Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Táthar ag dúil It is expected
" Táthar ag dúil go mbeidh olltoghchán Westminster ann ar an 7 Meitheamh ach Dé Domhnaigh seo caite (29 Aibreán) glacadh an chéad daonáireamh ó thuaidh le deich mbliana, agus táthar ag súil go mbeidh ardú suntasach i líon na gCaitliceach le sonrú ann.
táthar dóchasach there is confidence
" Tá ardsábháilteacht de dhíth orthu seo ach táthar dóchasach go bhfuil WAP in inmhe é seo a chur ar fáil.
Táthar ag tuar toirní thunder is being forecast
" "Táthar ag tuar toirní," a dúirt Dónall.
táthar ag tuar it is being predicted
" Ar ndóigh, caithfidh muid fanacht go dtí an chéad olltoghchán eile, ach meastar go mbeidh seasamh láidir Trimble in éadan Shinn Féin ina chuidiú aige sa choimhlint leis an DUP agus táthar ag tuar go mbeidh an dá pháirtí aontachtacha cothrom i ndiaidh an toghcháin sin.
táthar i gcónaí á gcuartú agus á gciapadh they're always being searched and tormented
" "Tá teorainn maidir leis na háiteanna a dtig leo dul, tá dlíthe diana ina n-éadan taobh amuigh den Tearmann, táthar i gcónaí á gcuartú agus á gciapadh," arsa Gearóid.
táthar ag tuar it is being predicted
" Mar táthar ag tuar go dtiocfaidh athrú ó bhonn ar dhlíthe leabhail an stáit seo laistigh de bhliain agus go mbunófar comhairle preas nua, dhá chinneadh a chabhródh go mór leis an saghas iriseoireachta a chleacht *Magill*.
Táthar ag tuar it is predicted
" Táthar ag tuar i dtuarascáil de chuid an Banco de España (Banc na Spáinne) go dtitfidh na praghsanna dochreidte seo luath go leor, ós rud é go bhfuil luach rómhór ar na tithe i láthair na huaire.
Táthar ag súil it is hoped
" Táthar ag súil gurb é Feabhra 2004 a luafar amach anseo mar an uair a thosaigh na cainteanna a chuir deireadh le doirteadh fola sna Sé Chontae agus a réitigh ar deireadh thiar thall ceist achrannach Thuaisceart Éireann.
Táthar ag rá it is being said
" Táthar ag rá go bhfanfaidh an dá pháirtí urramacha seo taobh amuigh den sorcas, ag feidhmiú mar fhreasúra agus iarracht ar siúl acu aifeáltas a chur ar an DUP, a bheidh fágtha leo féin mar pháirtnéirí Shinn Fein ag Stormont.
Táthar ag súil it is hoped
" Táthar ag súil go mbeidh tionchar acu ar choireacht, ar bhreabaireacht agus ar mhuinín an phobail sa stát.
táthar ag tuar it is being predicted
" Ní léir go mbuafaidh na Glasaigh mórán suíochán breise agus táthar ag tuar leis gur lú neamhspleáigh a bheidh sa chéad Dáil eile.
Táthar ag tuar go forleathan it is being widely predicted
" Táthar ag tuar go forleathan i measc ardcheannasaíocht na hEaglaise Caitlicí go ndéanfaidh an Pápa Benedict cosaint láidir ar phrionsabail thraidisiúnta na heaglaise agus na Vatacáine.
táthar ag tuar it is being predicted
" Na laethanta seo, tá timpeall 750 milliún gluaisteáin agus leoraí sa domhan, agus táthar ag tuar go mbeidh 1.
táthar ann a bheas á rá sin there are people who will be saying that
" Agus, i ndáiríre, i gcomparáid lena bhfuair muid amach ó d’fhág tú an tír seo, bhuel ní thig liomsa a rá gur aingeal thú, ach táthar ann a bheas á rá sin.
Táthar ag tuar go forleathan it is being predicted on a widespread basis
" Táthar ag tuar go forleathan go mbeifear ag íoc $3.
