Pota Focal Intergaelic
cadre | cae | car | caret | carve
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
saothar a ghlacadh to take time and care
" "Tá mé dubh san aghaidh ag inse duit saothar a ghlacadh le do chuid oibre.
dheamhan a miste liom I don't care
" Nár aifrí Dia orm é - dheamhan a miste liom.
aire care
" Is gá aire mhaith a thabhairt do na gasúir sin, fiú amháin má chosnaíonn sé mórán airgid, mar seans go sciobfaidh spórt eile iad atá gairmiúil agus atá ar thóir imreoirí óga cumasacha.
cúram care
" I 1988, le suim an-bheag airgid síl ón rialtas i DC, chruthaigh Gomez an rud a bhí ag teastáil go géar ón chathair agus a cuid áitritheoirí is nua: clinic réamhbheireatais do mhná Laidineacha a mbeadh siad in acmhainn íoc as, le soláthraithe a mbeadh Spáinnis acu agus a chuirfeadh cúram a bheadh tuisceanach go cúltúrtha ar fáil.
chúram iomlánaíoch holistic care
" " Cuireann Gomez béim láidir ar chúram iomlánaíoch go háirithe, agus ar an ról atá ag an oideachas agus ag forbairt shóisialta sa phróiseas athmhuintearais.
aire care
" Is gá don rialtas logánta aire níos fearr a thabhairt do na páistí sin a bhfuil ualach an fhoréigin agus na bochtaineachta orthu, agus ag an am chéanna, caithfidh gach pobal ó thuaidh an stair a scaoileadh uathu agus aghaidh a thabhairt ar thodhchaí na bpáistí.
cúram sláinte health care
" " Tá cúram sláinte, nó an easpa cúraim, ina cheist thábhachtach sa cheantar chomh maith.
soláthraí cúraim sláinte health care provider
" Tar éis tarchur a fháil óna soláthraí cúraim sláinte, thóg oibrithe deonacha an ASP rampa adhmaid 79 órlach timpeall a tí chun cur lena hinghluaiseacht.
chúraimí an tsaoil cares of the world
" Beidh sos beag againn an mhí seo ó chúraimí an tsaoil.
aire care
" Deirtear go maireann siad daichead nó caoga bliain.
is cosúil nach cás leo it seems that they don't care about
" Más mar sin atá an scéal, is cosúil nach cás leo an 19,000 Astrálach a fhaigheann bás in aghaidh na bliana de bharr an tobac.
pioctha go paiteanta chosen well/with care
" Tomhaiste go tuisceanach, pioctha go paiteanta agus leagtha amach in ord a léiríonn tuiscint ar thionchar an cheoil ar an éisteoir.
gcúram sláinte health care
" Rinne an comhrialtas airgead a infheistiú san infrastruchtúr, i gcúram sláinte agus san oideachas tar éis blianta fada de chiorruithe buiséid na ndaonlathaithe Críostaí agus, den chéad uair le cúig bliana is fiche, tá comhardú na n-íocaíochtaí cothrom.
chúram sciliúil skillful care
" Nuair a scaip an drochscéala bhí an-bhrón, ar ndóigh, ar a chuid cairde ceoil, ach de réir a chéile, faoi chúram sciliúil na ndochtúirí agus na n-altraí in Ospidéal Naomh Lúcás i mBaile Átha Cliath, tháinig Séan tríd.
faoina gcúram in their care
" Creid é nó ná creid, níor deineadh seiceáil riamh ar chúlra fhormhór na ndaoine a fhágann muid ár bpáistí faoina gcúram sa stát seo.
i bhfeighil taking care of
" Léiriú suntasach é seo ar conas nach féidir a thomhas trí bhreathnú agus éisteacht le duine, cé acu an bhfuil sé oiriúnach le bheith i bhfeighil páistí nó nach bhfuil.
beag beann ar phríobháideachas not caring about privacy
" As sin chuig an gcith, beag beann ar phríobháideachas ag an staid seo.
chúraimí an ghnáthshaoil the cares of everyday life
" Níl siad ag iarraidh ach sos deas réchúiseach a fháil ó chúraimí an ghnáthshaoil.
aire care
" Chuaigh mise agus Cristín ar thuras staire báid a d'eagraigh an National Trust, a thugann aire do chladach an locha.
