Pota Focal Intergaelic
aill | cill | éill | fill | ill
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scipéad till
" Arís, tá tuiscint ar ghnó i gceist anseo: grúpaí móra siúlóirí agus tart millteanach orthu ag teacht go dtí do bheár gach seachtain, sin airgead sa scipéad.
ceithre scipéad four tills
" Bhí ceithre scipéad ann agus triúr ag obair ar gach ceann, agus ó mheán lae bhí scuaine mhór ag an bheár i gcónaí, daoine ag scairteadh a gcuid orduithe linn.
go faoithin till night
" Agus éileamh chomh mór sin orthu ní ionadh go mbíonn stallaí bláthanna ar oscailt ó mhaidin go faoithin ar shráideanna chathracha móra na Polainne.
go dté tú a luí till you go to bed
" – “Ó éireoidh tú ar maidin, go ham bricfeasta, go dté tú a luí an oíche sin, tá gach rud leagtha amach.
go deo na ndeor till the end of time
" Don chuid is mó den domhan is é ollmhaitheas na mbrionglóidí atá san idirlíon, ach ní bhfaighfidh siad rochtain orthu go deo na ndeor.
go sroichfidh siad till they reach
" Is minic ar ndóigh nach mbíonn athair na bpáistí ina gcónaí sa bhaile anois, rud a fhágann go bhfuil an baol ann nach mbeidh teagmháil rialta ag sciar maith de pháistí na hÉireann le fear go sroichfidh siad na luathdéaga, tráth a bhainfidh siad an mheánscoil amach.
go n-imí an chontúirt till the danger passes
" Agus naimhde sa tóir air, is é nádúr an duine é féin a chaitheamh i bpoll nó teitheadh suas crann ard go n-imí an chontúirt.
go mbogfaidh an aimsir till the weather eases
" Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, mar a deir an seanrá, ach céard a dhéanann ár gcairde i ríocht na n-ainmhithe is na n-éan sa drochshíon? Tá ceithre rogha acu: - A) Caithfidh siad dul i dtaithí ar na cúinsí agus iad féin a ‘oiriúnú chun maireachtála; nó - B) Rachaidh siad ar imirce; nó - C) Titfidh codladh an gheimhridh orthu, faoi thalamh go hiondúil, go dtí go mbogfaidh an aimsir ar ball; nó - D) Siocadh síos faoi uisce sa phuiteach nó ina leithéid.
go sáfaidh mise till I stick
" Fan go sáfaidh mise mo chuid fiacla isteach i bhfeoil bhog bhlonagach an Oireachtais! Beidh lucht amhránaíochta ar an sean-nós ag baint na bputóg as a chéile ar mhaithe le deich Euro mar chéad duais i gcomórtas Chorn Uí Riada.
gur ráinigh an lá gur chuireas fúm anseo till the day came that I settled here
" Mar sin féin, aineolach mo dhóthain a bhíos ar an gcathair agus ar an gcúige seo gur ráinigh an lá gur chuireas fúm anseo.
gur shroich sé caladh agus cuan till he reached a cosy nook
" Ní dhearna sé stad mara ná mórchónaí gur shroich sé caladh agus cuan sa Domhan Thoir.
Go dtí go n-ardaíonn an deatach till the smoke rises
" Go dtí go n-ardaíonn an deatach ón urlár aníos.
nárbh fhada go mbuailfí an chreill ar it wouldn’t be long till the death knell was sounded
" Le himeacht aimsire, de réir mar a bhí ag teip go tiubh ar chruthúnais bhunsifíneacha na saineolaithe cás Tholamaeis a chosaint, tugadh faoi deara go raibh cruthúnais an aosa eagna ag éirí níos aduaine agus níos áiféisí sa tslí go mba léir don saineolaí, don sraceolaí agus don aineolaí araon, faoi dheireadh, nárbh fhada go mbuailfí an chreill ar theoiric Tholamaeis.
amuigh ar an drabhlas go breacadh an lae out boozing till daybreak
" Go háirithe má bhí tú amuigh ar an drabhlas go breacadh an lae ag staidéar go géar go breacadh an lae.
sna goirt in the tilled field
" Ag stánadh ar na feirmeoirí sna páirceanna agus sna goirt a bhí sé agus é ag meabhrú.
Fanaimis go bhfeicimis we’ll wait till we see
" Fanaimis go bhfeicimis caidé atá sé ag gabháil a dhéanamh faoi Bhanc na Vatacáine.
go dtí go raibh mé ag tarraingt ar till I’m drawing close to
" Is éigean gach rud a fheiceáil fríd spéaclaí seicteacha, sinne agus iadsan agus ní fheicimse rud ar bith ag tarlú, is cuma cad é a tharlóidh ar ‘Chnoc an Anfa’ – *Stormont* – go dtí go raibh mé ag tarraingt ar an chéad seo chugainn.
go dtí go bhféacha tú thú féin till you check yourself
" Ní bheidh a fhios agat go dtí go bhféacha tú thú féin leis na cúraimí sin.
go dtí le gairid till recently
" Sin ráite, go dtí le gairid, mhothaigh Gaeil Mheiriceá Theas gur dream dearmadta a bhí iontu mar gheall ar an easpa teagmhála a bhí acu le hÉirinn.
go Lá Philib an Chleite till Kingdom come
" Moladh dúinn gan an cheist a chur air féin nó bheimis ag fanacht le freagra go Lá Philib an Chleite.
go bhfaighidh sé an t-airgead till he found the money
" Tá sé dífhostaithe faoi láthair agus fiú nuair a bhí an comórtas buaite aige bhí air filleadh ar oifig an phoist agus an dól a bhailiú go dtí go bhfaighidh sé an t-airgead.
Bhí a shaol go dtí sin caite he had spent his life till then
" Bhí a shaol go dtí sin caite i mbun adhradh na cnáibe, á caitheamh is á díol.
go bhfeice mé cé na cáilíochtaí eile till I see what other qualifications
" Fan go bhfeice mé cé na cáilíochtaí eile atá agam… Bhuel, bhí mise ag glanadh tóineanna salacha leanaí sula raibh aon chaint ar Pampers ná Huggies.
go dtige an crú ar an tairne till matters come to a head
" Saint agus easpa saibhris a thugann orthu cloí leis an chóras reatha agus leis an gcló deiridh a buaileadh ar nótaí páipéir faoi ainm an dollair, níl ann ach ceist ama go dtige an crú ar an tairne.
oíche go maidin ar bhainis at a wedding till the early hours of morning
" Chaith Amanda Reid oíche go maidin ar bhainis sa bPolainn i gcomhluadar le lucht ceoil.
codlatach ó thuaidh go Lá Philib an Chleite (shall be) sleepy in the north till Kingdom come
" Tá Robert McMillen den bharúil go bhfuil is go mbeidh beanna codlatacha na dteampall ó thuaidh codlatach ó thuaidh go Lá Philib an Chleite.