Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tagtha in inmhe matured
" Ach de réir mar a chuaigh an seanteilifíseán i gcúinne an tseomra suite in aois, cuireadh ceann níos nua-aimseartha ina áit - ceann leis an bhfearas draíochta sin: an cnaipire! Obair cheannródaíoch ======= Tá Aertel agus a lucht féachana tagtha in inmhe go mór ó na nóchaidí ach ní mór an méid thuas a chur san áireamh lena thuiscint go raibh go leor oibre le déanamh laistigh den bhliain thrialach chun spéis phobal na Gaeilge a mhúscailt le leas a bhaint as an tseirbhís nua - seirbhís fhaisnéise a bhí glan difriúil ó na foinsí eile a raibh taithí ag an bpobal sin orthu ar nós páipéar nuachta agus irisí.
tagtha in inmhe grown up
" Dúshlán mór ======= Ní beag an rud é tabhairt faoi thionscadal mar sin nuair atá tú tagtha in inmhe agus d'inchinn chomh crua le cloch! Ach d'airigh mé gurbh é sin an rud ba thabháchtaí ar an saol an uair sin, cé gur mhór an dúshlán é.
atá tagtha chun cinn which have emerged
" Agus ní thiocfadh linn gan tagairt a dhéanamh don raic agus rírá a bhí ann nuair a d'oscail *The Life of Brian*, le Terry Jones, i 1979, scannán ina ndearna an drong sin ó Monty Python scigmhagadh ar chuid de na cleachtais atá tagtha chun cinn i measc na gCríostaithe le dhá mhíle bliain anuas.
atá tagtha chun cinn that have emerged
" Tá gá le hathrú nó dhó, dar liom, chun deireadh a chur le cuid den streachailt agus den tarraingt atá tagtha chun cinn le tamall anuas.
a bhí tagtha chun cinn that had emerged
" Cúis imní ab ea an litir seo don Choimisinéir Teanga mar gur mheas sé go raibh brí úrnua á baint as na ciorcláin mar chosaint ar nósanna agus cleachtais a bhí tagtha chun cinn i ranna ar leith.
tá athruithe móra tagtha big changes have come
" Idir an dá linn, ámh, tá athruithe móra tagtha.
tá athruithe tagtha ar an tsochaí. society has changed.
" Bhí an córas oiliúna atá ann oiriúnach go maith am amháin ach anois tá athruithe tagtha ar an tsochaí.
a bhí tagtha chun cinn which had emerged
" Ní tharlódh sin, áfach, murach an smaointeoireacht nua radacach a bhí tagtha chun cinn sa tréimhse idir 1968 agus 1972.
tá sé tagtha chun solais le déanaí it has come to light recently
" Íoróin, mar tá sé tagtha chun solais le déanaí gur lean Jefferson ar aghaidh lena sheilbh ar sclábhaithe tar éis gur scríobh sé fógra neamhspleáchais Mheiriceá i 1776, ach is cosúil anois go léiríonn fianaise DNA gur fhág sé páistí ar dhuine de na sclábhaithe seo, Sally Hemings.
Tá glúin úr tagtha i méadaíocht a new generation has grown up
" Tá glúin úr tagtha i méadaíocht in Éirinn a bhíonn ag dréim go mbeadh nuacht ar fáil ar líne am ar bith den lá saor in aisce.
nach bhfuil muid tagtha slán uaithi from which we have not been safely delivered
" Ach ghread na gunnadóirí leo isteach sa scéal agus cuireadh tús le tréimhse áir nach bhfuil muid tagtha slán uaithi go fóill.
go bhfuil siad an-ghafa leis na fadhbanna éagsúla atá tagtha chun cinn le gairid. that they are very busy with the various problems which have come up recently
" B’fhéidir gurb é is cúis lena n-easpa gnímh i dtaca le polasaithe a athrú ná go bhfuil siad an-ghafa leis na fadhbanna éagsúla atá tagtha chun cinn le gairid.
tagtha i líon na rannpháirtithe. in the amount of participants
" Agus cionn is go dtéann an clár amach beo ar TG4, caithfear réamhchomórtas a reáchtáil sa dóigh is nach maireann an comórtas níos faide ná fad an chláir féin!Léiríonn seo ar fad an oiread suime is atá ag daoine sa cheird anois – rud atá go hiontach nó níl sé i bhfad ó shin ó bhí an t-iomrá ag dul thart go gcuirfí deireadh leis an chomórtas mar go raibh laghdú chomh mór sin tagtha i líon na rannpháirtithe.
