Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tar éis do na buamaí pléascadh after the bombs had exploded
" Bhí a bhformhór dóite go dona de bharr na tine a bhí sa Sari tar éis do na buamaí pléascadh.
do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh for the generations that will follow us
" Tá praiseach déanta ag George Bush agus ag Tony Blair maidir leis an Iaráic; an fhadhb is mó ná go mbeidh an domhan níos contúirtí mar áit sa todhchaí, ní hamháin dúinne ach do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh.
thig leat do scíste a ligean you can relax
" I ndiaidh do ranga, thig leat do scíste a ligean agus gloine fíona nó cupán caife a bheith agat agus tú ag amharc ar an ealaín agus ar na hearraí lámhdhéanta atá ar díol acu.
thar do cheann on your behalf
" Ní gá a bheith i do shaineolaí ar an bpróiseas toghchánaíochta chun a thuiscint go bhfuil fadhbanna móra slándála ag baint le daoine eile a bheith ag caitheamh vótaí thar do cheann.
thar ceann do mhuintire féin on behalf of your own people
" Is gradam pearsanta é agus cúis ónóra a bheith páirteach ann thar ceann do mhuintire féin.
do do shracadh thar n-ais i dtreo na sráide being pulled back towards the street
" Bhí na sluaite ag doirteadh amach agus an líon céanna daoine ag iarraidh brú isteach ag an am céanna, rud a d'fhág gur dheacair uaireanta bheith cinnte an ag baint na ngeataí amach nó do do shracadh thar n-ais i dtreo na sráide a bhí tú.
tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar after the pieces of art were left in an old attic
" Is díol suntais é, mar sin, go bhfuil cnuasach péintéireachta agus líníochta a rinne Plath go luath ina saol, nach raibh feicthe ag an domhan mór riamh roimhe seo, i ndiaidh teacht chun solais i leabhar nuafhoilsithe tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar i dteach mhuintir Plath ar feadh na mblianta.
nach dtiocfadh i bhfoisceacht scread asail do bheith ina réabhlóidí. who wouldn't come remotely close to being a revolutionary
" Ach is dóigh liomsa gur duine coimeádach é an t-Uasal Rudd, nach dtiocfadh i bhfoisceacht scread asail do bheith ina réabhlóidí.
Tar éis do chíréibeacha tarlú after riots occured
" Tar éis do chíréibeacha tarlú – a dtugtar Cogadh na Mormannach orthu anois – thug an stát ordú don arm na Mormannaigh a dhíothú in 1838.
thar barr do chéile (drive) you mad
" Anamchara a thiomáinfidh thar barr do chéile neomat amháin tú, is a chuirfidh meidhréis meanma díchéillí ort an chéad nóiméad eile.
thar toinn do ráinig chugainn reached us from across the seas
" “Cionn is gur mian leo a bheith ina nÉireannaigh,” ar sé - ainneoin gur Sasanaigh, Albanach agus Iodálach a bhí ar an fhoireann chéanna agus bainisteoir Sasanach ina bun ach san allagar náisiúnta, tá na himreoirí seo mar chuid den “buíon dar slua, thar toinn do ráinig chugainn”! Ar Son na Tíre ======= Tá raicín ar siúl ó thuaidh faoi láthair cionn is gur tharraing imreoir óg sacair, Adam Barton, amach as scuad Thuaisceart Éireann do chluichí cáilithe i gCraobh na hEorpa 2012 cionn is gur mhaith leis imirt do thír eile.
Ní thig leat a bheith i do sheasamh leat féin sa tsaol seo man is not an island
" Ní thig leat a bheith i do sheasamh leat féin sa tsaol seo.
Cé as a dtáinig do shuim where did you get your interest
" **CMacS: Cé as a dtáinig do shuim sa Ghaeilge?** AÓC: Is as ceantar breac-Ghaeltachta do mo mháthair agus bhí an-spéis sa Ghaeilge i gcónaí sa bhaile; bhíodh cuairteoirí ag teacht chuig an teach agus Gaeilge acu.
tar éis do iardhalta eile after another ex-pupil
" Ba dheacair di labhairt mar gheall ar na hionsaithe seo le ceithre bliana fichead, ach fé dheireadh i 1997 thug sí na sonraí go léir don Ghardaí Síochána tar éis do iardhalta eile as an scoil chéanna gearán a dhéanamh freisin ó thaobh iompar múinteora amháin sa scoil.