tugtha don chócaoin
addicted to cocaine
Bhí turas timpeall Havana againn le tiománaí a bhí
tugtha don chócaoin agus a bhí ag tiomáint go han-dainséarach.
tugtha don ól
given to drinking
An té a bheadh 'wedi fod yn **yfe**d' (= **ibh**the/ólta), nó 'in**eb**riated', an té a raibh a shá 'imbibed' aige, is dóigh go nglacfaidh sé le teoiric ar bith! Más
tugtha don ól é, an duine bocht céanna, b'fhéidir gur Ó Meadhchair/Meachair a bheadh air, tharla go gciallaíonn a shloinne 'cara (na) meá'! Níl mé a rá, áfach, go bhfuil éinne ar m'aithne darb ainm Lifechair Ó Meachair faoi bhruach na Life sa lá inniu.
Bhínn an-tugtha don tobac draíochta
I used to be very addicted to magic cigarettes
Bhínn an-tugtha don tobac draíochta le linn laethanta na hollscoile.
tugtha go hiomlán don chluiche
totally taken with the game
Deis a bhí ann dom faoiseamh a fháil ó leadrán an Domhnaigh ar dtús ach níorbh fhada go raibh mé
tugtha go hiomlán don chluiche.
tugtha traochta
totally exhausted
Nuair a tháinig siad ar ais as Meiriceá ag tús mhí na Nollag, deir Colm go raibh siad
tugtha traochta.
ach tá céim chun tosaigh tugtha againn anois
but we've taken a step forward now
Tá staid na tíre ag cur ráiteas ciniciúil i gcuimhne dom: "Bhíomar ar bhruach aille inné,
ach tá céim chun tosaigh tugtha againn anois.
tugtha traochta
worn out
Fuair sí bás ar ghlúin a máthar agus ní raibh a fhios ag an bhean bhocht, a bhí
tugtha traochta i ndiaidh oícheanta gan chodladh a chaitheamh ag faire go himníoch ar an pháiste, go raibh sí caillte.
tugtha don teanga
very taken with the language
Is cinnte go bhfuil mé cineál
tugtha don teanga.
tugtha don ólachán
hooked on drink
Tá go leor déagóirí atá go fóill ar scoil
tugtha don ólachán agus cuireann sé seo isteach ar an tinreamh scoile, go háirithe gach maidin Dé Luain.
d'éirigh sé tugtha don ól
he became addicted to drink
Chuaigh sé go Sasana agus
d'éirigh sé tugtha don ól - scéal sách coitianta i measc na bhfear a chaith seal i Leitir Fraic.
tugtha don chóicín
addicted to cocaine
Tháinig méadú ar an líon daoine ar cuireadh cóir leighis orthu de bharr iad bheith
tugtha don chóicín ó 86 i 1998 go 155 in 2002, agus mhéadaigh an líon daoine a raibh fadhb acu leis an eacstais ó 835 i 1998 go 1,615 in 2002.
tugtha riamh do phaidreacha
given to prayers
Ní duine thú a bhí
tugtha riamh do phaidreacha.
an-tugtha don spórt
very taken with sport
Nuair a bhíos i mo ghasúr ag fás aníos i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, bhíomar go léir
an-tugtha don spórt agus bhí sé de nós ag gasúir ceist a chur ar a chéile i dtaobh na foirne ar thug siad tacaíocht di.
tugtha don choireacht
given to crime
Tar éis an tsaoil, mar a dúirt a mhac, ba “freelance Irish guy” é Jimmy McBratney, a raibh sé amuigh air go raibh sé
tugtha don choireacht.
an-tugtha don ola
hooked on oil
“Tá an tír seo
an-tugtha don ola.
tar éis neamhaird a bheith tugtha ar na fadhbanna acu
after they had ignored the problems
Tá daoine ann a déarfadh gur fheil cruinniú mar seo don rialtas feidearálach, go dtabharfadh sé le tuiscint don phobal go raibh rud éicint ar siúl acu
tar éis neamhaird a bheith tugtha ar na fadhbanna acu le deich mbliana.
tugtha fá thús na gcaogaidí
over by the beginning of the Fifties
Murphy, le hiarracht den gceart aige, go raibh seal Dev mar pholaiteoir / státaire
tugtha fá thús na gcaogaidí.
tugtha ag an Aire Comhshaoil,
given by the Minister for the Environment,
Tá cuid de seo ar na bacáin cheana féin agus leideanna
tugtha ag an Aire Comhshaoil, Dick Roche, go mbeidh beartas éigin i gCáinaisnéis 2007 ina leith, más fíor.
