Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gur measa go mór a n-iompar that their behaviour is much worse
" Mar dá olcas mhí-iompar na nGardaí in áiteanna poiblí, is féidir a bheith cinnte gur measa go mór a n-iompar laistigh de bhallaí sábháilte teolaí an stáisiúin.
ag dul in olcas getting worse
" Ainneoin Tuaisceart Bhéal Feirste a bheith i bhfách le cainteanna White agus a chairde le Maskey, tá an scéal ag dul in olcas sa taobh sin den chathair.
ní ba mheasa worse
" "Bhí coinníollacha na ngnáthchimí ní ba mheasa fiú ná coinníollacha na gcimí polaitiúla.
má théann cúrsaí chun donais if the situation gets worse
" "Ach má théann cúrsaí chun donais, beidh imní orm a bheith i Nua-Eabhrac.
ag dul in olcas getting worse
" Tá an tseirbhís ag dul in olcas, níl an infheistíocht riachtanach dá déanamh, tá na praghsanna ag dul in airde, tá cineál de mhonaplacht fós i réim .
ag dul in olcas getting worse
" Is ag dul in olcas atá an scéal, agus an rialtas lárnach ag iarraidh sciar suntasach den ualach cánach a chur ar aghaidh go seiftiúil, ciúin chuig na húdaráis áitiúla - díreach ag an am céanna is atá go leor cumhachtaí bainte de na húdaráis chéanna.
tar éis dul in olcas after getting worse
" Nuair a fhiafraím de an mbraitheann sé go bhfuil na caighdeáin acadúla agus caighdeán na Gaeilge tar éis dul in olcas ó chuaigh seisean i mbun oibre mar léachtóir, cuireann a fhreagra iontas orm.
Chuaigh an scéal chun donais things got worse
" Chun donais ======= Chuaigh an scéal chun donais ag deireadh na míosa.
ag dul in olcas getting worse
" I measc na gconspóidí bliantúla bíonn (gan ord ar leith): Réiteoirí (atá ag dul in olcas an t-am ar fad más fíor!).
ag dul in olcas getting worse
" "Ba léir go raibh an tine ag dul in olcas mar go raibh an toit ní ba thibhe.
in olcas getting worse
" Agus is in olcas atá an nós ag dul toisc nach scaoileann imreoirí leis an gcaid láithreach ach í a iompar agus a choinneáil go dtí go bhfuil deis í a thabhairt de phas láimhe chuig ball foirne eile, agus toisc nach mbuailtear cic ar liathróid go dtí go bhfuiltear 20 méadar ó chúl an fhreasúra.
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" Mar bharr ar an donas, fiú dá mbeadh an bua ag plean Ibarretxe i reifreann, tá sé fógartha cheana féin ag Alava, ceann de na trí chúige i dTír na mBascach, nach mbeadh siad sásta bheith páirteach in aon chor i dtír a bheadh neamhspleách ón Spáinn.
ag dul chun donais getting worse
" " Ach an dóigh léi go bhfuil caighdeán an oideachais ag dul chun donais, toisc go bhfuil níos mó daoine ag freastal ar an ollscoil na laethanta seo? "Is dócha go bhfuil deacrachtaí againn," a deir sí.
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" Mar bharr ar an donas, tugtar le fios go raibh ar a laghad beirt sásta bás a fháil in onóir iad siúd a bhásaigh rompu, cé go raibh a fhios go maith acu nach raibh seans faoin spéir go mbainfidís na cúig éileamh a bhí á lorg acu amach.
Nochtadh scéal ní ba mheasa fós an even worse story was revealed
" Nochtadh scéal ní ba mheasa fós ag deireadh na míosa seo caite nuair a rinne an clár “Primetime” ar RTÉ na coinníollacha a fhiosrú i dteach altranais Leas Cross i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.
ag dul in olcas getting worse
ag dul in olcas getting worse
" Deir sé, ‘Chuala mé sibh’ agus leanann sé ar aghaidh mar a bhí sé roimhe!” Sin fadhb mhór atá ag dul in olcas sa Bhreatain, dar le Fisk: an dóigh a mothaíonn daoine nach bhfuil rialtas na tíre ag gníomhú ar a son agus go bhfuil an bhearna idir an saoránach agus an córas polaitíochta ag méadú.
gur in olcas atá cúrsaí ag dul that things are getting worse
" Agus léiríonn sracfhéachaint ar thorthaí le trí bliana anuas gur in olcas atá cúrsaí ag dul.
