Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
teannas tension
" ' Cé go gcaitheann cuid ball an ghrúpa a lán ama le chéile, deir Mairéad nach mbíonn teannas ar bith eatarthu.
teannais tension
" "Bíonn cuid mhór teannais agus iomaíochta ann.
teannas tightness
" Déanfar Raidió na Gaeltachta a dhí-bhodú, ach ós fada ó bhain righneas nó teannas leis, ní thabharfar an t-easnamh fá deara.
teannas tension
" Tá muid ar ais sa 19ú aois, ar bhealach, nuair a bhí círéibeacha seicteacha ann gach uair a bhí teannas ard polaitiúil i gceist.
chúis mhór teannais a big cause of tension
" Braitheann tú ón mhéid atá le rá ag Spillane go mb'fhéidir gur chúis mhór teannais an teip chéanna le linn an taifeadta.
teannas tension
" Ramhraigh an t-aer le teannas ar an bpointe boise.
teannas tension
" Ní in Éirinn amháin a bhí teannas mar seo.
teannas tension
" Deir an tAthair Troy, cathaoirleach Bhord Gobharnóirí Scoil na Croise Naofa, go bhfuil an teannas níos measa anois ó "tháinig na gunnaí amach ar na sráideanna," ach go raibh dóchas aige nach gcuirfí isteach ar dhaltaí na scoile Protastúnaí, Wheatfield, dá bharr.
teannas tension
" Deir sí, áfach, nach gcothaíonn sé seo teannas ar bith eatarthu.
teannas tension
" Ar an dromchla bíonn cuma orthu gur radharcanna ciúine suaimhneacha iad, ach mar gheall ar an suíomh ina bhfuil siad á dtaispeáint, bíonn éagruth agus teannas le brath go láidir iontu.
teannas tension
" D'fhás sí aníos i gceantar beag Caitliceach i dtuaisceart Bhéal Feirste, agus bhí teannas idir bunadh na háite agus na dílseoirí sa chéad cheantar eile.
teannas tension
" Labhraíonn sé faoin teannas a bhí ann agus an chaoi ar mhothaigh sé ciontach go raibh fiche dollar ina phóca aige agus é ansin.
teannas tension
" Go fiú an pictiúr ar chlúdach an leabhair seo, insíonn sé a lán faoin gcineál brú a bhíonn ar réiteoirí uaireanta agus an teannas a bhraitheann siad agus iad i mbun cluichí móra a réiteach.
teannas tension
" Bíonn teannas ann, dar ndóigh, agus bíonn argóintí ann uaireanta, daoine ag rá 'B'fhearr liomsa é seo, nó b'fhearr liomsa é siúd.
teannas tension
" D'fhás Ciara Walsh aníos i mBéal Feirste, mar sin tuigeann sí cad é atá i gceist le bheith i do chónaí i gcathair ina bhfuil teannas.
teannas suirí courting tension
" Cuireann an boladh cumhra agus Eau de Cologne leis an teannas suirí, ar ndóigh.
teannas tension
" Fiú amháin sa chomórtas a bhuaigh sé sa Ghearmáin, bhí sé chun tosaigh an chéad dá lá ach chuaigh cúpla imreoir eile thairis agus bhí daoine á rá, agus ní den chéad uair, go raibh laige ina charachtar nó ina intinn agus nach raibh sé in ann an brú agus an teannas a bhaineann le bua i gcúrsaí gailf a láimhseáil.
teannas tension
" Tríd is tríd níl aon dochar iontu agus is minic go dtugann siad pléisiúr soineanta agus bealach éalaithe ó chuid den teannas agus strus a mbíonn orainn go léir déileáil leo ó lá go lá.
Teannas tension
teannas tension
" Dar ndóigh, chruthaigh sé seo teannas mór idir a bheirt acu; agus iad ag ceiliúradh cúig bliana is fiche le chéile, dúirt Jo go raibh an *croix de guerre *tuillte acu agus rinne Hopper armas di as *rolling pin *agus liach in onóir *"mutual domestic violence"*.
teannas a chruthú to create tension
" Tá séasúr na máirseála ar tí toiseacht gan mhoill (an stopann sé i ndáirire?) agus tá an UDA ag iarraidh teannas a chruthú fríd an chineál seo seicteachais.
teannas tension
" Ach, is fearr a bheith i láthair ag an ócáid chun an t-atmaisféar agus an teannas a bhrath, agus an chraic roimh agus i ndiaidh na gcluichí ar na sráideanna, sna pubanna agus sna hóstáin a bhlaiseadh.
theannas tension
" Labhair *Léargas *faoi theannas idir Protastúnaigh agus Caitlicigh i Learpholl, ach is rud polaitiúil é an teannas sin go príomha, seachas rud a bhaineann le cúrsaí reiligiúin.
