Pota Focal Intergaelic
oil | stoil | tail | teil | til
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
toil will
" " Measann sí go bhfuil toil an phobail i bhfad níos mó laistiar den Ghaeilge inniu agus an cruthúnas is mó atá ann di ná an méid daoine a d'fhéach ar an gclár "Léargas" gach Máirt - "suas leis an gceathrú cuid de lucht féachana na tíre, a raibh rogha go leor stáisiún ag a lán acu, ag roghnú féachaint ar chlár as Gaeilge.
dea-thoil goodwill
" Is é an tuairim choitianta go ndéanann eachtraí den chineál seo dochar mór do chás an Lucht Taistil toisc go n-ídíonn sé pé dea-thoil atá ag an bpobal trí chéile ina leith.
toil will, desire
" Tríocha nóiméad d'am breise le himirt! An cheist mhór agus na foirne ag dul i mbun comhraic arís ná cé acu a raibh an toil agus an croí acu chun an bua a ghnóthú.
dea-thoil good will
" Níl de dhíth ach foilsitheoir toilteanach, eagarthóir díocasach, agus dea-thoil na ndaoine sin a bhfuil an chuid is mó den obair - an bailiú - déanta acu cheana féin.
toil will
" Tá dlíthe go leor san Iodáil ag baint leis an inimirce ach níl an toil ann iad a chur i bhfeidhm: tá bá ag go leor den phobal le lucht na hinimirce agus, i gcás na bpolaiteoirí, tá go leor le gnóthú acu as neamhaird a thabhairt ar na dlíthe seo.
toil will
" Go síceolaíoch, bhí sí i bhfad ní ba láidre ná é agus ní raibh toil dá chuid féin aige.
toil will
" Chiallódh sé go mbeadh guth níos láidre ag náisiúnaithe bunreachtúla, daoine a chreideann in Éirinn aontaithe, ach le toil na n-aontachtaithe iad féin, agus mar sin, nár cheart go mbeadh eagla ar bith orthu.
tá an teanga ar a toil ag Ellen Ellen is fluent in the language
" Níl mo chuid Iodáilise féin ró-iontach ach tá an teanga ar a toil ag Ellen.
dea-thoil goodwill
" Agus an obair mhór a rinne muid le muintir Dhún na nGall agus leis na hóstáin, go bhfuil sé sin uilig imithe anois agus go bhfuil go leor den dea-thoil, go háirithe i gcás turasóirí as Baile Átha Cliath a bhí ag fanacht i dTír Chonaill ar laethanta saoire agus ag caitheamh airgid sa gceantar, caillte.
toil willingness
" Tuigtear do *Beo! *go bhfuil fianaise sách láidir anois i seilbh Fhiosrúchán Barron a léiríonn go raibh an toil, sna seachtóidí ar a laghad, i réimsí áirithe d'Arm na Breataine gníomhartha tromchúiseacha a chur i gcrích faoi rún, ar dhá thaobh na teorann.
i gcoinne a dtola against their will
" Níl de chumhacht ag an mBreitheamh Barron tabhairt ar dhaoine fianaise a thabhairt i gcoinne a dtola.
Dea-thoil goodwill
" Dea-thoil na foirne agus na mac léinn i leith na Gaeilge.
i gcoinne a dtola against their will
" Taobh amuigh de na Bundúchasaigh, is inimircigh an chuid eile de dhaonra na tíre, nó sliocht inimirceach, nó sliocht na ndaoine a tugadh chun na tíre i gcoinne a dtola.
toil will
" Cinnte ba mhór an cuidiú é ag David Trimble dá dtabharfadh an IRA freagraí deimhneacha ar thrí cheist Blair, dá gcuirfeadh an IRA gunnaí agus armlón ó mhaith, ach tá poblachtánaigh amhrasach fá ábaltacht - nó toil féin - Trimble a pháirtí féin a thabhairt leis.
