Pota Focal Intergaelic
get | go | goat | gob | goc | gog
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sháraigh sháraigh siad: they got the better of
" Mar shampla, i dtoghcháin an Tionóil i 1998, fuair an SDLP 177,963 vóta, an chéad uair riamh a sháraigh an páirtí sin Aontachtaithe Uladh.
tá romhat you've got it all to come
" Féadann tú tú féin a chroitheadh suas nó tá romhat.
D'éirigh Sinéad a dhéanamh buidéil Sinéad got up to make (for the purpose of making) a bottle
" D'éirigh Sinéad a dhéanamh buidéil don leanbh nó bhí a fhios aici an dóigh a raibh an béal ag dul aige go raibh ocras ag teacht air.
Níl sé leat go fóill You haven't got it yet
" "Níl sé leat go fóill, a mhic.
siocair go bhfuair sé an ceann caol den mhargadh because he got the poor end of the bargain
" Bhí suim ag Féilim i gcónaí san éadach agus bhí siad siúd ann a shíl gur chothaigh sé an tsuim sin siocair go bhfuair sé an ceann caol den mhargadh ó thaobh na dóighiúlachta de.
go ndeachaigh sé chun aimhréitigh that it got entangled
" "D'éist mé an oiread sin leis ar an steirió pearsanta go ndeachaigh sé chun aimhréitigh sa deireadh.
Tá an caife ar obair agam I've got the coffee on
" "Tá an caife ar obair agam.
Chuamar amú we got lost
" Chuamar amú níos mó ná uair amháin i stáisiún traenach Shinjuku trína ngluaiseann ceithre mhilliún duine sa lá, roinnt páistí scoile ina measc, páistí a fhreastalaíonn ar ranganna breise ar a trí a chlog ar maidin.
Nuair a fuair Áine a fhad leis an tábla when Áine got to the table
" Nuair a fuair Áine a fhad leis an tábla a bhí curtha in áirithe, bhí a hathair agus a máthair ann roimpi.
fuaireas drochchic sa cheann I got a bad kick in the head
" D'imrínn ana-dhian agus fuaireas drochchic sa cheann agus ní ligfeadh na húdaráis dom aon am saor a thógaint.
Dá bhfaigheadh muid iarratas amháin if we got one application
" Dá bhfaigheadh muid iarratas amháin ó chuile chraobh bheadh an-chomórtas againn! Dá mbeinnse i mbun Chonradh na Gaeilge i Loch Garman, mar shampla, nó in aon chontae eile sa tír, bheinnse ag iarraidh go mbeadh seaimpín áitiúil ag seasamh an fhóid ar son Loch Garman ag an Oireachtas.
thug sí fúthu she got stuck into them
" Chuaigh sí síos ar a dhá ghlúin agus thug sí fúthu.
baineadh an-gheit aisti she got quite a fright
" "Chonaic duine de na cuairteoirí í agus baineadh an-gheit aisti.
Ba é an ceann sé nó seachrán acu sin a fuair duine one only got one of those occasionally
" Ba é an ceann sé nó seachrán acu sin a fuair duine agus ní raibh sé sona a scaoileadh uait, agus níor i measc na gcnónna eile ina phóca a choinnigh sé an cailín sin ach i gcúinne beag slán léi féin.
Chuaigh an scéal chun donais things got worse
" Chun donais ======= Chuaigh an scéal chun donais ag deireadh na míosa.
dá bhfaighidís réidh le Riail 42 if they got rid of Rule 42
" Níl aon dabht ach go mbeadh go leor dea-phoiblíochta le fáil ag an eagraíocht dá bhfaighidís réidh le Riail 42.
Níor tharraing Nan agus Aindí an snaithe riamh Nan and Aindí never got on
" Níor tharraing Nan agus Aindí an snaithe riamh agus ní sásta a bhí sí nuair a chonaic sí é ag tarraingt cathaoireach isteach chuig an tábla.
Baineadh siar as he got a shock
" Baineadh siar as ansin nuair a cuireadh go scoil chónaithe Naomh Iarfhlatha i dTuaim é.
