Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Sruthbhalbh having a slight stutter
" Bertie Bábánta Sruthbhalbh is fearr leis bheith ag amharc air, a fhios maith ag Balor gurb é is cúis leis an mhaolteanga agus é ag caint le tuairisceoir tréitheach ná go mbíonn sé ag cuntas na veirteabraí leis an áit is fearr a aimsiú fá choinne na scine.
tionchar dá laghad the slightest interest
" Maidir leis an rialtas, lig siad orthu nach raibh mórán suime acu i dtuairimí na sluaite agus nach mbeadh tionchar dá laghad ag an líon daoine a bhí i láthair ar dhearcadh an rialtais.
Ní chuirfidh sin lá buartha orm That won't bother me in the slightest
" Nach bhfuil tú ag déanamh go mbeidh an *boss *ag iarraidh tuairisc iomlán air seo? Cad é atá tú ag dul a rá leis?" "Ní chuirfidh sin lá buartha orm.
suim dá laghad the slightest interest
" Seachas an *Irish Post*, ní raibh suim dá laghad ag na meáin chumarsáide eile i Sasana san fhirinne i gcás an scéil áirithe sin.
tuairim dá laghad the slightest notion
" ) Ní fhéadfadh sé go bhfuil sin folláin, agus tarlaíonn nach bhfuil tuairim dá laghad ag daoine cén réiteach atá ar an bhfadhb mhór seo.
aird dá laghad the slightest heed
" Tá an taighde sin fós ag leanacht ar aghaidh ach níor tugadh aird dá laghad ar a thuairimí.
caitheamh anuas slighting
" Nach deas an eiseamláir é don chuid eile againn a ghlacann le cáineadh, le tabhairt amach agus le caitheamh anuas gan cheist, gan cheasacht, gan chasaoid? Ó sea! Is mór an náire é! Lá Bealtaine na bliana seo rinne rialtas na hÉireann éacht thar éachtaí dá ndearna siad riamh roimhe, níos tábhachtaí agus níos mó ar leas na tíre ná go fiú an pinsean a bhaint de na baintreacha.
frigháire slight smile
" -File mé, a deir sí (an frigháire ar a béal, nárbh fhios don saol nach raibh beatha san obair sin), file mé, a deir sí, agus bean feasa.
tuairim dá laghad the slightest clue
" Níl tuairim dá laghad agam céard a bhí ar bun acu nuair a thóg siad é! Oíche Chinn Bhliana ======= Tháinig an oíche dheireanach de 2005.
tuairim dá laghad the slightest clue
" Níl tuairim dá laghad agam céard a bhí ar bun acu nuair a thóg siad é! Oíche Chinn Bhliana ======= Tháinig an oíche dheireanach de 2005.
suim dá laghad the slightest interest
rún dá laghad the slightest intention
" Dúirt duine den lucht agóide ar an chlár raidió “Liveline” le déanaí go raibh sí cinnte gur áit dheas é Biorra ach nach raibh rún dá laghad aici dul ann! Deir SIPTU go bhfuil siad ag dréim go rachaidh oibrithe ó Combat Poverty agus ó Enterprise Ireland i mbun a mhacasamhail d’agóid go luath.
iontas dá laghad the slightest surprise
" Níor cheart go gcuirfeadh sé seo iontas dá laghad orainn.
athrú dá laghad the slightest change
" Cad é mar atá a fhios ag Balor an Bhéil Bhinn gur mar sin a bheas? Tá a fhios aige nó, murab ionann agus fianaise Bhertie os comhair an bhinse fiosraithe, ní bhíonn athrú dá laghad riamh ar an Oireachtas.
athrú dá laghad the slightest change
" Cad é mar atá a fhios ag Balor an Bhéil Bhinn gur mar sin a bheas? Tá a fhios aige nó, murab ionann agus fianaise Bhertie os comhair an bhinse fiosraithe, ní bhíonn athrú dá laghad riamh ar an Oireachtas.
amhras dá laghad the slightest doubt
" In ainneoin cé chomh láidir is a bhí an sruth sin, sruth lagmheasa nó dímheasa go minic, ní raibh amhras dá laghad airsean oiread agus aon soicind amháin dá shaol gur amadáin an dream a raibh lagmheas nó dímheas acu ar an rud seo.
bunús dá laghad the slightest basis
" Ach de réir thaighde Dymphna Lonergan, ní raibh oiread agus bean amháin ar tugadh Síle uirthi i measc na mban a tháinig ó Éirinn! Dá bhrí sin, is léir nach raibh bunús dá laghad ag baint le teoiric na bhfoclóirithe! Ach tá cúpla teoiric eile ag Lonergan.