an Ghaeilge ar a dtoil fluent Irish
" Bhí drámaí agus aisteoirí eisceachtúla ann ó am go ham, ach fiú nuair a chuir Amharclann na Mainistreach, an Amharclann Náisiúnta, dráma Gaeilge ar stáitse bhraithfeá go minic nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil ag cuid de na haisteoirí, rud a bhain de bhrí agus d'fhuinneamh an dráma agus de thaitneamh an lucht féachana.
toil pholaitiúil political will
" Níl de dhíth anois ach an toil pholaitiúil.
toil pholaitiúil political will
" "Ní fheicim go bhfuil an toil pholaitiúil ann í a mhaoiniú i gceart - sin é an chéad rud a déarfainn.
pé dea-thoil whatever goodwill
" Dochar ======= Ní hamháin nár chabhraigh an stocaireacht speisialta ar leith seo ar son úinéir báid amháin le misneach iascairí eile Éireannacha, ach creideann an tUasal Doyle go ndearna stocaireacht an Rialtais dochar freisin do pé dea-thoil a bhí sa Choimisiún i leith iascairí na hÉireann.
toil will
" An é nach féidir an fhís a thabhairt i gcrích, go bhfuil traidisiún níos láidre ná pleanáil agus scéimeanna ar bith nó an é nach bhfuil an toil ann dáiríre? Tá go leor daoine sa Chumann Lúthchleas Gael atá sásta le cúrsaí mar atá siad agus nach bhfeiceann gur chóir airgead agus fuinneamh a chur "amú" ar scéimeanna "gan dealramh".
ní dhéanann siad saothar ná sníomh They toil not, neither do they spin
" Chuir dearcadh agus stíl Mhíchíl na focail seo i gcuimhne dom: "Tugaigí faoi deara lilí an bháin, mar a fhásann siad; ní dhéanann siad saothar ná sníomh.
Tá sí ar a thoil aige he speaks it fluently
" " Tá sí ar a thoil aige anois, ach níor chuala sé í á labhairt sa bhaile agus é ag fás aníos.
toil Dé God's will
" Sin toil Dé agus ní fiú bheith ag argóint le Dia.
an toil rudaí úra a thriail the will to try new things
" Seo an fhadhb is mó ó síníodh an Comhaontú i 1998; beidh samhlaíocht iontach, crógacht as an ghnách, an toil rudaí úra a thriail agus spiorad láidir athmhuintearais riachtanach.
thoil an tromlaigh the will of the majority
" Tar éis an tsaoil, más mian le muintir na tíre éisteacht le popcheol Angla-Mheiriceánach, tuige nach ngéillfí dóibh? Nach bunphrionsabal daonlathach é déanamh de réir thoil an tromlaigh? Sa gcomhtéacs seo, níor mhór féachaint ar ar tharla sa mBaváir.
dhea-thoil good-will
" Bíodh is go mbraitheann stáisiúin phríobháideacha ar dhea-thoil na gcomhlachtaí móra go minic, níl an brú céanna ar stáisiúin atá faoi stiúir Rialtas na Baváire, Bayern 3, mar shampla.
nach bhfuil ar a dtoil ag muintir na Baváire that the people of Bavaria can't speak fluently
" Tar éis an tsaoil, is teanga choimhthíoch fós é an Béarla nach bhfuil ar a dtoil ag muintir na Baváire.
dea-thoil good will
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le Seachtain na Gaeilge? Is dócha go bhfuil an dea-thoil atá ar fud na tíre don tSeachtain agus an méid daoine atá sásta obair a dhéanamh go deonach ar son na Seachtaine ar na príomhláidreachtaí a bhaineann léi.
ar a toil fluently
" " An t-aon aiféala atá ar Whitaker ná nár thuig sé go dtí go raibh sé ródhéanach go raibh an Ghaeilge ar a toil ag a sheanmháthair agus gur chaill sé an deis labhairt léi ina teanga dhúchais.