Toisc gur réitíomar ar fad chomh maith sin le chéile because we all got on so well together
" I lár coille a bhíomar anuraidh, seisear léachtóirí agus fiche mac léinn, agus chaitheamar seachtain ansin ag plé litríocht Bhéarla agus Ghaeilge na hÉireann, ag glacadh páirte i ndráma, ag féachaint ar scannáin, ag siúl, ag gabháil foinn os comhair tine chnámh, agus ar ndóigh, ag blaiseadh braon beorach is fíona anois is arís! Thug foireann ghnó ó Jameson cuairt orainn fiú amháin, agus físeán leo faoin bpróiseas stiléireachta, agus thángadar le cúpla braon saor in aisce dúinn chomh maith! Toisc gur réitíomar ar fad chomh maith sin le chéile, fuaireas cuireadh caint a thabhairt in Olomouc níos déanaí sa bhliain.
réitíodar le chéile den chuid is mó they got on for the most part
" Toisc teanga, stair, traidisiúin, agus nósanna ólacháin na ndaoine seo bheith mórán mar an gcéanna, réitíodar le chéile den chuid is mó agus níor éirigh eatarthu riamh.
Réitigh achan duine go maith le chéile. Everyone got on well together.
" Réitigh achan duine go maith le chéile.
Réitigh mé go breá leo. I got on fine with them.
" Réitigh mé go breá leo.
Fuair seisean deis ar a anáil he got his breath back
" Fuair seisean deis ar a anáil sa deireadh agus dúirt sé le Louis: "Tá muid san fhaopach anois, a mhic.
cad é mar a d'éirigh liom how I got on
" Inseoidh mé daoibh sa chéad alt eile cad é mar a d'éirigh liom ansin! Ach déarfaidh mé an méid seo libh anois: tá riarthóir in oifig s'acu atá an-tógtha leis an cheol Gaelach agus is breá leis é a sheinm ar a bhosca ceoil! *Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.
D'éirigh sí roimh an lá she got up really early
" D'éirigh sí roimh an lá maidin Dé Sathairn agus rinne sí cupa tae di féin.
Níor tharraing Bríd agus Kate an snáithe ariamh. Bríd and Kate never got on.
"Níor tharraing Bríd agus Kate an snáithe ariamh.
fuair mise réidh leis an áit I got rid of the place
" “Ní bheidh duine ar bith agaibh ag dul ar saoire in Dingle i gcás ar bith,” a mhaígh Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, “nó fuair mise réidh leis an áit! Is iomaí duine sa tír seo a bhunaigh baile úr – Neilstown, Blakestown, Tyrellstown, Quarry.
a fuaireas óm mhuintir féin that I got from my own people
" AÓF: Cá bhfuair tú na hamhráin atá agat agus cé hiad na daoine a raibh tionchar acu ar do chuid amhránaíochta? MÓS: Na hamhráin Ghaoluinne a fuaireas óm mhuintir féin, ón dá thaobh, agus ó amhránaithe breátha eile a bhí ag maireachtaint mórthimpeall orm i gCorca Dhuibhne, Dia leo.
mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúil because I haven't got the guts to be different
" * Gluais • Glossary fríd ghloine dhorchathrough a dark glass smúidmist, murkiness bréagachfalse is annamhit is seldom mionrudaíminor things doiléirvague i sruth na éiginnteachtain the stream of uncertainty glas ceart na gcuibhreannthe correct green of the fields sin an tuigethat's why ag stánadh amachstaring out léanalawn ag croitheadh a gcinnshaking their heads íomhánnaimages iontassurprise machnamh ceartproper thinking scáileánscreen ag preabadhjumping bladhaire coinnlea candle flame eachtraíevents chan éthat's not it dá thairbhe sinbecause of that rudaí neamhiontachaunexciting, ordinary things ar bharr na mbeannon the cliff tops an lá fá dheireadhthe other day ag coimhéad ar thonnta ag briseadh go díbhirceachwatching waves breaking with ardour substaintsubstance dá dtitfeadh mo chorp de bharr na mbeannif my body fell from the top of the cliffs taoidetide fiúntasworth gníomhact nó a mhalairtor the opposite blaiseadhtaste gan rud ar bith bheith gnóthaithe agam as m’aistearwithout having gained anything from the journey fuaimeanna fánachaoccasional noises díoscadhcreaking coiscéimeanna folmhaempty footsteps stánadh fadaa long stare craos na tineadhthe roaring fire dromchlasurface cha dtig liomI can't cha dtig liom í á threorúI can't guide it déanaim iarracht a gciall a scaoileadhI try to release their meaning le rachtanna fiáinein wild fits seileogaspits sáthadh scinethe stabbing of a knife aonarachsolitary staidéarthalevel-headed teas an phaisinthe heat of passion breithbirth a cheiltto hide anáilbreath is annamhit is seldom fiúntachworthwhile dathanna seachantachaelusive colours goitsecome on, come here neadrachanests seanbhallógaíold ruins deifrehurry cha raibh faill aigehe hadn't the time contráiltewrong go brách síoraíever ag déanamh iontaiswondering i bpeannaireacht chruinn shlachtmharin accurate neat writing stócach ógyouth bodhardeaf pian a fhuilstinto suffer pain mo bheomy life lena dhornwith his fist le mé féin a chosaintto protect myself ní léimfinn amach as a bhealachI wouldn't jump out of the way cinneadhdecision cinntídecisions go fadálachslowly chan fhuil an cinneadh déantathe decision has not been made déanaim mo chac agus mo mhúnI defecate and urinate cuideachtúilhelpful athrú séasúrthe change of seasons de ghlanmheabhairoff by heart gialljaw gobachprotruding gruaig fhionnblond hair dóighiúlachtbeauty tarraingteachattractive rud inteachtsomething buaireamhsorrow ag bruidearnaighthrobbing coimhthíochstrange idir barra na gcrannbetween the tops of the trees ag iarraidh mairstin airtrying to live on it nimhneachsore bhlais mé an phianI tasted the pain tchíthear domhit seems to me go dianstrictly samhailimage mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúilbecause I haven't got the guts to be different daonnachtaíhumanist an cine daonnathe human race bréanfoul an bréantas a cheiltto hide the foulness cumhráin bhréigefalse perfumes lofarotten gnásanna sóisialtasocial customs béasamanners seanseiteannaold sets ag foscladhopening ag scamhadhpealing creatlachframe-work creidbheáilto believe scigdhráma an tsaoilthe farce of life de réir mar atáthar ag dréimas is expected táirgíproducts caiteoir eiseamláireachexemplary spender lúcháireachjoyous teorainneacha luaisspeed limits ag cailleadh foighdelosing patience sceadamánthroat mo bhrú folamy blood pressure sciathánarm go hionraice is a thiocfadh liomas honestly as I could comhairleadvice díomádisappointment sólassolace lagmheasarthachtrather small amount ag tochailtdigging
Chuaigh siad i dtaithí uirthi they got used to her
" Chuaigh siad i dtaithí uirthi tar éis tamaill agus ghlac siad léi sa deireadh, dar léi.
thug an tAire na cosa leis the Minister got away with it
" Drochsheans go bhfaighfeá riamh an rud nach n-iarrann tú agus thug an tAire na cosa leis.
d’éiríomar bréan den slua we got sick of the crowd
" Ba thurasóirí iad an chuid is mó de na daoine a bhí thart timpeall orm, ní fhaca mé ach corrdhuine ag ól, agus nuair a tháinig meán oíche bhí an ceiliúradh ar fad thar a bheith béasach agus srianta! Tar éis dúinn breathnú ar na tinte ealaíne ar feadh píosa, d’éiríomar bréan den slua agus den síorbhogadh agus thugamar aghaidh ar an mbaile – ag 12.
d’éiríomar bréan den slua we got sick of the crowd
" Ba thurasóirí iad an chuid is mó de na daoine a bhí thart timpeall orm, ní fhaca mé ach corrdhuine ag ól, agus nuair a tháinig meán oíche bhí an ceiliúradh ar fad thar a bheith béasach agus srianta! Tar éis dúinn breathnú ar na tinte ealaíne ar feadh píosa, d’éiríomar bréan den slua agus den síorbhogadh agus thugamar aghaidh ar an mbaile – ag 12.