faoina chúram under his care/responsibility
" Chuaigh sé ansin i 1968 agus níorbh fhada ann dó nuair a bhí foireann na scoile faoina chúram agus cleachtadh agus traenáil ar siúl acu gach maidin agus tráthnóna.
buaireamh an tsaoil the cares of life
" Is féidir le duine cur suas le buaireamh an tsaoil má éiríonn leis é féin a chailleadh i mbrionglóidí agus i bhfantaisíocht.
aire care
" Na ceithre cluichí i gcoinne Átha Cliath i 1991 agus na huaireanta a chaill siad i gcoinne Átha Cliath, tá sé an-spéisiuil dearcadh agus tuairimí na n-imreoirí a bhí páirteach a léamh anois.
faoi chúram na seirbhísí síciatracha in the care of the psychiatric services
" Tá John faoi chúram na seirbhísí síciatracha ó a bhí na seascaidí ann agus is taobh amuigh den ghnáthshaol atá a thaithí phearsanta.
a thugann aire dá chéile who take care of each other
" Daoine a bhfuil taithí mhaith acu ar a bheith ag troid leis an fharraige, a thugann aire dá chéile agus a chuireann fáilte agus fiche roimh chuairteoirí chun an oileáin.
atá aire á tabhairt that care is being taken
" Mar is anseo atá aire á tabhairt do shaibhreas teanga, cultúrtha agus oidhreachta ár sinsear agus nár mhór an éagóir é neamhaird a thabhairt air sin.
cúraimí an tsaoil the cares of the world
" Ón bhomaite a thagann tú i dtír mothaíonn tú go bhfuil tú i ndiaidh cúraimí an tsaoil a fhágáil i do dhiaidh.
aire care
" "Bíonn minseach ina ceannaire ar thréad gabhar i gcónaí.
tá sé faoinár gcúram it's under our care
" "Achan ní atá ag baint leis an teanga, bhuel, tá sé faoinár gcúram a bheag nó a mhór.
An cuma le héinne? Does anyone care?
" An bhfuil deireadh leis an bhfealsúnacht a deir gur cheart go mbeadh an bua ag an duine/bhfoireann is fearr ach go mbeadh lá eile ag an bPaorach? An bhfuil airgead níos tábhachtaí ná sin ar fad? An bhfuil an spórt mar a thuigeamar é á thachtadh ag corparáidí agus ag lucht gnó agus ag fórsaí an mhargaidh? An bhfuil an spórt marbh? An cuma le héinne? Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
aire care
" Tá scata breá daoine sa chumann - tá cuid mhaith acu scortha agus cineálacha éagsúla cúlra acu, ó iarfhear an phoist go hiarollamh ríomhaireachta.
cúram sláinte health care
" Níl sé beartaithe ach an séú cuid a chur ar fáil den airgead atá ag teastáil chun an Ryan White CARE Act a mhaoiniú, acht a bhfuil sé mar aidhm aige cuidiú a chur ar fáil d'othair HIV a bhfuil ioncam íseal acu chun cur ar a gcumas cúram sláinte a fháil agus drugaí a chuirfidh fad lena saol.
aire mhaith good care
" Bhí ar na mílte imeacht ar imirce, de bharr cúinsí eacnamúla a bheith chomh holc sin, ach tugadh aire mhaith dóibh nuair a bhain siad ceann scríbe amach (i Learpholl, mar shampla, mar a mhíníonn Tony Birtill ina alt an mhí seo).
ar a cúram to care for
" " Tá féith an cheoil ó dhúchas san fhear seo mar gur seinnteoir cumasach a mháthair ar an bpianó agus ar an orgán, cé nár mhinic a chasadh sí sa mbaile mar go mbíodh a dóthain le déanamh aici agus seachtar clainne ar a cúram! "Nuair a bhí mé an-bheag bhíodh aintíní agus cuairteoirí eile ag tabhairt airgid dom nuair a chanainn.
aire care
" Bíonn éilimh a dhéantar ar dhamáiste an-ard uaireanta agus tá minicíocht na n-éileamh ag ardú freisin.
aire care
" Is múinteoir fuinniúil agus iontach díograiseach é Pádraig agus d'fhoghlaim gach duine sa rang an ghramadach is bunúsaí, ar nós an difríocht idir *is *agus *tá *(reasúnta cosúil leis na briathra *ser *agus *estar *sa Spáinnis), na huimhreacha, uaireanta an chloig, an aimsir láithreach, chaite agus fháistineach, an modh coinníollach, chomh maith leis an tuiseal ginideach agus rud eile an-aisteach ar fad do na mic léinn go léir: na forainmneacha réamhfhoclacha.