toil will
" " An t-aon aiféala atá ar Whitaker ná nár thuig sé go dtí go raibh sé ródhéanach go raibh an Ghaeilge ar a toil ag a sheanmháthair agus gur chaill sé an deis labhairt léi ina teanga dhúchais.
nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu who didn't speak Irish fluently
" Bhí an-spéis ag na healaíontóirí féin ann agus mheall an clár daoine nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu.
toil will
" Níl aon dabht ach go gcuirfeadh a leithéid d'athrú ar chumas na n-údarás áitiúil i bhfad níos mó tithe sóisialta a chur ar fáil, ag glacadh leis go bhfuil an toil ann a leithéid a dhéanamh, dar ndóigh.
toil will
" Níl se éasca teanga a fhoghlaim i d'aonar, ach is féidir é a dhéanamh, má tá an toil agat.
nach raibh Laidin ar a dtoil ag go leor d'ár gcuid saighdiúirí that many of his soldiers couldn't speak Latin
" Bhí mé féin agus mo dhaidí agus Condo Leasing de Rís ag smaoineamh ar imruathar a dhéanamh ar thír nó dhó i Meiriceá Laidineach, ach d'éist muid leis mar nóisean nuair a fuair muid amach nach raibh Laidin ar a dtoil ag go leor d'ár gcuid saighdiúirí.
Dea-thoil goodwill
" Dea-thoil an rialtais áitiúil.
le neart a tola is a réasúin with the strength of her will and her reason
" tabharfaidh mé a dhúshlánI'll challenge him scrogalllong thin neck á bodhradhdeafening her obair athleictritherewiring work meirgrust ag smúrthachtprowling around go teanntightly tiubhthick tréanstrong bolta righinstiff bolt i ngan fhios dóibhwithout them knowing lomnochttotally naked ar thóir rud éigin eileafter something else ar tí cnagadhabout to knock ag iarraidh sárú ar an eaglatrying to overcome the fear le neart a tola is a réasúinwith the strength of her will and her reason
toil pholaitiúil political will
" toil pholaitiúil ======= Chun é seo a bhaint amach tá gá le toil pholaitiúil agus cinnireacht pholaitiúil.
thoil will
" Seo chugainn an fíor-Mhary atá anois beag beann ar bharúil daoine nó ar thoil lucht vótála na tíre.
ar a toil fluently
" I measc na bhfoghlaimeoirí fásta seo, tá bean ón tSualainn, mac léinn ón mBriotáin, *patissier* ó Poitiers a bheidh ag aistriú go hÉirinn san athbhliain, ceoltóir a bhfuil an Ghréigis ar a toil aici cheana féin, aistritheoir gairmiúil a bhíonn ag plé le téacsanna i mBéarla na hÉireann, saineolaí uisce Airméanach - Liobánach, múinteoir Béarla a rinne tráchtas ar Brian Friel, agus beirt Éireannach atá i bPáras le fada, atá ag iarraidh cuimhneamh ar an nGaeilge a d'fhoghlaim siad agus í a chleachtadh.
toil will
" Deir Andy Hull go mbeidh Learpholl ag leanúint ar aghaidh lena achainí chuig Westminster chun Acht Parlaiminte Áitiúil a fháil, mar gur sin toil na ndaoine sa chathair.
thoil mhuintir Ghiobráltar the will of the people of Gibraltar
" Tá an Spáinn ag éileamh go dtabharfaí an Charraig ar ais agus tá an Bhreatain ag maíomh nach bhfuil siad sásta dul i gcoinne thoil mhuintir Ghiobráltar.
easpa tola lack of will
" Is amhlaidh go gcuirtear easpa tola agus easpa gnímh ina leith go minic.
dea-thoil good-will
" McEneaney ansin murach gur chinn a bhean, a pháistí agus a chairde ar bheith ag obair gan stad chun dea-thoil Eamon agus a ghrá don bheatha a scaipeadh.
i dtoil a chéile together
" Ba iad na hiriseoirí a bhailigh le chéile agus a chuir an plean i dtoil a chéile ná Paddy Downey, John D.
