Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cearta spaisteoireachta walking rights
" Bhí an TGWU, ceardchumann na n-oibrithe talmhaíochta, i gcoinne an mhórshiúil, mar tá siad i bhfábhar cearta spaisteoireachta agus tá siad sásta seasamh a ghlacadh in aghaidh na dtiarnaí talún.
fheachtas Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta the campaign for Civil Rights
" Tháinig cuntas na bliana sin ar shála fheachtas Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta, a dhírigh aird ar an leatrom in éadan na gCaitliceach agus bhí leisc ar naisiúnaithe a gcreideamh a fhógairt ar fhoirm oifigiúil.
cearta spaisteoireachta walking rights
" "Amharc ar na rudaí dearfacha atá curtha i gcrích ag an rialtas: íosphá, ráta íseal boilscithe, suíocháin i dTeach na dTiarnaí bainte de chuid mhaith tiarnaí dúchasacha, cearta spaisteoireachta faoin tuath, deireadh le 'borradh agus meathlú'; ansin, amharc ar na rudaí diúltacha: beartas fioscach mar a bheadh ag na Coiméadaigh, rátaí úis agus *sterling* ró-ard don tionsclaíocht, barraíocht *spin* agus dlí in aghaidh na gceardchumann i bhfeidhm go fóill.
cogadh dearg a right battle
" "Seo," arsa Síle, "siúlaigí libh sula mbeidh cogadh dearg idir an bheirt seo.
cogadh dearg a right battle
" "Seo," arsa Síle, "siúlaigí libh sula mbeidh cogadh dearg idir an bheirt seo.
ceart sibhialta civil rights
" Toghadh ina ball í de pharlaimint na Breataine i 1969 agus gan í ach bliain is fiche d'aois, í i mbun feachtais ag an am ar son ceart sibhialta do Chaitlicigh.
chearta rights
" Ach bímis ionraic - cé mhéid duine againn a bheadh amuigh ar na sráideanna ar son chearta an Lucht Taistil dá mbeidís ní ba chiúine, ní ba fhreagraí agus ní ba réasúnta? Is as Baile Átha Cliath é Fachtna Ó Drisceoil.
an eite dheis the right wing
" Tugadh dúshlán do cheannaireacht an pháirtí agus ba bheag nár buadh ar an eite dheis.
chearta daonna human rights
" Ach mar a dúirt tráchtaire amháin san Astráil, má bhí ceacht le foghlaim ag an Astráil faoi chearta daonna nó faoi aon cheist eile, ní ón Iorua a bheadh sé le foghlaim, tír ar thug an oiread sin dá daonra tacaíocht do réimeas na Naitsíoch in aimsir an chogaidh.
a gcearta their rights
" Bhí sraith léachtaí ann, ag tosú le cinn faoi na hAlbanaigh sa 17ú aois agus na hÚgónaigh, Protastúnaigh a tháinig ag deireadh na haoise sin ón Fhrainc, i ndiaidh don rí Caitliceach Louis XIV a gcearta a bhaint díobh.
a gceart their rights
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Go bhfaigheadh lucht a labhartha a gceart ón stát; go dtarraingeodh lucht a labhartha le chéile; go gcaomhnófaí a cuid fuinnimh; nach ndéanfaí síorchomparáid idir í agus an Béarla; go mairfeadh sí beo sna ceantair Ghaeltachta; go scríobhfaí í le spleodar.
cearta sibhialta civil rights
" " Measann sé gur botún a bhí i bhfeachtas míleata an IRA, go mbainfí i bhfad ní ba mhó amach in achar ní ba ghiorra dá mba rud é gur leanadh ar aghaidh leis an fheachtas chun cearta sibhialta a bhaint amach.
claonadh na heite deise right-wing leaning
" Tá an Páirtí Daonlathach tar éis claonadh na heite deise a thabhairt don Chomhrialtas FF/PD.
Rachadh sé fríot it would go right through you, i.e. it was very loud
Nuair a ghéilleann tú do chuid ceart ar mhaithe leis an tslándáil, ní bhíonn ceachtar agat sa deireadh When you give up your rights for security, you wind up having neither
" Chun casadh a bhaint as cuid focal duine de "aithreacha bunaithe na tíre": Nuair a ghéilleann tú do chuid ceart ar mhaithe leis an tslándáil, ní bhíonn ceachtar agat sa deireadh".
