Pota Focal Intergaelic
apa | taca | tada | talpa | tana
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag ropadh ar aghaidh chomh tapa sin moving forward so quickly
" Ach má cheannaíonn tú ríomhaire nua snasta, tá fadhb á cruthú agat duit féin: Cad a dhéanfaidh tú leis an ríomhaire atá agat cheana féin ar do dheasc? Tá cuid mhaith ríomhairí as dáta ag bailiú dusta i dtithe in Éirinn, agus tá an teicneolaíocht ag ropadh ar aghaidh chomh tapa sin gur beag eagraíocht charthanachta atá sásta glacadh le ríomhairí atá níos mó ná cúpla bliain d'aois.
ag leanstan ar aghaidh go tapa continuing quickly
" Tá forbairt eacnamaíoch ár n-eagraíochta ag leanstan ar aghaidh go tapa agus scéimeanna úra agus fiontair ghnó á dtosú.
ag fáil bháis go tapa dying at a rapid pace
" Ó thaobh na Gaeltachta de, tá an Ghaeilge ag fáil bháis go tapa sna Gaeltachtaí agus caithfear rud éigin a dhéanamh chun í a shábháilt.
tapa fast
" Cuid de sin ná a chúlra neamhchoitianta, coimhthíoch - mac le bean as ceann de chuid Oileáin Fhidsí agus fear as Contae Fhear Manach; a tógadh le Gaeilge agus le Fidsis; ard, dathúil, dorcha agus iontach sciliúil; cróga agus tapa i mbun báire.
deich n-uaire níos tapa ten times faster
" Le leathanbhanda, is féidir le húsáideoirí luas atá deich n-uaire níos tapa a fháil ná mar a fhaightear le móideim 56 cilibheart sa soicind (cbss).
gníomhú go tapa agus go ciallmhar to act quickly and sensibly
" An cheist ná cé tá i gceannas? Dar le daoine áirithe, is praiseach é an córas smachta i láthair na huaire agus ní mór don chumann gníomhú go tapa agus go ciallmhar sula mbíonn smacht caillte uilig.
freagairt éirimiúil agus thapa intelligent and fast response
" Beidh ceannlínte mar seo le feiceáil sna nuachtáin i 2015: “Méadú mór sa líon daoine atá ag táirgeadh a gcuid bia féin” Teaghlaigh in easnamh cothromais tar éis thitim na bpraghsanna Capaill oibre níos daoire ná tarracóirí anois Ach dá mbeadh freagairt éirimiúil agus thapa ó na rialtais Eorpacha tar éis na géarchéime in 2007? Bhuel, sin an cás deireanach: “**Roinnt Chothrom**”.
go tapa quickly
" Ach cad atá cearr leis an gcur chuige seo? Ar ndóigh, sábhálann muid a lán ama ar an gcaoi seo agus tagann muid go tapa ar an eolas atá uainn de ghnáth.
go tapa quickly
" Ach cad atá cearr leis an gcur chuige seo? Ar ndóigh, sábhálann muid a lán ama ar an gcaoi seo agus tagann muid go tapa ar an eolas atá uainn de ghnáth.
trí eitilt go tapa an-ghar don talamh by flying fast very close to the ground
" Ó na seascaidí go dtí na hochtóidí, bhí eolaithe Rúiseacha ag obair ar thionscadal rúnda chun eitleáin nua a fhorbairt a d’fhéadfadh lasta ollmhór a iompar trí eitilt go tapa an-ghar don talamh (timpeall 10-20 méadar ón talamh!).
anailís thapa a quick analysis
" Ní raibh mórán iontais orm nuair a rinne mé anailís thapa ar mo shuirbhé neamhfhoirmeálta agus neamheolaíoch féin – cé go raibh roinnt post ag leibhéal ard ar fáil, bhí a lán post ar fáil ag leibhéal sóisearach i réimse na cabhrach teicniúla, agus araile.
de sheabhrán tapa, with a quick whizz,
" D’imigh piléar thar mo chluas de sheabhrán tapa, agus le búir innill, sciorr an gluaisteán ar ais amach ar an tsráid.
cuardach tapa quick search
" Agus más gá fíric a chinntiú, is féidir cuardach tapa a dhéanamh ar an idirlíon chun na sonraí i Wikipedia a sheiceáil.
ag méadú go tapa, growing quickly,
" Bhí smaoineamh ag David clár a chur ar fáil don phobal Polannach, a bhí ag méadú go tapa, cúig nóiméad déag nuachta go díreach ón bPolainn nó rud éigin den saghas sin.
tapa go leor fast enough
" Ní raibh Tauhara brónach in ann taisteal tapa go leor de bharr a chuid créachtaí.
a thaifeadadh go tapa. to record quickly.
