Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
léargas sight
" Faigheann tú léargas iontach ar na sraitheanna fada crann agus ar na bolcáin, agus chíonn tú na crosa bána a bhfuil na bóithre breac leo, crosa atá ansin ar eagla go ndéanfá dearmad ar an chontúirt a bhaineann leis an chineál seo taistil.
lán á ndá súil plenty to see, a sight
" Ní raibh Úna le fáil thíos ná thuas ach níor cronaíodh i bhfad í nó bhí lán á ndá súil rompu.
lán á ndá súil plenty to see, a sight
" Ní raibh Úna le fáil thíos ná thuas ach níor cronaíodh i bhfad í nó bhí lán á ndá súil rompu.
gearr-radharcach short-sighted
" "Is rud gearr-radharcach é ó thaobh an rialtais de.
éalang radhairc sight defect
" Braitheann cuid mhaith cláracha ríomhaireachta ar úsáid na luiche chun iad a chur ag obair - ach tá sé deacair luch a chur ag obair nuair nach bhfuil úsáid do lámh agat, nó má tá éalang radhairc ort.
radharc coitianta a common sight
" Ar theach amháin, mar shampla, bhí bratacha de dhathanna na Ceathrún Rua agus na Gaillimhe ar foluain ar aghaidh an tí (ba radharc coitianta é sin) agus sna fuinneoga in airde staighre bhí geansaithe Chill Chainnigh, Chill Dara agus Átha Cliath crochta go bródúil ag na scoláirí a bhí ag fanacht ann.
fadradharcaí long-sighted
" Feiceann daoine céard atá déanta ag an CLG as a stuaim féin agus nuair a fhéachann duine ar Pháirc an Chrócaigh tuigeann sé/sí gurb é an CLG an eagraíocht spóirt is mó cur chuige agus is fadradharcaí sa tír agus b'fhéidir san Eoraip.
radharc sight
" " Ar an drochuair, níl aon radharc ar na "céimeanna fórsúla" sin, agus is baolach go bhfágfar polasaí iascaireachta an Aontais sa bpraiseach ina bhfuil sé i láthair na huaire.
radharcanna sights
" I measc na saothar bhí radharcanna éagsúla den Earagail, an timpeallacht áitiúil agus a háilleacht fhiáin, chomh maith le roinnt portráidí agus stáidéir neamhbheo.
feic sight, spectacle
" Is cheap tú nach bhfeicfeá féin lá na coise tine choíche.
radharc sight
" Sin an radharc a bhí romham nuair a chaith mé seal mar cheannaí airleacain ag olltoghchán roinnt blianta ó shin - ach cuirfear deireadh leis an bpróiseas seo má éiríonn le rialtas na hÉirinn vótáil leictreonach a chur i bhfeidhm.
a chaill radharc na súl who lost his sight
" Aithníonn Vermeer go bhfuil buanna speisialta ag an chailín, a fuair sí ó bheith ag cuidiú lena hathair (péintéir tíle a chaill radharc na súl), a chuireann ar a cumas rudaí a fheiceáil lena súile féin.
ghrá ar an bpointe love at first sight
" AÓF: Níor ghrá ar an bpointe a bhí ann mar sin? JNíC: Bhíomar cairdiúil ar dtús agus tháinig an grá ina dhiaidh sin! AÓF: Bíonn an bheirt agaibh ag múineadh ceoil ag cuid mhaith de na scoileanna samhraidh.
as radharc out of sight
" Agus níl aon rud níos measa ná do chárta creidmheasa a fheiceáil ag dul as radharc.
radharc sight
" Tar éis turas fada ó Shanghai agus cúpla leabhar a bheith léite agam faoi chathair stairiúil Bhéising, ba mhór an gheit a bhain an radharc seo asam.
gan radharc without sight
" Tá scéim nua darb ainm *dans le noir *(sa dorchadas) ag bialann, áit ar féidir leat "dáta dall" (nó cleamhnas caoch, b'fhéidir) ceart a bheith agat - itear agus óltar i seomra fíordhorcha agus is daoine gan radharc iad na freastalaithe.
