Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tugann sé drochíde di he treats her badly
" Téann sí le fear a bhfuil cuma chaoin air, ach tugann sé drochíde di.
Tugann siad neamhaird They don't pay attention
" Tugann siad neamhaird ar an bpíosa seo comhairle arís is arís eile, is dócha, mar nár chuala siad riamh é.
tugann sé le fios it implies
" Cén fáth a mbeadh orthusan a bheith ag smaoineamh i gcónaí ar dhearcadh an chuid eile den phobal mar gheall ar a slí mhaireachtála? Uasal le híseal atá i gceist leis an mbille seo, d’fhéadfaí a rá, mar gheall ar go dtugann sé le fios nach bhfuil daoine aeracha in ann cinneadh a dhéanamh maidir le ceann de na nithe is bunúsaí i saol an duine: a rogha céile.
tugann sé a brí it carries its own meaning
" Léiríonn an cultúr gnéithe de stair na tíre do dhuine agus tugann sé a brí agus a sainiúlacht féin leis.
tugann an stair le fios history shows
" Ar ndóigh tugann an stair le fios cén dochar gur féidir leis an duine a dhéanamh nuair a chuirtear, de chúis amháin nó de chúis eile, an daonnacht atá ann as a riocht.
Tugann sé ciall it brings meaning
" Tugann sé ciall don duine sa saol aige/aici féin.
tugann sé faoin sliabh takes off
" Baineann sé díoltas amach agus tugann sé faoin sliabh.
tugann siad aghaidh they head
" Agus ar ndóígh tá a shlí féin ag ainmhithe áirithe chun dul i ngleic leis an gheimheadh: codlaíonn cuid acu, ar nós na gráinneoige, an geimhreadh amach; agus fágann cuid acu, an fháinleog cuir i gcás, an tír ar fad agus tugann siad aghaidh ar thír a mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí ann.
tugann sé seo le fios it demonstrates
" Dar leis an iris Bretons, tugann sé seo le fios go bhfuil mórathrú tar éis teacht ar fhéiníomhá na Briotáine.
tugann sé cuireadh he invites
" Nó, an tseoid eile de radharc ag deireadh an scannáin: a chuid ráite ag Pat O Donnell, tugann sé cuireadh ar ais chuig an teach don fhear ceamara agus stiúrthóir, Risteard Ó Domhnaill; *“You’ve enough.
Tugann an stair le fios history tells us
" Tá ceist faoi Shinn Féin fosta: an mbeidh siad in ann athrú ó pháirtí radacach pobalach go páirtí a bhfuil tacaíocht leathan acu? Tugann an stair le fios gurb amhlaidh a tharlóidh.
Tugann siad Perussuomalaiset - na Fíor-Fhionlannaigh - orthu féin they call themselves the TFs
" Tugann siad Perussuomalaiset - na Fíor-Fhionlannaigh - orthu féin.
Tugann siad aird agus taca dá chéile they care and support each other
Tugann sé seasamh eile it gives another point in its favour
" Tugann sé seasamh eile don chomórtas nuair a fheiceann daoine go bhfuil daoine as Béal Feirste agus daoine as Baile Átha Cliath ag imirt ann.
Tugann Caoi Ruda Caoi Ruda Eile one finds a way forward
" Tugann Caoi Ruda Caoi Ruda Eile ============== Gineann cruachás láidreacht sa duine agus is beag a thuigeann Donna nuair a thacaíonn sí le feachtas chun stad a chur le loiscneoir áitiúil go bhfuil a saol ar tí athrú.
Tugann sé sárléargas dúinn he demonstrates perfectly
" Tugann sé sárléargas dúinn san agallamh leis sa leabhar Rogha Dánta air féin mar fhile agus mar dhuine.
Tugann sé le fios it goes to show
" Tugann sé le fios fosta nach féidir a bheith ag caint ar dhaonlathas i stát a cruthaíodh le go mbeadh móramh buan ag rannóg amháin den daonra.
Tugann sí orainn it prevails upon us
" Tugann sí orainn an saol a athmhúnlú is a thuiscint as an nua, dá réir.
tugann sé misneach dom it encourages me
" “Tá alltacht ar dhaoine áirithe faoin méid ata bainte amach ag na dojos ach tugann sé misneach dom go bhfuil glúin de chruthaitheoirí cumasacha ag teacht chun cinn”, a deir sé.
