Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Thiontófá tórramh You'd turn a funeral, again a long face but desperately so
" "Thiontófá tórramh," arsa sí.
Thiontaigh sí a droim léi she turned her back on her
" Thiontaigh sí a droim léi agus chrom ar an obair.
thiontaigh sé ar a shála he turned on his heel, i.e. immediately
" Shíl mé gur thit an tóin as an spéir leis an bhúireach a bhí ort," arsa Seán agus thiontaigh sé ar a shála agus suas an staighre leis arís.
tiontaithe turned
" Tá sí tiontaithe rud beag inár dtreo agus í ag féachaint orainn, fáinne cluaise amháin crochta go mealltach lena cluas.
tiontú conversion
" Agus cé go bhfuil baint níos mó ag an dearbhú seo le fadhbanna atá aige maidir lena pholasaithe eile ná le tiontú ar an bhóthar go Damascus, is cúis dheas iontais é a leithéid d’fhocail a chloisteáil ón fhoinse seo.
go dtiontódh an pobal in éadan an mhisin that the public would turn against the mission
" An eagla atá ar an Rialtas ná go dtiontódh an pobal in éadan an mhisin, agus in éadan an Rialtais Choimeádaigh atá i ndiaidh é féin a ionannú leis, dá seolfaí saighdiúirí Ceanadacha abhaile i málaí coirp ar bhonn rialta.
Dá dtiontófá coirnéal sráide if you were to turn a street corner
" Dá dtiontófá coirnéal sráide agus portráid de John Lennon a fheiceáil ar an bhalla os do chomhair, chuirfeadh sé sin miongháire ar d’aghaidh gan amhras! Mheall na ballaí múrmhaisithe i mBéal Feirste na mílte turasóir le cuairt a thabhairt ar an chathair, agus níl cúis ar bith nach bhféadfadh an rud céanna tarlú i Learpholl.
tiontaíonn seisean he turns
" Mar shampla, tá Joe – páirt an aisteora Colm Meaney sa scannán – ar an duine is rathúla den bhuíon chairde, ach tiontaíonn seisean in éadan na Gaeilge.
ag tiontú ar converting to
" Tá siad ag tiontú ar roghanna eile bliain i ndiaidh bliana.
Ón am a thiontaigh iar-phríomh-aire na Breataine ina Chaitliceach, Since the time the ex-prime-minister of Britain became a Catholic
" Ón am a thiontaigh iar-phríomh-aire na Breataine ina Chaitliceach, níl meas madaidh ag Ian ar an tír sin níos mó.
thiontaigh sé ar a sháil he turned on his heel
" Agus a chonách sin orthu mar scaifte húranna!” Caidé a dúirt an Graoisín? Sea, “Breast thú!” Ar aghaidh leis ansin chun labhairt le Johnny Edwards, ach nuair a chonaic sé an folt gruaige ar foluain sa ghaoth, gach ribe de ag sméideadh go cineálta leis, ba é gnúis ghnaíúil dhóighiúil Enda Álainn Aoibhinn a shamhlaigh sé ag lonrú faoin fholt gruaige agus os cionn na léine goirme, agus thiontaigh sé ar a sháil le chuile “Breast thú!” mar bheannacht aige.
Is ar chúiseanna éagsúla a thiontaíonn fir ar mhainicíní it is for various reasons that men turn to mannequins
" Is ar chúiseanna éagsúla a thiontaíonn fir ar mhainicíní le comhluadar a bheith acu, ach dar leis an síceolaí cliniciúil, Ron Bracey, níl aon cheann acu sláintiúil.
thiontaigh beirt acu thart two of them turned around
" Ansin, thiontaigh beirt acu thart le droim na léine a thaispeáint dom.
