Pota Focal Intergaelic
cock | dock | hock | lock | moca
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dhranngháire mocking smile, sneer
" Is cineál de mheascán é idir draothadh agus leamhgháire; leamhóg a thagann amach mar dhranngháire.
bréagliobarálach mock liberal
" Go mbeadh athrú bunúsach ar an gcuraclam meánscoile a ligfeadh do scoláirí an teanga a fhoghlaim seachas an cur i gcéill atá anois ann, go fiú leis na scoláirí is fearr agus iad á dtachtadh le cúrsaí a d'fheilfeadh sna hollscoileanna! Go mbeadh Bille Cearta na Gaeilge rite agus i bhfeidhm agus go bhféachfaí ar an bpobal Gaelach mar dhream ar chóir meas a bheith orthu ar an gcaoi chéanna le mionlach ar bith eile sa stát bréagliobarálach seo.
Sceach Scigiúil mocking bush
" ' 'Díreach ar nós mhuintir Dhún Dealgan féin!' a scairt an Sceach Scigiúil.
bréagshochraid mock funeral
" Níos déanaí, bhí bréagshochraid ag grúpa beag agóidithe, iad gléasta in éadaí dubha agus ag siúl le rithim druma, sa chuid chéanna de Fifth Avenue.
scigpháipéar mock newspaper
" Tá alt sa scigpháipéar *The Portadown Times *a mhaíonn go gcuirfear na toghcháin ar ceal de dheasca an ghalair SARS nó "Shinner Assembly Results Syndrome".
fonóideach, mocking,
" Uair amháin dúradh liom gurbh é Criostóir Colambas an chéad chainteoir Béarla i Meiriceá! Ní cheart a bheith fonóideach, ámh.
ag magadh fúm mocking me
" Thosaigh siad ag magadh fúm féin agus faoi bhuachaill eile a bhí tagtha freisin ón scoil náisiúnta.
scigmhagúil mocking
" Deir sé fosta gur ‘minic a bhíonn léiriú íorónta nó éadrom , searbhasach nó scigmhagúil iontu ar nádúr an ghrá agus ar mhianach an chaidrimh idir fir agus mná.
Magadh go hÉag mocking to death's door
" An Magadh go hÉag agus thairis sin Agus scagadh á dhéanamh agam ar Cháinaisnéis na Mílaoise, Cáinaisnéis Uí Lionnacháin, Céad Cáinaisnéis Ceartaitheach tar éis an tSunami Geilleagair a scuab roimpi saofacht an Tíogair Cheiltigh go tóin poill le cumhacht doshásaithe a cuid feirge, nach ait mar a thagann Earnán de Blaghad agus Jim Kemmy chun cuimhne? B’é Earnán cróga a ghearr réal ó Phinsean na Sean i gcáinaisnéis Fheabhra na bliana 1924.
scigaithris ar mocked, made fun of
" Sheas sé le cearta cultúir is teanga na Kabyle riamh ach nuair a chum sé rann a rinne scigaithris ar amhrán náisiúnta na hAilgéire dúnmharaíodh é agus gan ach an dá bhliain is dhá scór aige.
ag magadh ar mocking
" Chruinnigh an slua gealt taobh amuigh den uaimh agus chaith an lá ag magadh ar na seanóirí cliste istigh.
ag magadh mocking
" Dá mbeifí ag magadh faoin teanga, mar a bhíodh, bhínn ag breacadh nótaí air.
ag magadh fúm mocking me
" Tusa a sheas liom i ndiaidh dom a bheith caite amach sa dorchadas; tusa a chreid ionam nuair a bhí lucht an lagmhisnigh ag bagairt orm; tusa a choinnigh an lóchrann lasta nuair a bhí dúluachair gheimhreadh shaol na polaitíochta ag reo mo chroí istigh i lár mo chléibh; tusa a thug Enda Álainn Aoibhiúil orm nuair a bhí iriseoirí eile ag magadh fúm agus ag scríobh fúm go scigiúil agus ag spochadh.
