Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Bhagair an rialtas stáit the state government threatened
" Bhagair an rialtas stáit píonós níos géire ar aon duine a chiontófaí.
Bhagair déagóirí teenagers threatened
" Bhagair déagóirí istigh go gcuirfeadh siad lámh ina mbás féin, chaith fear amháin é féin isteach sa tsreang rásúir atá timpeall ar na hionaid agus gortaíodh go dona é dá bharr.
bhagair sé he threatened
" Dhiúltaigh sé agus bhagair sé an cruinniú a chur ar ceal.
bhagair siad they threatened
" Ní mó ná sásta a bhí an Coimisiún agus bhagair siad an dlí a chur ar an stát.
bhagair siad ar cibé duine a chonaic an t-uafás they threatened anyone who saw the horror
" De réir na ndeirfiúracha, scrios an IRA cibé fianaise a bhí ar fáil taobh istigh den phub, bhris siad na ceamaraí slándála taobh amuigh ar an tsráid, bhagair siad ar cibé duine a chonaic an t-uafás agus d'imigh leo - gan scairt a chur ar otharcharr féin don fhear a bhí ag imeacht ar shlí na fírinne, athair beirt pháistí, a sháith siad le scian agus a chiceáil siad sa chloigeann.
agus gur bhagair siad Emile a lámhach and that they threatened to shoot Emile
" D’inis sé dom go raibh póilíní agus gunnaí acu sa héileacaptar agus gur bhagair siad Emile a lámhach.
bhagair sé orm he threatened me
" “Nuair a chuaigh mé féin go dtí a fheirm, bhagair sé orm agus dúirt mo shaoiste liom go raibh sé róchontúiteach dom dul ar ais ansin.
a bhagair siad they threatened
" “Mura mbaintear na clárlaigh seo anuas, cuirfear bratacha an UFF/UDA in airde chomh cóngarach dóibh agus is féidir,” a bhagair siad.
bhagair sé her threatened
" Oíche amháin, tháinig a hathair isteach san ospidéal agus bhagair sé go tréan ar a iníon go mbainfeadh sé díoltas amach uirthi mura mbeadh sí sásta na líomhaintí a tharraingt siar agus a béal a choinneáil dúnta ina dhiaidh sin.
bhagair threaten
" Chuir sé an cheist an mbeadh an seasamh céanna ag vóta tuismitheoirí a bhfuil dalta amháin ar an scoil acu agus agus a bheadh ag vóta tuismitheoirí a bhfuil dornán páistí sa scoil acu? San idirlinn, bhagair cuid de phobal Chorca Dhuibhne go ndéanfaidís baghcat ar an suirbhé.
bhagair threatened
" Tháinig an ghéarchéim is déanaí le mí anuas nuair a bhagair Foras na Gaeilge gur sárú conartha a bheadh ann dá leanfaí d’fhoilsiú an nuachtáin ar an Idirlíon amháin, in ainneoin go raibh deacrachtaí móra airgid acu.
Bhagair mise I threatened
" Léigh tú sin ar an idirlíon, nár léigh? Bhagair mise an dlí ar an amadán sin as na bréaga sin a chur ar a shuíomh.
bhagair threatened
" Sa timpeallacht sin ina raibh coimhlintí rialta idir aos óg ceanndána na tuaithe agus aos óg ceanndána Arm na Breataine, maíodh gur bhagair saighdiúirí go mion is go minic ar Aidan Mc Anespie go marófaí é.
bhagair threatened
" Cé gur dul chun cinn de shaghas éigin é seo, bhí míshásamh nár tugadh stádas teanga oifigiúil don teanga agus bhagair na Imazigh go ndéanfaidís baghcat ar na toghcháin uachtaránachta mar gheall ar cheist na teanga.
bhagair sternly pointed out
" Tá an Staidéar Teangeolaíochta a bhagair go raibh droch-chaoi ar an nGaeltacht i seilbh an Aire agus an Rialtais le blianta agus á phlé mar chuid den Straitéis sin.
bhagair threatened
" Bhí na comhlachtaí móra Facebook agus Google ag rith ar thanaí le déanaí nuair a d’fhógair siad eolas faoina seirbhísí a bhagair príobháideacht a gcuid úsáideoirí.
bhagair muid we threatened
" Lean an scéal ar aghaidh agus bhagair muid an dlí orthu agus rinne siad socrú linn a bhí chun ár sástachta.
bhagair threatened
" Tar éis a ndiúltaithe, bhagair siad Leasú 1 (saoirse labhra) ar na comhlachtaí iompair, agus cuireadh na fógraí in airde arís.
bhagair an Chreimil the Cremlin threatened
" Thug Vladimir Putin aitheasc breá forásach os comhair chomhaltaí an fhóraim, á mholadh aige go n-oibreodh na tíortha éagsúla as lámh a chéile, ach ní foláir a chuimhneamh go raibh port an-difriúil á sheinm bliain ó shin, nuair a bhagair an Chreimil go mbeidís toilteanach an lámh láidir a úsáid chun a gcearta san Artach a chosaint.
gur bhagair na Náisiún Aontaithe that the UN threatened
" ”* Ba léir do Chruise O’Brien gur bhagair na Náisiún Aontaithe go n-úsáidfí foréigean in Katanga dá mba ghá chun deireadh a chur leis an éirí amach ann agus chun ionracas fisiciúil Phoblacht an Chongó a athbhunú.
a bhagair rud éigin who threatened something
" “Nuair a bhí ceannairí eile an domhain ag bagairt smachtbhannaí agus sócmhainní calctha agus rudaí den sórt sin, is é Enda an t-aon duine a bhagair rud éigin a chuirfeadh isteach go mór orm féin agus ar mhuintir bhocht na Rúise.
bhagair threatened
" Ní hamháin gur sheas Rialtas SAM siar nuair a bhagair Goldman Sachs orthu mar is eol don saol mór, ach míníonn Maidhc Ó Cathail gur ghéill Rialtas Obama do Netanyahu chomh humhal éasca.