óir tá maithiúnas tugtha aici dom!
because she has forgiven me!
Agus tá an fonn thart agus tá meangadh ar aghaidh Mark agus tá a fhios agam nach gá dúinn éisteacht leis an méid atá déanta agam
óir tá maithiúnas tugtha aici dom!
Tharla an eachtra sin coicís ó shin.
bhí sé tugtha do scéalta a insint,
he was inclined to be telling stories,
Rugadh é in Sussex sa bhliain 1948 agus, de réir cara óna óige,
bhí sé tugtha do scéalta a insint, fiú agus é in aois scoile.
tugtha faoi deara
noticed
Le roinnt mhaith blianta anuas, tá an t-ainm Bob Welch
tugtha faoi deara agam in áiteanna éagsúla.
níl samhradh tugtha agam i dteannta mo thuismitheoirí
I haven't spent a summer with my parents
“Bhí mé an-neamhspleách riamh; chuaigh mé sna gasóga nuair a bhí naoi nó deich mbliana agam agus
níl samhradh tugtha agam i dteannta mo thuismitheoirí ó shin! Bhí mé an-ghníomhach agus an-chróga nuair a bhí mé óg, ní raibh mé riamh cúthail.
a bhfuil neamhaird iomlán tugtha ag na cainéil eile orthu
who have been completely ignored by other channels
Measann sé freisin gur chóir do TG4 “díriú isteach ar an sciar sin daoine
a bhfuil neamhaird iomlán tugtha ag na cainéil eile orthu – *cliché *atá anso, ach is éard atá i gceist agam ná muintir na tuaithe.
Níl áit ar bith tugtha dóibh sa stair.
They have been given no place in history.
Níl áit ar bith tugtha dóibh sa stair.
níl bata agus bóthar tugtha ag scríbhneoirí dóibhsean.
writers haven't gotten rid of them
Ach, murab ionann agus go leor ceoltóirí,
níl bata agus bóthar tugtha ag scríbhneoirí dóibhsean.
atá tugtha faoi deara agam
which I have noticed
Cor eile
atá tugtha faoi deara agam ná go bhfuil an t-aos óg ag briseadh amach agus go dteastaíonn uathu a rian fein a fhágáil ar an chineál seo damhsa.
tugtha
spent
An phríomhchúis, de réir dealraimh, ar éirigh sí as an obair theilifíse ná go raibh sí
tugtha traochta.
tugtha traochta.
totally exhausted.
An phríomhchúis, de réir dealraimh, ar éirigh sí as an obair theilifíse ná go raibh sí
tugtha traochta.
níl sé tugtha don ghlagaireacht.
he is not prone to waffle, empty talk
B’éigean dom an luas a mhaolú agus mé ag éisteacht leis an téip! Ach chomh maith leis sin, níl aon chacamas ag baint leis agus
níl sé tugtha don ghlagaireacht.
níl sé tugtha don ghlagaireacht
he is not prone to waffling, small talk
B’éigean dom an luas a mhaolú agus mé ag éisteacht leis an téip! Ach chomh maith leis sin, níl aon chacamas ag baint leis agus
níl sé tugtha don ghlagaireacht.
tugtha don amhránaíocht
giving to singing
An bhfuil Cathy Jordan san aicme chéanna den traidisiún le Dervish a d’fhiafraigh mé dí ansin?
Deir Cathy go mbíodh a tuismitheoirí agus a muintir go léir
tugtha don amhránaíocht agus don cheol nuair a bhí sí óg agus bhíodh an-mhórán seancheirníní sa teach, idir cheol traidisiúnta agus cheol tíre as Meiriceá.
a oiread sin aitheantais tugtha
as well recognized
Bhí léachtaí ann chomh maith faoi chuid de na pearsana nach bhfuil
a oiread sin aitheantais tugtha dóibh, ar nós an Árannaigh, Tom Ó Flaithearta, fear a raibh lámh aige i mbunú Páirtí Cumannach na Stáit Aontaithe.
tugtha faoi deara
noticed
Bhí sé
tugtha faoi deara ag an úinéir go raibh go leor dá chuid custaiméirí ag dul chuig an sandwicherie áitiúil chun ceapaire agus deoch a cheannach ag am lóin in ionad teacht chuige.
tugtha faoi deara agam
I have noticed
Ach le roinnt ama anuas, tá sé
tugtha faoi deara agam go n-ardaítear i gcónaí ábhar conspóide éigin sna sála ar aon drochnuacht eacnamaíochta.