a bhí tagtha ansin ó gach cearn den domhan which had come from every corner of the world
" Bhí cuid de na daoine dóighiúla a sheas os comhair bholgáin na ngrianghrafadóirí agus os comhair na gcriúnna teilifíse a bhí tagtha ansin ó gach cearn den domhan lán dóchais go mbeidís ag imeacht abhaile ag deireadh na hoíche agus deilbhín beag clúiteach faoina n-ascaill acu.
bhí mé tagtha chugam féin I had recovered
" Thug siad péire úr dom, agus tamall beag ina dhiaidh sin bhí mé tagtha chugam féin arís.
go bhfuil an t-earrach tagtha that spring has come
" Agus carrchlós an tsiopa Woodies DIY lán, bíonn a fhios agat go bhfuil an t-earrach tagtha in Éirinn.
tagtha chun críche. over
" Ag deireadh na nóchaidí, thug an Pentagon airm bhreise do na fórsaí póilíneachta timpeall na tíre mar gheall ar an gCogadh Fuar a bheith tagtha chun críche.
atá tagtha chun cinn which has emerged
" Tá físiriseoireacht ar siúl agam i gcomhar le cur chuige eile atá tagtha chun cinn i saol na teilifíse le blianta beaga anuas: an t-iriseoir a bheith lonnaithe sa phobal ar mian leis a scéal a insint.
Tá meath tagtha ar a cuid imeartha her playing has declined
" ***Míbhuntáistí:* **Tá meath tagtha ar a cuid imeartha ar an mallaibh.
atá tagtha i méadaíocht that has grown up
" Rud eile atá go maith ná go bhfuil an-chur amach ar an teicneolaíocht ag an nglúin atá tagtha i méadaíocht le deich mbliana anuas.
tagtha i méadaíocht grown up
" ” Ach tá scaoll tagtha faoin ngnáthdhuine, gan amhras – go háirithe faoin nglúin atá tagtha i méadaíocht le tríocha bliain anuas.
atá tagtha chun cinn which has emerged or come to the fore
" Ó thaobh an dearcaidh nua tuaithe atá tagtha chun cinn sa Pháirtí Poblachtánach, is ionadaí maith í Sarah Palin.
borradh mór tagtha faoina líon an increase has occurred in
" Léirigh taighde Uí Bhraonáin nach bhfuil aon laghdú tagtha ar líon na mbunmhúinteoirí fireanna in Éirinn le 75 bliain anuas ach gur amhlaidh go bhfuil a gcóimheas le hais líon na mbanmhúinteoirí titithe go mór mar go bhfuil borradh mór tagtha faoina líon siúd.
dea-shéasúr tagtha good season has landed
" Agus tá na comharthaí sóirt ar fad ann go bhfuil an dea-shéasúr tagtha.
tagtha ar an bhfód come into being
" Níl ann ach go bhfuil bonneagar nua tagtha ar an bhfód atá ag bagairt ar mheanma na hóige agus ag teacht salach ar na daoine is goilliúnaí inár measc.
tagtha in
" Agus ó bunaíodh Raidió na Gaeltachta, agus TG4 ina dhiaidh sin, tá tráchtairí breátha Gaeilge tagtha chun cinn a bhfuil Mícheál Ó Sé agus Seán Bán Breatnach ar na máistrí ó thaobh na gcluichí agus na teanga ar aon.
tagtha is imithe has come and gone
" Comhairim na laethanta is faighim amach go bhfuil mí Feabhra, leis, tagtha is imithe ar nós brionglóide.
tagtha chun solais come to light
" Scéal suimiúil atá tagtha chun solais le déanaí ná go bhfuil Karl Rove, comhairleoir George W.
tagtha chun deiridh has come to an end
" Anois, tá turgnamh mór an Chomhaontais Ghlais tagtha chun deiridh anois agus tá an rás rite acu.
tagtha chucu féin recovered
" Mar a tharla, bhí go leor scéalta faoi imreoirí a bhí gortaithe, cuid acu nuaghortaithe, cuid eile gan imirt le sealanna éagsúla ama agus cuid eile tagtha chucu féin i ndiaidh a ngortaithe.
tagtha chun tosaigh has come to the fore
" Uirlis atá tagtha chun tosaigh sa Bhreatain le bliain nó dhó anuas ná an ‘sárurghaire’ a chuireann cosc ar nuachtáin eolas a chur i gcló faoi chaidrimh ghnéis sheachphósta a bhíonn ag daoine cáiliúla áirithe.
tagtha ar cuairt come to visit
" ‘An bhfeiceann sibh, a chlann,’ a deir sí le lán an tseomra, ‘tá ceoltóir as Éirinn tagtha ar cuairt chugainn.
bhí tagtha as cian had come from afar
" Díthreabhach i bhFolach ======== Níor mise an t-aon mhúinteoir a bhí tagtha as cian.
