Pota Focal Intergaelic
ad | add | aid | an | an-
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
slán sábháilte safe and sound
" Sa deireadh d'éirigh linn an t-óstán a bhaint amach slán sábháilte, ach fanfaidh an lá sin go buan i mo chuimhne! An saol sóisialta ======= Tá saol sóisialta iontach i gCúba: má thaitníonn ceol Laidineach-Mheiriceánach leat, beidh am ar dóigh agat.
theorannódh ainm baiste ise agus a shamhlaíocht féin a Christian name would limit her and his imagination
" Ach má bhíodh áthas air í a aimsiú lena shúile cinn sa mbuíon daltaí scoile, bhí an oiread eile áthais air gan blas dá hainm a bheith ar eolas aige, chreid sé, óir b'amhlaidh a theorannódh ainm baiste ise agus a shamhlaíocht féin.
gurbh ionann an creideamh agus an pholaitíocht that religion and politics were synonymous
" Nuair a bhí cinneadh le déanamh an mbeadh Fear Manach mar chuid den Saorstát nó den Ríocht Aontaithe, bhí an cinneadh a rinneadh bunaithe ar thorthaí dhaonáireamh 1911; agus de bharr gur ghlac daoine leis gurbh ionann an creideamh agus an pholaitíocht, tá Fear Manach fós sa Ríocht Aontaithe.
má dháiltear seirbhísí agus urraim dá réir if services and esteem are distributed accordingly
" Ar an taobh eile den scéal, má léiríonn an daonáireamh go bhfuil an líon céanna Caitliceach agus Protastúnach ann, agus má dháiltear seirbhísí agus urraim dá réir, má tá an "place in the sun" ag Caitlicigh, is lú an fonn a bheidh orthu buntáistí na Ríochta Aontaithe a fhágáil ina ndiaidh.
ghalar crúibe is béil foot-and-mouth disease
" D'admhaigh Willie ar na mallaibh gur beag is fiú an teorainn mar áis leis an ghalar crúibe is béil a cheansú.
baileoidh siad leo they will up and go
" Athlonnú ======= Tá sé go maith go bhfuil na comhlachtaí seo ar fad in ann postanna a sholáthar d'aos óg agus do dhaoine dífhostaithe na tíre, ach a luaithe is a thiocfaidh siad ar láthair eile ina bhfuil na scileanna agus an bonneagar céanna ar fáil, baileoidh siad leo mar a dhein na comhlachtaí éadaí agus comhlachtaí carranna le fiche bliain anuas.
i gcóngar is i gcéin near and far
" Faoi screamh na mblianta a bhíonn fíordhúchas na hÉireann i gcóngar is i gcéin.
Tionscadal teiripe agus urlabhra therapy and speech project
" Tionscadal teiripe agus urlabhra bunaithe.
an caimileon fealltach agus gránna seo this insidious and ugly chameleon
" Tá sé beo bríomhar agus borradh faoi, an caimileon fealltach agus gránna seo.
borradh agus meathlú boom and bust
" "Amharc ar na rudaí dearfacha atá curtha i gcrích ag an rialtas: íosphá, ráta íseal boilscithe, suíocháin i dTeach na dTiarnaí bainte de chuid mhaith tiarnaí dúchasacha, cearta spaisteoireachta faoin tuath, deireadh le 'borradh agus meathlú'; ansin, amharc ar na rudaí diúltacha: beartas fioscach mar a bheadh ag na Coiméadaigh, rátaí úis agus *sterling* ró-ard don tionsclaíocht, barraíocht *spin* agus dlí in aghaidh na gceardchumann i bhfeidhm go fóill.
hardáin is ísleáin heights and hollows
" Ta an leithinis lán le hardáin is ísleáin, gleannta is machairí, cuanta is góilíní, tránna is faillteacha is oileáin.
cuanta is góilíní harbours and inlets
" Ta an leithinis lán le hardáin is ísleáin, gleannta is machairí, cuanta is góilíní, tránna is faillteacha is oileáin.
tearmann na ndíthreabhach is na manach sanctuary of the hermits and the monks
" Corca Dhuibhne - tearmann na ndíthreabhach is na manach is na luath-Chríostaíochta; Riasc, Cill Mhic an Domhnaigh, Gallarus, Cill Seanaigh; dúthaigh Bhréanainn, Mhaolcéadair, Chuáin, Ghobnait is Mhanacháin.