gur in olcas atá cúrsaí ag dul that things are getting worse
" Agus léiríonn sracfhéachaint ar thorthaí le trí bliana anuas gur in olcas atá cúrsaí ag dul.
ag dul in olcas getting worse
" I gcás mo scoilse, scoil dara leibhéal, meánaicmeach, níl a fhios agam an bhfuil an scéal ag dul in olcas nó nach bhfuil.
mar bharr ar an donas to make matters worse
" Agus, mar bharr ar an donas, theip glan ar an fhoireann Cheanadach a roghnaigh Gretzky do Torino nuair a chreid pobal Cheanada go ngnóthóidís an bonn óir.
ag dul chun donachta getting worse
" An bhfuil tugtha faoi deara ag Ó Coileáin go bhfuil an caighdeán ag dul chun donachta? Na mic léinn is fearr atá ann inniu, “táid gach pioc chomh maith”, dar leis, leis na mic léinn ab fhearr a bhí ann daichead bliain ó shin.
bhí cuma ní ba mheasa ar chúrsaí ná mar a bhí siad i ndáiríre things looked worse than they really were
" Faraor, ní raibh mo mhasc ag feidhmiú i gceart agus lig sé isteach go leor leor uisce, ionas go raibh orm éalú ón uisce - thar carraigeacha a bhí clúdaithe le rudaí beaga géara! Bhí an fhuil ag sileadh asam, ach bhí cuma ní ba mheasa ar chúrsaí ná mar a bhí siad i ndáiríre! Go dtí seo níl mórán ag cur as dom seachas bheith ite ag na muiscítí agus gaineamh bheith i mo mhála, i mo leabhair, i mo bhróga agus i m’éadaí! Ach mé ag fágáil Mhósaimbíc, ag filleadh ar ais go dtí an Afraic Theas, bhí tuiscint éigin agam ar an draíocht a bhraith Bob Dylan agus go leor eile sa tír seo.
suaiteacht níos measa worse turbulence
" Moill sé mhí Ach bhuail suaiteacht níos measa Airbus cúpla mí ó shin.
ní ba mheasa agus ní ba mheasa worse and worse
" Bhí an sneachta ag titim i Maseru, príomhchathair na tíre, ach de réir mar a chuamar in airde sna sléibhte, d’éirigh an sneachta ní ba mheasa agus ní ba mheasa.
seacht n-uaire ní ba mheasa seven times worse
" Má bhí Meiriceá go dona i gCorn Ryder, bhí Maigh Eo seacht n-uaire ní ba mheasa i gcluiche ceannais na hÉireann, ach ar chúiseanna difriúla.
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" Mar bharr ar an donas, chaill siad go leor dá gcuid urlabhraithe ba shinsearaí agus ba chumasaí.
Ba mheasa ná díomá é; bhí lionn dubh uirthi. It was worse than disappointment; she was depressed.
" Ba mheasa ná díomá é; bhí lionn dubh uirthi.
ag dul in olcas getting worse
" Tá sé ag tarlú i mo scoil féin, agus ag dul in olcas diaidh ar ndiaidh.
ag dul in olcas. getting worse.
" Cur amú ama a bheas ann mura mbíonn sa Tionól ó thuaidh ach scliúchas i ndiaidh scliúchais idir an DUP agus Sinn Féin agus fadhbanna mhuintir na Sé Chontae ag dul in olcas.
athrú chun donais change for the worse
" Má bhíonn athrú chun donais ar an aimsir sna sléibhte sin, bíonn sé fíochmhar.
ag dul in olcas getting worse
" Deirtear sa tuarascáil go bhfuil baill na heagraíochta go mór chun tosaigh i réimse leathan coiriúlachta – díol drugaí ina measc – agus go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas le trí mhí anuas.
ag méadú de shíor getting steadily worse
" Is breá liomsa iad a fheiceáil taobh amuigh, in ionad iad a bheith sáite os comhair scáileán teilifíse nó ríomhairí ar thóineanna ramhra, go háirithe agus muid i ré ina bhfuil fadhb an mhurtaill ag méadú de shíor i measc na hóige.
Níos measa fós, worse still
" Mar sin, cén fáth a bhfuil muid ag rá gur laoch é an fear seo? Níos measa fós, tá urraim ag pobal náisiúnach Iarthar Bhéal Feirste dá ainm.
