Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fágtha gan chosaint left without protection
" Cad é a thiocfadh le hiarbhaill an IRA a dhéanamh? Má eagraíonn siad a bpobal féin le cur in éadan na nOráisteach, cad é na himpleachtaí a bheas ansin do phróiseas úr na síochána? Tá imní ar chuid mhór daoine atá ina gcónaí gar do “líne na síochána” go mbeidh siad fágtha gan chosaint.
fágadh trian de na tithe gan díon a third of the houses were left without a roof
" In Innisfail fágadh trian de na tithe gan díon agus ar a laghad 2,000 duine gan dídean.
tá sí fágtha gan bhaint lena raibh inti. it is left in tact, uncut
" Dúirt Ó Cadhain gur cúinne an ghiorria í an Ghaeltacht, is é sin, go bhfuil sí slán faoi láthair ón spealadóir; tá sí fágtha gan bhaint lena raibh inti.
gan a bheith fágtha ar an trá fholamh not to be left destitute or high and dry
" Cá raibh Biffo le linn do na linnte a bheith ag líonadh? Bhí sé ag iarraidh an dá thrá a fhreastal, mar a dhéanfadh gobadán maith: ag coinneáil a chloigeann os cionn uisce agus ag déanamh a dhíchill gan a bheith fágtha ar an trá fholamh.
Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige taking off at a clipping pace
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige, míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó, dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn, slug slag ag an fhaoileán bhán ó thosach an bháid go dtí an deireadh, an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile acu gur shroich sé cuan agus caladh ar Thoraigh.
gan rud ar bith fágtha acu ach left with nothing other than
" Ar an Imeall ====== Daoine ar an imeall atá le feiceáil sa taispeántas seo, gan rud ar bith fágtha acu ach a ndaonnacht agus instinn chun maireachtála.