bheartaigh muintir Raidió na Life ar a seirbhís phobail a thiontú ina seirbhís phubaill the people from Raidió na Life decided to turn their community service into a tent service
" Cad chuige ar chuir an lucht freastail spéis sa teanga go tobann? Bhuel, bheartaigh muintir Raidió na Life ar a seirbhís phobail a thiontú ina seirbhís phubaill ar feadh deireadh seachtaine amháin! “Ba é Rossa Ó Snodaigh ón mbanna ceoil Kíla a mhol i dtosach gur chóir dúinn Puball na Gaeilge a reáchtáil ag an bhféile agus ba eisean a d'eagraigh an rud ar fad,” a deir Muiris Ó Fiannachta, bainisteoir Raidió na Life.
tiontú turning
" Agus iad ag tiontú ar na Mazdanna agus na Hyundaianna cosúil linne, thit an tóin as tionscal na gcarranna i Meiriceá.
thiontaigh turned
" Nuair a chuaigh mé trasna taobh-bhóthar, Lancaster Street, a bhí romham, thiontaigh an tacsaí go tobann agus go gasta ar dheis ón phríomhbhóthar síos Lancaster Street.
thiontaigh sé he turned
" Bhí Séamus féin in aice linn agus thiontaigh sé thart le miongháire iontach ar a aghaidh.
tiontú turn
" Shínigh Thatcher agus Fitzgerald Comhaontú Angla-Éireannach i 1985 - arís, in ainneoin na mná nach raibh le tiontú.
tiontú ar turning towards
" Mar sin, tá an lucht fógraíochta ag tabhairt a gcúil don sean-nuachtán agus ag tiontú ar na meáin leictreonacha.
thiontódh cinn would turn heads
" Díreach mar a bheifí ag súil leis ó bhuaiteoir comórtais áilleachta, is bean ard donn dathúil í a thiontódh cinn, gan aon agó.
thiontaigh change
" Cuireann sí ceisteanna ar nós; conas a thiontaigh tromlach an iarainn go deannach? Ar an suíomh, tá mórchuid plé faoi 9/11, cúrsaí aimsire, crith talúin, an 'gléas troda fuinimh dírithe', NikolaTesla agus seanhippy ó Vancouver - John Hutchison.
Tiontú Teanga language shift
" An Tiontú Teanga Mhaigh an tOllamh Declan Kiberd in aiste ar an Irish Times le déanaí go ndearna muintir na hÉireann margadh leis an todhchaí sna 1830í – go dtabharfaidís cúl dá dteanga is dá gcultúr mar mhalartú ar rath eacnamaíochta (rath nach bhfuair siad faraor géar!).
tiontú translation
" Bhí an t-iarratasóir ag lorg dearbhú go raibh dualgas bunreachtúil ann tiontú oifigiúil a chur ar fáil go comhuaineach don phobal i gcoitinne d'Achtanna de chuid an Oireachtais, ionstraimí reachtúla agus rialacha na Cúirte.
tiontú turning
" Caithfidh sé gur éirigh cúrsaí níb fhearr áfach agus is dóigh nach raibh a oiread sin uaignis air de réir mar a bhí deartháireacha agus deirfiúracha eile ag teacht ar an saol agus de réir mar a bhí teaghlaigh eile in Iarúsailéim ag tiontú ar an Eabhrais.
thiontaigh mé I turned, changed
" Shíl mé mo thacaíocht a thabhairt do Chorcaigh agus do Mhaigh Eo, ach buíochas le Dia thiontaigh mé go tapa … thosaigh mé ag tacú leis an bhfoireann cheart! Is cuimhin liom gur Corcaíoch thú agus bíonn mé i dtrioblóid le muintir Chorcaí i gcónaí!” Cé gurbh í an fhoireann peile is fearr le hAnna a rug an chraobh leo i 2004, ba iad ríthe na hiománaíochta, na Corcaígh, a bhuaigh ar Chill Chainnigh sa bhliain chéanna.
thiontú change
" Díríonn an chomhdháil seo orthu siúd atá ag miondíol ar líne agus ar thiontú agus ar dhílseacht an chustaiméara.