Tugann fear fá na foraoiseacha a man goes into the forest
" Tugann fear fá na foraoiseacha chun an bás a shaothrú, i gcuideachta na dtaibhsí is na sprid uilig, daonna, ainmhíoch agus flórach.
tugann sé sásamh ar leith it gives a certain pleasure
" Ní bhíonn ach achar gearr ama idir an coincheap agus an tseilf agus tugann sé sásamh ar leith don innealtóir an táirge a dhear sé a fheiceáil ag an phobal.
tugann sí aghaidh ar choirpeach cogaidh she takes on a war criminal
" Fad is atá sí lonnaithe ann, tugann sí aghaidh ar choirpeach cogaidh agus ar mhangaire drugaí, i measc slíomadóirí eile.
tugann na ceoltóirí blaiseadh the musicians give a taste
" ** Cosa gan Bhróga: ======= Céad díolaim iomráiteach Eithne Ní Uallacháin, Gerry O Connor agus Desi Wilkinson a eisíodh ar fhadcheirnín sa bhliain 1987, anois ar fáil ar dhlúthdhiosca don chéad uair! Ceolann Eithne ceithre amhrán ón traidisiún inar tógadh í agus tugann na ceoltóirí blaiseadh den fhómhar fhairsing a bhí cruinnithe acu um an dtaca sin.
Tugann an fhianaise le fios the evidence shows
" Tugann an fhianaise le fios nach n-athróidh na corparáidí móra seo béasaí as a stuaim féin.
tugann sé ola olóige agus cáis he brings olive oil and (parmesan) cheese
" In áit an champa san Ostair, tagann Luigi ar cuairt chuig Mokryna san Úcráin agus in áit na rudaí beaga fuaite a rinne sé mar bhronntanais di agus iad óg, tugann sé ola olóige agus cáis parmesan leis agus cuidíonn sé thart fána teach ag déanamh jabanna beaga dí.
Tugann tú Éireannach ort féin you call yourself Irish
" ” “Tugann tú Éireannach ort féin?” a dúirt sí, agus díchreideamh ina glór, “Agus níl aon chur amach agat ar an Modh Coinníollach?” Bhí sí ar tí imeacht uaidh nuair a chonaic sé go raibh cuileog ag snámh thart sa phionta Carlsberg a bhí sí ag ól.
Tugann sé deis it provides an opportunity
" Tugann sé deis do na cumhachtaí móra a dtionchar a imirt gan stró.
Tugann siad faoi they attempt it
" Tugann siad faoi ar mhaithe le sásamh pearsanta, glóir nó cáil, b’fhéidir duais agus ceisteanna sláinte.
Tugann sí sracfhéachaint ar she glances at
" Tugann sí sracfhéachaint ar an nglac grianghraf atá ann de, é ar an trá i mBinn Éadair agus ag ól ag Teamhair.
Tugann sé uchtach mór do it’s great encouragement to
"Tugann sé uchtach mór do Chomhaltas Charraig Mhachaire Rois agus d’Oidhreacht Mhachaire Cluaine an séadchomhórtha seo a bheith crochta do Phádraig Ó Beirn.
tugann sé spléachadh léargais it gives a glimpse of insight
" Léiríonn an saothar ceiliúradh ar an saol Pan-Aithneach agus tugann sé spléachadh léargais ar shaol diamhair rúnda sheansibhialtacht na Gréíge .
Tugann na staidrimh surveys give
" Is Tábhachtaí Ceist an Ocrais ná Aon Ní =============== Tugann na staidrimh léiriú níos doimhne ar ghéarchéim na bhfiacha pearsanta agus ar acmhainní an teaghlaigh.
tugann sé le fios dúinn it shows us
" Má dhéanann breithiúnas na Cúirte Uachtaraí i 2008 i Louise O’Keeffe vs Leo Hickey, The Minister for Education and Science, Ireland and the Attorney General rud fiúntach ar bith, tugann sé le fios dúinn gur gealltanas bréagach é an gealltanas sin a chur i gcoinne maoiniú creidimh.
tugann sé leid he gives a hint
" Níl fuíoll molta fágtha ag PJ Mac Gabhann ar Brides-les-Bains mar bhaile saoire in Alpa na Fraince agus thairis sin tugann sé leid san alt seo chun tranglam tráchta deireadh seachtaine na Fraince a sheachaint.
Tugann moill meabhair delay means time to consider
" Tugann moill meabhair, nó is cosúil gur an-tomhasta a chas ceamaraí David Simon, fear The Wire, nuair a thug sé faoi Treme a cheapadh i New Orleans.
Tugann Maura Lynskey aird i dtólamh Maura Lynskey always pays attention to
" Tugann Maura Lynskey aird i dtólamh ar fheiceálacht na teanga seo ar chomharthaí bóthair na tíre.