Táthar ag tuar go forleathan it is being predicted on a widespread basis
" Táthar ag tuar go forleathan go mbeifear ag íoc $3.
táthar ag rá it's being said
" 8 milliún, anois os cionn líon na ndaoine gorma, agus táthar ag rá nach fada anois go mbeidh siad ag bagairt ar na "hAngla-Mheiriceánaigh" go polaitiúil.
táthar ag dréim le tuilleadh arduithe more increases are expected
" Ba é seo an tríú huair ó mhí na Nollag a tháinig ardú ar na rátaí úis agus táthar ag dréim le tuilleadh arduithe gan mhoill.
Táthar ag tuar It is being predicted
" Táthar ag tuar nach gcaithfidh ach 36% den phobal a vóta sa toghchán an mhí seo, an ráta is ísle le 14 bliana.
táthar nach mór it is nearly certain
" Mar thoradh air seo, táthar nach mór cinnte go gcaillfidh Foley a shuíochán.
táthar ag baint feidhme as an ngaoth anseo. they're making use of the wind here.
" Go deimhin, táthar ag baint feidhme as an ngaoth anseo.
táthar ann there are people
" Is iad na daoine a iompraíonn a gcuid balcaisí agus a shiúlann an bealach ar fad de chois an dream is traidisiúnta; is fearr le daoine eile an cosán a shiúl ach a gcuid balcaisí a chur ar aghaidh i gcarr agus táthar ann a théann ar rothar nó ar muin capaill.
táthar ann a deir there are people who would say
" Ach táthar ann a deir go mbeidh nuachtáin linn i gcónaí go dtí go gceapfar scáileán a thig a chrapadh faoi d’ascaill, sceallóga a bhurláil ann agus tine a lasadh leis! Bíodh sin mar atá, tá fianaise ann lena léiriú go bhfuil teacht aniar áirithe sna meáin fhadbhunaithe.
Táthar den tuairim It is being opined
" Táthar den tuairim nach raibh Ned O’Keefe ansin mar gheall ar é a bheith ag déanamh agóide i gcoinne an Taoisigh.
mar a táthar ag tabhairt air as it is being called
" Faoi dheireadh thiar thall, tar éis bliana fada de “fheachtas bréige toghchánaíochta” - mar a táthar ag tabhairt air - a chur dínn, beidh olltoghchán ar siúl san Astráil ar an 24 Samhain.
táthar ag cur béime ar cheannaireacht úr new leadership is being greatly emphasised
" Bíonn íomhá i gcónaí an-tábhachtach i gcúrsaí polaitíochta agus táthar ag cur béime ar cheannaireacht úr agus ar an todhchaí i mbolscaireacht de chuid an ALP.
Táthar ag súil it is expected
" Táthar ag súil go gceapfar an Dochtúir Stephens ina haire sa chomh-aireacht ar ball.
táthar den tuairim it is thought
" Cé gur iarshaighdiúir é John McCain, táthar den tuairim go bhfuil sé róliobrálach.
Táthar ag tuar it is predicted
" Táthar ag tuar go dtaitneoidh sé go mór le pobal Iowa – ar stát tuaithe é – agus is é Nua Hampshire, stát tuaithe eile, an áit a mbeidh an chéad bhabhta eile ar siúl.
Táthar ag súil it is expected
" Táthar ag súil go rachaidh cumas Uí Mhaoilmhíchíl go mór chun sochair don bhord – agus don Ghaeilge – sa tréimhse ceithre bliana atá amach romhainn.
Táthar i mbun tuairimíochta there is speculation
" Táthar i mbun tuairimíochta gurbh é ba chúis le cinneadh na Stát Aontaithe ceann dá satailítí féin a scrios ná go raibh siad ag iarraidh a chruthú go bhféadfaidís an rud céanna a dhéanamh le satailít namhad, dá mba ghá.
