Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag ullmhú don dlúthdhiosca getting ready for the CD
" Sa samhradh ní dhearnamar mórán mar bhíomar ag ullmhú don dlúthdhiosca, bhíomar ag obair go dian air sin.
ag ullmhú tuarascála preparing a report
" Faoi láthair tá Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht ag ullmhú tuarascála maidir le cearta sealúchais.
ag ullmhú preparing
" Bíonn dhá théarma againn, a mhaireann dhá sheachtain déag an ceann, agus bímid ag ullmhú don téarma nua idir na téarmaí.
á ullmhú preparing it
" "Níl sé le plé go mí an Mheithimh," ar Alasdair, "ach cheana féin, tá an Feidhmeannas á ullmhú.
ag ullmhú na gcuntas preparing the accounts
" "Ní fheicim aon difríocht idir mo fhreagrachtaí mar bhainisteoir ag ullmhú na gcuntas, agus mo sheal mar shióg Nollag le páistí Bhaile Munna.
ullmhú prepare
" Mar shampla, mar ullmhúchán don bhliain seo chugainn, bhronn EGTeo, mo chuideachta féin, slam leabhar ar choiste reatha na hÉireann agus beidh na leabhair sin á n-úsáid ag ár gcoisteoirí agus iad i gcomhluadar na mBriotánach in Albain.
a ullmhú to prepare
" Níl dabht ar bith orm ná go ndéanann a bhformhór íobairtí móra chun ionad a fháil ar an bhfoireann agus chun iad féin a ullmhú do na cluichí móra (is cluiche mór é gach cluiche idirchontae do na himreoirí).
atá á hullmhú which is being prepared
" Tá siadsan ag fanacht le go bhfeicfidh siad an reachtaíocht atá á hullmhú ag rialtas Blair maidir le cúrsaí póilíneachta, a bheihd ar fáil an mhí seo chugainn.
chun iarratas a ullmhú to prepare an application
" Cathain a bunaíodh RnaL agus cé a bhunaigh é?D’eascair Comharchumann Raidió Átha Cliath as grúpa a tháinig le chéile i mí Dheireadh Fómhair 1988 chun iarratas a ullmhú do stáisiún raidió lán-Ghaeilge do chathair agus do limistéar Bhaile Átha Cliath.
a ullmhú don chló to prepare for publishing
" Agus é éirithe as, seachas bheith ag tabhairt comhairle do mhic léinn iarchéime, is iad na tionscadail is mó atá curtha ag Ó Coileáin roimhe féin ná aistí próis Sheáin Uí Ríordáin a ullmhú don chló agus saothar seanchais John Kelleher a thabhairt chun críche.
ag ullmhú iarratas eile preparing other applications
" Beimid ag ullmhú iarratas eile nuair a bheidh an páipéarachas maidir leis an áitreabh curtha i gcrích.
le hiad a ullmhú to prepare them
" Ina theannta sin, bím féin ag plé le coistí maidir le rólanna taobh istigh de choiste, cúrsaí fostaíochta agus bainistíochta, agus le coistí atá ag dul i dtreo aitheantais le hiad a ullmhú don ról úr a bheadh acu mar ghobharnóirí.
le hiad a ullmhú don agallamh to prepare them for the interview
" Cuireann sé straitéis do na meáin chumarsáide le chéile do chomhlachtaí freisin agus cuireann sé oiliúint orthu le hiad a ullmhú don agallamh ar ‘Morning Ireland’ nó ‘Prime Time’.
ullmhú don Ghradam. to prepare for the Award.
" Cuireann Gaillimh le Gaeilge seirbhís chomhairleoireachta ar fáil do chomhlachtaí chun cabhrú leo ullmhú don Ghradam.
ag ullmhú preparing
" Tá an *News Letter *sásta ráitis ó na sceimhlitheoirí seo a chur i gcló ach ní fhaca mé riamh agallamh nó tagairt féin don ghrúpa POBAL a bhfuil sárobair déanta acu ag ullmhú don Acht.
ag ullmhú curaí, preparing a curry,
" Bhí siad ag ullmhú curaí, agus boladh iontach as.