a bhfuil an teanga ar a dtoil acu who are fluent
" com dírithe ar dhaoine a bhfuil an teanga ar a dtoil acu, a bhfuil spéis acu sa mhéid atá ag titim amach i saol na Gaeilge agus atá ag iarraidh an teanga a úsáid go laethúil.
a bhfuil an teanga ar a dtoil acu who are fluent
" com dírithe ar dhaoine a bhfuil an teanga ar a dtoil acu, a bhfuil spéis acu sa mhéid atá ag titim amach i saol na Gaeilge agus atá ag iarraidh an teanga a úsáid go laethúil.
a lán dea-thola a lot of goodwill
" Ar nós na Gaeilge, tá a lán dea-thola ann i leith na hiomána i gCumann Lúthchleas Gael ach tá cur chuige ar iarraidh.
nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu who are not fluent in the language
" Is mian linn lucht na Gaeilge a mhealladh chun na háite ach beidh fáilte fosta, gan amhras, roimh dhaoine nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu.
easpa iomlán tola a total lack of will
" Measann sé go bhfuil easpa iomlán tola i measc na n-údarás sa tír.
in aghaidh a thola against his will
" Is maith an rud é rogha gan dabht agus ní cóir go mbeadh brú as cuimse ar éinne spórt ar bith a imirt in aghaidh a thola.
nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu who are not fluent in the language
" Is mian linn lucht na Gaeilge a mhealladh chun na háite ach beidh fáilte fosta, gan amhras, roimh dhaoine nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu.
á gcothú i gcoinne a dtola being fed against their will
" Taispeánadh bean amháin ceangailte do chathaoir, daoine eile á maslú agus á gcothú i gcoinne a dtola.
nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu who are not fluent in the language
" Is mian linn lucht na Gaeilge a mhealladh chun na háite ach beidh fáilte fosta, gan amhras, roimh dhaoine nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu.
toil pholaitiúil political will
" Ní dóigh liom go mbeadh an toil pholaitiúil ann a mhacasamhail a chur ar bun sa tír seo.
nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu who are not fluent in the language
" Is mian linn lucht na Gaeilge a mhealladh chun na háite ach beidh fáilte fosta, gan amhras, roimh dhaoine nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu.
nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu who are not fluent in the language
" Is mian linn lucht na Gaeilge a mhealladh chun na háite ach beidh fáilte fosta, gan amhras, roimh dhaoine nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu.
toil pholaitiúil political will
" Ach ní léir go bhfuil an toil pholaitiúil ann aon ní a ghéilleadh do na meáin, gan srianta breise a chur orthu maidir le sárú príobháide.
toil will
" Fiú agus toil ann seirbhísí as Gaeilge a chur ar fáil, is rud eile ar fad é na daoine a aimsiú atá sách ábalta chun postanna nua a líonadh a fhágfas gur féidir na seirbhísí i nGaeilge a sholáthar.
ar a dtoil fluently
" Ní gnáthchúrsa Gàidhlig a bhí sa chúrsa seo, ach cúrsa a bhí dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge na hÉireann ar a dtoil acu.
a bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige who has fluent Irish
" Cén fáth? Is minic duine ag obair leis féin mar bíonn sé deacair deis a fháil labhairt le duine a bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige agus is gá bheith in ann cleachtadh.
ar a dtoil fluently
" Ní gnáthchúrsa Gàidhlig a bhí sa chúrsa seo, ach cúrsa a bhí dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge na hÉireann ar a dtoil acu.
ar a dtoil fluently
" Ní gnáthchúrsa Gàidhlig a bhí sa chúrsa seo, ach cúrsa a bhí dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge na hÉireann ar a dtoil acu.
toil pholaitiúil political will
" Foilseofar torthaí an taighde seo roimh dheireadh na bliana ach beidh le feiceáil an bhfuil an toil pholaitiúil ann leis na teorainneacha a atarraingt.