Agus a chonách sin ar mhuintir na Gaeilge And it will serve Irish speakers right
" Agus a chonách sin ar mhuintir na Gaeilge má fhágtar gan ghuth iad, nó is fúthu féin stop a chur leis an síorchoilleadh.
nach bhfuil sé de chead ag éinne that no one has the right
" Measann sé nach bhfuil sé de chead ag éinne, áfach, brú a chur ar dhuine teanga a labhairt mura bhfuil sé ag iarraidh í a labhairt, ach, mar sin féin, ós rud é go bhfuil siad ag fáil airgead rialtais, gur cheart dóibh an iarracht a dhéanamh.
na cearta is bunúsaí the most basic rights
" Bhí troid uafásach le déanamh chun na cearta is bunúsaí, fiú amháin, a bhaint amach, chun go nglacfaí le guth ban le meas agus go n-éisteofaí linn.
na lárnaigh dheasacha the centre-right
" Tá sé seo amhlaidh san Iodáil ó bhí mí na Bealtaine anuraidh ann nuair a d'éirigh leis na lárnaigh dheasacha (Forza Italia, Alleanza Nazionale agus Lega Nord) tromlach a bhaint amach san olltoghchán.
d'idé-eolaíocht na heite deise right-wing idealogy
" Ceapadh Letizia Moratti mar Aire Oideachais tar éis bhua na heite deise le teacht i gcomharbacht ar Luigi Berlinger agus tá sise ag féachaint le leasuithe a chur i bhfeidhm sa chóras scolaíochta chun go mbeadh rian d'idé-eolaíocht na heite deise le brath níos mó air.
ar mhaithe le cearta daonna for the sake of civil rights
" Impíodh ar an rialtas na hionaid choinneála a dhúnadh ar mhaithe le cearta daonna ach níor bhog siad óna seasamh cruachroíoch.
Más buan mo chuimhne if my memory serves me right
" Más buan mo chuimhne is minic a chuala mé an focal *sheila* sa scannán *Crocodile Dundee* agus mo dhuine ag caint faoi na mná.
lárnach deasach centre-right
" Tá Príomhaire na hIodáile, Silvio Berlusconi (65), tar éis a bheith ina phearsa chonspóideach i gcúrsaí polaitíochta idirnáisiúnta ó d'éirigh lena pháirtí lárnach deasach, Forza Italia, teacht i gcumhacht arís i mí na Bealtaine anuraidh.
eite dheas right wing
" Tá dul chun cinn féideartha Shinn Féin ó dheas - ainneoin go bhfuil go leor *hype* ag baint leis - ag cur eagla ar eite dheas na Breataine agus na hÉireann.
na heite deise of the right wing
" Baineann na veaineanna dubha seo leis an *uyoku*, páirtithe agus eagraíochtaí na heite deise.
gnáthchearta daonna ordinary human rights
" Tá dul chun cinn déanta is cinnte, ach tá gnáthchearta daonna i gceist le go leor de na moltaí a bhí ann i 1926 agus atá ann arís i mbliana.
an Eite Dheas Nua the New Right
" Bhí tionchar an-mhór ag dúnmharú Pim Fortuyn, an fear a d'fhógair é féin ina cheannaire ar an Eite Dheas Nua san Ísiltír, ar thorthaí olltoghchán mhí na Bealtaine.
cearta sibhialta civil rights
" Bhí bunú Celtic fíorthábhachtach sa streachailt chun cearta sibhialta agus cothromaíocht eacnamaíoch a bhaint amach do na hÉireannaigh in Albain.
ag sárú cearta daonna violating the human rights
" " Nuair a chuir Cian in iúl do cheoltóir óg as Tiobraid Árann le déanaí nach bhféadfadh sé a chuid ceoil a sheinm ar "An Taobh Tuathail" de bharr go raibh focail na n-amhrán i mBéarla dúirt an fear sin leis go bhféadfadh duine éigin cás cúirte a thógáil i gcoinne Raidió na Gaeltachta, mar go bhfuil siad, dar leis an cheoltóir seo, ag sárú cearta daonna lucht an Bhéarla! Deir Cian nach dtugann go leor de na héisteoirí faoi deara go bhfuil cosc ar liricí Béarla, gur minic a fhaigheann sé litreacha nó teachtaireachtaí ríomhphoist ó dhaoine ag iarraidh air ceol Béarla a sheinm.
ar bhealach a leasa on the right course
" Is iad sin na boic a chuirfeadh na himreoirí sacair sin ar bhealach a leasa.