an-fhadradharcach very long-sighted
gan duine ná deoraí le feiceáil without a soul in sight
" Bóthar álainn a bhí ann, míle i ndiaidh míle trasna cnoc glas, agus gan duine ná deoraí le feiceáil.
ag sú isteach na radharcanna thart timpeall ort taking in the sights around you
" Cruthaíonn an lucht siamsaíochta sráide spiorad carnabháil agus tú ag siúl thart ag sú isteach na radharcanna thart timpeall ort, mná na hoíche i mbun a ngnó i gceantar na soilse dearga, cuir i gcás, agus iad gualainn ar ghualainn le siopaí ceirde agus caifí beaga teolaí.
gan duine ná deoraí le feiceáil without a soul in sight
" Bóthar álainn a bhí ann, míle i ndiaidh míle trasna cnoc glas, agus gan duine ná deoraí le feiceáil.
radhairc sights
" Taitníonn sé go mór liom am a bheith agam i gcathair gan aon bhrú a bheith orm a bheith ag rith timpeall leis na radhairc mhóra ar fad a fheiscint.
radharcanna áille lovely sights
" Ba ghearr gur tugadh le fios dom, áfach, gurbh é ba chúis leis na radharcanna áille ná cúig bliana fichead bheith slánaithe ag Eoin Pól II mar Phápa.
fadradharcach far-sighted
" Brionglóid gan chiall, nó polasaí fadradharcach? Ba mhaith leis an rialtas go nglacfadh fuinneamh malartach áit an bhreosla iontaise sula dtarlaíonn géarchéim éigin: athrú aeráide a scriosfadh an geilleagar, nó ganntanas ola ag dul in olcas (agus praghas na hola gainne céanna ag méadú).
a gcinntí gearr-radharcacha their short-sighted decisions
" Dar leo (agus léiríonn a gcinntí gearr-radharcacha, go háirithe i gcúrsaí pleanála, é seo), beidh tréan fuinnimh shaoir againn go deo.
radhairc sights
" Taitníonn sé go mór liom am a bheith agam i gcathair gan aon bhrú a bheith orm a bheith ag rith timpeall leis na radhairc mhóra ar fad a fheiscint.
radharcanna áille lovely sights
" Ba ghearr gur tugadh le fios dom, áfach, gurbh é ba chúis leis na radharcanna áille ná cúig bliana fichead bheith slánaithe ag Eoin Pól II mar Phápa.
fadbhreathnaitheach far-sighted
" Bhí polasaithe geilleagracha Lemass fadbhreathnaitheach, ach tháinig coimeádachas sóisialta an Rialtais idir é agus an beart a scaoilfeadh laincisí bhlianta an éadóchais, an ceann fé, agus meon tánaisteach an iarchoilíneachais eacnamúil a bhí ionainn go léir an tráth sin.
pleanáil chathrach fhadradharcach long-sighted city planning
" Cé gur féidir le hiompar poiblí agus pleanáil chathrach fhadradharcach an gá atá le gluaisteáin a laghdú, beidh gluaisteáin de dhíth orainn go ceann i bhfad eile fós.
an radharc is iontaí the most wonderful sight
" Radharc iontachThosaíomar i Nua-Gheirsí, in aice an George Washington Bridge, an t-aon droichead atá ag ceangal an stáit sin leis an oileán, agus is é an radharc is iontaí i Nua-Eabhrac é don té a bhfuil dhá roth aige agus am le spáráil.
ag breathnú ar an radharc seo go searbhasach looking at this sight sarcastically
" Shílfeá go seasfainnse ar leataobh ag breathnú ar an radharc seo go searbhasach – ach bhíos i lár baill ag canadh leo, gan de cheangal agam féin leis an ollscoil ach gur chaith mé seimeastar ag teagasc inti! Éirí na n-íochtaránThosaigh an séasúr i mbliana le dhá dhroch-thuairt d'ollscoileanna móra.