" Agus ritheann an oíche uainn mar sin, ó smaoineamh go smaoineamh, agus muid ag déanamh na smaointe sin a thaifeadadh go tapa.
dá mbeadh nasc tapa idirlín ar fáil. if there was a fast internet connection available
" Tá seirbhísí teoranta ar fáil cheana féin a dhéanann é seo ach d’fheabhsóidís go mór dá mbeadh nasc tapa idirlín ar fáil.
gléasanna soghluaiste tapa fast mobile devices
" Ba mhaith leo go mbeadh i bhfad níos mó saoirse ag daoine dul ag brabhsáil ar an idirlíon le gléasanna soghluaiste tapa agus tá siad ag iarraidh teacht timpeall ar na constaicí atá cruthaithe ag leithéidí Vodafone agus O2.
seirbhís iontach tapa idirlín high speed internet services
" Go deimhin, is gá béim a chur ar an bpointe seo: a fhad is a bhí na Meiriceánaigh i mbun pléascadh rudaí, bhí muintir na Seapáine ag cur satailít nua sa spás a chuirfidh seirbhís iontach tapa idirlín ar fáil do mhuintir na hÁise, mar aon le teilifís ardghléine ar bhonn trialach freisin.
cuardach tapa a quick search
" Má tá comhairle uait maidir leis an mbealach is fearr le rud ar leith a dhéanamh, is cinnte go bhfuil eolas ar fáil ar an idirlíon mar gheall air – níl ag teastáil ach cuardach tapa ar Google.
ag athrú go tapa changing rapidly
" Beidh ar choistí contae ar fud na tíre machnamh a dhéanamh maidir lena modhanna oibre agus b’fhéidir go mbeidh orthu cuid acu a leasú toisc go bhfuil an saol – agus CLG – ag athrú go tapa ar go leor bealaí.
fás tapa quick growth
" B'fhéidir, mar sin, go dtiocfaidh fás tapa ar líon na dteachtaireachtaí téacs a sheolfar as Gaeilge an samhradh seo – agus tá a fhios agam féin cad é an chéad cheann a scríobhfaidh mé: "GRMMA Samsung".
leigheas tapa quick cure
fonn tapa a quick tune
" Gach tráthnóna Dé Céadaoin ag deireadh an lae scoile, thagadh an múinteoir ceoil isteach agus mhúineadh fonn tapa dom.
chraic bhailithe airgid thapa a crazy quick way to gather money
" Ní fios go fóill cioca cróga nó meargánta é mar chraic bhailithe airgid thapa an straitéis sin ‘fhonn tús a cur le hathshlánú an státchiste’, i bhfoclaibh maorga an Aire Airgeadais, ‘próiséas a leanfaidh go ceann cúig bliana eile,’ ar a laghad.
thapa fast news
" Níorbh fhada go raibh stáisiúin nuachta ar fáil dóibh siúd ar thaitin nuacht Chríostúil leo, nuacht na heite clé, nuacht thapa.
go tapa quickly
" Mar gheall ar a áit lárnach idir tuaisceart agus deisceart, d'fhás an chathair go tapa mar cheanncheathrú trádála agus tionscail, agus d'éirigh go seoigh leis go lár na haoise seo caite, nuair a bhog na mílte Gormach as stáit an deiscirt chuici, agus theith muintir an chine ghil amach.
go tapa quickly
" Is féidir leis an bhfoghlaimeoir an t-eolas a aimsiú go tapa mar gheall ar an scéim dathanna.
ar luas iontach tapa at a very fast rate
" Is argóint iontach láidir ar son an tumoideachais i sprioctheanga gné seo na liogeolaíochta, óir is é nádúr an naíonáin teanga agus teangacha a fhoghlaim ar luas iontach tapa.