A chonách sin oraibh It serves you right
" Agus ós ag caint dúinn ar scliúchas sin Chorn na Cruinne, meabhraítear domh rud eile a déarfadh mo mháthair mhór fá dtaobh de na piteoga céanna: 'A chonách sin oraibh, a bhrealláin gan mhaith.
Fheachtas Cearta Sibhialta Civil Rights Campaign
" "* De réir na ndílseoirí, áfach, cur i gcéill an IRA a bhí san Fheachtas Cearta Sibhialta chun trioblóid a thógáil sna Sé Chontae, agus tháinig an foréigean uilig ón dream sin.
Oirmhinneach right reverend
" " Thart ar an am chéanna, bhuail Gerry Kelly, ball sinsearach eile de chuid Shinn Féin, leis an Oirmhinneach Mervyn Simpson, cathaoirleach Choimisiún na nDílseoirí, a bhfuil an UDA/UFF, nó faoina n-ainm cleite Cosantóirí na Láimhe Deirge, ina gcuid lárnach de.
polaiteoirí de chuid na heite deise right-wing politicians
" Le cúpla bliain anuas, tá roinnt polaiteoirí de chuid na heite deise ag moladh go ndéanfaí na drúthlanna a athoscailt; tá siad mídhleathach faoi láthair ach tá siad ann mar sin féin, cé go mbíonn siad ag cur i gcéill gur gnó eile ar fad iad.
an eite dheas the right wing
" Nuair a thosaigh an chaint faoi chogaíocht, bhí an eite dheas ina dtost ar dtús.
ar an gcliathán deas on the right wing
" Ba chuma faoi sin, mar nuair a d'aimsigh DJ Carey cúilín iontach i bhfad amach ar an gcliathán deas, tar éis dó dul thar beirt Chláiríneach agus an sliotar a smachtú ar a chamán amhail is dá mbeadh sé ina ghairdín féin ar chúl an tí, b'éigean dom seasamh suas agus bualadh bos a thabhairt dó faoi mar a rinne na mílte eile.
Fágalaí ceart a right waster
níos faide ar an eite dheas further to the right
" Beidh cainteanna chomh luath agus is féidir ag an "New UUP", atá níos faide ar an eite dheas ná mar a bhí le fada, le Tony Blair.
cearta rights
"cearta iascaireachta na locha ag an chumann agus is féidir ceadúnas a fháil ó na baill.
cearta daonna human rights
" Déanann sé speisialtóireacht ar cheisteanna sóisialta - cearta daonna, bochtanas i measc páistí, ciníochas, agus a leithéid.
den eite dheas of the right wing
" Mar is dual do rialtas den eite dheas, tá sé de nós ag an rialtas a rá gurb é an margadh an máistir agus gur aige atá fuascailt gach faidhbe.
glan suas le mo bhéal right up to my face
" Dheimhnigh an Cairdinéal Deasóg Ó Conaill liom, glan suas le mo bhéal, nach bhfuil fírinne ar bith sa ráfla go bhfuil Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath ag comhoibriú leis an stáisiún teilifíse, Cainéal 4, sa tsraith úr cláracha atá beartaithe acu sin, sraith dar teideal 'Father Ped'.
bascadh ceart a right bashing
" Agus, dár ndóigh, ná déanaimis dearmad ar iompar "ainmhí" na nGardaí a chuir alltacht ar an bpobal ar 6 Bealtaine 2002, nuair a thug scata de bhuachaillí na héide goirme bascadh ceart do dhream mac léinn a bhí ag léirsiú i lár Bhaile Átha Cliath.
chearta daonna human rights
" Cén fáth nach bhfuiltear ag díriú ach ar cheann acu? Deir an rialtas gur deachtóir é Saddam Hussein agus nach bhfuil aon mheas ar chearta daonna san Iaráic.