ar mo sháimhín só happy and at ease
" Bhí mé ar mo sháimhín só ann! Cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin, áfach, bhí mé i mo shuí ar bharr bus ag déanamh mo sheacht ndícheall éalú as an áit chomh gasta is a thiocfadh liom.
scoth na gceoltóirí agus na bhfonnadóirí the best of musicians and singers
" Bíonn scoth na gceoltóirí agus na bhfonnadóirí i láthair ag an bhféile seo gach bliain.
dubhthinn sick and tired
" Lena chois sin, bí cinnte go ndéarfaidh siad go bhfuil siad dubhthinn ag amharc ar an chnap éadaí atá ina luí fán teach nár chuir duine ná deoraí suas ar a ndroim ariamh.
móra musacha big and baggy
" Is ábhar caibidle an nós atá ag corrdhéagóir iad féin a fholach i ngeansaithe móra musacha nach bhfuil dath ar bith orthu fosta.
thionscadal áitrithe agus comhshamhlaithe settlement and assimilation project
" Comhshamhlú ======= Beagnach ceathracha bliain ó shin thug an Stát seo aghaidh ar thionscadal áitrithe agus comhshamhlaithe.
dubhthinn sick and tired
" Lena chois sin, bí cinnte go ndéarfaidh siad go bhfuil siad dubhthinn ag amharc ar an chnap éadaí atá ina luí fán teach nár chuir duine ná deoraí suas ar a ndroim ariamh.
móra musacha big and baggy
" Is ábhar caibidle an nós atá ag corrdhéagóir iad féin a fholach i ngeansaithe móra musacha nach bhfuil dath ar bith orthu fosta.
an Roinn Timpistí agus Éigeandála the Accidents and Emergency Department
" Má bhíonn táille le híoc leis an dochtúir clainne, b'fhéidir go rachaidh tú chuig an Roinn Timpistí agus Éigeandála, agus beidh tú sásta suí ansin i scuaine ar feadh cúpla uair an chloig le cóir leighis a fháil saor in aisce.
teangacha agus cultúir a chur chun cinn to promote languages and cultures
" D'fhoilsigh institiúid oideachais agus taighde sa Ghearmáin tuairisc i 1999 ar obair Ghaillimh le Gaeilge; dar leo go bhfuil an dara cur chuige is éifeachtaí ag an eagraíocht i measc iarrachtaí atá á ndéanamh ar fud na hEorpa teangacha agus cultúir a chur chun cinn.
dúthuirseach sick and tired
" D'éirigh Máirtin dúthuirseach de na maslaí agus den tsíorchoimhlint agus chinn sé ar éirí as an pholaitíocht i 1997.
próiseáil físe agus fuaime video and sound processing
" Beidh mionsliseanna cumhachta, teicneolaíocht úr leiriúcháin agus próiseáil físe agus fuaime sna gléasanna amach anseo.
ag tuile is ag trá ebbing and flowing
" Cé go mbeidh Ceol é féin imithe, leanfaidh taoide mhór an traidisiúin atá taobh amuigh, ag tuile is ag trá, gan stad gan staonadh.
anbhann mhílítheach sickly and pale
" Chuir Cian sonrú sa chuma anbhann mhílítheach a bhí orthu agus, dá ainneoin féin, thug sé cluas le héisteacht don chomhrá.
mór míofar ná beag ramhar big and ugly or short and fat
" Ina shuí ag bun an staighre bhí fear nach raibh mór míofar ná beag ramhar.
anbhann mhílítheach sickly and pale
" Chuir Cian sonrú sa chuma anbhann mhílítheach a bhí orthu agus, dá ainneoin féin, thug sé cluas le héisteacht don chomhrá.
mór míofar ná beag ramhar big and ugly or short and fat
" Ina shuí ag bun an staighre bhí fear nach raibh mór míofar ná beag ramhar.
Bhaoi is Bhéarra Dursey Island and Bere Island
" Leis an trí shórt bídh dob ansa le Fionn Mac Cumhaill luaitear: Iascach mara muirí ó chríochaibh Bhaoi is Bhéarra, Méarán Faoide fíorghlaine, duileasc ó chuantaibh Chléire.
An ólann tú bainne agus siúcra? do you take milk and sugar?