ag tiontú turning
" De réir mar a bhí na hinnill chogaíochta agus na gléasanna scriosta ag éirí níos cumhachtaí agus níos tréamanta, is amhlaidh is mó a bhí ealaíontóirí an tsaoil ag tiontú in éadan an dearcaidh seo ar an chogaíocht.
thiontaigh sí she turned
" Rugadh í san Ómaigh, i dteaghlach Meitidisteach, aontachtach, ach thiontaigh sí i dtreo an náisiúnachais roimh dheireadh an naoú haois déag.
thiontaigh turned
" Bhí siad den bharúil go dtí bliain ó shin gur chóir é a athleasú ach de réir a chéile, ó lár na bliana seo caite, thiontaigh géarchéim an gheilleagair ina géarchéim pholaitíochta.
tiontú change
" D'fhéadfaí an tiontú sin a chur i gcrích in achar sé bliana.
ag iarraidh tiontú seeking to turn
" Mar sin féin, chlis go dona ar an chineál caipitleachais a chleachtar sa tír seo, caipitleachas na caimiléireachta, agus cheapfá go mbeadh muintir na hÉireann ag iarraidh tiontú in aghaidh na ngnáthpháirtithe dá bharr.
thiontaigh turned
" Siocair eile gur thiontaigh na daoine in aghaidh Fhianna Fáil is ea gur ísligh siad oifigí an stáit.
An Tiontú chun Samhnais changing to disgust
" An Tiontú chun Samhnais ============= Is tír í an Fhionlainn nach bhfuil ach rud beag os cionn cúig mhilliún duine inti.
dtiontódh would turn
" Shamhlaigh NATO, is léir, nuair a tionscnaíodh an eachtraíocht fhuilteach seo i Libia go dtiontódh na daoine in aghaidh Qathafi, ach ní mar sin a tharla.
thiontaigh turned
" An méid Preispitéireach nár theith go Ceanada nuair a thiontaigh córas an stáit abhus glan ina n-éadan i ndiaidh 1798 agus 1803, bhí orthu umhlú agus is féidir céatadán sách ard díobh a shonrú i bPáirtí na Comhghuaillíochta inniu.
tiontú thart turn around
" B'éigean don mhórshiúl tiontú thart agus dul ar ais go Kirkdale, áit a raibh slógadh acu taobh istigh de chlub sóisialta.
a muinchillí a thiontú suas roll up their sleeves
" Gach aontachtach a nochtann a aghaidh ar an teilifís na laethanta seo, bíonn sé ag caint ar na sluaite Caitliceach (tá a súile siadsan níos cóngaraí dá chéile, tá a fhios agat) atá ag tarraingt orthu, iad uilig réidh le seanualach na hÉireann Aontaithe a chaitheamh uathu, a muinchillí a thiontú suas agus gach díograis dá bhfuil ina gcolainn a chaitheamh ar son Tógra Thuaisceart Éireann mar atá cuid de na meáin ag tabhairt ar athdhearú na Sé Chontae.
thiontaigh mé suas le dlíodóir agus abhcóide I arrived with a solicitor and a barrister
" "Mar sin, i ndiaidh bliana de bheith ag diúltú an chúirt a aithint, thiontaigh mé suas le dlíodóir agus abhcóide, rud a chuir na bleachtairí fríd a cheile ar fad! Cuireadh an cás ar athló agus tugadh chuig na cillíní mé áit ar dúradh liom go dtabharfadh na póilíní le fios go raibh mé ag sceitheadh scéalta ar mo chomrádaithe agus go raibh mé ag comhoibriú leo dá rachainn ar aghaidh leis an chás.
a thiontaíonn an hidrigin san uisce go cumhacht turns the water’s hydrogen into power
" Tá breosla-chealla nó “puck” ann a thiontaíonn an hidrigin san uisce go cumhacht.
thiontaigh thart ag caoineadh I turned around crying
" Nuair a phléasc leis an bhuachalla a bhí amach romham agus nuair a hiompaíodh den talamh é ag screadaíl ar nós muice, sheas mé in aice leis mar nach dtiocfadh liom a iompar, thiontaigh thart ag caoineadh i dtreo an stócaigh a bhí dár lámhach.