glan suas le mo bhéal right up to my face
" Dheimhnigh an Cairdinéal Deasóg Ó Conaill liom, glan suas le mo bhéal, nach bhfuil fírinne ar bith sa ráfla go bhfuil Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath ag comhoibriú leis an stáisiún teilifíse, Cainéal 4, sa tsraith úr cláracha atá beartaithe acu sin, sraith dar teideal 'Father Ped'.
mheall a coise deise her right calf
" Shín sí síos a lámh agus mhothaigh sí thart fá mheall a coise deise.
dá bhféadfaimis é a ionramháil i gceart if we could handle it right
" "Deinim amach, dá bhféadfaimis é a ionramháil i gceart agus a bheith ana-chúramach ina bhun, ní gá gur ag mealladh daoine ón nGaeilge nó ó na ranna Gaeilge ar fad a bheadh Léann na hÉireann ach ag tabhairt daoine de réir a chéile isteach sa líon, más maith leat.
chearta daonna na bPalaistíneach the human rights of the Palestinians
" Sin tír nach dtugann aird ar bith ar rúin na Náisiún Aontaithe, nó ar chearta daonna na bPalaistíneach.
ina chlabhstar déanta a right stupid person
" Ach ní raibh Stiofán ina chlabhstar déanta ar chor ar bith nó bhí sé ina sheasamh ar chúl dhoras an tseomra ag éisteacht le deireadh agus bhí plean aige.
Beidh mé leat anois I'll be right with you
" "Beidh mé leat anois," arsa Stiofán.
cé go mbuaileadh mise breoite, ceart go leor even though I became ill, right enough
" D'ainneoin an sórt sin saoil, is dóigh liom go mbainimís níos mó spóirt as agus nach raibh an sórt duaircis seo (cé go mbuaileadh mise breoite, ceart go leor) agus an phusadaíl a bhíonn ag daoine óga inniu aon chor ann.
an cinneadh ceart the right decision
" Tá a fhios aige Dia go ndeineadh an cinneadh ceart nuair a tugadh an cuireadh thar n-ais go Maigh Nuad dó mar is mó gaisce a rinne sé ansin.
chearta daonna human rights
" Tá neart ráite ag an rialtas anseo faoin sárú atá déanta ar chearta daonna ag réimeas Saddam Hussein agus tá cuid mhaith den cheart acu.
diúltaítear cearta bunúsacha dóibh they are denied basic rights
" Tá 4,000 eile acu a bhfuil glactha ag an leis rialtas gur teifigh iad, ach diúltaítear cearta bunúsacha dóibh.
gníomhaíoch cearta daonna human rights activist
" Deir an gníomhaíoch cearta daonna, Dr Robbie McVeigh: "Sular thosaigh an cogadh, thug muid litir phearsanta d'achan chomhairleoir cathrach ag impí orthu seasamh a ghlacadh in éadan Raytheon.
cearta ceardchumainn trade union rights
" "Tá muid ag iarraidh go mbeidh comhlachtaí anseo a thabharfaidh cearta ceardchumainn do na hoibrithe, agus a fhágfadh rud inteacht maith ina ndiaidh má imíonn siad," a deir Jim Keys.
chearta daonna human rights
" Bhí beirt mhac léinn póilíneachta ag glacadh rólanna i seisiún traenála ar chearta daonna ag Coláiste Póilíneachta an PSNI i mBéal Feirste.
iarlais fágtha a right changeling
" Níor seo an rúplach mná a raibh aithne ag Aifric uirthi ach iarlais fágtha.
os cionn na súile deise above my right eye
" Tailm! Bhuail mé mé féin os cionn na súile deise.
heagraíocht cearta daonna human rights organization
" ÉÓD: Tá baint agat féin le heagraíocht cearta daonna agus bíonn tú i mBéal Feirste go minic mar ionadaí de chuid na heagraíochta sin.