Táthar ag súil nach leathnóidh sé aneas. it is hoped that it won't spread from the south
Táthar ag súil go mór it is greatly expected
" Táthar ag súil go mór go maolóidh sé a bpian agus go dtabharfar dínit ar ais dóibh siúd a aistríodh go teaghlaigh eile agus institiúidí in éadan thoil a muintire.
táthar ag súil it is expected
" Má leanann sé cúrsa atá bunaithe ar na siollabais, táthar ag súil go mbeidh an foghlaimeoir in ann cumarsáid bhunúsach a dhéanamh trí Ghaeilge.
táthar ag súil it is expected
" Tá a lán cosúlachtaí idir dualgais an ghobharnóra stáit agus dualgais an ard-ghobharnóra, agus mar sin de táthar ag súil go bhfuil an taithí chuí bainte amach aici lena dualgais a chur i gcrích go héifeachtach ag an leibhéal náisiúnta.
Táthar ag moladh comhréitigh a compromise is being recommended
" Táthar ag moladh comhréitigh idir an dá linn: úsáid gunnaí ar a dtugtar Tasers.
Táthar tar éis teacht ar shocrú éigin le blianta beaga anuas, an arrangement has been reached in recent years
" Táthar tar éis teacht ar shocrú éigin le blianta beaga anuas, rud a chiallaíonn go bhfuil an rud ar fad curtha chun leapa.
Táthar ag tuar it is predicted
" Táthar ag tuar gurb í seo "bliain an bhua" ó thaobh na nDaonlathach de, ach ní chuirfinn McCain as an áireamh go dtí go bhfeicimid an dtabharfaidh na Daonlathaigh ar fad tacaíocht dá n-iarrthóir.
táthar ag maíomh it is being claimed
" Cé go bhfuil an bille easnamhach, táthar ag maíomh gur céim chun tosaigh atá ann.
Táthar ag diúltú do na pleananna móra the big plans are being refused
" Táthar ag diúltú do na pleananna móra go leanúnach, agus níltear ag tabhairt mar leithscéal ach amháin, ‘níl ach méid áirithe airgid tugtha ag an Rialtas d’Fhoras na Gaeilge.
Táthar den tuairim it is thought
" Táthar den tuairim gur mheáncheannaí idir De Beers agus rialtas Mheiriceá é chomh maith.
táthar ag tabhairt drochíde ar mhúinteoirí teachers are being badly treated
" Dar ndóigh, ní hé gurb iad na daltaí an t-aon dream atá thíos leis an bhfadhb seo ach an oiread; táthar ag tabhairt drochíde ar mhúinteoirí ar shuíomhanna mar (www.
Táthar ag leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas daingnithe the ratification process is being continued
" Táthar ag leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas daingnithe i láthair na huaire.
Táthar ag tosú as an úr arís Things are being started afresh
" Táthar ag tosú as an úr arís agus tá an tAire Cultúir Ealaíon agus Fóillíochta, Gregory Campbell, ag tabhairt lántacaíochta don ghrúpa.
táthar it is
" “Anois an t-am le bheith ag ceannach, tá an margadh ag iompú,” a mhaíonn gníomhaithe eastáit go hardghlórach, ach ní chreideann aon duine iad! Mar shampla, táthar ag déanamh a mhór de Cheathrú an Titanic, forbairt níos mó ná £1 bhilliún in oirthear na cathrach, san áit ina mbíodh longlann Harland and Wolff.
Táthar ag dúil it is hoped
" Táthar ag dúil go mbeidh 10,000 duine ina gcónaí sa Cheathrú, ach ní fios an dtarlóidh sé choíche.
a táthar ag súil go dtiocfaidh which it is hoped shall come
" Ar an iomlán, cuirfidh an rialtas láir $15 billiún sa bhreis ar fáil do na rialtais dara leibhéil sna cúig bliana amach romhainn le dul i ngleic la fadhb na dífhostaíochta a táthar ag súil go dtiocfaidh de dheasca na géarchéime thuas.
