Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tiontú conversion
" Agus cé go bhfuil baint níos mó ag an dearbhú seo le fadhbanna atá aige maidir lena pholasaithe eile ná le tiontú ar an bhóthar go Damascus, is cúis dheas iontais é a leithéid d’fhocail a chloisteáil ón fhoinse seo.
ag tiontú ar converting to
" Tá siad ag tiontú ar roghanna eile bliain i ndiaidh bliana.
bheartaigh muintir Raidió na Life ar a seirbhís phobail a thiontú ina seirbhís phubaill the people from Raidió na Life decided to turn their community service into a tent service
" Cad chuige ar chuir an lucht freastail spéis sa teanga go tobann? Bhuel, bheartaigh muintir Raidió na Life ar a seirbhís phobail a thiontú ina seirbhís phubaill ar feadh deireadh seachtaine amháin! “Ba é Rossa Ó Snodaigh ón mbanna ceoil Kíla a mhol i dtosach gur chóir dúinn Puball na Gaeilge a reáchtáil ag an bhféile agus ba eisean a d'eagraigh an rud ar fad,” a deir Muiris Ó Fiannachta, bainisteoir Raidió na Life.
tiontú turning
" Agus iad ag tiontú ar na Mazdanna agus na Hyundaianna cosúil linne, thit an tóin as tionscal na gcarranna i Meiriceá.
tiontú turn
" Shínigh Thatcher agus Fitzgerald Comhaontú Angla-Éireannach i 1985 - arís, in ainneoin na mná nach raibh le tiontú.
tiontú ar turning towards
" Mar sin, tá an lucht fógraíochta ag tabhairt a gcúil don sean-nuachtán agus ag tiontú ar na meáin leictreonacha.
Tiontú Teanga language shift
" An Tiontú Teanga Mhaigh an tOllamh Declan Kiberd in aiste ar an Irish Times le déanaí go ndearna muintir na hÉireann margadh leis an todhchaí sna 1830í – go dtabharfaidís cúl dá dteanga is dá gcultúr mar mhalartú ar rath eacnamaíochta (rath nach bhfuair siad faraor géar!).
tiontú translation
" Bhí an t-iarratasóir ag lorg dearbhú go raibh dualgas bunreachtúil ann tiontú oifigiúil a chur ar fáil go comhuaineach don phobal i gcoitinne d'Achtanna de chuid an Oireachtais, ionstraimí reachtúla agus rialacha na Cúirte.
tiontú turning
" Caithfidh sé gur éirigh cúrsaí níb fhearr áfach agus is dóigh nach raibh a oiread sin uaignis air de réir mar a bhí deartháireacha agus deirfiúracha eile ag teacht ar an saol agus de réir mar a bhí teaghlaigh eile in Iarúsailéim ag tiontú ar an Eabhrais.
thiontú change
" Díríonn an chomhdháil seo orthu siúd atá ag miondíol ar líne agus ar thiontú agus ar dhílseacht an chustaiméara.
ag tiontú turning
" De réir mar a bhí na hinnill chogaíochta agus na gléasanna scriosta ag éirí níos cumhachtaí agus níos tréamanta, is amhlaidh is mó a bhí ealaíontóirí an tsaoil ag tiontú in éadan an dearcaidh seo ar an chogaíocht.
tiontú change
" D'fhéadfaí an tiontú sin a chur i gcrích in achar sé bliana.
ag iarraidh tiontú seeking to turn
" Mar sin féin, chlis go dona ar an chineál caipitleachais a chleachtar sa tír seo, caipitleachas na caimiléireachta, agus cheapfá go mbeadh muintir na hÉireann ag iarraidh tiontú in aghaidh na ngnáthpháirtithe dá bharr.
An Tiontú chun Samhnais changing to disgust
" An Tiontú chun Samhnais ============= Is tír í an Fhionlainn nach bhfuil ach rud beag os cionn cúig mhilliún duine inti.
tiontú thart turn around
" B'éigean don mhórshiúl tiontú thart agus dul ar ais go Kirkdale, áit a raibh slógadh acu taobh istigh de chlub sóisialta.
a muinchillí a thiontú suas roll up their sleeves
" Gach aontachtach a nochtann a aghaidh ar an teilifís na laethanta seo, bíonn sé ag caint ar na sluaite Caitliceach (tá a súile siadsan níos cóngaraí dá chéile, tá a fhios agat) atá ag tarraingt orthu, iad uilig réidh le seanualach na hÉireann Aontaithe a chaitheamh uathu, a muinchillí a thiontú suas agus gach díograis dá bhfuil ina gcolainn a chaitheamh ar son Tógra Thuaisceart Éireann mar atá cuid de na meáin ag tabhairt ar athdhearú na Sé Chontae.
sleánna a thiontú ina gcorráin spears being turned into reaping hooks
" Tiontaíodh compal míleata, Beairic Ebrington os comhair Halla na Cathrach ar an taobh eile den abhainn, ina piazza ealaíne díreach in am do thosach na bliana; beart a raibh intinn nath an Bhíobla faoi chlaimhte a bhualadh amach ina soic chéachta agus sleánna a thiontú ina gcorráin taobh thiar de ach, sa chás seo, gur deiseanna ealaíne an toradh a bhí ar an bhualadh amach.
ag tiontú daoine i gcoinne na hinstitiúide turning people against the institution
" Tá an t-úrscéal agus an scannán The Da Vinci Code cáinte go láidir ag an Eaglais Chaitliceach ach is é iompar na heaglaise féin, seachas na saothair sin, atá ag tiontú daoine i gcoinne na hinstitiúide, dar le Dónall Ó Maolfabhail.