" "Ta mé ag dul suas a dhéanamh tae domh féin," arsa Caitríona "Ar mhaith leat braon? An ólann tú bainne agus siúcra?" "Chan ólaim ceachtar," arsa Rita.
saothar a ghlacadh to take time and care
" "Tá mé dubh san aghaidh ag inse duit saothar a ghlacadh le do chuid oibre.
an galar crúibe agus béil the foot and mouth disease
" Chuir an galar crúibe agus béil na bliana 2001 an-imní ar fheirmeoirí agus rinne siad chuile iarracht a gcuid tréad a chosaint.
carn casta stroighne is cruach a twisted pile of concrete and steel
" San áit a mbíodh an tIonad Trádála Domhanda, tá carn casta stroighne is cruach.
seirbhisí éigeandála agus tarrthála emergency and rescue services
" " Murach John agus Andrew agus a gcomrádaithe sna seirbhisí éigeandála agus tarrthála, déarfainn go mbeadh aon spré dhóchais a bhí agam sa chine daonna múchta go deo faoi seo.
gob ar ghob neck and neck
" Ach sna pobalbhreitheanna is deireanaí tá an dá dhream gob ar ghob agus seans maith ag Kim Beazley, ceannaire an Lucht Oibre.
a thaiscidh Dear/love (term of endearment, only used in intimate situations and with those you know extremely well, not for casual conversation. Usually reserved for the very young and very old)
" "Anois, a thaiscidh, nach bhfuil sin níos fearr? Tá a rún," arsa Nuala.
mulldaí beag a term of endearment to describe a fat 'cherubic' baby. Only used for babies and children, otherwise usually used to poke fun or in an insulting way
" "Árú cad é an dóigh nach dtiocfadh leat an mulldaí beag seo a mhilleadh?" arsa Nuala agus chrom sí os a chionn.
fiáin agus spleodrach wild and exuberant
" Saol sóisialta ======= Más duine tú a dtaitníonn saol sóisialta fiáin agus spleodrach leis, seachain Stromboli mar nach bhfuil áit ar bith le dul san oíche.
shealgairí agus cruinnitheoirí hunters and gatherers
" Ba shealgairí agus cruinnitheoirí iad na céad daoine a bhí in Éirinn.
an galar crúibe is béil foot and mouth disease
" Níorbh é an galar crúibe is béil an t-aon ghalar a bhí thart an bhliain seo caite.
an galar crúibe agus béil foot and mouth disease
" Chuir an chinniúint a ladhar isteach sa scéal ansin nuair a tharla an galar crúibe agus béil.
Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste Comptroller and Auditor General
" Thaispeáin tuarascáil ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh gá le feabhas a chur ar chóras riaracháin agus bainistíochta na bhfíneálacha, agus nach n-íocann daoine na fíneálacha mar go bhfuil a fhios acu gur féidir leo éalú gan iad a íoc.
Agus a chonách sin ar mhuintir na Gaeilge And it will serve Irish speakers right
" Agus a chonách sin ar mhuintir na Gaeilge má fhágtar gan ghuth iad, nó is fúthu féin stop a chur leis an síorchoilleadh.
chogadh dearg out and out war
" Gan mhoill ina dhiaidh sin, bhí sé ina chogadh dearg.
beo beathach alive and active
agus go muirfí é and that he'd be killed
" Ach bhí a fhios agam dá bhfágfainn san áit a raibh sé go dtiocfadh gluaisteán air agus go muirfí é.
I ndeireadh na dála when all is said and done
" Tháinig an smaoineamh seo chun cinn go deireanach i 1992 agus dóbair gur ghlac John Bruton leis, ach I ndeireadh na dála chuaigh an Lucht Oibre isteach le Fianna Fáil cibé.
sa gheilleagar áitiúil aíochta agus seirbhísí in the local hospitality and service economy
" Tá postanna á gcailleadh go forleathan sa gheilleagar áitiúil aíochta agus seirbhísí agus tá tionchar an-díobháileach ag seo ar na teaghlaigh a bhíonn ag tarraingt ar Mary's Center, a bhfuil breis is 90% díobh ag brath go hiomlán ar an earnáil seo chun a mbeatha a shaothrú.
idir chraolta agus scríofa both broadcast and written
" Leis an mborradh mór sna meáin Ghaeilge, idir chraolta agus scríofa, tá sé doiligh do scríbhneoirí agus do léitheoirí Gaeilge coimeád suas leis na hathruithe atá tagtha ar an saol.
lucht leanúna gailf agus iomána golf and hurling fans
" Cé gur gnáthfhadhb ag lucht leanúna gailf agus iomána é an liathróid a leanúint ar an teilifís, tá an fhadhb níos measa ar an idirlíon.