Táthar ag súil fós It is yet hoped
" Táthar ag súil fós go laghdófar líon na ndaoine gan dídean 50 faoin gcéad roimh 2020.
Táthar ann a deir There are those who say
" Táthar ann a deir nár cheart go mbeadh Comhaltas ag fáil maoiniú ó Chiste na Gaeilge ar chor ar bith mar gur eagraíocht ealaíne iad, go príomha, a bhfuil cur chun cinn an cheoil Ghaelaigh mar phríomhchuspóir acu.
Táthar ag rá it is said
" Táthar ag rá go bhfuil an snúcar ag fáil bháis mar spórt mór lucht féachana, teilifíse agus urraíochta.
táthar ag súil it is expected
" Dearcadh eile ar an mhargadh I gcás an chomhshaoil, táthar ag súil go dtuigfidh ceannairí rialtais an ceacht céanna.
táthar ag súil le (it) is expected
" Reachtáilfear an Chomhdháil Idirnáisiúnta um Rialtas Áitiúil i gCill Airne ag tús na míosa seo, fágaim, agus táthar ag súil le freastal maith air.
táthar a rá it's said
" Fós féin, táthar a rá go bhfuil Obama ag glacadh le Lincoln mar eiseamláir agus go bhfuil an t-eolas aige ar an cheannaireacht a thug Lincoln don tír in uair na cinniúna.
táthar ag súil it is expected
" Gan amhras smaoinigh Apple ar an rud céanna agus táthar ag súil sar i bhfad go mbeidh iPhone i bpóca gach mac agus iníon máthar beo.
má táthar if one is
" Gaisce de dhéanamh Seamus Darby (nó Shane Lowry fiú) ag teastáil uaidh ar laethanta deiridh an Rialtais, má táthar le fanacht i gcumhacht.
Táthar it is
" Táthar ag súil go n-éireoidh leis an scéim fáil réidh leis na coiníní, na francaigh agus na luchóga atá ina bplá ar an oileán.
Táthar ag súil it is hoped
" Táthar ag súil, mar sin, nach bhfuil sa teannas reatha idir an dá thír ach gal soip, agus go gcothófar caidreamh taidhleoireachta dearfach arís idir an Astráil agus an tír mhór chumhachtach seo sa chomharsain againn.
Táthar ann there are those
" Táthar ann a deir nach bhfuil dóthain léitheoirí ná scéalta ná éileamh ann le haghaidh dhá nuachtán sheachtainiúil i nGaeilge.
Táthar ann there are people
" Táthar ann a déarfas gur i dtreo an neamhspleáchais a rachaidh Alba amach anseo, agus má théinn, beidh le rá gurbh iad an Lucht Oibre a chuir tús leis.
Táthar á iniúchadh it's being inspected
" Táthar á iniúchadh go fóill, ach ceaptar go bhfuil an cnap bruscair seo, lonnaithe i Mórghuairneán an Atlantaigh Thuaidh, chomh mór arís lena mhacasamhail san Aigéan Ciúin.
Táthar ann a mhaíonn there are those who claim
" Táthar ann a mhaíonn gurb iontach an rud é go bhfuil an cluiche nochta mar sin os ár gcomhair, agus de réir na hargóinte seo, treisíonn an fhollasacht nua an córas daonlathach a bhfuilimid in ainm is a bheith inár gcónaí.
Táthar people are
" Táthar míshásta mar go bhfuil bratach thíre eile – bratach na máthairthíre - mar chuid de.
táthar ag súil go mór it’s really hoped
" Is léir nár chuir an Dochtúir fiacail ann, ach táthar ag súil go mór nach dtiocfaidh an tuar faoina tairngreacht imeaglach.
táthar ag súil it’s expected
" Bhí an dúiche daoine i láthair ag an oscailt, ina measc an tAire um Ghnóthaí Leanaí, Francis Fitzgerald, a bhí ar cuairt chun na hAstráile, agus táthar ag súil go mbeidh na scórtha míle cuairteoirí ar an taispeántas, a leanfaidh go dtí deireadh mhí Iúil.