gur éirigh go maith liom that I got on well
" Ag an am sin i 1987 d’inis mé go hoscailte don oifigeach ón bhrainse speisialta an fáth go raibh mé ag iarraidh cuairt a thabhairt ar Ronnie McCartney, agus cé go raibh an t-oifigeach rud beag ait, shíl mé gur éirigh go maith liom san agallamh leis.
thóg an rud ba lú amuigh iad the least thing got them riled
" Ba bheag an tsócmhainn aige iad a bheith i gceann a chéile na laetha seo, nó bhí siad beirt chomh colgach sin gur thóg an rud ba lú amuigh iad.
nuair a thuirling sé den eitleán when he got off the plane
" Bhí Bomber neirbhíseach nuair a thuirling sé den eitleán – Malaga.
dá bhfaighidís an deis if they got the opportunity
" Níl lá lochta agam orthu mar gur iomaí duine a dhéanfadh an rud céanna dá bhfaighidís an deis.
a rug greim ar mo chroí agus ar mo shamhlaíocht: which got hold of my heart and imagination:
" Bhí na rudaí seo ar fad i gceist i Livingstone, an chéad cheann scríbe agam sa tír sin i lár na hAfraice a rug greim ar mo chroí agus ar mo shamhlaíocht: an tSaimbia.
is beag rian di a fuaireadar. they got very few traces of it.
" Nuair a d’imigh scoláirí an 20ú haois ag lorg na teanga agus úsáid na teanga sa ghnáthshaol, is beag rian di a fuaireadar.
luíodh isteach ar réiteach bia sa chistin, people got stuck into preparing food in the kitchen,
" Chomh luath agus a shroicheamar an teach arís, luíodh isteach ar réiteach bia sa chistin, agus chaitheamar trí nó ceithre huaire an chloig ag ullmhú turcaí, prátaí, búiste, anlann sonóige, pióg puimcín, agus cá bhfios cad eile.
dá n-éireodh thar barr le stát nó contae, if a state or county got on well,
" Dá mbeadh bliain thar barr ag pobal áirithe, nó dá n-éireodh thar barr le stát nó contae, ghairtí a leithéid mar altú do Dhia as an dearlacadh.
ar chuir siad aithne ar a chéile. that they got to know each other.
" D’éirigh Justine an-chairdiúil le bean óg ó Thiobraid Árann agus is suimiúil an tslí ar chuir siad aithne ar a chéile.
a chuireas aithne cheart air that I got to know him properly
" Anois, níl aon tuairim agamsa faoi cheol ach bhí Pat i gcónaí ag seinnt (ón uair a chuireas aithne cheart air sa mheánscoil) agus cén fáth nach mbeadh gig ag teastáil uaidh – bia, deoch, leaba don oíche, grian is girseacha na Spáinne? Ach, focann *hell*, ghlaoigh mé isteach chuige ar a laghad dosaen uair agus fiú agus mé ina theannta ar feadh dhá uair an chloig agus cnapáin ollmhóra raithní caite againn, bhíodh sé fós ag rá ‘b’fhéidir’ nó ‘níl mé cinnte an oirfeadh mo chuidse ceoil don tábhairne seo.
dá bhfaigheadh sé an deis if he got the opportunity
" Is féidir linn bheith buíoch, áfach, go bhfuil Seán Óg fós inár measc mar, mar a dúirt sé féin, dá bhfaigheadh sé an deis a fuair a bheirt deartháireacha eile, ní hamháin go dtógfadh sé an chéad eitilt eile chun na hAstráile láithreach, ach shnámhfadh sé ann dá mba ghá! Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
bhain sí céim amach sa chosliacht she got a degree in chiropody
" Ach ní ar mhaithe le Gaeilge a fhoghlaim amháin a bhí sí i nGlaschú – rinne sí cúrsa ollscoile agus bhain sí céim amach sa chosliacht i 2005 ach ní raibh sé i ndán di bheith ina coslia.
is cosúil go bhfuair na hIndiaigh an ceann is fearr orthu. it seems that the Indians got the better of them.