teannais tension
" Dá bharr sin, tá rud beag teannais idir muintir na háite agus na Béarlóirí atá ag bogadh isteach sa cheantar le fada anois.
teannas tension
" Léiríonn dhá ráiteas an aeróstaigh an teannas atá ann in intinn phobal Mheiriceá i gcoitinne.
theannas tension
" Nílim á rá gurb é spórt an leigheas, nó an íocshláinte ar gach galar agus tinneas, ar strus agus ar theannas, ach sílim gur féidir a rá go bhfuil suaitheadh coirp go maith don duine óg agus don seanduine araon agus go dtugann spéis agus rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt bealach éalaithe agus faoiseamh don duine ó strus an tsaoil.
teannas tension
" Bhí teannas idir beirt de na deartháireacha i Kíla, Rossa agus Colm Ó Snodaigh, agus níor thaitin an teannas sin le hEoin.
teannas tension
" Bhíos suaite – crá croí orm mar gheall ar chúrsaí grá agus bhí teannas sa ghrúpa –bhí deireadh tréimhse fada taistil tagtha agus bhíomar uilig spíonta.
ghnáth-theannas regular tension
" Ón tús, áfach, bhí sé soiléir go raibh níos mó den ghnáth-theannas a bhíonn ag baint le cluichí sinsearacha idirchontae an taca seo bliana le brath ar an imirt idir Tír Eoghain agus Áth Cliath, ach ba bheag a cheapas, ná éinne eile is dóigh, gur sórt seamlais d’ócáid spóirt a nochtfaí os comhair na gceamaraí agus an tsaoil mhóir.
teannas tension
" Pé rud faoi fhir óga lúfara ag lascadh a chéile ar pháirc na himeartha a bheith ina ábhar díomá, is ábhar fíorthromchúiseach é nuair a scaipeann teannas agus foréigean ón bpáirc go dtí an ceantar ina bhfuil gasúir, mná, seandaoine agus mar sin de suite.
teannas tension
" Bíonn teannas ann uaireanta ach bíonn sé sin i ngach aon ghrúpa.
cineál teannais a kind of tension
" Chaith mé cúpla uair ag cur buidéal ar na seilfeanna agus ag déanamh gach rud réidh do na custaiméirí, agus bhí mé sásta nuair a thosaigh siad ag teacht isteach mar braithim cineál teannais agus mé ag fanacht orthu.
teannas tension
" Bíonn teannas agus drámaíocht ag baint le cuid de na cluichí freisin.
teannas tension
" ” Ba Phrotastúnaigh formhór na gcairde a bhí ag Risteard agus é óg agus deir sé nach raibh teannas ar bith eatarthu riamh.
an t-uafás teannais an awful amount of tension
" Roimh an mbreisimirt úd, bhí an t-uafás teannais le sonrú in imirt na n-imreoirí agus iad ag teacht chun chríche.
teannas tension
" In ainneoin go raibh teannas idir Gormaigh bhochta agus na bochtáin gheala faoin tuath sa deisceart, bhí meánaicme na nGormach ag teacht ar an saol sna cathracha.
teannas tension
" Bhí an teannas le brath go soiléir sa charr.
teannas tension
" Bhí teannas san aer i mBéal Feirste agus mharaigh Arm Shasana an t-óglach Caoimhín Mac Reachtain ar an 14 Márta i nGort na Móna.
go gcothóidh na ceisteanna sin teannas that those questions will cause tension
" ***Míbhuntáistí:* **Cinntí crua le glacadh aige maidir le loisceoirí agus tógáil mótarbhealaí agus is cinnte go gcothóidh na ceisteanna sin teannas ina pháirtí féin.
teannas tension
" Thug mé cuairt ar Dachau sa Ghearmáin agus mé i mo dhalta scoile agus is cuimhin liom go maith an ciúnas agus an teannas a bhí le brath san aer.
teannas agus míshocracht tension and unrest
" Agus an t-am ag tarraingt ar chomóradh trí bliana na n-imeachtaí seo agus é seo á scríobh agam, níl aon amhras ann ach go bhfuil teannas agus míshocracht ann i measc an phobail in áiteanna ar nós Clichy-sous-Bois.
teannas tension
" Nuair a throid siad arís mar sin i 1938, bhí teannas an chiníochais agus an náisiúnachais ag baint leis an troid.
teannas tension
" Aimsir scrúdaithe is ea é freisin do dhaltaí na hArdteistiméireachta, ar ndóigh, agus bíonn teannas na scrúduithe ina chuing throm anuas orthu agus ar a muintir ar feadh cúpla seachtaine.
teannas tension
" Agus tá teannas eile ann anois, leis an dúnghaois úr atá ag an BNP faoi na hÉireannaigh, Gan amhras, tá na hOráistí míshásta faoi bheirt Chaitliceach de bhunadh Éireannach atá mór le rá sa BNP, gan trácht ar an bratach nua atá acu ! Sa deireadh, ní bhfuair an BNP ach 5,300 vóta i Learpholl, áit a raibh turnout 24% ann.
teannas a tension
" Gearrtha le rithim an tsúnáis, tá teannas idir na háilleachta físiúla agus tuar dorcha na tubaiste ina dhiaidh sin.