gan mórán cúraim without much care
" In áit canbháis agus péint caite air gan mórán cúraim, bheadh línte díreacha, greillí agus athrá le feiceáil ina saothar.
aire care
" " An teachtaireacht chéanna ======= Bhí an teachtaireacht chéanna ag Jamal Iweida ón Ionad Ioslamach.
ag tabhairt aire dó taking care of him
" "Thosaigh an tsuim seo iontu agus mé sa naíonra," a dúirt Cudahy le gairid, agus rinne sé cur síos ansin ar an lúbra de chomharsanachtaí agus de cheangail faoi thalamh i mBrooklyn a mbíodh air dul tríothu agus é ar a bhealach chuig teach a sheanmháthar na laethanta a bhíodh sí ag tabhairt aire dó.
cúramach caring
" Is é aidhm na scoile ná oideachas foirfe a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge, in atmaisféar spreagúil agus cúramach.
ag tabhairt aire dá chuid saoránach taking care of its citizens
" An bhfuil mise corr nó an gcreideann sibhse fosta gurb é jab an rialtais é bheith ag tabhairt aire dá chuid saoránach? Páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ag fanacht uair an chloig mar go bhfuil an tseirbhís tacsaí curtha ar ceal.
chúram care
" Is faoi chúram an Stáit atá an chuid is mó dá shaothar poiblí, rud a chinntíonn saol fada agus ardán poiblí dó ach, ar an drochuair, ní féidir bheith chomh cinnte céanna cad é atá i ndán do na colúin mhaorga ar Shráid Grafton.
aire care
" Níl sé cruinn ó thaobh na staire de.
aire care
" Thug Michael Schiavo, fear céile Terri agus a caomhnóir dlíthiúil, cead do na dochtúirí córacha leighis de chineálacha éagsúla a thriail, agus chuaigh sé ar ais chun na hollscoile le staidéar a dhéanamh ar an altracht sa dóigh is go bhféadfadh sé aire níos fearr a thabhairt di.
aire mhaith good care
" Bhí an cháil ar Éirinn roimhe seo mar thír inar tugadh aire mhaith don seandream.
aire cheart proper care
" Tá an saol sin imithe agus níl aire cheart á tabhairt ar chor ar bith do go leor de sheandaoine na tíre, mar a léiríonn cuid de na scéalta atá i mbéal an phobail le tamall anuas.
faoina gcúram under their care
" Bhí sé le feiceáil go soiléir go raibh mí-iompar ar siúl agus go raibh fostaithe de chuid an ionaid ag caitheamh go gránna le cuid de na seandaoine a bhí faoina gcúram.
go rabhas beag beann ar an saghas sin faisin that I didn't care about that kind of fashion
" D’fhéadfainn suim a chur iontu nó gan bacaint leo, ach ba thábhachtaí go mór liom a léiriú go rabhas beag beann ar an saghas sin faisin.
is cuma sa tsioc liom I don't care
" Tá mé á rá sin leo i rith an ama agus is cuma sa tsioc liom.
cúram care
" Seachas faillí a dhéanamh sa duine atá breoite, tá sé de dhualgas ar an Stát a chinntiú go gcuirtear an cúram is fearr ar fáil dó.
aire care
" ? airecare uaighgrave sa luaithreadán créafóigein the clay ashtray go drogallachreluctantly curthaburied ag cúlchaintgossiping go turcoldly iontassurprise, wonder coca féirhaystack ag gobadh amachsticking out soithídishes nitewashed is beag nár leag sí an chathaoirshe nearly knocked over the chair de rúidat a sprint seantroscánold furniture go cúramachcarefully spléachadhglance baithiscrown (of head) liopaílips tiubhthick an dá ghualainnher two shoulders an dá chíoch líontaher two full breasts suaimhneaspeace fainicwarning go drochmheasúilwith contempt ar díolon sale sách lomquite bare níos nua-aoisímore modern go dánaboldly straoisgrin go bríomharvigorously faobharsharpness ag obair leisworking away an seanchlogthe old bell ó bhonn go baithisfrom head to foot go postúilself-importantly ciseánbasket Aon cheo eile?Anything else? meangadh mór gáirea big smile Bhrostaigh sí uirthi.