Luas tiontaithe teanga the speed of language change
" 6) Luibh an Leighis? ===== Luas tiontaithe teanga a bhí faoi chaibidil in alt Mhéabh Ní Thuathaláin, Gaelscéal 13 Feabhra.
Thiontaigh Íosa thart Jesus turned around
"Thiontaigh Íosa thart agus dúirt lena dheisceabail: “A chlann liom, is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i Ríocht Dé.
thiontaigh turned
" ” Teasghrá don Teanga ======== Nuair a tháinig géarchéim ina saol agus í sna 30í, áfach, thiontaigh Linda chuig an Dia nach gcreideadh sí ann, ag fáil amach nár Críostaíocht ar chor ar bith a bhí ar bun ag daoine a mhaígh go callánach gur Críostaí iad.
thiontaigh sé ar a sháil he turned on his heel
" D’fhreagair Linda gur sin an fáth amháin gur ceart do Phrotastúnaigh í a fhoghlaim agus athsheilbh a ghlacadh uirthi, ach thiontaigh sé ar a sháil, “gan an t-am de lá a thabhairt dom,” arsa Linda.
sular thiontaigh sé ar an teach before it turned toward the house
" Rinne na peileadóirí damhsa foréigneacha ar an tochailteoir sular thiontaigh sé ar an teach agus leag go talamh é.
Tiontaíodh compal míleata a military area/space was altered
" Tiontaíodh compal míleata, Beairic Ebrington os comhair Halla na Cathrach ar an taobh eile den abhainn, ina piazza ealaíne díreach in am do thosach na bliana; beart a raibh intinn nath an Bhíobla faoi chlaimhte a bhualadh amach ina soic chéachta agus sleánna a thiontú ina gcorráin taobh thiar de ach, sa chás seo, gur deiseanna ealaíne an toradh a bhí ar an bhualadh amach.
sleánna a thiontú ina gcorráin spears being turned into reaping hooks
" Tiontaíodh compal míleata, Beairic Ebrington os comhair Halla na Cathrach ar an taobh eile den abhainn, ina piazza ealaíne díreach in am do thosach na bliana; beart a raibh intinn nath an Bhíobla faoi chlaimhte a bhualadh amach ina soic chéachta agus sleánna a thiontú ina gcorráin taobh thiar de ach, sa chás seo, gur deiseanna ealaíne an toradh a bhí ar an bhualadh amach.
Thiontaigh turned
" *” Shíl muintir bhocht na Breataine gur tancanna míleata a bhí i gceist aige, go dtí gur mhínigh duine de thráchtairí *Sky Sports* dóibh gur mar sin a ghabhtar buíochas i mBéarla na hÉireann, ach gur minic a luaitear Mac Dé san abairt: “*Ah! Jazus, tanks!*” Thiontaigh Michael Dee ar an tuiseal ginideach uimhir iolra agus é ag tagairt do mhuintir na Breataine i nGaeilge sa Royal Albert Hall.
tiontaíodh an t-arm the army was turned
" I bhfírinne, is éard a tharla ná gur tiontaíodh an t-arm thar oíche ó cheann a bhí Sunnaíoch go príomha go ceann a bhí beagnach 100% Siach.
ag tiontú daoine i gcoinne na hinstitiúide turning people against the institution
" Tá an t-úrscéal agus an scannán The Da Vinci Code cáinte go láidir ag an Eaglais Chaitliceach ach is é iompar na heaglaise féin, seachas na saothair sin, atá ag tiontú daoine i gcoinne na hinstitiúide, dar le Dónall Ó Maolfabhail.
cén fáth nach dtiontaíonn úsáideoirí why users don't turn to
" Ní thuigeann Balor, mar sin, cén fáth nach dtiontaíonn úsáideoirí ar snaoisín ina áit.
Tá rotha mór an tsaoil tiontaithe things have changed