Teannas tension
" An Coilíniú agus an Teannas Eitneach Ach tá taithí ag na Uígir ar an neamhspleáchas cheana.
teannas tension
" Indian Summer Sky – fós ní thuigim na focail, cé gur breá liom an teannas sa phíosa agus a rithim leanúnach práinneach.
teannas tension
" An Dá Dhream Ó thús ré na hathbheochana bhí teannas agus míthuiscint idir muintir na Gaeltachta agus lucht foghlamtha na teanga sa Ghalltacht.
teannas tension
" Tosaíonn Katie ag gáire!) Cumann Dornálaíochta Amaitéarach na hÉireann agus Billy Walsh === **CMS: An bhfuil aighneas idir tú agus Cumann Dornálaíochta Amaitéarach na hÉireann?** KT: Níl aon teannas idir mé agus an Cumann Dornálaíochta.
teannas tension
" Ba é dúnmharú an scannánaí agus an chriticeora Theo van Gogh ag fear óg Maracach sa bhliain 2004 íosphointe tubaisteach an aighnis go dtí seo, ach inniu féin, ní féidir leat nuachtán a oscailt gan tuairiscí a léamh faoin teannas idir Mhuslamaigh agus an chuid eile den tsochaí.
teannas tension
" Tá foirfeacht ag baint leis, faoi mar atá ag baint le gach leanbán dár saolaíodh riamh, agus mothaím teas agus teannas i mo chroí san am chéanna.
teannas tension
" Leis an teannas i Learpholl, bhí 5,000 trúpaí curtha ar stáisiún sa chathair agus bhí long chogaidh HMS Antrim ar ancaire in abhainn na Merswy.
teannas leanunach constant tension
" 
Tá scoileanna, idir Chaitliceach agus Phrotastunach, ag eagrú scrúduithe dá gcuid féin in éagmais an 11+ agus tá teannas leanunach idir an tAire agus dreamanna tábhachtacha eile.
chuir leis an teannas added to the tension
" Bhí 5,000 trúpaí ar dualgas sa chathair agus bhí long chogaidh HMS Antrim ar ancaire in abhainn na Mersey, dhá ní a chuir leis an teannas i Learpholl ar ndóigh.
ní lú teannas tension is no less
teannas tension
" Dúradh go raibh na *“wags”* (mná céile agus cailíní na n-imreoirí) ag cothú mioscaise sa chúlra, go raibh teannas idir Terry agus Gerrard agus go raibh an ghabháil a rinne Terry ar Gerrard ar an bpáirc traenála thar cailc ar fad.
teannas millteanach desperate tension
" Agus chun an teannas millteanach le linn na comhráití gnó gutháin seo a bhriseadh, tugann Reilly groí cuireadh dóibh filleadh chun cupán eile caifé agus blúire eile na milseoige *‘cobbler’* a chaitheamh siar! Amantaí eile agus iad ar tí imeachta, caitear masla domhaite eile thar tairsigh chucu agus tiomáineann ego agus fearg arís isteach sa seomra suí iad chun babhta eile iomrascála saor-ó-rialacha na gcúirtéisí siabhialta a chur isteach.
teannas agus líonrith tension and excitement
" Scéal bleachtaireachta é seo a bhfuil an draíocht agus an ósnádúrthacht ag rith tríd, scéal a bhfuil teannas agus líonrith ann go dtí an deireadh ar fad.
teannas tension
" Níl aon amhras ach go mbeadh teannas ann.
teannas agus líonrith tension and excitement
" Scéal bleachtaireachta é seo a bhfuil an draíocht agus an ósnádúrthacht ag rith tríd, scéal a bhfuil teannas agus líonrith ann go dtí an deireadh ar fad.
sraith teannais osnádúrtha a supernatural thriller series
" Genre comhaimseartha, spraoiúil, siamsúil a dhéanamh trí Ghaeilge, sraith teannais osnádúrtha, rud a bhfuil go leor suime ag daoine ann sa lá inniu.
teannas tension
" Comhlachtaí Miona ====== **SMM: An mbíonn aon teannas sa tionscal idir na comhlachtaí in iarthar na hÉireann, nó idir iarthar na hÉireann agus RTÉ?** CÓC: Bíonn tú i gcónaí san iomaíocht san earnáil neamhspleách, ach, níl.