churám sláinte health care
" Tá páistí a oibríonn ar na sráideanna ag díol uisce nó torthaí in áit bheith ar scoil; bheadh téacsleabhar amháin go minic idir 30 páiste scoile; tá na mílte bean agus fear a chaitheann a gcuid laethanta suite ag stainnín ar thaobh an bhóthair gan tada á dhíol acu; agus tá daoine ann nach bhfuil teacht ar churám sláinte acu.
aire mhaith good care
" Thug a gcuid comrádaithe in ETA aire mhaith dóibh ansin sula ndearna siad a mbealach chun na Briotáine agus trasna na mara go Ros Láir ar an bhád farantóireachta.
aire care
" ? airecare uaighgrave sa luaithreadán créafóigein the clay ashtray go drogallachreluctantly curthaburied ag cúlchaintgossiping go turcoldly iontassurprise, wonder coca féirhaystack ag gobadh amachsticking out soithídishes nitewashed is beag nár leag sí an chathaoirshe nearly knocked over the chair de rúidat a sprint seantroscánold furniture go cúramachcarefully spléachadhglance baithiscrown (of head) liopaílips tiubhthick an dá ghualainnher two shoulders an dá chíoch líontaher two full breasts suaimhneaspeace fainicwarning go drochmheasúilwith contempt ar díolon sale sách lomquite bare níos nua-aoisímore modern go dánaboldly straoisgrin go bríomharvigorously faobharsharpness ag obair leisworking away an seanchlogthe old bell ó bhonn go baithisfrom head to foot go postúilself-importantly ciseánbasket Aon cheo eile?Anything else? meangadh mór gáirea big smile Bhrostaigh sí uirthi.
churám sláinte health care
" Tá páistí a oibríonn ar na sráideanna ag díol uisce nó torthaí in áit bheith ar scoil; bheadh téacsleabhar amháin go minic idir 30 páiste scoile; tá na mílte bean agus fear a chaitheann a gcuid laethanta suite ag stainnín ar thaobh an bhóthair gan tada á dhíol acu; agus tá daoine ann nach bhfuil teacht ar churám sláinte acu.
is cuma sa tsioc le duine ar bith nobody cares
" “Ní thuigeann duine ar bith muid; ní maith le duine ar bith muid; agus is cuma sa tsioc le duine ar bith má thuigeann muid iad nó más maith linn iad.
aire care
" Mar Dhia sa mBíobla fadó, a smaoinigh sé, cé gurbh fhada eisean ón tseafóid sin i láthair na huaire.
faoina gcúram under their care
" Tarlaíonn sé seo nuair nach bhfuil ag éirí go maith leis an bhfoireann atá faoina gcúram.
Ná bac leo siúd gur cuma leo faoin teanga don't bother with those who don't care about the language
" Ná bac leo siúd gur cuma leo faoin teanga.
aire care
" ” Tá Muireann féin ag obair ar threoirleabhar ceart, dírithe ar an phobal i gcoitinne, i láthair na huaire agus measann sí go mbeidh sé scríofa aici taobh istigh de bhliain go leith.
faoi chúram an Iontaobhais Náisiúnta under the care of the National Trust
" Cóngarach go leor don chósta, tá Oileáin Farne, grúpa oileán lom íseal atá faoi chúram an Iontaobhais Náisiúnta.
aire care
" Mar Dhia sa mBíobla fadó, a smaoinigh sé, cé gurbh fhada eisean ón tseafóid sin i láthair na huaire.
faoi chúram an Iontaobhais Náisiúnta under the care of the National Trust
" Cóngarach go leor don chósta, tá Oileáin Farne, grúpa oileán lom íseal atá faoi chúram an Iontaobhais Náisiúnta.
aire cheart proper care
" Is é dualgas an rialtais aire cheart a thabhairt do gach páiste maidir le hoideachas agus sláinte, agus cuid de sin ná corpoideachas agus cleachtadh coirp.
is cuma le lasta cargo doesn't care
" Cén fáth? Tá cúpla cúis leis: Ar dtús, mar a deir lucht an ghnó seo, “is cuma le lasta má tá sé ar sheaneitleán” nó “is cuma le lasta má tá air athrú ó eitleán amháin go heitleán eile”.