Beatha duine a thoil everyone has his own tastes
dhea-thoil goodwill
" Cad iad na foinsí maoinithe atá ag an eagraíocht? An leor iad? Is eagraíocht dheonach í Na Gaeil Óga, mar sin braitheann muid ar dhea-thoil ár mball agus ar bhailiúcháin a dhéantar ó am go chéile.
a bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige who speaks fluent Irish
" Bhí Michael Noonan i gceannas ar an pháirtí in 2001 agus 2002 agus is fear é siúd a bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige agus a labhraíonn í go minic.
in éadan a tola against her will
" An féidir nach bhfuil tú féin agus Íosa Mhic Ghiolla Mháire ag réiteach rómhaith le chéile? Chuala mé cogar – agus ní raibh ann ach cogar – go raibh tú ag smaoineamh ar Íosa a bhogadh, in éadan a tola, as Baile Átha Cliath ar fad.
ag brath ar dhea-thoil an Rialtais depending on the goodwill of the Government
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le Feachtas?*** An laige is mó a bhaineann le Feachtas ná go bhfuil muid ag brath ar dhea-thoil an Rialtais chun maoiniú ceart a thabhairt dúinn, rud nár tharla go dtí seo.
dea-thoil goodwill
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?***Tá sé mar fhís agam go mbeidh dea-chaighdeán Gaeilge agus dea-thoil i leith na teanga ag gach páiste a théann tríd an gcóras oideachais; go mbeidh an Ghaeilge in úsáid ar bhonn rialta ag na húdaráis; go mbeidh an Ghaeilge mar ghnáththeanga oibre i ngnólachtaí agus go mbeidh méadú mór ar líon agus ar ról na meán Gaeilge.
toil ná an fuinneamh the will or the energy
" Fad a bhí Dev fán spotsolas lár stáitse, bhí glúin óg náisiúnaithe anois ar na cliatháin a mheas nach raibh an toil ná an fuinneamh fágtha i bhFianna Fáil chun tabhairt faoin “National Question” a raibh Martin Corry chomh tógtha san leis go lá a bháis.
bíonn an Ghaeilge ar a dtoil ag an chuid is mó acu most of them are very fluent
" Bíonn suas le cúig dhuine dhéag sa rang áirithe sin agus bíonn an Ghaeilge ar a dtoil ag an chuid is mó acu.
a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu who have fluent Irish
" Tá géarchéim i scoileanna áirithe Gaeltachta mar nach féidir leo teacht ar mhúinteoirí a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu.
easpa dea-thola lack of goodwill
" ” Chuir an naimhdeas agus an easpa dea-thola a bhí i gceist i gcás daoine áirithe sna meáin, go háirithe sna meáin chlóite, iontas ar Ó Ciardha agus ar an dream eile a bhí i mbun TG4.
toil na ndaoine the will of the people
" Má chailleann siad cúig shuíochán déag, chuile sheans go nglacfaidh siad féin agus na páirtithe eile leis gurb é toil na ndaoine é go rachaidís isteach sa fhreasúra.
toil pholaitiúil political will
" Níorbh fhéidir, fiú agus an toil pholaitiúil ann i bpobal na tíre, an Chomhdháil ina hiomláine a athrú in aon toghchán amháin.
an toil nó an spéis the will or the interest
" Níl a fhios agam an féidir Corn an Bhóthair Iarainn agus Corn an Oireachtais a athréimniú nó an bhfuil an toil nó an spéis ann chuige.
an toil pholaitiúil political will
" Más rud é gur beag nár thit an tóin as an Eagraíocht Trádála Domhanda (WTO) mar gur theip orthu a theacht ar aontú faoi dheireadh a chur le fóirdheontais talmhaíochta, cén seans go n-éireodh níos fearr leo agus iad ag plé leis an cheist chigilteach seo? Is éard atá de dhíth ná an toil pholaitiúil le haghaidh a thabhairt ar an téamh domhanda.
