Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
réimse mór talún a large tract of land
" Bhí siad seo ina dtaoisigh ar réimse mór talún in oirthear Dhún na nGall.
réimsí móra coinligh. big tracts of stubble.
" Thart orm anois tá taobh tíre oscailte, aimhréidh, cnocach clúdaithe le réimsí móra coinligh.
gearradh sleachta agus greamú cutting and pasting tracts
" Cén sórt taighde atá déanta acu mar sin? Taighde oifige, cinnte, mar déanann sé gearradh sleachta agus greamú ón *Lonely Planet Guide* agus ón *SAC Report*.
ionfhabhtú chonair an fhuail failure of the urinary tract
" Is galar uafásach í clamadóis, atá sainiúil ar an gcóála, agus eascraíonn galair éagsúla eile aisti, eadhon daille, aimride, aicíd na scamhóg agus ionfhabhtú chonair an fhuail.
a chonair ghastraistéigeach his gastrointestinal tract
" Anois ghlacann sé timpeall 150 forlíon cothaithe in aghaidh an lae, chomh maith le 6 ceann infhéitheach in aghaidh na seachtaine, rud a ligeann dó a chonair ghastraistéigeach a sheachaint go hiomlán.