" Cé gur éirigh leis na coilínithe seo baile beag a bhunú ar an gcósta, san áit a dtugtar South Carolina anois air, agus fanacht ann ar feadh bliain nó dhó, is cosúil go bhfuair na hIndiaigh an ceann is fearr orthu.
a tháinig i méadaíocht grew, got bigger
" Ceird a saolaíodh, a tháinig i méadaíocht agus atá faoi rath i Stáit Aontaithe Mheiriceá, baile dúchais na ceirde.
dá dtigeadh slaghdán ar dhuine eile if someone else got a cold
" Lá ní b’fhaide anonn, scríobh Seosamh: Le fada riamh dá dtigeadh slaghdán ar dhuine eile dhéanfaí trua de; dá dtigeadh slaghdán ormsa ba mhór an náire dom é.
chuir mé an-aithne ar Éireannaigh I got to know Irish people very well
" Sa tslí sin chuir mé an-aithne ar Éireannaigh agus thaitin siad go mór liom.
Réitigh an dá dhrong go maith lena chéile the two gangs got on well together
" Réitigh an dá dhrong go maith lena chéile go dtí gur éirigh eatarthu in 2004 agus thosaigh siad ag scaoileadh urchar lena chéile go rialta.
an áit a bhfuair an seinnteoir a chuid ceoil. the place the player got their music
" An aontaíonn tú leis sin? TC: Braitheann sé ar an fhidléir, sílim, agus ar an stíl, ar an stór ceoil agus ar an áit a bhfuair an seinnteoir a chuid ceoil.
rug sé greim sceadamáin ar an taibhreamh tanaí he got hold of the thin ghost by the neck
" Ní fear é Balor le seans a ligean thairis agus rug sé greim sceadamáin ar an taibhreamh tanaí agus thug a rogha di idir bás nó beatha nó tuar agus tairngreacht a dhéanamh faoi chúrsaí reatha na hÉireann mar a bheadh i mí na Samhna.
fuair na páirtithe fríth-Ghaeilge an lámh in uachtar. the anti-Irish language parties got the upper hand.
" Ach, mar is dual don chluiche polaitiúil sa Tionól, fuair na páirtithe fríth-Ghaeilge an lámh in uachtar.
Baineadh geit uafásach asam I got a terrible fright
" Baineadh geit uafásach asam nuair a chonaic mé an duine míshláintiúil seo sa scáthán agus thuig mé ansin go raibh orm mé féin a shaoradh sula mbáfaí ar fad mé i measc na gcúisíní agus na bpluideanna! Ar thóir oibre Dúirt mé liom féin go mbeadh orm dul sa tóir ar phost samhraidh.
sula mbáfaí ar fad mé before I got totally drowned
" Baineadh geit uafásach asam nuair a chonaic mé an duine míshláintiúil seo sa scáthán agus thuig mé ansin go raibh orm mé féin a shaoradh sula mbáfaí ar fad mé i measc na gcúisíní agus na bpluideanna! Ar thóir oibre Dúirt mé liom féin go mbeadh orm dul sa tóir ar phost samhraidh.
nuair a fuair foireann chruicéid na hAstráile an ceann is fearr ar fhoireann a tíre athartha when the Australian cricket team got the better of the team of its paternal country
" Maítear gur tréisíodh an feachtas go mór nuair a fuair foireann chruicéid na hAstráile an ceann is fearr ar fhoireann a tíre athartha – arbh é Sasana – mar gur múisclíodh an meanma náisiúnta de thoradh an bhua.
gur éirigh mé mothúchánach that I got emotional
" “Caithfidh mé a rá gur éirigh mé mothúchánach agus mé ag labhairt le hiriseoirí eile mar gheall ar an leabhar.
nach bhfuil pioc stuaime ag baint leis, who hasn't got any cop-on
" Is iomaí rothaí nach bhfuil pioc stuaime ag baint leis, gan amhras, ach ní hionann sin is a rá go bhfuil gach rothaí ciontach as botúin an mhionlaigh.
Chuir mise aithne air den chéad uair I got to know him for the first time
" Chuir mise aithne air den chéad uair ag Fleadh Uladh, i 1982.
a tharraing droch-cháil air féin, who got himself a bad reputation,
" Bruce Ismay, Lord Ismay, an fear sin a tharraing droch-cháil air féin, mar gur éalaigh sé den Titanic in éadaí mná.
faoin gcaoi a ndeachaigh sé leis an aisteoireacht about the way that he got into acting
" Céard a deir sé faoin gcaoi a ndeachaigh sé leis an aisteoireacht?