prionsabal na tola; the principle of will;
" D’éirigh leo an IRA a cheansú, glacann na poblachtánaigh le prionsabal na tola; tá deireadh le hAltanna 2 agus 3 (an cuimhin libh iad sin?) – tá dúshraith faoin Aontas a mhairfidh go deo, a déarfaidh siad leat.
dua toil
" De réir an bhéaloidis, bhí ballaí sheanbhaile ársa na Traí tógtha ar bhealach chomh casta sin nach dtiocfadh le naimhde ar bith a rinne a mbealach isteach sa chathair a mbealach a dhéanamh amach arís! Séadchomhartha suimiúil é Julian’s Bowers, agus is suntasach an méid dua (agus airgid) atá á chaitheamh air, ainneoin nach bhfuil an láithreán féin go hard ar liosta tosaíochtaí English Heritage.
toil the will
" Agus cad é faoin daonlathas sa pháirtí agus toil na ndaoine? Ag an chomhdháil i Manchain shéan Harriet Harman (tánaiste nua Brown) gur vótáil sí ar son an chogaidh, agus ina óráid ansin, gheall Gordon Brown go n-éistfeadh sé le baill an pháirtí agus leis an phobal as seo amach.
toil will
" Dá mba mise an tUasal al-Maliki, bheinn ag pacáil mo mhálaí mar is cuma faoin daonlathas - ruaigfear as oifig é más sin toil an CIA.
in ainneoin thoil na Maorach. despite the will of the Maori.
" ** ** Ní raibh mórán measa ag na coilínigh ar a leithéid de nósanna, agus lean siad orthu ag saothrú ar an talamh bliain i ndiaidh bliana in ainneoin thoil na Maorach.
gan stró, gan strus. without toil, without stress.
" Tar éis dóibh saol fada oibre a bheith curtha isteach acu, bíonn siad ag súil go mór le seal fada ar a suaimhneas, gan stró, gan strus.
agus cé nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil ag gach duine acu, and although they weren't all fluent in Irish,
" ” D’éirigh le Collins aisteoirí den chéad scoth a fháil don scannán, Colm Meaney, Dónal O’Kelly, Brendan Conroy agus Seán Ó Tarpaigh ina measc, agus cé nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil ag gach duine acu, bhí go leor spéise acu sa tionscadal agus gnaoi acu ar an teanga le ham a chaitheamh i gConamara ag cur snasa ar a mblas.
easpa tola lack of will
" De réir cosúlachta, sampla eile de phatuaire an Stáit i leith an Iathair Láir atá san easpa tola atá léirithe ag an Rialtas maidir le hiachall a chur ar Aer Lingus athmhachnamh a dhéanamh ar a gcinneadh is déanaí i dtaobh na Sionainne.
dea-thoil goodwill
" Bhí buachaillí óga le feiceáil timpeall na tíre ag baint úsáide as a gcuid camán mar bhata cruicéid agus as a gcuid sliotar mar liathróid chruicéid, ar feadh scaithimh i rith an tsamhraidh ar aon nós! Maidir le 2008, beidh le feiceáil cé acu an bhfuil sé de chumas ag lucht an chruicéid teacht i dtír ar an aird agus ar an dea-thoil a tugadh dó in 2007 nó nach bhfuil.
is cuma mura bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. even if they don't speak fluent Irish.
" Agus is dócha gurb é sin an bua is mó atá ag lucht Fhíbín – tá cur chuige físiúil ag an gcompántas agus tuigeann siad an chaoi le daoine a chur ag gáire, is cuma mura bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu.
in éadan thoil a muintire against the will of their families
" Tugtar “na glúnta goidte” ar na mílte páiste de chine measctha a tógadh óna dtuismitheoirí in éadan thoil a muintire le linn na tréimhse 1910 go 1970.