tugtha faoi deara
noticed
Ceann de na rudaí is tábhachtaí atá
tugtha faoi deara agam anseo, agus a ndéanfaidh mé tréaniarracht a chur ina luí ar mo chairde sa bhaile, ná an bhraistint soirbhíochais atá le brath fud fad na háite abhus.
an-tugtha don ól
very given to drinking
Déanann sí cinnte de go dtitfidh sé i gcuideachta fir eile atá
an-tugtha don ól.
tugtha acu
who have spent
Ní hamháin sin ach tá Gaeilge chomh maith sin aici gur éirigh léi post a fháil i bhforas tríú leibhéal agus an Ghaeilge mar theanga oibre aici (2007-08), dúshlán a sháródh an chuid is mó de mhuintir na tíre seo a bhfuil 14 bliain
tugtha acu ag foghlaim na teanga ar scoil.
tugtha
is over
Tá na blianta fada printíseachta thart agus seal gach seanleithscéal
tugtha.
geallúint tugtha
promise given
Tá
geallúint tugtha ag an Aontas Eorpach (AE), Banc Ceannais na hEorpa (BCE), an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), agus ag trí thír Eorpach nach bhfuil an euro mar airgeadra acu – an Bhreatain, an tSualainn agus an Danmhairg – go dtabharfaidh siad €67.
tugtha
given
- más é an toradh gur cuireadh moill bliana ar fheidhmiú na straitéise ar mhaithe le líon beag athruithe? An próiseas in aisce a bhí ann?
An Scoilt?
====
Ach d’ainneoin sin, tá a mbeannacht
tugtha ag an fhreasúra don Straitéis.
tugtha
has given
Bheartaigh siad go mba mhaith an rud é go mbeadh aitheantas
tugtha ar bhealach éicint don chaiteachas sin.
tugtha
given
Is dream atá
tugtha don imirt iad muintir na hAstráile agus tá beagnach gach saghas cearrbhachais dleathach abhus dá bharr.
tugtha chun aibíochta
brought to fruition
Fómhar luath beart umhlaíochta sa Gháirdín Chuimhniúcháin
tugtha chun aibíochta.
a seal geall le bheith tugtha
his time is almost up
Conas mar a bheidh ag na páistí ina éagmuis? Níl fhios acu, ná ag éinne, go bhfuil
a seal geall le bheith tugtha.
agus sracfhéachaint tugtha
having glanced
‘Goulash!’ arsa mise
agus sracfhéachaint tugtha agam ar an mbiachlár.
iad an-tugtha don chluiche
they are captivated by the game
A Oiliúint is a Oidí
========
Imríonn muintir Dhaithí uile leadóg agus
iad an-tugtha don chluiche sin.
ar a laghad tugtha
at least spent
Tá orthu a bheith tagtha go dtí na Stáit sula raibh siad 16 bliain d’aois agus cúig bliana
ar a laghad tugtha acu sna Stáit.
raibh neamhaird tugtha do thaithí na n-imirceach
the emigrants experience went unheeded
Léacht Eolais
=====
Dúirt sé linn go
raibh neamhaird tugtha do thaithí na n-imirceach, go mór mór nuair atá ‘imirce neamhbhuan’ i gceist.
níl an tarna rogha tugtha
no other choice has been given
Tuigim go maith go bhfuil raic fúthu ach
níl an tarna rogha tugtha ag Aontas na hEorpa don rialtas ach na portaigh a chaomhnú, bíodh raic ann nó ná bíodh.
aitheantas tugtha
recognized
Mar is léir, tagann drochthréithe an duine chun cinn sa spórt chomh maith le comhthéacs ar bith eile - ciníochas, falcaireacht, dópáil, maistíneacht, bréagadóireacht, troid, achrann ar pháirceanna, ionsaithe ar réiteoirí, alcólachas agus cearrbhachas (tá
aitheantas tugtha ag CLG don fhadhb seo), drochíospairt leanaí agus daoine óga (dhearbhaigh an sárdhornálaí clúiteach Sugar Ray Leonard gur thug traenálaí drochíospairt dó agus é i mbun traenála do na cluichí Oilimpeacha mar shampla).
tugtha chun cineáil go héiritheach
has been cultivated successfully
Tá síol na tuisceana áirithe seo préamhaithe go doimhin agus faoi bhláth i measc an phobail anois sa tslí is gur féidir linn a rá go bhfuil lus na seirce
tugtha chun cineáil go héiritheach ag rachmasóirí na cruinne.
