Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag tréigean abandoning
" Cuireann sé díomá air go bhfuil aos óg na Gaeltachta ag tréigean na teanga ach deir sé nach bhfuil sé ag brath a chuid ama a chaitheamh ag caoineadh faoi seo - is fearr, dar leis, bogadh ar aghaidh agus rudaí dearfacha a dhéanamh.
a thréigean abandon
" Higgins, ar thacú leis an cheannaireacht ag an phointe sin agus an sóisialachas a thréigean.
á thréigean being abandoned
" Gealltanais á dtabhairt, póstaeir á gcrochadh, leanaí á bpógadh: damhsa traidisiúnta na bpolaiteoirí agus na n-iriseoirí, iad chomh gafa sin lena chéile nach dtugann siad faoi deara go bhfuil an halla á thréigean ag an lucht féachana.
a thréigean to abandon
" Cad chuige ar chinn siad ar Mheicsiceo a thréigean agus teacht go hÉirinn fhliuch ghruama? Thosaigh siad ag tús an scéil, nuair a thosaigh siad beirt ag seinm le chéile i gcathair Mheicsiceo i 1994.
ag tréigean deserting
" Tá na mílte duine óg ag tréigean a gceantracha féin de bharr an scriosta atá déanta ag cuid cuótaí an Aontais Eorpaigh ar thionscal na hiascaireachta agus na talmhaíochta.
ag tréigean an tionscail leaving the industry
" Mar sin féin deir An Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha go bhfuil níos mó agus níos mó daoine ag tréigean an tionscail.
as an Ghaeilge a thréigean for abandoning the Irish language
" Creideann iar-uachtarán an CLG, Seosamh Mac Donncha, gur de bharr gur mhothaigh muintir na hÉireann ciontach as an Ghaeilge a thréigean, is cúis cuid mhór, i ngan fhios dóibh féin, gur thacaíodar chomh mór sin leis an CLG.
ag tréigean an tsaoil seo leaving this world/dying
" “Tá mo sheanchomrádaithe ag tréigean an tsaoil seo.
á tréigean abandoning it
" Ceist eile ar fad é ar cheart go gcaithfí daoine a d’fhan dílis don teanga, fad is a bhí a gcomharsana á tréigean, amach as an Ghaeltacht.
a thréigean to forsake
" Cibé faoin na státseirbhísigh is iomaí searbhónta poiblí nach bhfuil sásta teaghlach agus teallach, sólann agus dánlann, bialann agus iarsmalann, parlús suathaireachta agus club *lapdance* a thréigean agus aghaidh a thabhairt ar áiteanna iargúlta imigéiniúla i bhfad amach.
an áit a thréigean to leave the place behind
" ” Agus í ag fás aníos i mbaile a bhí beag, dar léi, ní foláir nó gur theastaigh uaithi an áit a thréigean a luaithe is ab fhéidir agus an domhan mór a bhlaiseadh.
chun a thír a thréigean to leave his country
" ” **Neamhspleách mar dhuine**Cé nár rith sé le hIzabela Zabkowice Slaskie a fhágáil le linn a hóige bhí tréithe aici a bheadh ag teastáil ó dhuine chun a thír a thréigean agus slí bheatha a bhaint amach sa teilifís.
ag iarraidh na lipéid cheirníní a thréigean. (who) want to desert the record labels
" Níl mé ag rá, gan amhras, nach bhfuil cead ag ceoltóir a chuid ceoil a thaifeadadh agus a dháileadh ina bhealach féin agus, leis an bhfirinne a rá, níl fadhb ar bith agamsa leis na ceoltóirí atá ag iarraidh na lipéid cheirníní a thréigean.
thréigean abandoning
" Tá na hurraithe á thréigean.
thréigean a luaithe to forsake it as soon as
" Tá daoine riachtanach le beocht agus cuisle a thabhairt d’áit, ach caithfidh siad gan é a thréigean a luaithe is atá an lá oibre thart.
thréigean to leave, forsake
" Mhol na húdaráis do dhaoine freisin cinneadh a dhéanamh go luath roimh ré idir an teach a chosaint nó é a thréigean, agus gan a bheith ag iarraidh éalú ag an nóiméad deiridh.
mhuintir a thréigean leave his family
" Ach ní hé an t-inimirceach agus na fáthanna a thóg air a bhaile agus a mhuintir a thréigean is tábhachtaí sna scannáin seo, ach an chaoi ina dtugtar dúshlán don ghnáthdhuine gan neamhaird a dhéanamh de.
thréigean to abandon
" Thóg sé i bhfad ar AMÁRACH an Cló Gaelach a thréigean agus glacadh leis an gCaighdeán Nua-Ghaeilge.
á thréigean fading from it
" Is cuimhin liom go raibh fuarbholadh uaidh agus go raibh na dathanna á thréigean.
thréigean to desert
" Níl ach achar gairid trasna na farraige idir an dá thír agus bhí plean ag fórsaí cosanta na hAstráile tuaisceart na tíre seo a thréigean dá ndéanfaí ionradh air, agus polasaí an rualoiscthe a chur i bhfeidhm ann.
thréigean to forsake
" Bhí orthu glacadh le poist nár íoc go maith is rinne roinnt daoine Cambacuá a thréigean.
tréigean deserting
" Ag am ina bhfuil ollchomhlachtaí domhanda ag baint na sála dá chéile ag tréigean na tíre, ba cheart go mbeadh muid ábalta titim siar ar na nithe atá againn go nádúrtha.
thréigean forsaken
" Cé gur thosaigh an eisimirce as an Iaráic agus Saddam Hussein fós ag cur sceimhle ar an tír, tá méadú as cuimse ar fad tagtha ar líon na Mandaean atá tar éis a n-áit dúchais a thréigean ó d’fhuascail fórsaí Mheiriceá í sé bliana ó shin.