Tá saol an rothaí dulta in olcas, the life of the cyclist has gotten worse
" Tá saol an rothaí dulta in olcas, dar leis an mbrúghrúpa seo, in ainneoin go bhfuil na raonta rothar anois curtha i bhfeidhm.
Mar bharr ar gach donas, to make matters worse,
" ”* Mar bharr ar gach donas, táthar ag maíomh fosta go bhféadfadh mairteoil na Brasaíle a bheith ina bagairt do shláinte dhaonna, líomhain atá séanta go láidir ag na Brasaíligh.
thíos le worse off for
" Ba iad na rudaí ba mhó a bhí ina n-údar imní ag lucht vótála na hÉireann ná nach mbeadh coimisinéir Eorpach ag na hÉireannaigh ar feadh tréimhsí áirithe agus go dtiocfadh athrú ar ár neart vótála san Aontas; go mbeadh grúpaí mar fheirmeoirí thíos le cuid de na forálacha sa Chonradh; go gcuirfí comhchuibhiú fiosach i bhfeidhm; go ndéanfaí maolú ar chearta oibrithe na tíre agus go mbeadh easpa freagrachta daonlathaí i gceist dá ndaingneofaí an Conradh.
ag dul in olcas getting worse
" An bhfuil iontas ar dhuine ar bith, mar sin, go bhfuil stádas na ngnáthóg agus na speiceas sa cheantar ag dul in olcas? Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é.
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" Mar bharr ar an donas, dá bhoichte an tír is ea is mó talaimh a chaithfidh an rialtas a chur ar leataobh don fhiadhúlra chun iasachtaí nó cúnamh airgid a fháil ón mBanc Domhanda agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.
thíos le worse off because
" “Ach níl a dhath déanta ag an Pháirtí Phoblachtánach deireadh a chur le ginmhilleadh dleathach, mar sin, níl an cogadh cultúir buaite acu, ach má gheallann siad cogadh cultúir a throid agus má bhíonn siad gung-ho fán chuid eile den domhan, gheobhaidh siad tacaíocht ó dhaoine a mbíonn a leas eacnamaíocht thíos le rialtas Poblachtanach,” ar sé.
in olcas worse
" Téann na figiúirí in olcas in aghaidh an lae.
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" ” Spealadh Mór an Aonú Aois is Fiche Mar bharr ar an donas, is cosúil go ndéanfaidh ‘calaois’ de chuid Paulson cúrsaí eacnamaíochta níos measa fiú.
thíos leis worse for the fact
" Ó tharla oiread sin freastail a bheith déanta ag ár gComhairleoirí ar chomhdháileacha le blianta anuas, ní dócha go mbeadh an tír thíos leis dá staonfaí ón nós ar feadh cúpla bliain eile.
cinéal caite ag amharc looking the worse for wear
" Éadaí atá, i mo bharúilse (má tá muid ionraic linn féin), cinéal caite ag amharc agus chomh ‘*last season*’ iontu féin, gur masla don lipéad é féin, an lipéad a chrochadh orthu ar chor ar bith.
ó mhaol go mullach from bad to worse
" Is fíor gur tír í a théann ó mhaol go mullach go minic agus is tír í a bhfuil éagsúlacht iontach ag baint leis an chumas a bhaineann lena cuid ceannairí.
is measa fós worse still
" Más olc é an scéal i leith céimithe nua i mbliana, is measa fós a bheidh sé an bhliain seo chugainn nó i gceann cúpla bliain, fiú amháin.
in olcas become worse
" Níl aon amhras ach go bhfuil rudaí go holc, ach más é an t-aon rud a chluinimid achan lá ná a dhonacht is atá gach rud, bí cinnte de go rachaidh rudaí in olcas i bhfad níos gaiste ná mar a rachfaidís dá mbeadh dearcadh níos cothroime againn ar an scéal.
ag dul in olcas getting worse
" Is cluiche barbartha é, im thuairimse, agus is ag dul in olcas atá sé.
níos measa worse
" 08 ar *How the Irish Invented Slang* faoin teideal 'Buille tábhachtacht i gcogadh teanga': "Más fíor gur tír gan anam tír gan teanga, is seacht n-uaire níos measa é más féidir a chur i gcéill nach raibh teanga againn riamh.
is measa worse
" De ghnáth líonaim isteach 1, 2, 3, 4 réasúnta sciobtha, ach ansin tosnaím ag roinnt na vótaí ísle amach: an vóta is ísle don té is mó atá mé ina aghaidh agus coinním orm go bhfuil na daoine is measa liom déanta.