Réitigh muid go maith le chéile, we got on well together,
" Réitigh muid go maith le chéile, an bheirt againn ar ár suaimhneas amuigh faoin spéir san aimsir maith.
Chuir Lunny aithne ar an amhránaí agus ceoltóir Lunny got to know the singer and musician
" ”**Ag seinm le hAndy Irvine** Chuir Lunny aithne ar an amhránaí agus ceoltóir Andy Irvine sna seascaidí i mBaile Átha Cliath ach ní raibh go leor muiníne aige as a chuid tallainne mar cheoltóir le seinm leis go poiblí.
bheadh sé níb fhearr dó dá rachadh sé i ngleic leis na hamhráin ghrá it would have been better for him if he had got to grips with the love songs
" Bhí sé an-dian air agus bheadh sé níb fhearr dó dá rachadh sé i ngleic leis na hamhráin ghrá ag an staid sin dá shaol.
dá dtiocfadh taom scaoill uirthi if she got a panic attack
" Dúirt sí rudaí éagsúla a bhí suimiúil – mar shampla, gur bhreá léi dá dtiocfadh taom scaoill uirthi – ach nuair a dúirt sí go raibh fuath aici ar a bheith ag taisteal *coach*, tháinig *cringe *beag orm.
dá bhfaighidís an rogha. if the got the choice
" Tá seantraidisiún ciníochais i gceist i measc an lucht oibre, a chaithfeadh vóta ar son Hillary Clinton dá bhfaighidís an rogha.
go bhfuair siad an ceann is fearr ar an sean-namhaid. that they got the better of the old enemy.
" Sin an fáth a raibh an DUP agus Sinn Féin ábalta suí síos le chéile mar go raibh siad ábalta cur ina luí go réalaíoch ar thromlach a lucht tacaíochta go bhfuair siad an ceann is fearr ar an sean-namhaid.
chuir sí aithne ar dhuine she got to know someone
" (Paragraf 1) Cúpla mí roimhe sin, chuir sí aithne ar dhuine a d'úsáid an t-ainm “Josh” ar líne.
go bhfuair siad réidh le that they got rid of
" BuaMá ghlacann an DUP leis an fhoclaíocht sin, beidh siad ábalta a rá go bhfuil an bua acu, is é sin, go bhfuair siad réidh le "Seanóirí na Sceimthlitheoireachta" – ar mór-eileamh dá gcuid é – agus mar sin, do dtig leo muinín a bheith acu as Sinn Féin.
Fuarthas amach bréagach iad they were got out in their lie
" Agus é ar an ardán i mbun an tseó, chuir sé ceisteanna ar bheirt nó thriúr chun bhreith amuigh orthu! Fuarthas amach bréagach iad nuair a d’fhreagair siad na ceisteanna i mBéarla – ní raibh siad toilteanach iarracht a dhéanamh, fiú, cúpla focal a chur le chéile.
d'éirigh mé chomh dúr sin I got so thick
" Bhí mé tar éis éirí bómánta agus ní ba bhómánta fós thar na blianta agus, de réir a chéile, d'éirigh mé chomh dúr sin gur dhúshlánach dom amharc ar *Friends* agus cos a choinneáil leis an phlota! Beidh mé ag freastal ar Ollscoil Luimnigh go ceann bliana ag déanamh MA in *Ethnochoreology*.