á hullmhú féin getting herself ready
" Tosaíonn sí á hullmhú féin le dul amach arís.
ag ullmhú preparing
" ” Is maith le Derek saol na healaíne i Learpholl, “an chathair is cóngaraí d’Éirinn”, mar a thug sé air, agus tá sé ar an choiste atá ag ullmhú do thréimhse Learphoill mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa in 2008.
á ullmhú being prepared
" Go deimhin, in 2004 d’admhaigh an tAire Oideachais, Mary Hanafin, go raibh fadhb ar leith ann maidir leis an díolúine agus thug sí le tuiscint go raibh ciorclán á ullmhú ag an Roinn a leasódh an córas trína mbronntar an díolúine.
ullmhú to prepare
" D'fhill sé ar an Airgintín chuig a chathair dhúchais, Buenos Aires, agus chuig club damhsa Tango, gar don ceantar inar tógadh é len é féin a ullmhú don taispeántas seo.
ullmhú preparing
" Tá mé ag rith thart fud fad na háite ag ullmhú do lá amháin, béile amháin (dhá cheann, má áirímid Lá Fhéile Stiofáin), ar nós duine craiceáilte.
ullmhú to prepare
" ” Ar ndóigh, b’éigean do lucht tacaíochta Iosrael intinn na Meiriceánach a ullmhú i bhfad roimh 9/11.
ullmhú to prepare
" Is é an bealach ina dtugann Bilal faoi é féin a ullmhú don turas snámha seo a chuireann go mór le héifeacht an scannáin.
ullmhú prepare
" Is é an dúshlán is mó atá roimh Antaine Ó Dálaigh anois ná na cúlaithe a choigeartú agus a ullmhú don dúshlán a chuirfidh foireann Aontroma orthu.
á ullmhú féin preparing himself
" A chuid oibre déanta go maith aige, go dtí le gairid, agus é á ullmhú féin do ruathar a dhéanamh ar an chinnireacht.
ullmhú prepared
" Tá an baol ann, in éagmais a leithéid de chíoradh, go gcuirfidh ceisteanna airgid smál ar sheoladh na straitéise 20 bliain atá á ullmhú faoi láthair ag an rialtas don teanga chomh maith lena bplean tarrthála don Ghaeltacht.
ullmhú roimh prepare for
" Déanfar iarracht ranganna breise a chur ar siúl nó ábhar a chur ar fáil tríd an idirlíon sa chaoi is go mbeidh mic léinn in ann iad féin a ullmhú roimh na scrúduithe.
ullmhú preparing
" Tá comhlachtaí ag ullmhú tairiscintí don tionscnamh seo anois, ach níl cinnteacht ann a bhfuil taighde déanta ag aon cheann de na hiarrthóirí ar an chinéal nuachtáin, go díreach, a theastaíonn ó léitheoirí Ghaeilge in Éirinn agus lasmuigh.
n-ullmhú preparation
" Bhí achan rud chomh horgánach agus chomh hiomlán ag rátáil nialasach ar scála an loirg charbóin – agus b’fhéidir mar gheall ar seo bhí an fachtóir ‘feel good’ an-ard ina n-ullmhú.
ullmhú preparing
" Ach is Críostaí mé agus cuidíonn mo chreideamh liom chun mé féin a ullmhú don troid.
ag ullmhú preparing
" Bhí an Mheitheal um Mheáin Sóisialta de chuid an *Irish Internet Association* ag ullmhú treoirleabhair ag an am do chomhlachtaí Éireannacha faoin bpodchraoladh.
ag ullmhú preparing
" Tá siad ag ullmhú seó faoi láthair don fhéile ealaíne/ceoil Fulacht Fia na hAibhléise (Electric Picnic)(http://www.