ó mhaoil go mullach from bad to worse
" Chuaigh cúrsaí ó mhaoil go mullach nuair a bunaíodh buíonta forairdill i measc na mac léinn Indiach in Melbourne ag trí stáisiúin traenach, agus nuair a tharla ionsaithe díoltais in Harris Park, bruachbhaile in iarthar Sydney, tar éis ionsaí eile ar mhac léinn Indiach ann.
mar bharr ar an donas to make matters worse
" Agus mar bharr ar an donas, dar le Gates, “.
Mar bharr ar an tubaiste to make matters worse
" Mar bharr ar an tubaiste, ní chuirtear cóir ar na daoine easáitithe seo, ná geall leis, sna sochaithe ar deoranta leo iad.
smolchaite the worse for wear
" Bhí clúdach crua ar an leabhar, é beagáinín smolchaite, agus cló mór ar gach leathanach.
Is measa fós worse still
" Is measa fós an éagóir seo atá á déanamh ar an ngrúpa eitneach seo i bhfianaise an méid airgid a thuilleann idir Shell is an Stát Nigéireach as an ola.
thíos leis worse off, negatively affected
" Fostóirí is mó atá thíos leis an gcóras mar atá.
olcais worse
" An bhfaighidh sí cothrom na féinne nó an rachaidh rudaí chun olcais? Agus an buachaill óg .
ní ba mheasa worse
" Bhail, a chairde, shíl sibh nach dtiocfadh leis an scéal a éirí ní ba mheasa, ach bhí dul amú oraibh.
mar bharr ar donas to make matters worse
" Agus mar bharr ar donas, aontaíonn an tAE leo.
níos measa worse
" Agus níos measa ná an liathróid a láimhseáil, nó an cic saor a thógáil ó áit níos gaire don chúl eile (falcaireacht?).
is measa is worse
" is measa mullach!” Dúirt duine éigin ar éirigh leo an t-ardán a bhaint amach gurbh é ceann de na rudaí is mó a thaitin leo faoina ghradam ná an líon buaiteoirí nach raibh aithne aige orthu roimh na gradaim.
Más Dona Maol is Measa Mullach from bad to worse
" Más Dona Maol is Measa Mullach =============== Fiú gan an trioblóid sin, bheadh dúshlán mór roimh pháirtí an rialtais cheana féin - na Daonlathaigh.
ó mhaoil go mullach from bad to worse
" *Out of the frying pan, into the fire* a deirtear i mBearla – ‘ó mhaoil go mullach' is dóigh - agus tá muintir an tuaiscirt i ndiaidh bogadh ó ré na dTrioblóidí go dtí ré an chruacháis agus ciorruithe fíochmhara le cur i bhfeidhm ag Feidmheannas Stormont.
in olcas worse
" Ba léir i lár na míosa seo caite go ndeachaigh cúrsaí airgeadais in olcas arís.
Ba mheasa i bhfad é it was much worse
"Ba mheasa i bhfad é, dar leis an Choimisiún, mar gur le comhaontú roinn rialtais de chuid na hÉireann a tugadh an chomhairle seo.
níos measa worse
" Tá fadhb an iomarca meáchain agus an mhurtaill níos measa ag muintir na hAstráile ná atá ag aon tír eile, de réir na dtuarascálacha a foilsíodh.
Níos measa arís worse still
" Níos measa arís, bhí gaoth láidir ó dheas ann agus bhí a fhios agam go mbeadh sé im' aghaidh an lá uilig, ag dul suas Beinn a' Chlachair.
is boichte go mór very much the worse for
" Ach, mar gheall ar an Dáil, is boichte go mór an áit sin gan na Glasraí.
níos measa fós worse still
" Bhíomar traochta, agus níos measa fós, ní raibh le feiceáil ach Baltimore na Sreinge agus muid ag déanamh bealaigh isteach sa chathair.
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" Mar bharr ar an donas, chaill an 15 faoin gcéad seo sa bhreis ar 40 faoin gcéad den airgead a cailleadh sna meaisíní.
cé acu is measa which is worse
" Níl a fhios agam cé acu is measa, go bhfuil meirg ar na habairtí samplacha sa leabhar, nó nach mbeidh siad de dhíth ar dhuine ar nós Moisés go deo: *‘I am partial to strawberries’*.
deich n-oiread níos measa ten times worse
" Go bhfuil an tír lárnaithe ar fad, agus anois go bhfuil an scéal deich n-oiread níos measa, go bhfuil an Eoraip lárnaithe.