Chuireas aithne I got to know
" Sin ráite, caidé faoi Bhuiséidí a thugann Jim Kemmy agus Earnán de Blaghad chun cuimhne dom? Chuireas aithne fadó ar Jim Kemmy agus bóithre na hÉireann á siúl agam sna hochtóidí le ‘Ireland’s Eye’.
faighte have got
" Tá iPhone faighte agam ón am a foilsíodh m’alt deireanach.
chuaigh chun sleanntracha got to grips
" Agus an méid sin éagsúlachta eitní i mBurma, ní dhéanfar iontas de nach iad na Carainn an t-aon ghrúpa eitneach amháin a chuaigh chun sleanntracha le rialtas brúidiúil na tíre.
dtáinig bolg air got fat
" Bíodh sé fíor nó bréagach, bhí an cháil amuigh gur earnáil í seo a dtáinig bolg air le linn caiteachas rábach réimeas an Tíogair Cheiltigh.
d’fhág sé an bealach di he got off side
" “Arú, grá mo chroí thú a thaisce,” arsa Balor léi nuair a chuala sé an Ghaelscoilis ag teacht as béal na Banríona, agus d’fhág sé an bealach di.
fuair greim ar got a grip on
" Tá an chuid is mó de na scaranna in *Arsenal* i lámha an Mheiriceánaigh Kroenke, an Iaránaigh Moshiri agus an Rúisigh Usmanov; is le Mansour, billiúnaí ola ó Abu Dhabi an club *Manchester City*; is le billiúnaí ola eile, an Rúiseach Roman Abromovich, *Chelsea*, an club atá ar bharr na Príomhshraithe i Sasana agus cheannaigh Meiriceánach amháin *Manchester United* le déanaí ó Mheiriceánach eile, Malcolm Glazer, a fuair greim ar scaranna Man U nuair a dhíol an bheirt Éireannach, Dermot Desmond agus J.
an pionna a chur i mastered, got the better of
" Má tá na clubanna santach, an iontas ar bith é gur éirigh na himreoirí santach chomh maith? De réir na dtuairiscí ar na nuachtáin, d’éirigh le Wayne Rooney an pionna a chur i *Manchester United*, an club a cheannaigh a thalann ó *Everton*.
chuaigh ag meabhrú got to pondering
" Agus an mhonalóg thart, stán Balor go mailíseach ar an ghuthán phóca, scríob sé a gheadán go gangaideach leis an ghléas, ansin a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile; dhruid sé an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
bhfuaireamar cóiríocht na hoíche we got to stay the night
" Bhí rogha idir dhá bhiachlár ag custaiméirí na hóstlainne ina bhfuaireamar cóiríocht na hoíche, biachlár an lae agus an biachlár diaitéiteach, biachlár ar a bhfuil luach calrach luaite le gach mias in áit costais! Ach ba shráidbhaile Oilimpeach é Brides-les-Bains nuair a tionóladh Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh i gceantar na Trois Vallées i 1992.
d’éirigh go geal liom I got on perfectly
" Caithfidh mé a admháil nach bhfuil bang láidir snámha agam féin ach bhí flúirse snámhán ar fáil agus d’éirigh go geal liom faoin uisce le cabhair na snámhán.
an ceann is fearr ar (got) the better of
" ‘Incendies’ ====== Nuair a fuair an seanfhaltanas eadarchine agus creidimh an ceann is fearr ar Chríostaithe, Muslamaigh agus Drúsaigh sa Liobáin i 1975, lean ainghníomhartha fuilteacha díoltais ar gach taobh.
Chrom muid ar we got stuck in
chuir mé aithne air I got to know him
" An lá ar chuir mé aithne air, bhí sé le bheith i mbun fuaime ag bainis thíos faoin tír.
fuair a thópar got the sack
" Mhothaigh daoine go leor eile nár tugadh cothrom na Féinne do Rudd, an chéad phríomh-aire i stair na tíre a fuair a thópar le linn a chéad téarma.
dén ciapadh agus céasadh a fuair na gnáthdhaoine the amount of harassment and torture the ordinary people got
" N’fheadar aoinne dén ciapadh agus céasadh a fuair na gnáthdhaoine, ach níor bhris sé an misneach iontu.
chuadar in airde ar cheann acu they got up on one of them
" ” Agus dúirt an cailín liom í féin ina dhiaidh san go raibh sí sa champa seo agus an obair a bhí ar siúl acu, í féin agus fear eile, ná grágáin mhóra de chrainn a chur síos go dtí an abhainn agus iad a fhágaint go rachaidís síos agus oíche amháin, chuadar in airde ar cheann acu agus d’éilíodar amach agus sin an tslí a tháinig sise go dtí *America*.