dheamhan a miste liomsa I couldn't care less
" “Nach bhfuil an t-airgead i do phóca agus dheamhan a miste liomsa mura ndallann sí an doras arís.
cúraimí cares
" Le tamall anuas, is geall le fear cráite é Gretzky a bhfuil cúraimí an domhain mhóir uilig ar a ghuailní aige.
aire care
" Níl an leigheas saor – tá costas de thart ar €200 ar na táibléid mhaláire amháin! Ní féidir leat aire rómhaith a thabhairt do do shláinte agus tá seo níos tábhachtaí fós agus tú i mbun taistil.
gur chuma liom that I didn't care
" Bhí muintir na háite ar fad ag iarraidh mé a tharraingt isteach ón mbáisteach, ach bhí mé chomh fliuch sin gur chuma liom! Faoin am a shroich mé an teach, bhí mé fliuch go craiceann, agus ba bheag nach raibh flip flop caillte agam san abhainn a bhí in áit an bhóthair! Chuala mé screadanna agus gáire, agus ansin os mo chomhair bhí na páistí ar fad amuigh sa bháisteach ag léim timpeall agus ag rince! Bíonn orthu uisce a bhailiú gach lá agus, mar sin, bhí siad chun leas a bhaint as an deis seo agus chuir siad buicéid amach chun an t-uisce a bhailiú.
go dtabharfadh an teanga aire di féin that the language would take care of itself
" ’” Glacadh leis ar feadh roinnt mhaith blianta, a deir sé, gurbh é an ról a bhí ag an Údarás ná forbairt gheilleagrach a chur chun cinn, postanna a chruthú, agus go dtabharfadh an teanga aire di féin ina dhiaidh sin.
ionad éigeandála agus ionad dianchúraim emergency unit and intensive care unit
" Táim den tuairim gur riachtanas bunúsach é ionad éigeandála agus ionad dianchúraim a bheith ar fáil inár n-ospidéal áitiúil.
ag tabhairt aire dúinn taking care of us
" Tá a fhios agam sin ach, ar dtús, caithfidh mé an bheirt Seapánach a bhí ag tabhairt aire dúinn le linn an turais a dhúiseacht.
thugadh sí aire d'uaigh mo sheanathar she used to care for my grandfather's grave
" Nuair a bhíodh an tsláinte ag mo sheanmháthair, thugadh sí aire d'uaigh mo sheanathar ach chomh maith leis sin ghlanadh sí an uaigh atá in aice láimhe.
an-aire great care
" Leagann Johnny béim ar phostanna agus traenáil a chur ar fáil do dhaoine áitiúla, agus an-aire a thabhairt dá chapaill.
cúnamh baile, béilí ar rothaí agus seirbhísí cúraim lae home help, meals on wheels and day-care services.
" Meastar go gcuirfear €100 milliún ar fáil chun go mbeidh teacht ag seandaoine ar sheirbhísí altranais agus teiripeacha, cúnamh baile, béilí ar rothaí agus seirbhísí cúraim lae.
ar chúram i dtithe altranais príobháideacha, on care in private nursing homes,
" In ainneoin go n-íocann teaghlaigh suas le €800 ar an mheán sa tseachtain ar chúram i dtithe altranais príobháideacha, is minic a bhíonn an cúram sin ar chaighdeán an-mhíshásúil.
ba chuma liom! I didn't care!
" Glacaim leis go raibh na damháin alla fós thart ach ní fhaca mise iad agus, mar sin, ba chuma liom! Chaith mé lá amuigh ar an Mórsceir Bhacainneach, ceann de sheacht n-iontas nádúrtha na cruinne.
le haire a thabhairt dá mháthair thinn. to care for his sick mother.
" Nár éirigh leis dul le bualadh léi mar go raibh air fanacht sa bhaile le haire a thabhairt dá mháthair thinn.
cúram iomlán na bpáistí the total care of the children
" Thóg Maria cúram iomlán na bpáistí uirthi féin.
tabhair aire dhuit féin. take care of yourself.
