Pota Focal Intergaelic
eel | feel | heal | heed | hell
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sála arda high heels
" Chualas bean á rá nach gcaithfeadh sí sála arda choíche arís.
sáil heel
" An deireadh seachtaine sin, thit an an tsáil dá cos.
spuaiceanna ag éirí ar mo chuid sál blisters developing on my heels
" Níl mé ag dul a bheith fágtha mar a bhí mé ag do bhainis-se agus spuaiceanna ag éirí ar mo chuid sál chomh luath is a chuir mé cos le talamh," arsa an mháthair mhór.
sna sála ar on the heels of
" Agus an tionscal sin tite i léig, thuig comhairleoirí na cathrach ar bhealach aibí, nach minic a thuigeann daoine a bhíonn i gcumhacht, go dtagann forbairt eacnamaíoch go minic sna sála ar fhorbairt agus ar fhéiniúlacht chultúrtha.
thiontaigh sé ar a shála he turned on his heel, i.e. immediately
" Shíl mé gur thit an tóin as an spéir leis an bhúireach a bhí ort," arsa Seán agus thiontaigh sé ar a shála agus suas an staighre leis arís.
shála heels
" Ghlan mé mo scornach, dheasaigh an caipín ar mo bhaithis, luasc siar ar mo shála, chuimil mo smig glanbhearrtha, d'fhill na lámha ina chéile.
thug sí cúpla smeach siar she did a few head-over-heels flips
" Ar an Chéadaoin, 23 Meán Fómhair, go díreach tar éis don taispeántas oscailt in iarsmalann an Hamburger Bahnhof, rinne an bhean 35 bliain d'aois ionsaí ar *"Office Baroque", *saothar de chuid an ealaíontóra Mheiriceánaigh Gordon Matta-Clark; thosaigh sí ag béicíl go hard, thug sí cúpla smeach siar, thuirling sí ar an saothar, áit ar sheas sí ar a lámha, ansin chuir sí a dhá lámh tríd.
sála na mbróg the heels of your shoes
" B'fhéidir nach gceapfá é, ach tá sé sin an-sciobtha go deo - baineann sé sála na mbróg díot, ach bíonn tú ag do cheann scríbe i bhfad roimh lucht na gceann nach dtéann ach 3 chiliméadar san uair! Chaith mé cúpla seachtain ag lorg obair bhreise, gan mórán dul chun cinn a dhéanamh.
Dobair nach deachaigh Siobhán thar a béal Siobhán nearly went head over heels
" ” Dobair nach deachaigh Siobhán thar a béal cúpla uair í féin ach, cibé mar a rinne sí é, choinnigh sí na cosa fúithi agus threabh sí léi.
Na sciortaí róghearr, na sála ró-ard. The skirs too short, the heels too high.
" Na sciortaí róghearr, na sála ró-ard.
Caithfidh go n-oibríonn na sála! The heels must work!
" Caithfidh go n-oibríonn na sála! 5.
thiontaigh sé ar a sháil he turned on his heel
" Agus a chonách sin orthu mar scaifte húranna!” Caidé a dúirt an Graoisín? Sea, “Breast thú!” Ar aghaidh leis ansin chun labhairt le Johnny Edwards, ach nuair a chonaic sé an folt gruaige ar foluain sa ghaoth, gach ribe de ag sméideadh go cineálta leis, ba é gnúis ghnaíúil dhóighiúil Enda Álainn Aoibhinn a shamhlaigh sé ag lonrú faoin fholt gruaige agus os cionn na léine goirme, agus thiontaigh sé ar a sháil le chuile “Breast thú!” mar bheannacht aige.
Chuir sí a cosa i dtaca fosta she dug her heels in to
" Chuir sí a cosa i dtaca fosta maidir leis an chur is cúiteamh a bhí ar siúl faoin chaighdeán Gaeilge a bheadh de dhíth leis an choinníoll teanga a chomhlíonadh.
sála míne Stiletto with her smooth Stiletto heels
" Mothaíonn tú go bhfuil Ní Dhuibhne sásta súil shlítheánta a chaitheamh ar an tsochaí ghalánta ach níl sí sásta an chos cháidheach a chur ar sceadamán agus anáil a bhaint as lena sála míne Stiletto – a bhuíochas sin, b’fhéidir, ar an cheangal a chuireann scéal Tolstoy uirthi.
ardsála high heels
" Anamreo agus Gáirsiúlacht Fite Tríd =================== Líonann an sáraisteoir Jacki Weaver ardsála Maimeó ‘Smurf’ Cody le gáirsiúlacht bhagarthach.
sál ard inmheánach rúnda secret inside high heels
" Theacht dheirge an dá néal maidin chiúin samhraidh, chomh tiubh géar is a nocht ball bán ar an lá, ghléas Edna an Taoiseach Tréan é féin fá choinne an tsiúil: Grecian 2000 ar a chuid gruaige gleoite; lúireach láidir den Kevlar crua thart ar a choim seang singil; bróga nua na sál ard inmheánach rúnda ar a dhá chois; léine de dhath spéir an tsamhraidh os cionn na Foraoise Duibhe ar a chliabhrach caomh; agus culaith Louis de scoth an tsíoda agus an tsróil ar a cholainn fhearúil bhreá.
thit tóin in airde i ngrá léi fell head over heels in love with her
" I mBleá Cliath a chuir Máire aithne cheart ar Ruairí Brugha, aon mhac Chathal Brugha, a thit tóin in airde i ngrá léi, ní nach ionadh.
tiúchosach le heirbeall a chéile hot on the heels of each other
" Tú ag fanacht go foighdeach le scannán sclábhaíochta; ansin tagann dhá cheann, tiúchosach le heirbeall a chéile.
sna sála ar thorthaí maithe on the heels of good results
" Tagann sé seo sna sála ar thorthaí maithe san Ardteist anuraidh – an chéad bhliain ina raibh an siollabas úr i bhfeidhm.
thiontaigh sé ar a sháil he turned on his heel
" D’fhreagair Linda gur sin an fáth amháin gur ceart do Phrotastúnaigh í a fhoghlaim agus athsheilbh a ghlacadh uirthi, ach thiontaigh sé ar a sháil, “gan an t-am de lá a thabhairt dom,” arsa Linda.
bhuail sé a sháil in aghaidh an chasóg he stroke his heel against the coat
" Seo í caint Mhichíl Uí Choinceanainn arís: 'Tháinig sé agus bhuail sé a sháil in aghaidh an chasóg ag iarraidh i a theannadh níos fearr mar bhudh ea, agus chuir sé an clár amach bunáite ó sháil go rinn, agus ansin ar ndóigh nuair a chuir, seod isteach an t-uisce, agus mar a dúirt an t-amhrán, sloigeadh an bád ansin, agus báthadh na daoine agus scaip na caoirigh anonn 's anall.
na sála arda the high heels
" Bhí mé an-tógtha le slachtaíocht na nIodálach: na sála arda, na gúnaí áille ildathacha, na hataí dubha agus dearga agus corcra, na blúsanna bláfara galánta.