Pota Focal Intergaelic
aglow | grow | low | clog | gaol
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhláth bloom, healthy glow
" Bean bhreá aclaí ab í Myrtle ach bhí deireadh sin goidte ag an ghalar bhradach agus in áit an bhláth a bhíodh i gcónaí ar a craiceann bhí imir mhífholláin bhuí.
niamhrach shining, glowing
" Uaireanta, bíonn sé deacair súil a choiméad ar an teorainn, go háirithe faoi ghrian niamhrach na Méanmhara ag an am seo den bhliain, ach ní gearánta dom.
luisne lonrach shining glow
" Bhí cairn mhóra néalta frithchaite sa ghaineamh, a raibh luisne lonrach air a d'fhág an taoide agus í ag trá.
ag lonnrú glowing
" Bhí sléibhte gorma ar an imeall agus bhí an spéir ag lonnrú.
i mbreo samhrata in a summer-like glow
" Gluais • Glossary slatairea slip ar dhath na mealahoney-coloured lasairflame tochtdeep emotion ó shaol na mbeofrom the world of the living deorantachtaloofness colgrage caidéisinquisitiveness ar a buaicat its highest point go lomghéagachwith bare limbs reoitefrozen leáitemelted carnthaheaped gágacracks saothar na seanbhaiclethe work of the old crowd cleiteánpainter's brush cuideachtúilsociable leafa gáirefaint smile brí fhiáin na beathathe wild meaning of life amhrasachsuspicious ag bá na dtuamaídrowning the tombs go híoróntaironically go neamhshaoltaethereally í a fháscadhto squeeze her tathagsubstance go duasmántagloomily ní háil léi iad a dhíolshe doesn't want to sell them an dúluachairmidwinter cor tolgachstrong turning movement Fastaím!Nonsense! an chreachthe booty bruth féasóigea fluff of beard sméid sí isteach éshe beckoned him in súimínsip coscairtthaw i ngátarin distress ar foluainfluttering i mbreo samhratain a summer-like glow ciumhaisedge ina sheilbhin his possession agus shín uaidh a lámh á lorgand he extended his hand looking for it rian a choshis footprints
an luisne shíoraí the continual glow
" Oireann an dea-aimsir seo go breá dó nó ní thugtar aird ar bith ar an luisne shíoraí a bhíonn ar a ghnúis chruinn fhiata.
péisteanna solais glow-worms
" Chuamar ag uaimheadóireacht sna tolláin ag bun na huaimhe, agus chonaic mé péisteanna solais ar an tsíleáil in áiteanna.
go leor lampróg. lots of glow-worms.
" Is baile beag eile é Te Anau, atá in aice le loch tarraingteach, agus ina bhfuil cónaí ar go leor lampróg.
phluaiseanna breochruimheanna glow worm caves
" Tá ceantar Wanaka baileach chomh suntasach ó thaobh an tírdhreacha de ach is é Loch Te Anau a fhanann i mo chuimhne óir gurbh ann a thug muid cuairt ar phluaiseanna breochruimheanna.
luisne dhearg a red glow
" Bíonn an fharraige le feiceáil ag síneadh siar go deo deo, agus luisne dhearg ar bhun na spéire nuair a théann an ghrian faoin toinn oícheanta an tsaoil.