Coinbhinsiún na hEorpa ar Chearta Daonna The European Human Rights Convention
" I measc gheallúintí an Chomhaontaithe, bhí dearbhú ón dá rialtas go síneofaí Coinbhinsiún na hEorpa ar Chearta Daonna agus go mbunófaí Coimisiún Um Chearta Daonna ó thuaidh agus ó dheas.
cearta sealúchais rights of property
" Maidir leis an stát seo, tá bunreacht againn ó 1937 a thugann cosaint do go leor cearta daonna, mar shampla cearta sealúchais, agus a deir "gurb ionann ina bpearsain daonna na saoránaigh uile i láthair an dlí.
ag sárú a chearta príobháideachais violating his privacy rights
" Rialaigh an chúirt go raibh an cosc a bhí ar ghníomhartha homaighnéasacha sa stát seo ag sárú a chearta príobháideachais.
an chos dheas the right leg
" Ach ní raibh an chos dheas le feiceáil in aon áit agus ba dheacair dó tada a rá ná a cheapadh fúithi.
an taithí chaoi the right experience
" Mheas sé go raibh an taithí chaoi aige faoin am a fógraíodh an post.
chearta iarphríosúnach poblachtánach the rights of former republican prisoners
" Ach cad é mar is féidir le beirt iarchimí poblachtánacha intinn oifigigh de chuid an RUC a thuigbheáil? Le cúpla bliain anuas, tá Laurence McKeown ag obair ar son Choiste na nIarchimí, scáthghrúpa a oibríonn ar son chearta iarphríosúnach poblachtánach.
Ionad Chearta Daonna na bPáistí Children's Civil Rights Centre
" Bhí an scéal ina ábhar nuachta san Albáin, áit ar ghlac 287 páiste scoile as ceithre scoil i dTirana páirt i sraith imeachtaí a d'eagraigh Ionad Chearta Daonna na bPáistí agus na húdaráis oideachais áitiúla.
shárú cearta daonna the abuse of human rights
" Tá eagraíochtaí móra le rá mar Amnesty International agus Human Rights Watch ag iarraidh aird a tharraingt ar shárú cearta daonna i bPapua Thiar, ina measc coinneáil dhírialta, éigniú, céasadh, bualadh príosúnach faoi choimeád agus marú seachbhreithiúnach.
Amadáin déanta right ejits
" "Amadáin déanta," arsa Seán ach ní raibh mórán a thiocfadh leo a dhéanamh faoi anois agus thiontaigh siad ar an obair arís.
ag sárú chearta sealúchais an duine infringing the person's property rights
" Bheidís, dúradar, ag sárú chearta sealúchais an duine, atá leagtha síos sa Bhunreacht.
á dtiomáint ag ídéolaíocht sheanchaite na heite deise being driven by worn-out right-wing ideology
" Dea-scéala do phobail na gceantar sin gan amhras, ach ar chuir éinne an cheist fhollasach: dá mbeadh Eircom fós i seilbh an Stáit nach mbeadh sé níos fusa agus níos saoire treoir a thabhairt don chomhlacht na seirbhísí riachtanacha sin a chur ar fáil do chuile dhuine, ar mhaithe leis an leas coiteann? Botúin ======= Léiriú is ea an scéal truamhéalach seo ar na botúin a dhéanann rialtais nuair a bhíonn siad á dtiomáint ag ídéolaíocht sheanchaite na heite deise.
Is cuí it is right
" Is cuí mar sin gur file ceannairceach é Gearóid Mac Lochlainn, a bhuaigh Gradam Filíochta Michael Harnett anuraidh.
ach an dóigh a sáraítear a gcearta daonna but they way in which their human rights are violated
" Is léir gur fhág an t-am a chaith sé ansin rian air, ní hamháin an meas atá acu ar a dteanga dhúchais, ach an dóigh a sáraítear a gcearta daonna lá i ndiaidh lae.
b'fhíor dó he was right
" Agus mé ag cabaireacht le Bavárach meánaosta ar na mallaibh, dúirt sé liom, "Ní hé an caighdeán oifigiúil is measa liom, ach go bhfuil blas na dtuaisceartach ar chaint na ngasúr óg anois! Sin an fáth go bhfuil mo chroí ag cur fola!" Agus b'fhíor dó.
ar bhóthar a leasa on the right course
" Ní i gcónaí a bhí sé ar bhóthar a leasa, mar raid sé an chairt go maith le linn a óige mar a dhéanfadh bromach teaspaigh, ach ó bhronn Dia céile iontach air, Delia, agus, ar ndóigh a bheirt mhuirir, bhíodar sin ina gcnámh droma agus ina *raison d'être *aige.
