Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhrionnú uachta forging of a will
" Fuarthas ciontach é as 15 dúnmharú agus cúis amháin de bhrionnú uachta ar an 31 Eanáir 2000 agus gearradh 15 téarma príosúnachta saoil air.
bréagnótaí forged notes
" Goideadh suas le €1 milliún i 2001, agus tá baol ann go dtiocfaidh bréagnótaí i gciorclaíocht.
bréige false, forged
" Tá deoraithe anseo ó gach áit agus léiríonn na ceisteanna agus na freagraí - gan trácht ar an aighneas bréige idir na foirne - an teagmháil chaol ghóstúil atá acu lena bhfód dúchais, má tá a leithéid acu níos mó.
go gcothófaí nasc níos láidre that a stronger link be forged
" Glacadh leis an rún go mbeadh Fianna Fáil ag eagrú ar fud an oileáin, nó go gcothófaí nasc níos láidre leis an SDLP.
tuile priontaí bréagacha a wave of forged prints
" Dúirt saineolaí amháin go raibh tuile priontaí bréagacha de chuid Hirst ag teacht ar an mhargadh anois agus go raibh siad chomh maith sin nár éirigh le Sotheby’s nó Christie’s iad a scagadh ó na fíorearraí.
céadta prionta bréagach hundreds of forged prints
" ” Is cinnte nach é Hirst an t-aon ealaíontóir atá faoi ionsaí ag na falsaitheoirí - tá na céadta prionta bréagach de shaothar na n-ealaíontóirí Chagall, Miró agus Dalí in ainm is a bheith ar fáil go flúirseach ar an mhargadh ealaíne.
do na bréagphictiúir bhréagacha! for the forged forgeries!
" Cé go bhfuil sé ar shlí na *fírinne *(!) le ceithre bliana is fiche tá an-mhargadh ann, ní hamháin dá chuid pictiúr bréagach ach margadh chomh bríomhar céanna do na bréagphictiúir bhréagacha! An comhartha é seo go bhfuil deireadh le réim ealaíontóirí ar nós Hirst ó thaobh smaointe úra spreagúla a bheith acu nó ar chóir go mbeadh cead ag ealaíontóirí smaointe a thógáil ó shaothar daoine eile ar mhaithe le healaín “úr” a chruthú? An seadánachas agus gliceas mí-onórach atá ann nó gné nádúrtha de phróiseas na cruthaitheachta?*Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
na ceártaí the forges
" Is féidir leat cuairt a thabhairt ar na ceártaí agus na siopaí agus a n-obair a phlé leo.
faoi lán tseoil forging ahead
" Bhí géarghá lena leithéid de leasú le blianta, ach ní bheadh aon ghlacadh leis ag tráth nuair a bhí an géilleagar faoi lán tseoil.
nasc a chothú to forge a link
" Chuir siad béim ar a lárainm Hussein chomh maith, ag iarraidh nasc a chothú i meon an lucht féachana aineolach idir Obama agus Saddam Hussein.
bhrúfadh roimhe forge on in
" Bhí an-fhoighne aige, leis an slua a dhéanfadh trup mór agus, go mór mór, leis an cheolteoir samhraidh nach raibh thar moladh beirte, b’fhéidir, ach a bhrúfadh roimhe isteach ar sheisiún.
dlúthú forging, reinforcing
" Is mór againn an comhoibriú agus an dlúthú pobail sin.
gceárta forge
" Oíche sa gceárta, rinne sé cheithre bhanda miotail le dúnadh timpeall ar an uirlis chaol fada.
gnó luachmhar brionnaithe a valuable forging business
" Insíonn Ciara Nic Gabhann scéal an teaghlaigh a raibh gnó luachmhar brionnaithe acu ar feadh na mblianta.
dearadh na teicneolaíochta ag tolgadh ar aghaidh technological design is forging ahead
" Tá an saol ag athrú agus ní hiontas go bhfuil dearadh na teicneolaíochta ag tolgadh ar aghaidh go sciobtha.