Táthar ag súil it’s expected
" Bhí mo bhean chéile agus mé féin ina measc agus labhair mise go dátheangach faoin áit is ansa liom in Éirinn - Gleann Cholm Cille, dar ndóigh! Táthar ag súil go dtaifeadfar scéalta go leor eile le linn an taispeántais.
Táthar is being
" Leanbaíocht na hAoise, nó an Mhallréir ======================= Táthar, agus beifear feasta, ag díriú airde ar an liogeolaíocht thar mar dhírigh siad riamh cheana.
táthar á sonrú go soiléir it’s certainly being noticed
" Tá athruithe móra tagtha ar an tír seo le blianta anuas, i ngan fhios dúinn, ach táthar á sonrú go soiléir le bliain anuas.
táthar ag tuar it’s being promised already
" Beidh an saothar Der Schrei der Natur, nó An Scread mar is fearr aithne air, á chur ar ceant ar an 2 Bealtaine i mbliana agus táthar ag tuar go mbainfidh an pictiúr íocónach seo luach $80 milliún amach.
táthar fós á iniúchadh it’s still being examined
" Cuireadh am ar leataobh ag an chruinniú dheireanach a bhí ag an bhord i mBéal Feirste len é seo a chíoradh agus de réir mar a thuigim, táthar fós á iniúchadh.
táthar imníoch le blianta beaga anuas faoina mharthanacht people have been worried about its survival for years
" Siocair Buairimh ======= Bíodh is go bhfuil cion ar an gcóála ag muintir na hAstráile, táthar imníoch le blianta beaga anuas faoina mharthanacht i ngeall ar roinnt tosca, lena n-áirítear athrú aeráide, caillteanas gnáthóige, galair, ionsaithe madra agus timpistí bóthair.
táthar le fiosrúchán eile á dhéanamh ar another inquiry is being held
" Sa bhreis air sin, táthar le fiosrúchán eile á dhéanamh ar an “Banphrionsa Gáis”, mar a thugtaí ar Tymoshenko tráth, i ngeall ar choireanna a rinne sí, mar dhea, agus í fós i mbun comhlacht mór fuinnimh i lár na 1990í; ina measc siúd tá claonchasadh agus baint a bheith aici le hiarracht Theachta Parlaiminte de chuid na hÚcráine a mharú, fear a bhí in iomaíocht léi i saol an ghnó.
táthar ag tuar it’s being claimed
" Sea, 58 mí! Tá an earnáil ag laghdú bliain i ndiaidh bliana le choir a bheith sé bliana anuas agus táthar ag tuar go mbeidh sé amhlaidh i 2013 fosta.
Táthar ag súil it’s expected
" Táthar ag súil go mbeidh ar na teifigh amuigh is istigh ar chúig bliana a chaitheamh sna hionaid ar na hoileáin bhochta iargúlta seo sula bhfaigheann siad meas ar a n-iarratas tearmainn, agus ní bheidh aon chinnteacht leo go bhfaighidh siad cead teacht chun na hAstráile.
Táthar ag tabhairt le fios anois people are becoming aware
" Táthar ag tabhairt le fios anois gur chreid sí go raibh an diabhal le díol nó bhí báire na fola éigin ar na bacáin, agus gurbh shin an fáth go raibh a teach lán le gunnaí.
Táthar ag súil it’s hoped
" Táthar ag súil nach mbeidh ach an t-ainm bunúsach i bhfeidhm ar ball nuair a théann muintir na tíre i dtaithí air de réir a chéile.
Táthar ann a mheasann there are those who feel
" Táthar ann a mheasann nach mbíonn sna hathruithe teangeolaíochta seo ach comharthacht, na húdaráis ag cur na gcaorach thar an abhainn.