lena ullmhú in preparing it
" Níl an t-ollbhéile sin (meascán stobhaigh, dinnéar na Nollag agus putóg plúir, go bhfios dom!) blaiste agam go fóill, agus b’fhearr dom mar sin gan aon cheo a scríobh faoi go dtí an lá a mbeidh sé féachta blaiste agam – ach deirtear liom gur béile geimhridh fíor-Bhriotánach é, agus go gcaithfear an lá ar fad a chaitheamh sa chistin lena ullmhú.
ullmhú prepare
" “An gá duit culaith a chaitheamh san oifig?”, fágaim, nó “An bhfuil fonn ort bia sláintiúil/ Indiach/ sciobtha a ullmhú?” srl.
ag ullmhú preparing
" Ba ón Choimisinéir Teanga a tháinig an moladh sin i dtús ama agus glacadh leis ins tuarascáil a chur an meitheal saineolaithe idirnáisiúnta faoi cheannas Fiontar le chéile mar threoir don Rialtas agus iad ag ullmhú na straitéise.
iad a ullmhú prepare them
" Bhí an tOifigeach Ceannais ag iarraidh iad a sheoladh chuig cúrsa traenála d’fhonn iad a ullmhú roimh An Iaráic agus bhí ar an príomhoide litir a chur a fhad leis ag impí air gan é seo a dhéanamh go dtí go mbeadh a gcúrsa oideachais sa choláiste críochnaithe.
hullmhú na foirne the team’s preparation
" Is é an fáth atá tugtha ag Mag Aonasa, is cosúil, ná gur bhris an Caisideach conradh nó gealltanas a bhí sínithe aige agus ag baill eile na foirne nach labhróidís le lucht na meáin chumarsáide faoi nithe a bhain le hullmhú na foirne.
ullmhú foirne preparing a team
" ) agus nár mhiste dá bhrí sin na daoine atá freagrach as ullmhú foirne a íoc freisin.
dá hullmhú féin was preparing itself
" Bhí an chathair dá hullmhú féin an mhaidin sin d’fhilleadh an bháid ‘Mackay-Bennett’, an chéad long a d’imigh go láthair an Titanic le híobartaigh a aimsiú ó uiscí reoite an Atlantaigh.
Is mé ag ullmhú do while I was preparing
" Is mé ag ullmhú do mo shos bliaintúil ón teicneolaíocht, casadh m’intinn ar cheist laethanta saoire agus ar an tionchar atá ag an teicneolaíocht orthu.
ag ullmhú díolama making an album
" “Tá an grúpa ag ullmhú díolama maidir le scread Dheirdre sa mbroinn agus ba mhaith liom na sleachta Gaeilge a thaifeadadh uait.
mba cheart dúinn ullmhú anois we ought to prepare now
" ) Tréas an Stáit ====== Nuair a theip ar Ghluaiseacht na Gaeilge oll-mhórshiúl 1909 a chomóradh b’fhéidir go mba cheart dúinn ullmhú anois leis an mbuille is mó a buaileadh ar an nGaeilge ó bhunú an stáit a chomóradh ina áit an chéad bhliain eile: ’sé sin an tréas a d’imir an rialtas (Fine Gael/Lucht Oibre) faoi cheannas Liam Cosgrave nuair a cuireadh deireadh le riachtanas na Gaeilge sa státchóras.
ag ullmhú le dul preparing to go
" Tháinig sé uirthi agus í ag ullmhú le dul ar a hoilithreacht bhliantúil go hOdious Gael i nGleann Cholm Cille.
a ullmhú prepare
" Tá Emer Ní Bhrádaigh den tuairim go bhfuil sé tábhachtach scoláirí tríú leibhéal a ullmhú don saol mór seachas a gcloigeann a líonadh le fíricí.
ullmhú preparing
" Cuirimid brú orainn féin le taisteal, le siopadóireacht agus le hullmhúchán san am ba cheart dúinn a bheith ag glacadh sosa.
ullmhú prepare
" Bia intinne do PJ Mac Gabhann is ea gnó bialainne na Fraince agus tslí Fhrancach leis an mbia a ullmhú agus a dháileadh.