Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tornádó tornapa torrach tórramh torthúil torthúlacht tosach tosaigh tosaíocht tosaitheoir toscaire toscaireacht tost tóstal tosú trá trácht tráchtáil tráchtaire tráchtaireacht tráchtas
tosaigh
VERB
OPPOSITE: críochnaigh
start
begin
thosaigh an bhliain
the year started
an obair ag tosú
the work is beginning
thosaigh ag baint a cuid éadaí di
she started taking her clothes off
mise a thosaigh an próiseas
I started the process
Foirmeacha gramadaí
Grammatical forms
tosaigh
VERB
PAST TENSE
thosaigh
PRESENT TENSE
tosaíonn
FUTURE TENSE
tosóidh
VERBAL NOUN
tosú
VERBAL ADJECTIVE
tosaithe
Iontrálacha gaolmhara
Related entries
tosú
MASCULINE NOUN
beginning
STAITISTICÍ · STATISTICS
Is é tosaigh an 203ú focal is minice úsáid sa Ghaeilge. Tagann sé chun cinn uair amháin i ngach 2,406 focal.
Tosaigh is the 203th most frequently used word in Irish. It occurs once in every 2,406 words.
Samplaí gaolmhara
Related examples
thosaigh daoine ag filleadh ar ais abhaile
people started returning home
anois agus an samhradh tosaithe, is féidir linn dul ar saoire
now that the summer has started, we can go on holidays
b'iad na Normannaigh a thosaigh an nós féasóg a bhearradh agus gruaig a ghearradh
it was the Normans who started the habit of shaving beards and cutting hair
thosaigh ag dul ar scoil nuair a bhí seacht mbliana d’aois
she started going to school when she was seven years of age
thosaigh siad do mo cheistiú
they started questioning me
cén t-am a thosaigh an cruinniú?
when did the meeting start?
tosaíonn ag cíoradh a cuid gruaige
she begins to comb her hair
thosaigh daoine ag tuirlingt den traein
people started getting off the train
fuair greim ar an mhicreafón agus thosaigh ag canadh
he grabbed the microphone and started singing
i dtús na seachtóidí thosaigh daoine ag filleadh ar ais abhaile
at the start of the seventies people started to return home
níorbh fhada gur thosaigh feachtais in aghaidh na sclábhaíochta
it wasn't long until anti-slavery campaigns started
las toitín úr agus thosaigh ag caint
he lit up a fresh cigarette and started to talk
thosaigh siad ag marú na muc
they started killing the pigs
thosaigh an tsláinte ag meath air agus fuair bás
his health started declining and he died
thosaíodar mar sin ag ceannach oibrithe as an Afraic
so, they started buying workers from Africa
Tosóidh muid ar a trí a chlog.
We'll start at three o'clock.
Tosaíonn an chéad rang ag a hocht a chlog.
Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
The first class begins at eight o'clock.
Tosaím ag obair ag a naoi a chlog.
'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
I start working at nine o'clock.
Cén t-am a thosaíonn ag obair?
'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
What time do you start working?
Tosaíonn ag obair ag 7.30 ar maidin agus críochnaíonn ag 11.00 istoíche seacht in aghaidh na seachtaine.
'Beo!', beo.ie
She starts working at 7.30 in the morning and finishes at 11.00 at night seven days a week.
I 2000, thosaigh ag foghlaim eitilte i bhFlorida in éindí le Marbhan Al-Seithí agus Siad Deara.
'Beo!', beo.ie
In 2000, he started learning to fly in Florida along with Marbhan Al-Seithí and Siad Deara.
Tosaíodh ag aslonnú daoine as foirgnimh mhóra timpeall na tíre mar Túr Sears in Siceágo.
'Beo!', beo.ie
People started being evacuated from tall buildings around the country such as Sears Tower in Chicago.
thosaigh ag tabhairt amach do Shéamus
she started giving out to Séamus
tosaigh ag an tús
start at the beginning
Thosaigh ag dul ar scoil nuair a bhí seacht mbliana d'aois.
She started going to school when she was seven years of age.
Thosaigh an slua ag liú agus ag bualadh bos.
Alex Hijmans: Aiséirí, Cois Life 2011
The crowd started yelling and clapping.
Thosaigh tuairiscí ag teacht as Washington gur buaileadh an Pentagon.
'Beo!', beo.ie
Reports started coming from Washington that the Pentagon had been hit.
Ghlac seilbh ar an micreafón agus thosaigh ag canadh.
'Beo!', beo.ie
She got hold of the microphone and started singing.
Níorbh fhada gur thosaigh daoine geala ag breathnú ar dhaoine gorma mar fho-chine.
'Beo!', beo.ie
It wasn't long before white people started looking at black people as a sub-race.
Thoisigh siad a mhagadh ar Sheimí, a leis gurb í a bheadh mar mhnaoi aige.
Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
They started making fun of Jamie, saying she would be his wife one day.
Is furast duitse stad den ól nuair nár thúsaigh air.
Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
It's easy for you to stop drinking when you haven't started.