turas tagtha chun chríche journey has come to an end
" Ní rud neamhchoitianta é i gcás daoine atá gafa le spórt thar thréimhse ama, go mbraitheann siad faoiseamh, frithbhuaic fiú, thar aon bhrath eile nuair atá an turas tagtha chun chríche.
tá méadú tagtha ar líon na ndaoine the number of people increased
" Ós rud é go bhfuil na céadta míle imirceach tar éis cur fúthu sa tír seo ó na nóchaidí ar aghaidh, tá méadú tagtha ar líon na ndaoine a dteastaíonn uathu bheith ina saoránaigh Éireannacha, stádas a mbainfí tairbhí éagsúla as.
tagtha in inmhe matured
" Inárritu tagtha in inmhe, níos aibí ná mar a bhí fiú in ‘Amores Perros’, ‘21 Grams’ agus ‘Babel’.
tagtha inár láthair presented himself to us
" An Clár Tacaíochta Teaghlaigh: ============= Ar an gcéad dul síos bhí an tAire Stáit tagtha inár láthair chun an Clár Tacaíochta Teaghlaigh, a bheadh ag tíocht i gcomharbacht ar Scéim Labhairt na Gaeilge a fhógairt.
Tá tú tagtha ar aghaidh go mór you’ve really progressed
" (Bernard Dunne) Tá mo Ghaeilge an-difriúil ó bhí muid ag caint cheana, nach bhfuil? **CMS (Colm Mac Séalaigh) Tá tú tagtha ar aghaidh go mór.
tagtha ar an saol created
" Is beag an uaillmhian atá ag an stát más é an toradh atáthar á lorg tar éis ceithre bliana déag ‘ag foghlaim’ na teanga ná go mbeadh glúin úr de ‘Aindiacha na hArdteiste’ (thuasluaite) tagtha ar an saol.
An Deis Tagtha Faoi Dheireadh Thiar the opportunity has finally arrived
" An Deis Tagtha Faoi Dheireadh Thiar ================= Nuair a thit an tóin as an chóras dhomhanda airgeadais sa bhliain 2008, cuireadh ceisteanna bunúsacha faoi chruth, faoi struchtúr, agus faoi chothroime an chórais chaipitlíoch ar fad.
beag an t-athrú atá tagtha ar scéal little has changed
" Léiríonn scéal Rana Plaza, agus roinnt eile tubaistí oibre san Áis le bliain anuas, gur beag an t-athrú atá tagtha ar scéal na gcoinníollacha oibre sna críocha sin.
bhuíon troda ad hoc tagtha ar an saol a band of fighters materialized on the spot
" I bhfaiteadh na súl, bhí dream a ndéanfaidh mé cur síos air mar bhuíon troda ad hoc tagtha ar an saol san áit a raibh mise agus cuid mhór iriseoirí eile, ag ceann an léirsithe.
bhfuil feabhas mór tagtha ar chúrsaí slándála security has improved greatly
" An ceann is simplí, go bhfuil feabhas mór tagtha ar chúrsaí slándála – is fairsinge i bhfad iad na haláraim tí anois ná mar a bhí siad deich mbliaina ó shin, tá gaireas frithghadaíochta ar na gluaisteáin, agus tá TVI ag an chuid is mó de na siopaí.
athruithe móra tagtha big changes have taken place
" Ach tá athruithe móra tagtha ar an mbealach a bhfaightear na torthaí le cúpla bliain anuas.
tagtha ar an líon fostaithe san earnáil seo occurred in the number of employees in this sector
" Mar gheall air sin, tá titim 13,000 tagtha ar an líon fostaithe san earnáil seo.
tagtha i méadaíochta come forth
" Is bocht an teist ar an stát nach bhfuil glúin d'intleachtóirí tagtha i méadaíochta le 90 bliain anuas atá in innimh feidhmiú ins an dá theanga oifigiúil atá againn.
tá glúin tagtha ina dhiaidh a generation has come after him
" Bhí an chúilfhéith i bhfad siar ar Mháirtín agus luigh an ráiteas le ciall ag an am, ach tá glúin tagtha ina dhiaidh a bhfuil an cultúr le bheith casta ina thráchtáil acu.
meath leanúnach tagtha ar líon léitheoireachta a continual fall off in the number of readers
" Léiríonn figiúirí ón Audit Bureau of Circulation go bhfuil meath leanúnach tagtha ar líon léitheoireachta phríomhnuachtáin na hÉireann agus dhruid nuachtáin aitheanta ar nós an *Sunday Tribune* agus *Irish Daily Star Sunday* le dornán blianta anuas.
maolú mór tagtha ar chumhacht an Stáit the power of the state has greatly diminished
" Is é atá i gceist leis seo ná go bhfuil maolú mór tagtha ar chumhacht an Stáit i réimsí raidhsiúla mar thoradh ar an domhandú.