Ag Spochadh As mocking
" Ag Spochadh As ========= **Balor: Gabh mo leithscéal, a iar-Thaoisigh na ceannlitreach T séimhithe; ach ní le bheith ag caint fút féin agus do chuid gaiscí a d’iarr mé ort dul faoi agallamh.
fochaideach mocking
" Níor mhaith liom go mbeifeá foch… foch… fochaideach.
ag magadh mocking
" Thabharfadh seo deis do dhéagóirí an Ghaeilge atá acu, ón mbaile nó ón scoil, a úsáid i dtimpeallacht sábháilte, gan aon duine ag piocadh astu nó ag magadh fúthu.
bithéamh mocking
" Ní hamháin sin, ach bíonn an chuid is mó den phobal ar aon tuairim leo agus ní dhéanfar ach bithéamh faoin dream beag a bhéicfeas amach ag fógairt na contúirte roimh ré nó ag tuar na tubaiste.
scigmhagadh mock
" Aithint an Mhóraimh ========== Cé gur féidir leis na hIosraelaigh scigmhagadh a dhéanamh faoi líomhaintí mar sin mar “theoiric chomhcheilge fhrith-Ghiúdach” – beag beann ar na fíricí – rinne Qaddafi rud éigin níos luaithe sa bhliain sin a chuir isteach go mór orthu.
rinne magadh léannta ar eruditely mocked
" B’shin an cur chuige cultúrtha a taispeánadh don Tóibíneach le linn a óige, cur chuige Chorkery agus Uí Ríordáin, ach tháinig sé slán as an bpoll sin le cabhair dhrámaí Behan, drámaí a rinne magadh léannta ar an oidhreacht náisiúnach Gaelach sin.
scigaithris a mocking
" Deir Paul Richard ón Washington Post go bhfuil níos mó i gceist in An Scread ná scigaithris áfach, agus deir sé go seasann an neach sa phictiúr, atá gan cheannaghaidh, gan ghnéas ná tréithe pearsanta ar bith, mar shamhail don chine daonna- *‘One size fits all’* agus nach portráid ar shaol inmhéanach Munch amháin atá ann ach pictiúr dínn féin chomh maith.
ag spochadh as a gcanúint mocking their accent
" Léiríonn an mílitriú sa teideal an dóigh a mbíonn daoine abhus ag spochadh as a gcanúint.
magadh faoi mocked him
" Dhein roinnt acu magadh faoi, mar ab fhurasta a dhéanamh: seanduine, raidhfil ina ghlac aige agus é ag dul ag fiach i mbrothall Bhotsuáine.
trí mhagadh faoi by mocking
" An áit a bhfuil an dá phobal, muintir na hÉireann agus muintir na Polainne an-éagosúil lena chéile ina ndearcadh, dar le lánúin an scéil, is é go n-iompaíonn an tÉireannach ar a acmhainn grinn i ndeireadh báire lena racht a scaoileadh amach trí mhagadh faoi lucht pholaitíochta, lucht údaráis srl.
muintir an Iarthair ag magadh orthu the Westerners mocking them
" Bhí daoine sa taobh sin goilliúnach faoin dóigh a raibh muintir an Iarthair ag magadh orthu ag an am.
ag tabhairt amach agus ag magadh ar giving out about and mocking
" Thosaigh sé ag tabhairt amach agus ag magadh ar an Ghaeilge.
atá ina scigaithris which are mocking
" Scigamhrán is ea Gangnam Style agus tá an físeán bunaithe ar mheascra radharcanna atá ina scigaithris ar fhíseáin popcheoil agus mar gheall air seo atá intuigthe ag lucht féachana timpeall an domhain.
bréagscrúdú sa mhatamaitic mock maths exam
" Go luath ina dhiaidh sin, chas Whelton ar Bill Liao ag an *Dublin Web Summit*, an lá céanna agus a bhí bréagscrúdú sa mhatamaitic ceaptha a bheith aige roimh an Ardteist.
le magadh nó drochmheas a chur in iúl to express distain or to mock
" I mBéarla a bhí an dráma, ach bhí focla Máltaise ann freisin le magadh nó drochmheas a chur in iúl.
ag magadh fúithi mocking her
" Tháinig scéal amach tar éis do Spence éirí as a stailc ocrais go raibh an Seanadóir Patrick Brazeau ag magadh fúithi sa Dáil, go raibh amhras air gur dhiúltaigh sí bia le linn na stailce toisc nach raibh an iomarca meacáin caillte aici.
ag magadh faoi mocking it
" Leis an fhírinne a dhéanamh, bhí daoine áirithe ag magadh faoi.
ag magadh mocking
" An bhfuil dream an tsaibhris ag magadh fúinn agus a gcuid tiachóg ag éirí teann lenár gcuidne airgid i rith an ama.