky píosa a chruthú le ceol de chuid Debussy – “Prélude à l'après-midi d'un faune” – thóg córagrafaíocht avant-garde Nijinsky racán agus scannal dochreidte.
tá an lá séidte it's a raging storm
" Lár an tsamhraidh agus tá an lá séidte! Imreoirí agus lucht bainistíochta tagtha le chéile ag 10.
cogadh na sifíní áiféiseach seo this storm in a tea-cup
" B’éigean d’urlabhraí ar son ‘an Pháláis’ ráiteas a eisiúint le cur in iúl go raibh iompar an Phríomh-Aire go hiomlán ceart sular cuireadh deireadh le cogadh na sifíní áiféiseach seo.
lóchrann i lár anfa a light in the midst of a storm
" I totter upon them everyday’* Tá an leabhar lán le mná láidre a thacaíonn le Donna agus a threoraíonn í chun a leasa, cosúil le lóchrann i lár anfa agus déanann an t-údar léiriú mothálach ar an dlúthpháirtíocht a bhíonn idir mná.
spéirling storm
" Ní féidir doineann ar leith a chur síos don athrú aeráide, ach chuir an spéirling Sandy, a bhuail Oir-Thuaisceart na Stát Aontaithe le gairid, daoine ag smaoineamh ar an fhíor-dhrochaimsir, atá, de réir cosúlachta, ag tarlú níos minice ná cheana.
hanfaí teochriosacha mar seo equatorial storms like this
" Mar a dhéantar le hanfaí teochriosacha mar seo, cuireadh ainm air: *‘Sandy’*.
faoi thionchar na stoirme geimhridh eile influenced by the other winter storm
" Ar an 29ú, faoi thionchar na stoirme geimhridh eile, chas Sandy faoi chlé agus thug fogha faoi Nua-Gheirsí agus faoi Cheantar Nua-Eabhrac.
Nuair a bhuail an t-anfa sinn when the storm hit us
" Nuair a bhuail an t-anfa sinn, bhíothas ag súil go gcuirfí ag smaoineamh sinn ar nithe atá i bhfad níos bunúsaí agus níos tábhachtaí.
le linn na stoirmeacha during the storms
" ‘An ghaoth aniar bíonn sí fial is cuireann sí iasc i líonta,’ a deirtear, ach nach aisteach an rud é gur tháinig na mílte tonna de chlocha beaga agus clocha móra, d’fheamainn ghaoithe agus d’fheamainn raice, agus de ghaineamh mín ghrinneall na mara i dtír le linn na stoirmeacha, agus nár tháinig iasc ar bith! ‘Ní hé lá na gaoithe lá cóirithe na líonta ná lá daingnithe na ndíonta ná lá deisithe na mballaí farraige,’ a deir Balor an Saoi agus an Gaothaire.
stoirmeacha ceoil music storms
" Ach ansin chuala Garth Brooks (nó Gearóid Ó Srutháin, mar a thugann sé air féin nuair a bhíonn sé in Éirinn) go raibh comharsana Chumann Lúthchleas Gael ag lorg tuilleadh stoirmeacha ceoil le go mbeadh na sráideanna beaga cúnga thart ar Pháirc an Chrócaigh plódaithe le meisceoirí agus múisceoirí as achan chontae in Éirinn, nach mbeadh aon bhealach isteach ná amach ag na cónaitheoirí agus go mbeidís mar a bheadh cimí ina gcuid tithe beaga féin.
Chuir an fhógairt an lasóg sa bharrach this announcement whipped up a storm
" Chuir an fhógairt an lasóg sa bharrach ar an toirt mar gur mheas daoine go leor go mbeadh a leithéid mícheart agus gránna.