an turasóir is gearr-radharcaí amuigh the most short-sighted tourist going
" Thiocfadh an turasóir is gearr-radharcaí amuigh ar Majdanek gan aon dua.
an moladh fadradharcach the far-sighted recommendation
" An é go bhfuil tú mar dheoraí i mbruachbhaile iargúlta mura bhfuil carr agat? Cén chaoi ar féidir leis an gcathair pleananna agus forbairtí a chur i gcrích chun garaíocht a dhéanamh do choisithe agus do rothaithe le go mbeidh cáilíocht bheatha níos fearr agus cathair inbhuanaithe againn? Dá bhféadfaimis timpeallacht rothaíochta agus spaisteoireachta níos pléisiúrtha a chothú, nach mbeadh níos mó daoine amuigh ag siúl agus ag rothaíocht? Nach mbeadh dea-thionchar aige sin ar shláinte mhuintir na tíre? Ach gan dabht, is é an íomhá is sonraíche agus an plean is mó atá tagtha chun solais ón gcomhdháil seo ná an moladh fadradharcach gur chóir Faiche an Choláiste agus Sráid Nassau a fhorbairt mar limistéar do choisithe amháin.
nár chóir dom é a scaoileadh as mo radharc fiú. that I shouldn't even let him out of my sight
" Ba í an treoir a tugadh dom ná go mbeadh orm fanacht leis - nár chóir dom é a scaoileadh as mo radharc fiú.
as radharc. out of sight.
" “An rud nach féidir liom a réiteach i m’intinn go fóill ná an dóigh a ndeachaigh teaghlaigh na n-íospartach as radharc.
radhairc views, sights
" Ar ceann de na radhairc ab aistí in 2003, bhí Gerry Adams agus é i measc an tslóigh ag tórramh iar-bhaill den UVF in oirthear Bhéal Feirste.
radharc annamh rare sight
" Faraor, is radharc annamh go fóill é Gormaigh a fheiceáil sna bruachbhailte agus sna foirgnimh ghnó.
radhairc views, sights
" Shílfeá go mbeadh ceantair thuaithe mar Cheshire idéalach – bíonn radhairc mar bha Fríseacha ag ithe sna páirceanna glasa le feiceáil, cuir i gcás.
ceann de na radhairc is cáiliúla one of the most famous sights
" Tógadh St Florian’s Gate, ceann de na radhairc is cáiliúla sa chathair, sa tríú haois déag, agus tógadh cearnóg an bhaile – arb í an chearnóg mheánaoiseach is mó san Eoraip – thart ar an mbliain 1257.
radharc view, sight
" Muna mbeifeá ann ach don radharc amháin, shásódh radharc na cathrach thú agus tú ar do bhealach isteach go dtí Atlantic City.
radharc sight
" Má bhí tú i Luimneach an mhí chaite, gach seans go bhfaca tú radharc an-ait: bhí go leor daoine ag dul timpeall na cathrach go mall le gléasanna GPS agus leabhair nótaí ina lámh acu.
faoin chuntar as radharc. under the counter out of sight
" Anois isteach libh agus dúnaigí an doras,” arsa Cathal Ó Riada, a bhí i ndiaidh an deichniúr Síneach agus a gcuid piontaí a shá isteach faoin chuntar as radharc.
radharc neamhchoitianta a strange sight
" Bhí an t-ádh dearg ormsa i mbliana nó chonaic mé radharc neamhchoitianta, radharc nach bhfacthas le roinnt blianta sa cheantar seo: fíorfhidléir ina steillbheatha agus é ag fidleáil! Tá a fhios ag an saol mór gur i Meiriceá agus ar mhór-roinn na hEorpa a bhíonn na cruitirí ag cruiteáil agus na fliúiteadóirí ag fliúiteáil ar na saolta seo.
