Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fhrithdhúnadh lock-out
" Staonadh ón ól - b'in an soiscéal a bhí ag Larkin, an fear a bhunaigh an Irish Transport and General Workers Union i 1908 agus a bhí ina cheannaire sa fhrithdhúnadh i mBaile Átha Cliath i 1913.
in adharca a chéile locking horns with each other
" Tá na mílte clubanna haiku sa tSeapáin agus bíonn siad i ngleic lena chéile nó in adharca a chéile go minic.
fhrithdhúnadh lock-out
" ( Sa bhliain chéanna bhí Learphollach eile, Jim Larkin, ina cheannaire sa fhrithdhúnadh i mBaile Átha Cliath - cf.
a glasáladh amach who was locked out
" "D'éist mé le hamhrán álainn tragóideach mar gheall ar fhear a glasáladh amach as a sheomra in óstán ar an Daingean.
fhrithdhúnadh lock-out
" ) Tá áit bhreithe Big Jim Larkin, a bhí ina cheannaire sa fhrithdhúnadh i mBaile Átha Cliath i 1913 ar an tslí, ach tá conspóid faoi seo mar go ndúirt an ceardchumannaí féin gur rugadh i gContae an Dúin é in 1876.
glas lock
" Fuair Anna a cuid bunscolaíochta i Scoil Mhuire i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus a cuid meánscolaíochta i Scoil Chaitríona (a bhí suite ar Shráid Eccles ar dtús agus ansin i nglas Naíon).
fhrithdhúnadh lock-out
" (Sa bhliain chéanna bhí Learphollach eile, Jim Larkin, ina cheannaire sa fhrithdhúnadh i mBaile Átha Cliath (cf *Beo!*, eagrán 4, Lúnasa 2001).
fhrithdhúnadh lock-out
" Agus i 1997, i rith fhrithdhúnadh mór na ndugaí i Learpholl, bhí siad chun tosaigh sa pharáid ollmhór tríd an chathair.
Fhrithdhúnadh Lock-out
" Rugadh Jim Larkin, an ceannaire sa Fhrithdhúnadh i mBaile Átha Cliath i 1913, ar Shráid Combermere i bparóiste Naomh Pádraig in 1878; bíonn paráid i gcuimhne air ar siúl gach Meán Fómhair ó Dingle go dtí lár na cathrach agus an Jim Larkin Flute band chun tosaigh.
faoi ghlas locked
" De réir an leabhráin eolais, chuaigh an tslí díreach tríd an chlós feirme ach bhí an geata faoi ghlas.
faoi ghlas locked
" Níor chuala mé riamh trácht ar Pheig roimhe sin agus cheap mé gur focal Béarla ab ea “Teach” a bhain le cúrsaí múinteoireachta! Ní raibh an doras faoi ghlas agus ní raibh ach mise ann agus is amhlaidh a bhuail mé an doras isteach.
scaoilfear glas eile another lock will be loosened
" Má fhaigheann siad a bhfuil uathu – nó gar dó – beidh ceannaireacht Shinn Féin sásta ansin glacadh leis an chóras úr póilíneachta, agus scaoilfear glas eile ar dhoirse dúnta Stormont.
frithdhúnadh lock-out
" Bhí frithdhúnadh ar siúl sna dugaí ag an am, a thosaigh i mí Mheán Fómhair 1995, agus bhí teaghlaigh 500 dugaire in ainnise dá bharr.
glais locks
" In 2001, tar éis dóibh baghcat a thionscnamh in aghaidh Smith and Wesson, ghéill an comhlacht sin don bhrú agus chuir sé ar ceal socrú a rinne sé le réimeas Clinton a chuirfeadh glais ar thruicir a ghunnaí.
glasáilte locked
" Dá siúlfeá isteach i nduine tré thimpiste ar an tsráid, bheifeá múinte agus ag gáire ar a amscaí agus a bhí tú agus “nach mór an náire mé? Caidé an dóigh ar fhorbair muid mar speiceas ar chor ar bith?” Ach uair amháin a bhíos an duine i mbosca mór crua miotail, glasáilte, sábháilte, iompaíonn sé isteach ina mhaistín, ag cuardach díoltais do gach drochrud a rinneadh air i gclós na scoile.
faoi ghlas locked up
" As an 29 duine ar éirigh leo éalú as príosúin na Fraince i mbliana, tá 23 duine acu ar ais faoi ghlas arís.
faoi ghlas locked
" Ní bheidh an uirlis faoi ghlas agus mar sin is féidir micrea-SIM ó aon chomhlacht fóin a úsáid fá choinne pacáiste eolais.
Glas lochtach a faulty lock
" Glas lochtach a ba shiocair leis an tsáinn a raibh sí agus toisc nach gcónaíonn aon duine eile léi, ní raibh éinne ann a thiocfadh i gcabhair uirthi.
glasáilte locked
" Bhíomar glasáilte isteach roimhe seo sa tuairim go gcaithfimis airgead a thuilleamh gach aon seachtain.
dá dhlaoi his locks
" ” Enda da Gabharment ============ Ar aghaidh le Balor chuig ceanncheathrú Fhine Gael, áit ar bhuail sé le hEnda Aoibhinn Aoibhiúil a bhí ag stánadh isteach sa scáthán agus ag cinntiú nach raibh oiread is ribe dá dhlaoi as alt.
faoi ghlas locked
" Beidh Páirc an Chrócaigh dúnta agus faoi ghlas go dtí go mbeidh Contae Mhaigh Eo ar ais i gCraobh na hÉireann sa pheil agus go mbeidh Sam ag dul siar go Caisleán an Bharraigh.
glas orthu locked
" Thug mé faoi deara go raibh geataí an tsuímh dúnta go docht daingean agus glas orthu.
