Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an Naoú Toinn the Ninth Wave
" Ach iad a bheith faichilleach gan sleamhnú thar an Naoú Toinn amach.
calafoirt na dTíortha faoi Thoinn. the ports of the Low Countries.
" Bhí an-trádáil ar siúl le calafoirt Bhaltacha agus calafoirt na dTíortha faoi Thoinn.
Tír Fá Thoinn netherworld, Holland
" Ní raibh an Tír Fá Thoinn riamh leath chomh fá thoinneach agus atá tír na hÉireann.
thar toinn overseas
" Chuaigh scoth ár bhfear amach thar toinn d’fhonn urraim na Poblachta a ardú agus chun dúshlán na bhFrancach a thabhairt.
go toinn poill go belly up, sink
" Rachadh a vótairí i dtreo an TUV, páirtí Jim Allister, agus rachadh an Tionóil, an próiseas ar fad, go toinn poill.
Tíortha fo Thoinn lands below the waves
" Tíortha fo Thoinn ====== Tá dlús á chur leis an luas ina bhfuil oighear á chailliúint ag an nGraonlainn, agus tá eolaithe áirithe buartha go sroichfear pointe iompaithe taobh istigh den fiche nó den tríocha bliana beaga amach romhainn.
go toinn poill to the bottom, sink
" Ó thaobh Oileán Oighear Petermann (2010) de, tá seans maith ann go leanfaidh a chúrsa chuig an Aigéan Atlantach Thiar, áit ar chuir cnoc oighir eile na Graonlainne an Titanic go toinn poill.
thar toinn do ráinig chugainn reached us from across the seas
" “Cionn is gur mian leo a bheith ina nÉireannaigh,” ar sé - ainneoin gur Sasanaigh, Albanach agus Iodálach a bhí ar an fhoireann chéanna agus bainisteoir Sasanach ina bun ach san allagar náisiúnta, tá na himreoirí seo mar chuid den “buíon dar slua, thar toinn do ráinig chugainn”! Ar Son na Tíre ======= Tá raicín ar siúl ó thuaidh faoi láthair cionn is gur tharraing imreoir óg sacair, Adam Barton, amach as scuad Thuaisceart Éireann do chluichí cáilithe i gCraobh na hEorpa 2012 cionn is gur mhaith leis imirt do thír eile.
thar toinn overseas
" Ceapadh daoine mar Astrálaigh na Bliana i dtús báire a bhí iomráiteach thar toinn, dá bhrí sin.
Tonn ar thoinn like waves
" Tonn ar thoinn, b’shiúd na hAilp siar amach romham.
dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn, slug slag ag an fhaoileán bhán ó thosach an bháid go dtí an deireadh moving like a Polaris submarine half of the time
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige, míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó, dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn, slug slag ag an fhaoileán bhán ó thosach an bháid go dtí an deireadh, an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile acu gur shroich sé cuan agus caladh ar Thoraigh.
nuair a théann an ghrian faoin toinn oícheanta an tsaoil when the sun dips below the sea of an evening
" Bíonn an fharraige le feiceáil ag síneadh siar go deo deo, agus luisne dhearg ar bhun na spéire nuair a théann an ghrian faoin toinn oícheanta an tsaoil.
Chuathas thar toinn anonn people crossed the seas
" Chuathas thar toinn anonn ó Smøland na Sualainne, ó Chorcaigh, ó Learpholl agus Bristol, ó Napoli na hIodáile ó Rotterdam agus ó Amsterdam na hÍsiltíre.
ag imeacht faoin toinn going under the water
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
an traein fo thoinn the tunnel train
" Gan mé ach céad slat ó Stáisiún San Pancras áit a dtéann an traein fo thoinn go Páras agus go dtí an Bhruiséil, turas dhá uair a' chloig nó mar sin, áit ar theastaigh seachtain le linn an Chaisidigh.