Díríonn siad ar they set their sights on
" Díríonn siad ar an ngeilleagar amháin, mar tá sé níos éasca.
feic saolta a sight to behold
" Nach mór an díol trua iad, agus an feic saolta, agus an staicín áiféise, agus an ceap magaidh.
radharcanna sights
" Aimsíonn Michael radharcanna a léiríonn maorgacht na timpeallachta agus spreagann sé ár bhfiosracht maidir leis na scéalta agus leis an stair atá faoi cheilt sna seantithe agus sna ballai cloiche a chuireann sé ina chuid pictiúr.
amharc sight, view
" Tá an cnoc íseal (219m) meallacach seo idir Gleann Cholm Cille agus Gleann Malainne agus tá radharc iontach uaidh, le Sliabh a Liag, Ros Eoghain, Reachlainn Uí Bhirn, Cionn Ghlinne agus, ar an lá ghlan, beidh amharc ar chnoic Chontae Mhaigh Eo agat.
shlánófar a amharc his sight shall be saved
" Ní fada go dtugtar léasadh do mhac an Bharúin; basctar mac na mná cabhrach chomh dona sin (lead álainn le siondróm Down) gur ar éigean a shlánófar a amharc.
radharcanna sights
" Ní hé Russian Hill an cnoc is airde i San Francisco, ach go deimhin, tá ceann de na radharcanna is áille sa chathair uaidh, seanduganna na cathrach, an Embarcadero, le feiceáil thíos, chomh maith leis an oileán cáiliúil Alcatraz, leath míle amach sa chuan.
amharc eye sight, view
" Míbhuntáiste eile a bhaineann leis an ngreille a bhíonn os comhair aghaidh an imreora ná go gcuireann sé as dá amharc ar an sliotar ar uairibh.
fadbhreathnaitheach far-sighted
" Bhí an tSeanadóir Pearse Doherty fadbhreathnaitheach, i dtaobh an méid a dúirt sé faoin comhthéacs polaitiúil ina raibh an straitéis á shocrú.
Seachnaíonn súil ní nach bhfeiceann out of sight, out of mind
"Seachnaíonn súil ní nach bhfeiceann’ an mana neamhráite a bhí againn.
radharcanna sights
" Léirigh Francisco Goya radharcanna uafáis sna pictiúir sa tsraith Los Desastres de la Guerra a thaispéain radharcanna doshamhlaithe a tharla le linn Chogadh na Leithinse (1808-14).
radharc sight
" Bhí stair uasal ag an seanpháirtí sin, préamhaithe i luachanna an phobail go dtí gur cailleadh radharc ar na haidhmeanna uaisle a bhí ag lucht a bhunaithe.
bhrónach an feic sad sight
" Ba bhocht agus ba bhrónach an feic é.
an radharc seo this sight
" B'fhada an radharc seo ó na sráideanna basctha nach raibh ach míle go leith uainn ar imeall na seanchathrach.
taispeáint na radharc showing the sights
" Ní bhíonn sí cúthail ag taispeáint na radharc níos dorcha, bagairt an fhoréigean ghnéis / an fhoréigean fhisiciúil idir Eliza agus Higgins, agus an radharc folctha atá brúidiúil ach greannmhar.
dearcóir sight
" Ar an bhealach suas Bóthar Bhaile Nua na hArda dúinn, ceantar ina bhfuil an UVF go láidir, chonaic mé gunnadóir ag amharc díreach ormsa fríd an dearcóir teileascópach a bhí ar a raidhfil cumhachtach.
gearrbhreathnaitheach short sighted
" Ba chóir dúinn féin a bheith ina measc, ach ní bheidh go deo má leantar leis an dearcadh cúngaigeantach, gearrbhreathnaitheach, neamh-mhisniúil atá ag an rialtas seo.