bhfuair údaráis na Róimhe réidh leis the Roman authorities got rid of
" Ach is mór an meas atá aige orthu siúd a chaitheann a saol go dílis agus go neamhbhalbh de réir bhriathar agus shampla Saor Adhmaid Nasaireit, an Giúdach Palaistíneach a bhfuair údaráis na Róimhe réidh leis ar an chros siocair nach raibh sé sásta a bhéal a choinneáil druidte.
céard eile atá le cailleadh againn what have we got to lose
" Tharla go mbíonn go seasta bolg an aeir briste le síorbháisteach abhus i gCorca Dorcha, céard eile atá le cailleadh againn! Múinimis do mhuintir an tsaoil bhraonaigh gur cuma faoin bhraon anuas agus faoi ghadaíocht ár gcuid airgid nuair is féidir leat ceol, braon a ól le STUAIM, agus taitneamh a thabairt do chomhluadar an daoine eile, an ‘chuileachta’ mar a deirid ó dheas.
nach gá do mhuintir an AE the EU hasn’t got a reason
" Má ba shlat tomhais ar ghnóthaí tráchtála é soláthar an pháipéir leithris in am amháin, is cosúil nach gá do mhuintir an AE a bheith buartha.
réidh leis (got) rid of
" Foilsíodh leabhar eile ar na mallaibh a chuireann amhras sa bhreis i maíomh O Farrell go bhfuair na hinimircigh Éireannacha réidh leis an teanga a luaithe ab fhéidir leo.
bhfuair sé an t-ainmniúchán he got the nomination
" Glactar leis go forleathan go bhfuair sé an t-ainmniúchán chun an Tea Party a shásamh, dream atá an-mhíshásta le Romney, ach atá ag éirí i bhfad níos cumhachtaí sa pháirtí.
d’fháisc sé air san iarracht go damanta he got stuck into the effort in a big way
" (Bean óg í seo a chuir suas do phost eile go gairid roimhe sin le teacht chuig an ghaelscoil úr!) Níor ghlac mo dhuine le comhairle an dlíodóra, Gaeilgeoir, ach d’fháisc sé air san iarracht go damanta agus tá na céadta cainteoirí líofa Gaeilge san áit mar gheall ar an aon duine amháin sin.
réidh leis an (got) rid of the
" Ba iad a chuir amach an 40,000 bileog mailíseacha ag maíomh gur brathadóir a bhí i Naomi Long agus go bhfuair sí féin agus a páirtí réidh leis an *Union Jack*, a stróiceadh ó Halla na Cathrach, ráiteas chomh cóngarach do ghríosú chun foréigin agus a dtiocfadh leat a shamhlú.
na crúba thíos faoi he’s got hooves
" Forloscadh agus dó, na crúba thíos faoi! Ó, a thiarcais! Anam an Diabhail! Agus ní raibh aon éaló ó Fhear na gCrúb i bpictiúrlanna Éireann le seachtainí beaga anuas ach an oiread.
Fuair muid in aiscidh an teangaidh we got the language completely free
" Fuair muid in aiscidh an teangaidh agus ní chosnódh sé tadaí an teanga a choinneáil ag imeacht, a choinneáil beo.
bhfuair an mhífhoighid an ceann is fearr air frustration got the better of him
" Ba é críoch an scéil, go bhfuair an mhífhoighid an ceann is fearr air agus d’imigh an féinsmacht uaidh, rud a tharlaíonn go minic d’imreoirí ag deireadh a ré nuair a bhíonn an óige ar fán agus an neart ar meath.
rith liom agus mé ag éirí as an leaba occurred to me as got out of bed
" Sin a rith liom agus mé ag éirí as an leaba ag am nuair a ba cheart dom a bheith ag teacht abhaile ón teach leanna.
go bhfuair sé cosa fuara that feet cold he got
" Sílim go bhfuair sé cosa fuara.
nach bhfuil idir lámha has only got going for it
" Nuair nach bhfuil idir lámha ag impireacht an iarthair ach marú ar mhaithe lena córas coigistithe amábhair agus cead píblínte, bíodh nach bhfuil na comharthaí soirt air féin go feiceálach, tá deireadh a ré ar ghort an bhaile.