ag teacht i dtír ar an dea-thoil taking advantage of the goodwill
" **Imeachtaí eile**Le cois na n-imeachtaí a bhfuil baint dhíreach acu le Seachtain na Gaeilge, bíonn eagraíochtaí agus tionscadail eile ag teacht i dtír ar an dea-thoil i leith na teanga a bhíonn i gceist le linn choicís na féile.
dea-thoil goodwill
" Dar ndóigh, níl mé ag maíomh go dtosóidh gach duine sa tír ag labhairt Gaeilge mar gheall ar go bhfuil Des Bishop ag déanamh amhlaidh – ní dóigh liom go bhféadfadh duine ar bith an mhíorúilt theangeolaíoch sin a bhaint amach – ach is cosúil go gcruthóidh “In the Name of the Fada” dea-thoil sa bhreis i leith na teanga i measc mhuintir na hÉireann.
go bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, that they can speak Irish fluently
" 8 milliún a mhaíonn go bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, thuaidh agus theas, an 450,000 a deir go labhraíonn siad go laethúil í (sa Phoblacht amháin) agus an sciar beag den phobal a cheannaíonn nuachtán Gaeilge.
aimridiú ar mhná i gcoinne a dtola. the fertilisation of women against their will
" Ní raibh i marú lucht léirsithe sna caismirtí a bhí ar siúl le déanaí sa Tibéid ach sampla eile den mhaistíneacht agus den ansmacht atá ar bun ag an tSín ansin le fada, idir phríosúnú, chéasadh, chinsireacht, shárú saoirsí bunúsacha agus aimridiú ar mhná i gcoinne a dtola.
an toil pholaitiúil the political will
" Is gá go mbeadh an toil pholaitiúil ann agus bealach éalaithe a mheasann an dá thaobh a bheith ina bhua dóibh féin.
ar a dtoil fluent, i.e. can speak fluently
" Den chuid is mó, bíonn dhá theanga, mar aon leis an mBéarla, ar a dtoil ag muintir na Maláive.
a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil who can speak Irish fluently
" Tá na deiseanna fostaíochta agus gairme atá ar fáil do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu ag leathnú de shíor, go háirithe mar gheall ar an bhfás sa Ghaelscolaíocht agus sna healaíona trí mheán na Gaeilge, gan trácht ar an stádas breise atá ag an nGaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus san Aontas Eorpach.
toil pholaitiúil political will
" Agus an toil pholaitiúil ann, tá sé dóchasach go dtiocfar ar réiteach, a dúirt Maskey.
toil fhollasach an phobail explicit will of the public
" In ainneoin gur le toil fhollasach an phobail a rinneadh an beart, chuir an National Rifle Association (NRA) an dlí ar an gceantar agus shocraigh cúirt uachtarach na tíre nach raibh cead ag Washington D.
in aghaidh thoil na nIarácach, against the will of the Iraqis
" Más ceadmhach don tSeoirsia páirt a ghlacadh i bhforghabháil neamhdhleathach na hIaráice in aghaidh thoil na nIarácach, cad chuige nach mbeadh cead ag an Rúis a bheith san Óiséit Theas, áit a gcuirtear fáilte mhór roimpi? Rud eile nár luaigh na meáin ná an tslí ar tháinig Mikheil Saakashvili, dlíodóir a fuair a chuid oideachais in Harvard, i gcumhacht sa tSeoirsia.
tola of will
" Ní caitheamh aimsire amháin a bhí sa chluiche seo don Phaorach ach oiread ach sórt trialach; triail chumais, triail tola, triail fhéinmhuiníne.
an toil poiblí the public will
" Thuigfeá fosta don té a mheasfadh go raibh an toil poiblí ann glacadh le beartais dhiana dá chineál a rachadh i ngleic leis an ghéarchéim airgeadais.
ar a thoil aige he was free (of time)
" “Bhí beagnach 80 bliain ag m’athair nuair a fuair sé bás i mí Eanáir 1999 agus sna 10 mbliain deiridh dá shaol, bhí na laethanta ar a thoil aige is rinneamar an-chuid le chéile.