Faoi Ghlas ag locked up by
" Faoi Ghlas ag Jean ========= Cosúil le Henri, an chéad chéim a thóg mé ar thalamh na tíre, i Saint Laurent du Maroni a bhí sé.
faoi ghlas romham locked when I arrived
" Bhí an áit faoi ghlas romham ach as a bheith ag ceistiú mhuintir na háite, tháinig mé ar uimhir Jean, treoraí a mbíonn eochair na háite aige.
faoi ghlas go daingean locked firmly
" An ghéarchéim gheilleagair ar a dtugtar an crisis abhus faoi deara do dhoras an túir a bheith faoi ghlas go daingean.
greim scóige a choke lock
" Ach é sin ráite, an bhfuil rud fiúntach ar bith ar domhan níos mó nach bhfuil greim scóige ag an airgeadas agus ag an margadh air? Is maith linn a cheapadh anseo in Éirinn go bhfuil an Cumann Lúthchleas Gael, cuir i gcás, ina eagraíocht dheonach atá neamhspleách ar chúrsaí tráchtála ach is í an fhírinne go bhfuil an CLG taobh le comhlachtaí tráchtála oiread is atá aon dream eile chomh fada is a bhaineann sé le maoiniú a chur ar fáil do dhul chun cinn na heagraíochta.
an fhrithdhúnadh the Lock Out
" Rugadh Jones i 1913, nuair a bhí Learphollach eile de bhunadh Éireannach, Jim Larkin, ina cheannaire ar an fhrithdhúnadh i mBaile Átha Cliath, eachtra a chuaigh i bhfeidhm ar thuismitheoirí Jones agus baisteadh ‘James Larkin Jones’ air.
ag iarraidh é a chur faoi ghlas trying to lock him up
" Dá mba dhúshlán do na póilíní a bhíodh ag iarraidh é a chur faoi ghlas, ba dhúshlán do phoblachtánaithe é chomh maith, a deir Ó hEára.
dlochtán creamha a lock of wild garlic
" Theacht dheirge an dá néal maidin chiúin san fhómhar, chomh tiubh géar agus a nocht ball bán ar an lá, ghléas Balor é féin fá choinne an tsiúil: clogad crua fána chloigeann caomh, dlochtán creamha ceangailte go docht thart ar a mhuineál, sciath titanium crochta lena thaobh, claíomh géar na lainne glaise ina láimh dheis agus dhá gha ina dhóid eile.
faoi ghlas amuigh locked out
" Is cuimhin liom a bheith i measc an tslua taobh amuigh d’Óstán na Sceilge, nuair nach ligfí isteach muid i ndiaidh Chorn Uí Riada; an lucht a bhí faoi ghlas istigh ag seoladh piontaí amach trí na fuinneoga chuig na daoine bochta a bhí faoi ghlas amuigh.
nó a sprid faoi ghlas ar néal éigin sna spéartha or its spirit locked in some cloud in the skies
" Is fearr liom an DVD ábhartha ar an tseilf ná a scáil neamhchorpartha ar line, nó a sprid faoi ghlas ar néal éigin sna spéartha ag fanacht leis an méar fhuascailte íoslódálach.
nglasáil lárnach central locking
" Ní hamháin go mbíonn fadhbanna ag baint leis an umar áirithe seo, ach bíonn fadhbanna ag baint le crochadh an chairr, le solas an mhála aeir agus leis an nglasáil lárnach chomh maith.
glasáilte amach locked out
ribí gruaige locks of hair
" Téann cultas taisí go fada siar i stair na Eaglaise agus is mór an urraim a bhí ag oilithrigh, go háirithe sa mheánaois, do chnámha, ribí gruaige, ball coirp agus stiallacha éadaigh a tháinig ó naomh nó ó mhairtíreach.
i ngleic lena chéile locked in each other
" Is Iomaí Cor sa Saol ========== Anuas air sin, ba é an caitheamh aimsire ba mhó a bhí acu agus iad ina ngasúir ná iomrascáil, castaíocht nó coraíocht, iad i ngleic lena chéile ar urlár cré an tí nó taobh amuigh sa gharraí.
tá geata is glas ar an gclochán ina bhfuil an teach the house is in a gate and locked compound
" Bhog sí go dtí teach a deirféar ansin faoi choim na hoíche, ach tá geata is glas ar an gclochán ina bhfuil an teach agus ní fhacthas Corby amuigh faoi aer go fóill.
faoi ghlas locked up
" Tá an file faoi ghlas agus níl cead aon ní a bhreacadh ar bhalla, ar phár ná ar scáileán, i mbliana 2030, mar a thuigeann Gabriel Rosenstock go rímhaith is go ródhéanach.
faoi ghlas thar lear locked up abroad
" Bean bhán dhathúil as an Astráil le fiche bliain a chur isteach faoi ghlas thar lear! Nach leor a leath leis na meáin is na liarlóga a shaighdeadh i mbun méarchláir? Bhí Bearnaí Ó Doibhlin ag faire orthu.