an ceart chun dídine the right to housing
" I measc na mórcheisteanna atá á bplé ag an choiste seo, tá an cheist ar chóir an ceart chun dídine ag duine a chur isteach sa Bhunreacht nó an leor reachtaíocht nua le dul i ngleic leis an fhadhb.
eagraíochtaí cearta daonna human rights organizations
" Rinne dreamanna éagsúla cáineadh géar ar an Rialtas faoin scéal is deireanaí seo - an freasúra, na Náisiúin Aontaithe, an Indinéis agus eagraíochtaí cearta daonna.
na cearta the rights
" Cheannaigh an comhlacht sin na cearta do leabhar Joseph O'Connor, *Red Roses and Petrol*, agus de bharr gur oibrigh Bríd cheana leis an mbean ar léi an comhlacht seo, shocraigh siad go rachaidís i mbun léiriúcháin le chéile.
eite dheas right wing
" "Ceann de na pictiúir is gáirsiúla, is mímhorálta agus is scannalaí dá bhfaca mé riamh …" Ráiteas é sin a tháinig ó bhéal an pholaiteora den eite dheas Giorgos Karatzaferis nuair a chonaic sé saothar de chuid an ealaíontóra Bheilgigh Thierry de Cordier darb ainm "Asperges Me (Dry Sin)" in *Outlook*, an taispeántas nua-ealaíne is mó a bhí riamh le feiceáil sa Ghréig.
cearta eile daonna other human rights
" Ní leis na gnáth-státseirbhísigh atá an fhadhb, mar sin, ach leis an chóras ceannasaíochta nár ghlac leis riamh go raibh cearta teanga chomh tábhachtach céanna le cearta eile daonna.
ar an eite chlé nó dheas on the left of right wing
" Maidir lenár dTaoiseach faoi láthair, ní léir an le Boston nó Berlin a sheasann sé, an bhfuil sé i bhfábhar an phríobháidithe nó tacú le comhlachtaí stát-urraithe, nó an bhfuil sé ar an eite chlé nó dheas i bhFianna Fáil Cead a chinn do McDowell ======= Má chuir ráitis agus iompar an Taoisigh féin as don phobal i gcoitinne in 2003, tá go leor de chosmhuintir Fhianna Fáil ag lochtú an Taoisigh as cead a chinn a thabhairt don Aire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, le linn 2003.
an rogha cheart the right choice
" Mar gheall ar na cúinsí seo uilig, shíl mé go raibh an rogha cheart déanta agam le mo laetha saoire a chaitheamh.
nach mbeadh an béile seo ina chogadh dearg that this meal would not be a right ding-dong
" Bhí mionna tugtha ag Nuala nach mbeadh an béile seo ina chogadh dearg agus dá thairbhe sin lig sí thairsti a raibh le rá ag Nan.
cead saorántachta right to citizenship
" Is iarracht é an reifreann seo a chinntiú nach mbeidh cead saorántachta a thuilleadh ag páistí inimirceach a shaolófar in Éirinn ach nach mbeidh ach tréimhse ghearr caite ag na tuismitheoirí sa tír.
ina cheartlár right in the middle of it
" Agus bheadh an léitheoir ag déanamh nach mbeidh comhréiteach ar bith idir an dá shaol, go dtarlóidh scliúchas ag an rince agus go mbeidh Bullaí Mhártain ina cheartlár.
cheart dlíthiúil legal right
" Ach bhí coinníollacha ag baint leis - níor mhór do na daoine a bheith beo in 2002 agus bhí orthu admháil a shíniú go raibh aon cheart dlíthiúil acu d'aon airgead eile dá shórt curtha ar ceal.
údaráis chearta daonna human rights authorities
" Tá an scéal curtha i gcomparáid ag údaráis chearta daonna leis an sclábhaíocht a bhí ar siúl faoi réimeas na Naitsíoch do chomhlachtaí áithrid sa nGearmáin, ina measc BMW, Volkswagen agus Daimler-Benz.
más buan mo chuimhne if memory serves me right
" Is é a bhí sí a mhaíomh, má thuig mé i gceart í agus más buan mo chuimhne, gur beag duine a mbíonn sé de phribhléid aige an draíocht chéanna a bheith air arís leis an léitheoireacht, ach ina áit sin gurb iad an teip agus an díomá is gnách a bheith i ndán don léitheoir fásta.