maithe agus móruaisle the great and the good
" Bhí maithe agus móruaisle na Gaeilge bailithe in óstán breá an Radisson le cúrsaí na Gaeilge a phlé roimh an toghchán atá romhainn.
agus go maire agus go n-oibrí sibh ar an líon may you last and work on the net
" Gura fada buan seasmhach sibh agus go maire agus go n-oibrí sibh ar an líon seo go ceann píosa maith eile de bhlianta.
na cnaipí lena chur siar agus aniar the buttons to rewind and fast forward
" Cá bhfuil na cnaipí lena chur siar agus aniar? Tá mé ag iarraidh amhrán a trí a bhualadh duit.
a mhealladh agus a spreagadh to attract and encourage
" Ceann de phríomhaidhmeanna na féile ná "gnáthphobal" na hÉireann a mhealladh agus a spreagadh chun an méid Gaeilge atá acu a úsáid agus a úsáid chomh minic agus is féidir le linn na seachtaine sin agus ina diaidh.
bréan bailithe de sick and tired of
" Dúirt sí go raibh sí bréan bailithe de bheith ag léamh aistriúchán Béarla dá saothar agus nach raibh sí chun é a dhéanamh ar an ócáid áirithe seo.
ré na gairmiúlachta agus an phragmatachais a regime of professionalism and pragmatism
" Mothaíonn cuid mhaith poblachtánach caillte na laethanta seo, gan fís gan chúis i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta, a chuir tús le ré na gairmiúlachta agus an phragmatachais.
i gcuideachta agus ar fhoscadh a chéile together and in each other's shade
" Na chéad daoine a tháinig, chónaigh siad ar na hoileáin nó cois cladaigh sna "cloigíní", dornán beag tithe déanta i gcuideachta agus ar fhoscadh a chéile.
agus a macasamhail and their like
" Tá na hinstitiúidí stáit ag brú Béarla de shíor ar phobal na Gaeltachta, mar shampla Bord Sláinte an Iar-Thuaiscirt, An Chomhairle Contae, An Roinn Dlí agus Cirt, agus a macasamhail.
beo beathach alive and kicking
" Tá an Ghaeilge beo beathach i Melbourne chomh maith faoi chúram Chumann Gaeilge na hAstráile.
coicís faoide agus coicís fáide first and second fortnights of February
" "An fhéile bheag sin i bhFaoilleach idir coicís faoide agus coicís fáide, Lá Fhéile Vailintín, a dhéanann maitheas dom gach bliain.
idir Pholannaigh agus eachtrannaigh both Poles and foreigners
" Rannóg inti féin is ea an Roinn Cheilteach laistigh de Roinn an Bhéarla agus bíonn thart ar dheichniúr ag obair anseo gach bliain, idir Pholannaigh agus eachtrannaigh, muid ag múineadh na dteangacha thuasluaite (an tSean-Ghaeilge ina measc), litríochtaí na hÉireann agus na Breataine Bige (a scríobhadh sa dá theanga atá againn), teangeolaíochta agus staire.
an ngalar crúibe is béil foot-and-mouth disease
" Bhí sé i gceist againn a bheith i gCeantar na nOileán anuraidh ach bhí orainn gach rud a chur ar ceal de bharr na ndeacrachtaí a bhí ann ag an am leis an ngalar crúibe is béil.
miotaseolaíocht na gCeilteach agus na Meánmhara Celtic and Mediterranean mythology
" Cruthaíonn sé drámaí beaga as cré-umha atá bunaithe ar théamaí as miotaseolaíocht na gCeilteach agus na Meánmhara.
i ndeireadh báire when all is said and done
" San úrscéal tréitheach le hIsaac Bashevis Singer, *Scum*, deir an príomhcharachtar ann nach bhfuil sa saol i ndeireadh báire ach nithe ag titim amach mar a chaithfidh a thitim amach, nithe a taibhríodh duit cheana, agus nach bhfuil ann ach go bhfuil tú á bhfeiscint anois den chéad uair, mar dhea, le do shúile cinn.
príomhionad siamsaíochta agus cultúrtha the main entertainment and cultural centre
" Is beag cumann áitiúil nach bhfuil áras dá chuid féin aige agus is minic gurb é áras an CLG príomhionad siamsaíochta agus cultúrtha an pharóiste nó an bhaile bhig.
níl Lillian ná a hiaradh gann san airgead Lillian and all belonging to her (her people) are not short of money
" Chosain sin pingin ach ina dhiaidh sin is eile níl Lillian ná a hiaradh gann san airgead.
bhí an gruth agus an bainne i gcónaí aici she always had her cake and ate it
" Ar dhóigh inteacht bhí an gruth agus an bainne i gcónaí aici.
dhíolfadh sí sin ar an aonach tú she'd buy and sell you
" "Shílfeá nach leáfadh an t-im ina béal, ach dhíolfadh sí sin ar an aonach tú," arsa Lillian.
seanchas ancient history and tradition
" Ceantar álainn stairiúil, ceantar atá ar maothas le seanchas agus le comharthaí seandálaíochta.