Cé nach bhfuil aon leid tugtha
although no hint has been given
Cé nach bhfuil aon leid tugtha ag Brian Ó Drisceoil féin faoi bheith ag éirí as an rugbaí is deacair gan a bheith den tuairim gur luath seachas mall a tharlóidh sin.
tá droim láimhe tugtha go hiomlan don láimh láidir
we’ve turned our backs entirely on violence
Táimid imithe go hiomlán i dtreo na polaitíochta reachtúla ó thaobh Éire shaor 32 contae a chur chun cinn agus
tá droim láimhe tugtha go hiomlan don láimh láidir sa bpróiséas sin ar fad.
raibh cuireadh tugtha
do an invitation made to
Tá cúig mhí dhéag caite ó fógraíodh go caithréimneach ‘go
raibh cuireadh tugtha do 6 cheantar pleanála teanga tosnú láithreach’ leis an bpleanáil teanga.
an-tugtha go fóill don
still very occupied with
Tá Éire
an-tugtha go fóill don talk show agus cé nach bhfuil siad chomh trom is a bhíodh siad, níl siad tugtha suas don tsiamsaíocht ar fad mar atá thall le cláracha Graham Norton agus Jonathan Ross.
níl siad tugtha suas don tsiamsaíocht ar fad
they’re not devoted entirely to pleasant diversion
Tá Éire an-tugtha go fóill don talk show agus cé nach bhfuil siad chomh trom is a bhíodh siad,
níl siad tugtha suas don tsiamsaíocht ar fad mar atá thall le cláracha Graham Norton agus Jonathan Ross.
nach bhfuil cuireadh tugtha
who haven’t received an invite (from us)
Tá an-chuid déanta ó na nóchaidí ar aghaidh d’fhonn teorainneacha an Aontais a dhaingniú agus daoine
nach bhfuil cuireadh tugtha againn dóibh a choimeád amach.
i bhfad barraíocht ama tugtha
far too much time given
Bhí Balor den bharúil láidir go raibh
i bhfad barraíocht ama tugtha aige do Bhanríon na hEorpa, Aingeal A.
Tá an cath sin tugtha
that battle has been fought
Tá an cath sin tugtha agus tá súil ag an rialtas go gcoinneoidh Comhaontú Bhóthar Haddington srian ar chostas páidhe agus go gcuideoidh sé le feidhmiúlacht na státseirbhíse a fheabhsú.
tá barraíocht againn tugtha suas
we’ve given in too much
Mar shochaí,
tá barraíocht againn tugtha suas don diúltachas sin.
nach raibh tugtha faoi deara agam
which I hadn’t noticed
D’airigh mé ina measc neamhshuime i mo thír dhúchais
nach raibh tugtha faoi deara agam roimhe sin, agus chuir sé olc orm.
tugtha do shaol an tsómais
given to a life of leisure
Ní dhéanfadh sé rud ar bith a thabharfadh le fios go raibh sé
tugtha do shaol an tsómais, nó go gcaithfeadh sé a chuid ama ar chaithimh aimsire gan mhaith.
gan aon mhíniú tugtha ar an mhoill
no explanation of the delay given
Tá an t-achomharc seo curtha faoi bhráid an Choimisinéara Faisnéise le beagnach bliain anois agus
gan aon mhíniú tugtha ar an mhoill a bhaineann le rialú a dhéanamh ina leith.
líofacht tugtha do sciar suntasach
fluency given to a fare share of
Is iomaí baile a bhfuil
líofacht tugtha do sciar suntasach den óige ann de bharr na gaelscolaíochta agus eile.
gealltanais atá tugtha faoi
promises given
**CMacS: Cad leis a mbeidh tú ag súil ón gCoimisinéir nuacheaptha Rónán Ó Domhnaill?**
AÓC: Bheinn ag súil, de bharr sheasamh Sheáin Uí Chuirreáin, go mbeadh náire ar dhaoine áirithe agus go rachfaí i ngleic le rúibricí agus le
gealltanais atá tugtha faoi na scéimeanna teanga.
maoiniú atá tugtha
financing given
”
Tá ceisteanna ann maidir leis na háiseanna agus
maoiniú atá tugtha don tseirbhís a fhaigheann tacaíocht ón Bord um Fhaisnéis Shaoránaigh faoin Roinn Coimirce Sóisialaí.
tugtha faoi ndeara ag
noticed by
”
Don chuid is mó áfach, fíoraíonn siad an méid atá
tugtha faoi ndeara ag eagraíochtaí neamhbhrabúis le tamall anuas.
tugtha aige
finished
Coinnigh an Cloigeann
========
Agus an bhua seo aige bhí mé fiosrach an raibh a sheal pócair
tugtha aige anois nó an bhfuil níos mó pócar ar intinn aige?