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" Ceangal na Saorthrádála ============= Mar bharr ar an donas, níl BlueScope in inmhe dul in iomaíocht le cruach allmhairithe taobh istigh den Astráil.
ar tí ár níos measa a dhéanamh about to commit a worse slaughter
" Tabharfaidh Uachtarán Obama, Príomh-Aire Cameron agus Uachtarán Sarkozy le fios, go luath san athbhliain, go gcaithfidh “an comhphobal idirnáisiúnta” muintir na Siria a chosaint óna deachtóir brúidiúil, Bashar al-Assad, atá ag marú a phobail féin gan trua gan taise agus atá ar tí ár níos measa a dhéanamh ar “na hagóideoirí síochánta” ansin.
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" Mar bharr ar an donas, léirigh na pobalbhreitheanna freisin go gcuirfí go mór le tacaíocht don pháirtí dá mbeadh Kevin Rudd ar ais ina cheannaire.
Níos Measa ná a Chéile worse than each other
" Níos Measa ná a Chéile ============ Ba rud maith don pháirtí é seo ar dtús--bhí ollchumhacht acu agus formhór mór vótaí Mheiriceá -- ach níorbh fhada gur tháinig cor sa scéal.
Mar bharr ar an donais to make matters worse
" Féach a bhfuil ar bun ag an Rialtas seo leis an Straitéis a chur i bhfeidhm: Údarás na Gaeltachta a fhágáil gan airgead; diúltú a thabhairt do Ghaelcholáistí tosnú in áiteacha a bhfuil éileamh ar mheánoideachais trí mheán na Gaeilge: deireadh curtha le Scéim Labhairt na Gaeilge agus gan tada a chur ina áit! Na Portáin ag Cruinniú Timpeall ar an gCorpán ==================== Mar bharr ar an donais tá Dinny Mc Ginley ag ceapadh go bhféadfaí ceantair nua a aithint mar cheantair Ghaeltachta.
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" Dall ag a gClaontacht Féin =========== Mar bharr ar an donas, is é ‘Bosporus’, ainm chaolas Iostanbúl, a thug údaráis na Gearmáine ar an meitheal bleachtairí a bhí i mbun an fhiosrucháin.
Más Olc Maoil is Measa Mullach going from bad to worse
" Más Olc Maoil is Measa Mullach ============= Is cás le daoine go bhfuil an cumas ceannaithe atá acu imithe chun an diabhail agus go mbíonn an costas maireachtála sa Fhrainc ag ardú de shíor.
Is measa ná riamh iad they’re worse than ever
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" Mar bharr ar an donas, tá an-deis ag creachadóirí ar líne, péidifiligh ina measc, dul i dteaghmháil leo ar na suímh siúd.
coinníollacha oibre ní ba mheasa working conditions worse
" Thug na ceardchumainn tacaíocht láidir don bhille de bharr go raibh imní orthu go mbeadh oibrithe Áiseacha toilteanach glacadh le coinníollacha oibre ní ba mheasa ná iad siúd a bhí bainte amach ag oibrithe geala.
Is measa arís a scéal siadsan their situation is worse again
" Is measa arís a scéal siadsan, Palaistínigh, tharla gur ar réimsí níos lú ná Éire atá na heachtraí s’acu ag titim amach.
níos measa fós worse still
" Tá léar mór DVD-anna fós neamhoscailte ar an tseilf thuasluaite fá choinne lá an ghátair, nó, níos measa fós, b’fhéidir, oícheanta leadránacha na saesúr seasc.
Is measa an ghoin nach mbraitear the unseen hurt is worse
" Is measa an ghoin nach mbraitear mar gur féidir leis oibriú faoi choim agus gor a dhéanamh i ngan fhios.
Níos measa fós worse still
" Níos measa fós, cé go raibh a fhios aici agus ag an saol mór go raibh fadhbanna móra meabhairshláinte ag a mac, bhíodh sí ag dul ag na raoin lámhaigh leis go mion minic.
is Measa are worse
" Más Dona Apple, is Measa Spotify ================= Cá bhfios dúinn, b’fhéidir gur gineadh an scéal i bhfocal fánach ó Willis faoi na difríochtaí idir ceirníní agus tomhaltas ceoil comhaimseartha, ach má tá fadhb ag Willis lena leithéid beidh sé trína chéile faoi Spotify.
rachaidh sé chun donacht it’ll get worse
" Anois an t-am le leasú a dhéanamh, nó rachaidh sé chun donacht’.