Bímis ag faire amach let's watch and see
" Bímis ag faire amach cad a ordóidh an cleas eile.
cluichí craoibhe iomána agus peile hurling and football final games
" Ach cén chaoi a mbeadh sí ar fáil nuair a bheidh sí ag teastáil le haghaidh cluichí craoibhe iomána agus peile ag an am céanna? Ach in ainneoin sin is éard atá á rá ag lucht na meán cumarsáide ná go mbeidh an milleán ar an CLG má theipeann ar iarratas an FAI Craobhchomórtas na hEorpa a chomheagrú! Tá sé deacair a leithéid de raiméis a thuiscint - á rá go bhfuil dualgas ar bhealach éigin ar an CLG Páirc an Chrócaigh a "oscailt" do Chorn Sacair na hEorpa! Ní hamháin sin ach is cosúil go bhfuiltear ag rá freisin go bhfuil dualgas ar an CLG an FAI agus an Taoiseach é féin a tharrtháil ón bpraiseach ina bhfuil siad.
Thug Tomás agus Áine faoi Thomas and Áine set about
" " Thug Tomás agus Áine faoi na bocsaí agus ní raibh siad i bhfad ag dul dó gur lig Áine scread.
bhain sí féin agus Tomás giota dó herself and Thomas skedaddled
" "Bhuel, bíodh agat más sin mar atá," arsa Bríd agus bhain sí féin agus Tomás giota dó.
agus chan ar sheirbhís d'ár gcuid féin and not on a service of our own
" Tarlaíonn sé sin mar go bhfuil muid ag craoladh mar chuid de sheirbhís Bhéarla agus chan ar sheirbhís d'ár gcuid féin.
beo beathaíoch sainiúil alive and special
ceangal na gcúig gcaol air bound hand and foot
" Príosúnach bocht ceangailte de stáca, ceangal na gcúig gcaol air.
corruair now and again
" Is mór an t-ardú croí é éirí amach corruair.
achan duine faoin spéir every Tom, Dick and Harry
" Is cinnte nach raibh sin ag luí le gnás, ach bíodh sin mar atá, mhionnaigh siad di gur sin mar a bheadh nó níor mhian le Myrtle achan duine faoin spéir a bheith ag amharc isteach uirthi ag rá "Orú, nach í atá cosúil léi féin".
ealaíontóirí gairmiúla agus amaitéaracha professional and amateur artists
" Tá saothar ealaíontóirí gairmiúla agus amaitéaracha le feiceáil ann, rud a thugann an-deis dóibh siúd nach bhfuil fadbhunaithe a saothar a thaispeáint taobh leis an dream a bhfuil aitheantas bainte amach acu go forleathan cheana féin.
dlí agus síochána law and order
" De réir suirbhé a rinne Aonad Taighde na nGardaí sa bhliain 2000, bhí baint ag an deoch le 88% de na cásanna dlí agus síochána, le 54% de na cásanna ina raibh damáiste coiriúil i gceist agus le 48% de na cásanna a bhain le coireanna i gcoinne an duine.
na ndaonlathaithe sóisialta agus na liobrálach the social democrats and liberals
" Bhí na vótóirí ag iarraidh go dtiocfadh athrú ar chúrsaí agus thug siad droim láimhe don chomhrialtas de chuid na ndaonlathaithe sóisialta agus na liobrálach a bhí ag rith na tíre le hocht mbliana anuas.