“Bhuel is dóigh le dhá bhliain anuas tá mé ag feidhmiú go leathphroifisiúnta ach leis an bhua dochreidte seo tá i bhfad níos mó deiseanna curtha ar fáil dom páirt a ghlacadh i gcúrsaí pócair go hidirnáisiúnta agus a bheith fostaithe go lánaimseartha le cluiche a chuireann gliondar i mo chroí i gcónaí.
tugtha faoi ndeara ag
noticed by
Tá trolláil
tugtha faoi ndeara ag beagnach gach aon duine faoin am seo agus tá an dream óg ag glacadh le nósanna mar fho-ghiolcaireacht nó 'subtweeting' ina gcáintear duine ar Twitter gan ainm úsáideora an duine a lua; mar an gcéanna, tarlaíonn a leithéid ar Facebook le '*vaguebooking*' ina ndéantar nuashonrú ar an sruth nuachta trí cháineadh doiléir a dhéanamh ar úsáideoir eile.
An Chluas Bhodhair Tugtha
a deaf ear turned to
An Chluas Bhodhair Tugtha d'Éilimh an Choimisinéara:**
Nuair a d'fhógair an t-iar-Choimsinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, i Nollaig na bliana anuraidh go raibh sé le héirí as oifig luaigh sé dhá chúis a bhí ag cur lagmhisnigh air:
* Diúltú an rialtais scun scan dul i ngleic le cúrsaí earcaíochta sa státsheirbhís lena chinntiú go mbeadh a dhóthain daoine ann le seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge
* Diúltú aghaidh a thabhairt ar an éileamh go mbeadh pobal na Gaeltachta in inmhe seirbhísí Gaeilge a fháil ón státchóras ins an Ghaeltacht gan cheist, gan choinníoll.
geallúint tugtha
a promise made
Comhairleoir Maith de Dhíth Air
============
Tá
geallúint tugtha ag an Taoiseach go mbeidh a dhóthain den teanga ag Joe Mc Hugh faoin am a bheas an Dáil ag suí arís sa bhfómhar.
nach raibh an rince céime tugtha liom i gceart
I hadn’t learned step dancing properly
Ní raibh mórán eile ag dul dó agus, ar feadh tamaill, déarfainn gur shíl roinnt daoine nach raibh ann ach
nach raibh an rince céime tugtha liom i gceart! (gáire) Nuair a chonaic daoine ar ball go raibh gasúir go leor múinte ar an ealaín chéanna agam, thuig siad maith go leor ansin gur aicme ar leith ealaíne a bhí ann mar shean-nós.
tugtha do na bréaga
given to lying
Léirigh Rialtas na hAstráile an mhí seo caite go bhfuil síad
tugtha do na bréaga, dar le Dáithí Ó Colchúin, agus lucht iarrtha tearmainn Curdacha á ruaigeadh acu as an tír.
an-tugtha don fhoréigean
very prone to violence
Chas Tony Birtill le fear an-ait agus é amuigh ag siúl i Cheshire le gairid agus fuair sé amach ina dhiaidh sin gur duine a bhí ann atá
an-tugtha don fhoréigean.
tá cead a gcinn tugtha acu do na dílseoirí
they have let the loyalists do as they please
Tá tromaíocht á déanamh ag póilíní Learphoill ar na hÉireannaigh le fada, a deir Tony Birtill, ach
tá cead a gcinn tugtha acu do na dílseoirí.
tugtha do bheith ag tabhairt breithiúnais
given to making judgements
Ach léiríonn an dóigh ar láimhsíodh an scéal go bhfuilimid, mar shochaí, fós
tugtha do bheith ag tabhairt breithiúnais ar dhaoine gan na fíricí ar fad a bheith againn.
tugtha
(is) over, finished
Tá ré an nuachtáin, mar pháipéar nuachta,
tugtha.
Tá spreagadh iontach tugtha ag
a great boost has been given by
Tá spreagadh iontach tugtha ag Luimneach, Áth Cliath, Uíbh Fhaillí agus Laois do chraobhchomórtas iomána na bliana seo ach níl féilire na hiomána sásúil mar atá dar le Colm Mac Séalaigh
Ní luaithe cead pósadh comhghnéis tugtha
no sooner is same sex marriage granted
Ní luaithe cead pósadh comhghnéis tugtha san Astráil ná bainte uathu arís, is cosúil.