" Peadar: Slán, is tabhair aire dhuit féin.
faoi chúram Choimisiún na Foraiseachta under the care of the Forestry Commission
" Is faoi chúram Choimisiún na Foraiseachta atá Rosal anois, agus tá sé leagtha amach ar mhaithe le cuairteoirí agus comharthaí in airde a mhíníonn an saol laethúil a bhíodh ann.
an t-aonad dianchúraim the intensive care unit
" ” Tugadh é go dtí an t-aonad dianchúraim in ospidéal an Royal Victoria i mBéal Feirste.
ba chuma le Tony Blair Tony Blair didn't care
" Ach ba chuma le Tony Blair faoi thuairim na ndaoine i Sedgfield nó sa tír uilig agus, mar is nós le New Labour, lean formhór na bhFeisirí an ceannaire in áit éisteacht leis na gnáthdhaoine.
faoi chúram under the care of
" Tá an teach inar rugadh é faoi chúram Iontaobhas Náisiúnta na hAlban anois agus is féidir cuairt a thabhairt air.
Tugaigí aire dom. Take care of me.
le haire a thabhairt dá chlann óg. to care for his young family.
" Tá cur síos áirithe ann ar bhriseadh phósadh Sheosaimh agus ar an tslí ar thréig sé a bhean agus a cheathrar páistí agus nár fhill sé, fiú i ndiaidh bhás a mhná céile, le haire a thabhairt dá chlann óg.
an aire cheart proper care
" Caitheadh amach roinnt buachaillí óga nár cheart a chaitheamh amach mar gheall ar nár tugadh an aire cheart dóibh.
ach is róchuma leis. but he doesn't care
" Fágfaidh sé anord agus ainrialtacht ina dhiaidh, ach is róchuma leis.
faoi chúram na n-institiúidí altramais, under the care of the foster institutions
" Fágadh formhór na bpáistí faoi chúram na n-institiúidí altramais, a bhí á reáchtáil ag rialtais na stát agus ag na heaglaisí éagsúla.
ba chuma le mo mhuintir faoi sin. my family didn't care about that
" Ian: Bhuel, go hiondúil nuair a shaolaítear páiste, amharcann daoine le fáil amach cé acu an gasúr nó girseach atá i ndiaidh teacht isteach sa saol seo, ach i mo chás féin, ba chuma le mo mhuintir faoi sin.
aire mhaith. good care.
" Bhí gach cabhair ag an phlanda óg – grian, uisce, talamh méith, aire mhaith.
gur chuma leis na Stáit Aontaithe that the US didn't care
" Meastar go forleathan gur chuma leis na Stáit Aontaithe faoi Ruanda mar nach bhfuil mórán acmhainní nádúrtha ann.
aire care
" Tagann na páistí ar an saol (altú do Dhia as gach duine acu), tugann tú aire dóibh, cuireann tú oiliúint orthu agus – agus tá seo iontach tábhachtach ag an athair comhaimseartha – caitheann tú am, as do stuaim dheonach féin, ag súgradh leo.
faoi chúram in the care of
" Éiríonn tú, tugann tú bricfeasta dóibh, fágann tú faoi chúram mhamó nó duine eile iad agus imíonn tú go tearmann na hoifige.
Seo mar a dhéanann tuismitheoirí cúram dá gcuid páistí this is how parents take care of their children
" Seo mar a dhéanann tuismitheoirí cúram dá gcuid páistí.
cúram geiriatrach geriatric care
" Chuaigh muid go cruinniú ceann bliana Acadamh na Lianna áit a raibh, tráthúil go maith, cúram geiriatrach faoi chaibidil.
faoina chúram in his care
" Insíonn an scannán, atá bunaithe ar leabhar den teideal céanna ó pheann François Bégaudeau, scéal múinteora atá ag obair i meánscoil i gceantar ‘chaud’ agus an teagmháil atá aige leis na daoine óga atá faoina chúram.
cúraimí care/responsibilities
" Tá an Tionól, ar a laghad, ar ais i mbun oibre agus iad ag comhlíonadh cuid de na cúraimí atá orthu.
cúram reachtúil legislative care
" Anuas ar sin, cuirfear i bhfeidhm polasaí ar a dtugtar “no exit to homelessness” i dtaca le daoine a scaoilfear as cúram reachtúil agus as an bpríosún.
cúram ochtair caring for eight
" ” Seans go bhfuil Eoghan chomh gnóthach anois is a bhí sé leathchéad bliain ó shin agus cúram ochtair air.
cúram care
" D’insíodh sí go minic an scéal gur shocraigh sí lá gur cheart di a chur in iúl don phápa, Eoin Pól II a bhí ann, go raibh sí ag cur frithghinniúint ar fáil do na mná a bhí faoina cúram.