an borradh a bhí tagtha the increase which had happened
" I dtuairisc a d’eisigh an Rapporteur Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna Imirceach níos luaithe i mbliana, cáineadh an borradh a bhí tagtha faoin gcoinneáil mar uirlis i mbainistiú na hinimirce san Aontas Eorpach cé nach bhfuil aon fhianaise go ndéanann an choinneáil a n-uchtach a bhaint de na daoine a dteastaíonn uathu triall ar an Eoraip.
bhfuil toradh maith tagtha ar a good result has come in
" Tá mé sásta go bhfuil toradh maith tagtha ar an gcéad cheann de na tionscnaimh sin – ‘An Óige agus an tÉireannachas’.
tagtha i láthair had arrived
" Seachas oíche ar bith d'oícheanta an tsaoil, bhí lán a' tí de lucht labhartha na Breatnaise tagtha i láthair don Schubertiade.
fé’n ngréin tagtha in the sunlight has arrived
" com/tracks/128141272&color=007c21&auto_play=false&show_artwork=false"></iframe> Tá seal Steve Mc Queen fé’n ngréin tagtha.
Níl aon fhianaise shoiléir tagtha chun cinn no clear evidence has come forth
" ie>): ‘Níl aon fhianaise shoiléir tagtha chun cinn go fóill a léiríonn go raibh daoine in Éirinn i rith na tréimhse Pailéilití (Seanré na Cloiche) tráth ina raibh cuid mhaith d’Éirinn faoi oighearchlúideacha.
tagtha chun deiridh has ended
" Sa dán Aros Mae'r Mynyddau Mawr atá na línte: Tá an seanfhód álainn i lámha eile An tseanchomharbacht tagtha chun deiridh An té ar leis an áit ag tabhairt cúl le cine Agus cúl le talamh spré agus cleamhnais.
Tá tuairiscí tagtha chugam I’ve received reports
" Tá tuairiscí tagtha chugam ó mhúinteoirí óga Gaeilge faoi eachtraí maistíneachta agus ciníochais.
bhfuil laghdú tagtha ar an líon oibre the amount of work (available) has fallen off
" Feiceann Muireann go bhfuil laghdú tagtha ar an líon oibre atá ar fáil agus go bhfuil ‘race to the bottom’ i gceist leis an ghairm chomh maith le neart tionscal eile in Éirinn.
tagtha ar ais chuici féin recovered
" Cuireann caint ar scarúnachas eagla ar lucht votála Québec go minic - i rith na seachtóidí d’imigh go leor comhlachtaí agus tionscadail ó Mhontréal – an chathair is mó sa chúige - go Toronto le reifreann ar scarúint á thógáil ag muintir Québec agus níl an chathair tagtha ar ais chuici féin ó shin ó thaobh an gheilleagair de.
mórán laige tagtha ar (not) much weakened
" Níl mórán laige tagtha ar an nGaeilge sa Spidéal ó shoin, ach tá meath mór tarlaithe taobh thiar den Spidéal, faraor.
gan dada tagtha ina n-ionad nothing has come in their place
" Tá na seanmhúnlaí briste agus ag dul in éag, ach gan dada tagtha ina n-ionad.
creimeadh tagtha ar rot has set in
" Ba dheacair don bhall is dílse do pháirtithe an rialtais a mhaíomh nach bhfuil creimeadh tagtha ar an phróiseas daonlathais mar thoradh ar an chinneadh deireadh a chur le toghcháin do Bhord Údarás na Gaeltachta.
atá tagtha chun cinn who have emerged
" Tá Ciarán Ó Con Cheanainn ar dhuine den ghlúin óg amhránaithe sa stíl dhúchasach atá tagtha chun cinn le blianta beaga anuas.
tagtha i méadaíocht grown up
" Agus é tagtha i méadaíocht, áfach, chinn Conchobhar ar luí isteach ar fhoghlaim na teanga.
cuid de na hathruithe is mó atá tagtha chun cinn some of the changes which have come to light
" San alt seo, déanann Colm Ó Snódaigh cuid de na hathruithe is mó atá tagtha chun cinn le tamall anuas a phlé.
Is iomaí conspóid atá tagtha chun cinn many a controversy has come up
" Is iomaí conspóid atá tagtha chun cinn ón uair a toghadh an Comhrialtas sé mhí ó shin.
tagtha ar líon na ndaoine atá ag déanamh na scrúduithe in the amount of people who do the exam
" Ó cuireadh tús le Teastas Eorpach na Gaeilge (teg) in 2005, tá méadú mór tagtha ar líon na ndaoine atá ag déanamh na scrúduithe gach bliain.