íomhá choincréiteach nithiúil a concrete and real image
" Ní hamháin go gcruthaíonn an t-ailtire spás fisiciúil le cónaí ann ach cruthaíonn sé/sí íomhá choincréiteach nithiúil den saol a bhfuil muid inár gcónaí ann.
clú agus cáil honour and respect
" Is iontach an rud é d'iarthar Bhéal Feirste go bhfuil clú agus cáil bainte amach ag Mackel & Doherty Architects mar, ar dhóigh indíreach, tá an comhlacht ag cuidiú le cur chun cinn na Gaeilge sa chathair.
i gcéin agus i gcóngar far and near
" Beidh an deis ag ailtirí i gcéin agus i gcóngar cur isteach ar an chomórtas seo.
i gcéin is i gcóngar far and near
" Bhí Pádraig MacPiaras ina eagarthóir ar *An Claidheamh Soluis* ó Mhárta 1903 agus ba ghnách leis dul ar thurais go Gaeltachtaí agus craobhacha i gcéin is i gcóngar.
bhfonsaí glasa agus bána green and white hoops
" Mar a tharlaíonn i gcás aon chlub a bhfuil traidisiúin láidre aige, nuair a tharraingíonn imreoir léine na bhfonsaí glasa agus bána air féin, bíonn sé ag glacadh páirte sa stair.
idir mhaith agus olc both good and bad
" Bíonn na hamhráin agus na hamhránaithe, idir mhaith agus olc, i dTigh Marrinan.
amaitéaracha agus gairmiúla amateur and professional
" Tá meascán d'ealaíontóirí amaitéaracha agus gairmiúla sa chumann agus idir Bhéarla agus Ghaeilge in úsáid ina gcuid tionscadal.
dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil amateur and professional boxing
" Tá Craobh an Domhain buaite ag Éireannaigh sa lúthchleasaíocht (agus boinn Oilimpeacha freisin), sa dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil, sa snúcar, i gcúrsaí capall, sa ghalf, ag rothaíocht (Rás na Fraince buaite freisin), agus i gcúrsaí rugbaí agus haca tá comórtais idirnáisiunta buaite ag foirne Éireannacha; ní dhéantar an oiread fuadrála ná cainte ná óil (!), áfach, faoi na himeachtaí sin is a dhéantar faoinár bhfoireann sacair, foireann, gan fiacail a chur ann, nár bhuaigh tada riamh! Is féidir a rá go bhfuil formhór na mbuanna idirnáisiúnta gnóthaithe ag daoine aonair atá ag saothrú leo go ciúin agus go dian agus go bhfuil seans níos mó ann b'fhéidir daoine aonair a mbeadh tallann ar leith acu a aimsiú ná foireann iomlán a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar na foirne sacair is fearr ar domhan.
dubhthinn sick and tired
" Bhí an oiread sin cainte déanta ar an bhainis le gairid agus go raibh Jemma dubhthinn den rud uilig.
ag cnádán complaining, going on and on
" Bhí a hathair ag cnádán ó d'fhógair Mark go raibh sé féin agus Ruth le pósadh.
ag athchognadh ruminating, going over the same thing again and again
" "Níl a fhios agam cad tuige a bhfuil siad uilig ina suí thart ag athchognadh nuair atá an cinneadh déanta ag Mark agus Ruth.
ag priollaireacht agus ag gliodaíocht thart acting the ejit (messing about) and fawning over or pleasing people
" Beidh siad uilig ag priollaireacht agus ag gliodaíocht thart.
dolba agus ceanndána bold (bossy) and strong-willed
" Tá sí breá dolba agus ceanndána, chuala mé.
ag feannadh lit. flaying, but means being extremely negative and censorious
" "Órú eist linn inár suí anseo ag feannadh agus an péire bocht sin i ndeallraí an ghrá.
pointí litrithe agus gramadaí spelling and grammar points
" Cén obair a dhéanann an CT anois? Pléann an Coiste prionsabail téarmaíochta agus pointí litrithe agus gramadaí a thagann chun cinn le linn cheapadh na téarmaíochta.
chothú agus cur chun cinn na teanga the preservation and the advancement of the language
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Go mbeadh dearcadh comhaontaithe bródúil ag pobal na Gaeilge agus na hÉireann faoi chothú agus cur chun cinn na teanga.
agus go bhféadfadh sé nó sí a mhaíomh and that he or she could state
" Ach d'fhéadfadh sé go bhfuil deis fós ann don té atá ag iarraidh turas aonair a dhéanamh idir 15° thuaidh agus 15° theas abair agus go bhféadfadh sé nó sí a mhaíomh go ndearnadar an chéad turas aonair timpeall an domhain.
agus a bheith réidh leis and to be done with it
" Bheadh sé chomh maith againn ár gcuid tithe agus tailte a bhronnadh orthu agus a bheith réidh leis.