Comhshamhlú Tapa sudden assimilation
" Go deimhin, tá beocht sa chumann seo nach bhfuil le feiceáil sa chuid is mó de chumainn Chonradh na Gaeilge in Éirinn fiú! Comhshamhlú Tapa ========= Is maith ann iad go deimhin, mar ní féidir séanadh go bhfuil dúshláin nach beag roimh an teanga faoi láthair.
tapa hors d’oevres
" Ní chuirtear aon bhall dá ballaibh amú agus an buille maraithe buailte: beirítear na cluasa, mar shampla, leagtar i gcorcán le glasraí iad dá éis, agus dáiltear sin mar réamhghoblach, nó tapa.
a leabhar deireanach á chló go tapa his last book going into print fast
" net/2013/04/03/a-personal-statement-from-iain-banks/> Tá a leabhar deireanach á chló go tapa ionas go seolfar é lena linn féin inár measc.
measartha tapa fairly fast
" Agus lena gceart a thabhairt dóibh, dhruid an Eoraip leis na Stáit measartha tapa maidir le ceangail idirlín.
nó ruathar tapa a thabhairt orthu ar a laghad or to take a rush through them at least
" Cuairt seachtaine a bhí i gceist a raibh d’aidhm aici cuid de radharcanna Nua-Eabhrac agus Boston, móide a gcuid siopaí, a fheiceáil nó ruathar tapa a thabhairt orthu ar a laghad, agus cuairt a thabhairt ar ghaolta le mo bhean chéile idir shean agus óg, aintíní, uncail, col ceathracha, col cúigir agus eile, a bhaineann le contae na Gaillimhe, thoir agus thiar.
stoptha sách tapa stopped fairly suddenly
" Is é an tUachtarán (an t-uasal Obama faoi láthair, atá ina Dhaonlathach) a roghnaíonn na hairí rialtais, ach is iad tithe na Comhdhála a chuireann maoiniú ar fáil don rialtas sin, agus os rud é go bhfuil na tithe in adharca a chéile faoi láthair, is féidir leis an maoiniú a bheith stoptha sách tapa más toil le páirtí an fhreasúra é.
gach ní ag athrú chomh tapa sin everything changing so fast
" : An fhadhb is mó, bhféidir ná go bhfuil gach ní ag athrú chomh tapa sin.
ag scríosadh go tapa quickly ruining
" , Iarsmalann na Breataine, Londain), go raibh an creimeadh cósta ag nochtadh agus ag scríosadh go tapa suíomh iontach tábhachtach ón tréimhse Pléisticéineach Luath, idir milliún bliain agus 0.
chomh tapa in Éirinn agus ab fhéidir as quickly as possible
" É sin a dhéanamh chomh tapa in Éirinn agus ab fhéidir sula gcuirfeadh aon duine de na comharsana stop leis an rás rud a d’fhéadfadh tarlú dá mbeadh gáirdín deas lusanna chromchinn nó lusanna eile ag ‘bagairt a gcinn thar dhroim a chéile’.
go tapa fast
" Ach bhí cúrsaí ag athrú go tapa.
Thit an slua go tubaisteach an-tapa the attendance fell drastically very quickly
" Thit an slua go tubaisteach an-tapa ón 40,000 duine a bhíodh i láthair sna caogaidí ach níor chuir an teilifís as do na cluichí i gcoitinne ach a mhalairt.
a leath chomh tapa half as quick
" Ach go cinnte dá mbeadh seans ag na Stáit Aontaithe an clog a chasadh ar ais go 2003, ní bheidis a leath chomh tapa Saddam Hussein a chur as oifig agus a bhí.
an tseirbhís farantóireachta an-tapa the fast ferry service
" Tá cinneadh déanta ag an Steam Packet Company deireadh a chur leis an tseirbhís farantóireachta an-tapa idir Learpholl agus Baile Átha Cliath, rud a bheidh ina bhuille an-mhór dá chathair dhúchais, dar le Tony Birtill.