Mar bharr ar an donas dóibh to really make matters worse for them
" Mar bharr ar an donas dóibh, tá lucht an ionsaithe den bharúil go bhfuil achan eolas, nó gar dó, ag a namhaid ar theicneolaíocht a gcuid ladrann.
Mar bharr ar an donas to make matters worse
" Mar bharr ar an donas, tá tionchar thar na bearta ag an gCeallach ar an dóigh a dhéanann bunáite muintir na hAstráile meas ar cháil na nGael abhus anois.
an gheit a bhaintear asat níos measa the fright you receive worse
" Ballaí an Uafáis ======== Cuireann solas niamhrach agus ciúnas na heaglaise ar do shuaimhneas thú ar do bhealach isteach ann, rud a dhéanann an gheit a bhaintear asat níos measa nuair a thagann tú go tobann ar na híomhánna gáirsiúla briúidiúla, atá ar beagnach achan bhalla.
Mar bharr ar an olc to make matters worse
" Mar bharr ar an olc, thug drong bithiúnach faoi tar éis dó socrú síos i Rabat, príomhcathair Mharacó.
Níos measa fós worse again
" Buanú na Meancóige ======= Níos measa fós, tá roinnt daoine ag caitheamh ceamaraí cinn anois, agus mar sin níl éalú ar bith ón tsúil santach má dhéanann éinne meancóg.
Láimhsigh Ár Sinsear Níos Measa our forebears handled a lot worse
" Láimhsigh Ár Sinsear Níos Measa ============== Níor chóir dúinn bheith ag déanamh trua dúinn féin.
níos measa as worse off
" Daoine a cheap go raibh an teoiric go maith ach i ndáiríre, dá dtiocfadh sé chuige go raibh orthub a gcuid maoine a roinnt amach le daoine a bhí níos measa as, nach mbeadh an oiread sin deifir orthub é sin a dhéanamh.
Más Dona Maoil, is Measa Mullóg if things are bad, things can be worse
" Tá múinteoirí ar m’aithne nach bhfuil acu ach tithe saoire sa Tuirc! Tá aithne agam ar bhean bhocht amháin agus is sa Bhulgáir atá teach saoire s’aicise! Cén sórt saoil é sin? Samhlaigh, agus tú ag teacht i dtreo thús an tsamhraidh, agus do chuid cairde uilig ag súil leis an tsaoire a chaitheamh ag tumadh ar chósta Amalfi nó ag tonnmharcaíocht i ndeisceart na Fraince; agus níl agatsa le bheith ag súil leis ach fíonta na tuaithe agus béilí saora i mbialanna na Bulgáire! Samhlaigh sin anois, a Bhaloir! Más Dona Maoil, is Measa Mullóg =============== James: Agus an cháin úr seo ar na tithe! Níl sé ceart ná cóir! Caidé faoi na múinteoirí bochta a bhfuil trí nó ceithre theach acu? Caidé mar a thiocfaidh leo siúd an cháin seo a íoc ar an tuarastal laghdaithe a bheas againn! Tá sé thar am againn muirthéacht a bheith againn sa tír.
gur measa ar fad a bheadh an fhadhb the problem would be a lot worse
" Cheapfá gur measa ar fad a bheadh an fhadhb i measc an aosa óig.
Bagairt nó Níos Measa a threat or worse
" Bagairt nó Níos Measa ======== Le linn sheimineár ar an iriseoireacht iniúchach, duirt Allison Morris ón Irish News gur bagraiodh ar gach iriseoir dá bhfuil aithne aici orthu le linn na n-agóidí agus roimhe, ag an uile dhream.
nó níos measa or worse
" Níor chóir glacadh leis seo’, ach cuirfear an lipéad ‘gealt’ nó níos measa, ar na daoine seo! “Tá sé doiligh muintir na hÉireann a mhúscailt mar aonad iomlán chun agóidíochta.
an chéad ghlúin eile níos measa as the next generation will be worse of
" Ar bhealach, is drochrud é sin, Is é an trua nach bhfuil níos mo daoine a labhródh amach,
“Tá ceathrar gasúr agam féin agus don chéad uair, b'fhéidir, i stair na hÉireann - tá súil agam nach dtarlóidh sé ach tá faitíos orm - go mbeidh an chéad ghlúin eile níos measa as.