Bhain an radharc geit as the sight startled him
" Bhain an radharc geit as agus thosaigh sé ag críth le himní, nuair a mhothaigh sé scread an nádúir.
suíomh idirlín internet sight
" Tá treoir le fáil sa suíomh idirlín housesofthefuture.
as amharc out of sight
" D’imigh an madra as amharc agus rith an mháthair ar ais chuig na daoine eile ann ag screadach, *“My God, my God, the dingo’s got my baby!”* Rinneadh dian-chuardach ar an gceantar agus fuarthas éadaí an linbh, ach ní bhfuarthas a corp.
nasc idirlín seo this internet sight
" Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo (An Gúm)(http://www.
chéad radhairc first sights
" Bhí an chathair seo ar cheann de na chéad radhairc den Bhrasaíl a chonaic na sclábhaithe anoir as an Afraic.
nach bhfaca an t-iontas úd didn’t see that amazing sight
" Ach tá daoine ina gcónaí ar feadh an chósta anseo nach bhfaca an t-iontas úd ach uair nó dhó lena mbeo.
aon radharc ná faoiseamh sight nor respite
" Ní raibh aon radharc ná faoiseamh ag an bharr ná ar an tsiúlóid fhada trasna droim an chnoic – thuas seal agus thuas seal eile.
Nach tú atá glinnsúileach aren’t you the one who’s sharp sighted
" Nach tú atá glinnsúileach!” Amach ar an doras le Balor bocht sular chuir sí ceist ar bith air féin, agus amach trí na sléibhte leis go lorgódh sé comhluadar nach mbeadh aon chur amach acu ar an Mhodh Coinníollach ná ar chuileoga baininscneacha; áit nach mbeadh Continental Céilí ar bith le cluinstin ná Gaeilge bhlasta bhinn na hOstaire ná na Gearmáine.
Seachnaíonn Súil an Ní nach bhFeiceann out of sight out of mind
" Seachnaíonn Súil an Ní nach bhFeiceann ========== Nach ait an mac an saol fós féin? Is dream muidine, na Gaeil a fhógraíonn ár gcumas ceoil ar an ardán domhanda go rialta agus a bhfuil stádas faoi leith bainte amach sa réimse chultúrtha sin againn, le blianta beaga anuas go háirid.
a raibh d’aidhm aici cuid de radharcanna which aimed to take in the sights
" Cuairt seachtaine a bhí i gceist a raibh d’aidhm aici cuid de radharcanna Nua-Eabhrac agus Boston, móide a gcuid siopaí, a fheiceáil nó ruathar tapa a thabhairt orthu ar a laghad, agus cuairt a thabhairt ar ghaolta le mo bhean chéile idir shean agus óg, aintíní, uncail, col ceathracha, col cúigir agus eile, a bhaineann le contae na Gaillimhe, thoir agus thiar.
míchumas láimhe is amhairc sight and dexterity impaired
" Daoine nár Dearadh Dóibh =========== Cé go gcruthaíonn na teicneolaíochtaí seo deiseanna cumarsáide agus trádála iontacha, lena n-inchur ar scáileáin tadhaill, cruthaítear deacrachtaí dóibh siúd le míchumas láimhe is amhairc.
as amharc ar fad out of sight entirely
" An té a labhraíonn i gcoinne an rialtais in Éirinn, ar a laghad ní rachaidh sé go príosún (nó as amharc ar fad).
as amharc out of sight
" Nuair a chuaigh eitilt MH370 as amharc thosaigh an domhain uilig á chuartú.
rud chomh mór sin dul as amharc something so big go out of sight
" Cuireadh an cheist, cén chaoi ar féidir le rud chomh mór sin dul as amharc? Céad bliain ó shin ní fhéadfaí ceist mar seo a chur siocair gur síleadh an t-am sin go raibh an domhan chomh mór agus an fharraige chomh fada fairsing is gur ar éigean a d’fhéadfaí é a shamhlú go fisiciúil.
radharcanna sights
" Déanann Brian Ó Broin cur síos ar na radharcanna a chonaic sé le linn Lá Fhéile Pádraig i Nua-Eabhrac.
go léirsteanach sharply (of sight)
" Ni miste a bheith ag faire amach go léirsteanach agus gan an deis a scaoileadh thart.
is mór an chuid súil í she's a lovely sight
" Is iomaí nath a thug suntas don fheiceálacht: ‘is mór an chuid súil í’ agus ‘tús seirce an síordhearcadh’ srl.