dea-aigeanta right-thinking
" Cuireadh litir de chuid an Oird Oráiste faoi bhráid an phobail fiú inar dúradh ós rud é gur beag seans go mbeadh na póilíní sásta an pharáid Oráisteach ó 29th Street agus Eighth Avenue go Cooper Union a chosaint, gur cheart do bhunadh dea-aigeanta Nua-Eabhrac iad féin a chosaint ó na Caitlicigh Éireannacha.
a airíonn ceart dom which feels right for me
" "Braithim ar an rud a airíonn ceart dom, go háirithe ó thaobh dathanna de.
cearta rights
" Bhí mé ag iarraidh go mbeadh na cearta go léir agam féin - bhí go leor cluinste agam faoi ghrúpaí ceoil nach bhfuair a gcearta, fiú ghrúpaí mór le rá mar Altan nó Cherish the Ladies, mar shampla.
na híomhánna cearta the right images
" Ar an drochuair, bíonn sé beagáinín casta a chinntiú go gclóbhualann siopaí na híomhánna cearta duit.
cearta sibhialta agus polaitiúla civil and political rights
" " Bernadette McAliskey ======= Tá clú agus cáil ar Bernadette McAliskey mar fheachtasóir a throid ar son cearta sibhialta agus polaitiúla don phobal Caitliceach (nó náisiúnach) i dTuaisceart Éireann nuair a bhí siad faoi chois.
ghluaiseacht na gCeart Sibhialta the Civil Rights movement
" Ba iad ionsaithe an RUC ar ghluaiseacht na gCeart Sibhialta, ar orduithe ó Stormont, a chuir an lasair sa bharróg i 1968.
Bhí cuma an mhairnéalaigh thuas air he looked like a real/right sailor
" Bhí cuma an mhairnéalaigh thuas air, idir an ghruaig sceadach fhionn-rua agus an imir rua a bhí ag siúl ar a leiceann nuair a bhuail an ghrian é.
cearta slí rights of way
" Comhairle na Tuaithe ======= Tuigim go bhfuil fadhbanna ann ó thaobh bealaí isteach agus cearta slí de, agus bhunaigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuiv, Comhairle na Tuaithe, ar a bhfuil ionadaithe ag na feirmeoirí agus ag Comhairle Sléibhte na hÉireann, chun an cheist seo a phlé (feach (www.
cearta sibhialta civil rights
" Tháinig sé chun cinn i dtús báire i ndeireadh na seascaidí mar dhuine de na feachtasóirí a d'eagraigh an mórshiúl cearta sibhialta i nDoire ar an 5 Deireadh Fómhair 1968.
sa bhfaopach ceart in a right fix
" Ach tá a teach thart ar thrí mhíle ón N54, a shíneann idir baile Shligigh agus Béal an Átha, agus nuair a bhris sí a cos tamall de sheachtainí ó shin bhí sí sa bhfaopach ceart murach an tionscnamh iompair tuaithe áitiúil.
thréimhse na gCeart Sibhialta the Civil Rights period
" Tugann an dóigh a bhfuil lucht monatóireachta vótala agus "*challengers*", mar a thugtar orthu, á gcur sna hionaid vótaíochta teicníc a úsáideadh roimhe seo chun iarracht a dhéanamh vótóirí dubha a chur faoi chois sa *Deep South*, tugann sé léargas dúinn ar an tslí a raibh an saol i Meiriceá roimh thréimhse na gCeart Sibhialta, cé gur seo an bhliain 2004.
ar fhealsúnacht na heite clé nó deise on the philosophy of the left or right wing
" Nárbh fhearr i bhfad go mbeadh na páirtithe sinsearacha seo ina bhfreasúra do chúis i bhfad níos tábhachtaí, go mbeadh dearcadh i bhfad níos fadtéarmaí acu agus go mbeadh siad ar a ndícheall ar son a muintire uile? Go mbeadh na focail "frith-Chomhaontú" agus "frith-Aontacht" curtha sa bhosca bruscair agus go mbeadh an pholaitíocht bunaithe ar fhealsúnacht na heite clé nó deise chun leas achan bhall den tsochaí? Tuigtear cén fáth ar cuireadh ailtireacht Chomhaontú Aoine an Chéasta le chéile.