ar aon bharr amháin teannais crawling with tension
" Bhí an tsráid ar aon bharr amháin teannais.
bhí teannas ag dul i méid tension was increasing
" De réir a chéile, bhí teannas ag dul i méid ar fud an tuaiscirt agus náisiúnaithe ag iarraidh cearta sibhialta a bhaint amach.
ar an teannas a bhraithimid ar bhonn laethúil against the daily stress we feel
" Is frithnimh chumhachtach é an gáire, fiú an gáire gáifeach ar strus, ar bhreoiteacht chorpartha agus intinne agus ar an teannas a bhraithimid ar bhonn laethúil i réimse na hoibre agus sa tsochaí aisteach uirbeach iar-nua-aoiseach seo a bhfuilimid go léir ag streachailt léi i gcónaí.
teannas idir tension between
" Síocháin Traschreidimh ======= Ní inniu ná inné a tháinig ann don teannas idir Chríostaithe agus Mhoslamaigh.
teannas ar leith a particular tension
" Cruthaíonn an t-aineolas sin teannas ar leith, rud a chothaíonn suim, meas agus cion fé dheireadh.
tháinig méadú suntasach ar an teannas a bhí le brath the increase in tension which was percievable
" Na háiseanna coiriúla a bhí oiriúnach do na cimí sin a rangaíodh mar chimí “Chatagóir A” , bhíodar thar a beith teoranta agus roimh i bhfad tháinig méadú suntasach ar an teannas a bhí le brath sna carcracha Briotanacha, go háirithe agus an foréigean ag dul i dtreise i dTuaisceart Éireann agus sa saol lasmuigh.
teannas agus easaontas tension and disagreement
" Ach sna nuachtáin, ar an teilifís agus ar an raidió sna míonna atá amach romhainn, ní bheidh ach mórchuimsiú scéalta ar mhórshiúlta, teannas agus easaontas.
Cruthaítear teannas a tension is created
" Cruthaítear teannas sa phictiúrlann.
teannas inár measc tension among us
" Bíonn an Brón Siúlach ======== I ndiaidh don mhórshiúl athraitheach dul isteach sa trádstóras ollmhór seo, chomh mór le páirc peile, thosaigh an scaoileadh agus aisteoirí in éide saighdiúra ag rith amach is isteach ón scaifte, scaoileadh ard bodhrach urchair le cluinstin agus teannas inár measc.
ag cothú teannais idir an dá chine creating tension amongst the ‘races’
" Deirtear fosta go bhfuil fás an-mhór faoin chóiriúlacht i gcoinne daoine a bhfuil airgead acu sna bruachbhailte agus go bhfuil sé seo ag cothú teannais idir an dá chine.
Léiríonn sé seo an teannas this shows the tension
" Léiríonn sé seo an teannas idir an dá fhéin, rud a mhothaím féin agus mé ar saoire nó ag baint suilt as ócáid ar leith – ar chóir dom an seal beag sona seo a chaitheamh ag féachaint fríd an cheamara, le go mbeidh “cuimhní” agam amach anseo, nó ar chóir dom an ceamara a chur síos agus an ócáid a shú isteach go hiomlán.
teannas fós tension is still
" Doirteadh go leor fola agus tá teannas fós sa tír.
teannas ann i dtólamh tension always
" Bíonn teannas ann i dtólamh i sochaí dhaonlathach idir an ceart ag saoránaigh a rogha rud a rá agus toirmisc a chur ar challaireacht mhaslach.
maolaíodh go mór an teannas the tension eased greatly
" Agus an rialtas nua breac le Siaigh (an sórt Ioslamachais céanna a chleachtar san Iaráin), maolaíodh go mór an teannas idir an Iaráin agus an Iaráic.
mhéadaíonn an teannas the tension increases
" De réir mar a théann iompar Alina in aimhréidh ionas gur follas go bhfuil fadhbanna síciatracha tromchúiseacha ag cur as di, is ea a mhéadaíonn an teannas idir an sagart agus na mná eile sa mhainistir.
theannas tension
" D'fhág Liz Curtis Béal Feirste ina diaidh i lár mhí Iúil agus d'imigh sí ar thóir faoisimh ó theannas na cathrach sin.
lán de theannas full of tension
" Is sliocht é seo as úrscéal nua eachtraíochta le hAnna Heussaff, atá lán de theannas is de spleodar.
teannas láidir strong tension
"teannas láidir idir na Maoraigh agus Rialtas na Nua-Shéalainne le roinnt míonna anuas, ó cuireadh sceimhlitheoireacht i leith baill de threibh na Tūhoe.
Bhí teannas go leor le brath tension was tangible
" Bhí teannas go leor le brath le linn mórshiúil ag an am céanna.