Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
A dhálta sin that's the case with
" A dhálta sin an *hit list* a dtángthas air i dteach poblachtánaigh mór le rá a raibh ainmneacha bhaill shinsireacha an Pháirtí Choimeádaigh agus aontachtaithe éagsúla air.
Dálta Tony Blair like Tony Blair
" Dálta Tony Blair, tá siad féin ag iarraidh go gcuirfí gníomhartha i gcrích.
dálta cuid mhaith rudaí like a lot of things
" Ach, dálta cuid mhaith rudaí, ní mar a shíltear a bítear.
Dálta like
" Dálta cuid mhaith daoine óga in Éirinn san am, thug Liam aghaidh ar Mheiriceá go luath sna nóchaidí.
A dhálta sin ag an SDLP. It's the same in the case of the SDLP.
dálta like
" Mar sin, an mbreathnaíonn Fisk air féin mar fhinné ar an chogadh nuair atá iriseoirí eile sásta iriseoireacht óstáin a chleachtadh? “Téim chun na hIaráice agus – dálta Patrick Cockburn, an tÉireannach atá ag obair don *Independent *agus iriseoir an *Guardian *- bím ag tuairisceoireacht ó na sráideanna,” ar sé.
dhálta such as, like
" Bhí cuid ceoil Bizet, Saint-Saëns, Lalo, Massenet, Ravel léirithe anseo agus bhí cumadóirí dhálta Tchaikovsky, Grieg, Richard Strauss agus Debussy le feiceáil ann ag stiúradh a gcuid saothar ceoil féin.
dálta similar
" ” Ainneoin, dálta Gerry Adams, go bhfuil daoine ag rá nach bhfuil a fhios againn iomlán an scéil fá Iris Robinson, caitheann muid ligean di teacht thart ar an ghalar atá uirthi.
Dálta just like
" Dálta an Aire Sláinte reatha, Mary Harney, tá seans maith ann gurb é seo a geamh deireanach sa Dáil, rud a bheas ina bhuntáiste san 'Angola' seo d'aireacht.
Dálta similar to
" Dálta daoine bochta ar fud na n-oileán seo, is ar na daoine is laige a thitfidh an t-ualach is mó sna ciorruithe atá le déanamh - seandaoine, páistí, daoine atá tinn mar ní thig leo troid in éadan an chórais.
dálta similar to
" Spréigh sé a dhá sciathán amach agus d’iompaigh sé a dhá bhois in airde, dálta Big Jim Larkin ar Shráid Uí Chonaill.
Dálta just like
" Sciar Beag Toghthóirí seach na Sluaite Oibrithe ========================= Dálta Henry Ford, an raibh sé ag rá gur féidir sochaí aontaithe a chruthú anseo a fhad is atá sé Breataineach? Is beag an seans go meallfadh an DUP iar-Phaisleyach vótairí Caitliceacha ach ní sin an aidhm atá ag Robinson.
dálta bhainisteoir fhoireann spóirt similar to sports team manager
" Ach dálta bhainisteoir fhoireann spóirt atá gar do bhun na sraithe, ní mheasfar Nesbitt mar is ceart go dtí go bhfeicfidh muid é ag tabhairt aghaidh ar na fáthaigh sa DUP agus i Sinn Féin.
dálta clanna ríoga eile like other royal families
" Ní luaitear go minic gur de shliocht na Gearmáine a shíolraíonn clann ríoga na Sasana, dálta clanna ríoga eile ar mhór-roinn na hEorpa.
dálta achan rud eile like everything else
" Ach dálta achan rud eile, tá nithe áirithe de nach bhfuil fóirsteanach do shochaí ilchultúir an lae inniu siocair gur dréachtaíodh é i ré eile.
Dálta áiteanna eile similar to other places
" Dálta áiteanna eile, thug na bancanna ó thuaidh méid sheafóideach airgid amach ar iasacht le go gceannódh daoine díomhaoine idir 2000 agus 2008 gan sciar mhaith de bheith aisíoctha, tá líon na morgáistí níos ísle inniu ná mar a bhí sé i 1994.
dálta cuid mhór dreamanna eile i stair an domhain like many other groups in world history
" 
Tá mise i bhfách le leithscéal ar bith chun coisir a reáchtáil, ach tá seo ag dul thar fóir dálta cuid mhór dreamanna eile i stair an domhain, tá na Gaeil á ndíbirt ón taifead oifigiúil.
Dálta gach duine dá cúlra like all others in her background
" Dálta gach duine dá cúlra, ní raibh a dhath eolais aici ar an Ghaeilge ag fás aníos, ach ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí.
dálta scoile (every) school pupil
" Ba chóir go mbeadh ar gach dálta scoile bunstaidéar a dhéanamh ar an gheilleagar; Ba chóir go mbeadh seisiúin eolais ar fáil sna leabharlanna poiblí; Ba chóir go mbeadh cláir faisnéise ar chúrsaí geilleagair ina gcuid den chraolachán poiblí.
Dálta similar to
" Dálta RTÉ ó dheas, is eagraíocht í BBC NI atá ann le dearcadh an rialtais a chur chun cinn i measc, mar a déarfadh Bryan Dobson, na n-amadán.
Dálta an lá inniu similar to today
" *’ Dálta an lá inniu, bhí géarchéim airgeadais sa tír ag an am agus bhí an tAire buartha nach raibh costasú ceart déanta ar go leor de na moltaí agus nach bhféadfaí leithéidí stáisiún teilifíse a chur ar bun ‘*in the foreseeable future.