Pota Focal Intergaelic
at | chat | ha | haft | halt | hart
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhí hataí na bpríomhiarrthóirí sa bhfáinne the hats of the main candidates were in the ring
" Go deimhin, chláraigh roinnt iarrthóirí in 2006, agus bhí hataí na bpríomhiarrthóirí sa bhfáinne cheana féin ag tús 2007.
ciombail troitheáin. High hat drums
" Buillí rithimeacha, cuisleacha, ar na ciombail troitheáin.
ceoldrámaí ina dtéann na carachtair i mbun amhránaíochta gan choinne muscials in which the character start singing at the drop of a hat
" Murab ionann agus leithéidí *Mary Poppins* nó *Singing in the Rain* - ceoldrámaí ina dtéann na carachtair i mbun amhránaíochta gan choinne - tá inchreidteacht ag baint le húsáid na n-amhrán sa scannán áirithe seo mar gheall ar gur ceoltóirí iad na príomhcharachtair.
hataí babhlaera á gcaitheamh wearing bowler hats
" Tá léaráidí ann d’fhir a bhfuil hataí babhlaera á gcaitheamh acu agus de mhná a bhfuil scáthanna fearthainne ar iompar acu.
Mar bharr ar an donas to put the tin hat on it
" Mar bharr ar an donas, níor fheac bean chéile Keating a glúin nuair a bhuail sise leis an mBanríon cúpla uair.
chroch na póilíní leo ar iompú na boise lena gceistiú ina dtaobh whisked them away at the drop of a hat to question them about (the murders)
" Ní hamháin sin, ach go mion minic is ar éigean gur cuireadh daoine muinteartha leis na íospairtigh ar an eolas faoi na maruithe go dtí gur chroch na póilíní leo ar iompú na boise lena gceistiú ina dtaobh! Bhí 160 oifigeach ag obair ar an gcás, ag déanamh fiosrúchán ar 11,000 duine.
ar iompú boise at the drop of a hat
" Maítear, os a choinne sin, nach mbíonn páistí a théann ar líne ar iompú boise ó thús deireadh an lae chomh toilteanach sin a bheith i dteaghmháil le daoine fásta.
fáil réidh leis ar iompú boise get rid of this at the drop of a hat
" Ós rud é gur ar bhonn chumhacht lánroghnach an uachtaráin a tugadh isteach an t-athrú dúnghaoise seo, d’fhéadfadh an t-uachtarán nua fáil réidh leis ar iompú boise.
ar an bpointe boise at the drop of a hat
" Caithfear cumas agus ceannas a fháil uirthi agus cé gur mór an chabhair iad na haonaid scríbhneoireachta agus na tearmainn chéanna, ní haon chinnteacht iad go mbeadh an duine in ann tosú i mbun scríbhneoireachta ar an bpointe boise díreach tar éis dó an tearmann iargúlta a shroicheadh! Na múinteoirí is fearr, tá siad ar nós na mbainisteoirí foirne is fearr, ní thugann siad aithisc fhada uathu.