Tréigean an Dúchais forsaking one’s background
" Tréigean an Dúchais =========== Creidim go láidir nár chaill pobal na hÉireann muinín ionainn siocair gur chloígh muid go dílis lenár seanluachanna.
tréigean abandonment
" Beidh an tréigean seo ina ualach mór ar na pobail seo sna blianta amach romhainn.
nach ‘dual do neach a thigh ná a threibh a thréigean it’s un-natural to forsake one’s house or one’s people
" D’fhulaing Tóibín fén ualach cultúrtha sin dar bhreaclínigh Ó Ríordánach ina dhán fuarchúiseach scéirdiúil, ‘Fill Arís’, dán a dhéanann idirdhealú dólásach idir an Béarla agus an Ghaeilge agus a dhéanann iarracht daoine do ghríosadh chun cluas bhodhar a thabhairt do shaibhreas intleachtúil ‘Shelley, Keats is Shakespeare’ ós rud é, dar leis, nach ‘dual do neach a thigh ná a threibh a thréigean’.
tá an talamh á tréigean the land is being forsaken
" Ach oiread leis na mílte bailte eile i dtuaisceart na Seineagáile, Mailí, An Nígir, An Nigéir agus Beinin, tá an talamh á tréigean agus á bánú.
an tréigean atá ar siúl the ongoing abandonment
" Agus mé ag maireachtaint i bPrág na Seice bhíodh cara Gailíseach liom ansin ag caint i dtólamh ar theanga na nGailíseach, an Ghailísis, agus ar an tréigean atá ar siúl ag an aos óg maidir lena labhairt is lena cothú.
an tAE a thréigean leave the EU
" Rialaigh an Chúirt go raibh seans go gcaithfeadh na leanaí an tAE a thréigean dá ndíbreofaí a dtuismitheoirí, rud a d’fhágfadh nach mbeidís in ann leas a bhaint as a saoránacht Eorpach.
ag tréigean íomhá na maitheasa agus na córa shedding the image of right and justice
" Bhí AFRICOM ag téamh ina chur i láthair i rith na bliana seo chuaigh thart, ag tréigean íomhá na maitheasa agus na córa.
a dteanga dhúchais a thréigean to forsake their native language
" Chuir an rí sin brú ar na Giúdaigh a dteanga dhúchais a thréigean agus nasc á dhéanamh aige freisin idir meán ársa na hEabhraise agus dramhaíol na staire.
Ní raibh an tréigean seo le feiceáil this exit wasn’t evident
" Tá Mealladh na nAstrálach Inti =============== Ní raibh an tréigean seo le feiceáil i mbliana, áfach, mar go bhfuil cóisir ar siúl ó cheann ceann na bliana le céad bliain na cathrach a cheiliúradh agus imeachtaí éagsúla go leor ann le freastal ar gach riachtanas.
a dtíortha dúchais a thréigean to leave their countries
" Mar a deir González féin, arbh inimirce ó Phórtó Ríce é a athair, “ní mhúineann siad dúinn ar scoil go bhfuil an méid sin Laidin-Mheirceánach sna Stáit mar gheall ar ainghníomhartha rialtas SAM a thug ar na milliúin daoine a dtíortha dúchais a thréigean agus triall ar na Stáit Aontaithe.
ní tír le tréigean atá sa nGearmáin lenár linn féin contemporary Germany is not a country to be abandoned
" Agus má bhí na mílte ón Rheinland ar an mbád bán chomh maith, ní tír le tréigean atá sa nGearmáin lenár linn féin ach tír le triall uirthi, ach oiread le Meiriceá fadó.
is mar gheall ar thréigean na Gaeilge it’s because of the abandonment of Irish
" Bhí roinnt bheag Poblachtach fíordhílis don Ghaeilg anuas na blianta ach is mar gheall ar thréigean na Gaeilge i measc Fine Gael, an Páirtí Náisiúnta, Fianna Fáil, Páirtí an Lucht Oibre agus Páirtithe éagsúla na nAontachtach a cothaíodh an teoiric gur le poblachtaigh amháin agus gur le Sinn Féin a bhain an Ghaeilg.
ag tréigean leaving
" Baineadh geit as an bpobal, agus as Marois í féin is cosúil, agus thosaigh dóibh siúd nach raibh cinnte faoina vótaí ag tréigean an pháirtí, ag tacú leis an dara páirtí ba chumhachtaí, na Liobrálaigh.
a thréigean abandoned
" Tá na mílte tar éis an mhúinteoireacht a thréigean i Sasana de bharr brú agus drochphá.
ag tréigean iargúil na hAstráile abandoning the Australia outback
" Tá go leor daoine ag tréigean iargúil na hAstráile na laethanta seo ach tá Dáithí Ó Colchúin dóchasach mar sin féin go mairfidh na pobail atá lonnaithe inti.
á thréigean being forsaken
" Tá anailís déanta i leabhar a foilsíodh le gairid ar na cúiseanna go bhfuil an tOrd Oráisteach á thréigean ag go leor Protastúnach.
Tréigean abandonment
" Tréigean na teanga agus forbairt na lúthchleas: dhá cheann na meá céad go leith bliain ó shin? Cén míniú atá ar an bhfás céadach a tháinig faoi CLG in imeacht 125 bliain? Bhí Colm Mac Séalaigh ag meabhrú ar na ceisteanna seo.