Táthar ag súil go it’s expected that
" Táthar ag súil go dtiocfaidh suas le 300,000 duine ar cuairt chuig an chathair agus go mbeidh 20,000 ceoltóir ag glacadh páirte in imeachtaí éagsúla ceoil agus cultúrtha a dhéanfaidh ceiliúradh, chan amháin ar cheol traidisiúnta na hEireann ach ar an nasc láidir cultúir le hAlbain agus le tuaisceart Mheiriceá chomh maith.
Táthar ag caint anois there’s now talk
" Táthar ag caint anois ar gach saghas measúnú a thabhairt isteach ar léachtóirí agus ar choláistí agus an rud a mbeinn buartha faoi ná cé mhéad mac léinn go n-éiríonn leo dul ó bhliain amháin go bliain eile agus an chéim a chríochnú.
Táthar ag súil it's expected
" Táthar ag súil go dtiocfaidh suas le 80,000 cuairteoir chuig an taispeántas i nDoire.
táthar freisin go láidir den tuairim people are strongly of the opinion
" Ach má d'eascair éirí amach na Siria as seo, táthar freisin go láidir den tuairim go raibh na ceannaircigh ag fáil cúnaimh fhlaithiúil ó rialtais an Iarthair freisin, rialtais arbh fhearr leo Assad a fheiceáil titithe.
Táthar ag súil go mór it’s greatly expected
" Táthar ag súil go mór nach raibh i gceist leis an dearcadh cúngaigeanta ar mhná a léirigh Abbott ina ráiteas thuasluaite ach baois na hóige.
Táthar ann a deir there are those who say
" Leigheas Galar Súl ======== Táthar ann a deir nárbh fhéidir lena leithéid de chaidreamh fás ó shíol a chuirtear chomh éadomhain agus a chuirtear le Tinder: níl ach cuma fhisiciúil an duine tábhachtach ar an áis.
Táthar ann there are those
" Táthar ann ina measc a dhiúltaíonn scun scan glacadh leis an bhfocal ‘cogadh’ le cur síos ar an bhforéigean.
táthar ann a mheasann there are people who reckon
" Riachtanas na hInfheistíochta ============= A dhonacht is atá cúrsaí in earnáil déantúsaíocht na ngluaisteán abhus, táthar ann a mheasann go léiríonn an méid atá ag tarlú ann go mbeidh deireadh le hearnáil na déantúsaíochta ina hiomláine san Astráil sul i bhfad.
má táthar le dul i bhfeidhm ar if one is to influence
" I gcás na Gaeilge, tá tacaíocht an mhórphobail fíorthábhachtach má táthar le dul i bhfeidhm ar an Rialtas maidir le ceisteanna beartais.
Táthar i mbun leasuithe a chur i gcrích ar reforms are being made
" Táthar i mbun leasuithe a chur i gcrích ar na hábhair GCSE faoi láthair agus beidh an próiseas seo críochnaithe fán bhliain 2017: > “This spring, we will consult on our plans for the reform of the remaining GCSEs (and A levels).
táthar ag seoladh is being launced
" io i mbliana agus táthar ag seoladh Freeboard.
táthar ann there are those
" Ar ndóigh táthar ann nach dtugann mórán creidiúnt dá leitheid, ag rá go bhfuil an triail róghairid (5 nóiméad), nó gur cleas a bhí ann pearsa déagóra nach Béarla a phríomhtheanga a úsáid nó nach bhfuil fiúntas ar bith lena leithéid de dul chun cinn.
Táthar den tuairim the opinion is held
" Céard a dhéanfaidh an tUachtarán Obama lena ladrainn? Táthar den tuairim nach bhfuil na ceannaircigh ach caoga míle ó Bhagdad anois, agus gur beag atá ag seasamh idir iad agus an ardchathair.
táthar ag rá it is being said
" Tá ardmholadh á fháil aige agus táthar ag rá go bhféadfadh sé a bheith san iomaíocht d'ainmniúchán Oscar.
ach táthar ag súil it is expected
" Ní minic a thagann athrú ar rialtas náisiúnta na hAstráile, ach táthar ag súil go mbeidh ré an chomhrialtais reatha thart tar éis an chéad olltoghchán eile, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.