suim dá laghad the slightest interest
" Ach ní raibh suim dá laghad agam é sin a dhéanamh mar go raibh mé ag obair fós.
taithí dá laghad the slightest experience
" ***Míbhuntáistí:*** Tá an baol ann go bhfuil ardú céime faighte aige róghasta agus níl taithí dá laghad aige in aireacht gheilleagrach.
gan leisce dá laghad, without the slightest hesitation
" In ainneoin go bhfuil cláracha déanta aige faoi cheoltóirí fíorcháiliúla, is é an chéad rud a deir sé, gan leisce dá laghad, ná: “Cuid de na cláracha a bhaineann leis an tsraith *Sé mo Laoch*; na cinn faoi Johnny O’Leary agus Seán McGuire agus fúthu siúd atá ar shlí na fírinne anois.
gan rún dá laghad a bheith acu without having the slightest intention
" Ba léir dó go raibh daoine áirithe i ndiaidh theacht isteach gan rún dá laghad a bheith acu an teanga a labhairt.
blas in the slightest, at all
" ’ Lean Iosrael ag gabháil agus ag marú na bPalaistíneach i rith an tsosa chogaidh sin agus níor mhaolaigh siad blas an t-imshuí danartha ar an limistéar atá cosúil le campa géibhinn ina bhfuil 1.
deis dá laghad slightest chance
" Ach maidir le haidhmeanna Iosrael i leith Gaza, ainneoin na seafóide a scríobh colúnaí leis an *New York Times*, Thomas Friedman, ag an am a mhaíomh go raibh deis ag muintir Ghaza anois ‘Dubai ar an Meánmhuir’ a thógáil, ní raibh sé ar intinn ag na hIosraeligh deis dá laghad a thabhairt do na Palaistínigh an limistéar a fhorbairt ar chor ar bith.
éadroma slight
" Mar shampla, sábháil de €7m is cosúil a thiocfaidh chuig an státchiste as múinteoirí acmhainne a bhaint ó 900 dalta bunscoile a bhfuil míchumas foghlama ginearálta éadroma orthu.
beag beann ar despite, with slight regard to
" ” Is léir dá mbeadh Dev ina steillebheatha arís go dtabharfadh sé comhairle dá gharmhac gur mithid misneach a léiriú maidir lena straitéis fiche bliain don teanga, beag beann ar an ghéarchéim reatha.
smid smál lucht rachmais slightest touch of influence from the wealthy
" Uimhir a ceathair – Micheál Martin, fear atá ag treabhadh leis go héifeachtach san Eoraip, sa Mheán Oirthear, sna Stáit Aontaithe, fear gan oiread agus smid smál lucht rachmais ag roinnt leis - fear atá curtha faoi dheireadh amach chun cás an Rialtais a dhéanamh.
gíog ná míog the slightest whisper
" Beidh cuid acu ag éagaoineadh, ach tá mé cinnte nach gcluinfidh mé gíog ná míog asatsa nuair a ghearrfar do phá, nó is tú an crann taca is fearr a bhí ag an iris seo riamh, bail ó Dhia ort mar dhúshraith dhlúthdhílis, a Bhaloir, a chroí.
droimh láimhe slight(ed), deny(/ied)
" Níorbh fhada go raibh pobal nua Chambacuá beo ar an bhfeirmeoireacht agus cé go ndeachaigh cultúr na tíre nua i bhfeidhm orthu, níor thug siad droimh láimhe leis an dúchas Afracach, ná geall leis.
leathcheal remiss, slight
" Tugtar faoi deara anois go rabhthas ag déanamh leathcheal sna réimsí eile i dtaca leis an duine fásta.
ribe beag the slightest morsel
" Ach in ainneoin an reo anama sin agus gach uafás seaca eile, is éacht scríofa agus aisteorachta é go gcoiméadann an bhean ghránna seo ribe beag dár gcomhbhá suas chomh fada leis na teidil chreidiúna deiridh.
deasadh beag slight change
" **ONT: Mar sin má tá rudaí ag titim in ainneoin na n-eagraíochtaí go léir, céard atá mícheart, céard atá le cur leis, céard a chaithfear fáil réidh leis, agus cén deasadh beag a chaithfear a dhéanamh?** DB: “An moladh atá agamsa ná an Bord Oideachais, mar tá an t-oideachas chomh bunúsach san athrú céime ó theanga go cultúr.
Is beag an faoiseamh it’s a very slight relief
" Is beag an faoiseamh uimhreacha daonáirimh ag an duine atá thíos mar sin le géire na fírinne ina thimpeall.
méadú beag slight increase
" Léirigh na figiúirí go raibh méadú beag tagtha ar dhaonra na gcontaetha is mó a raibh stair fhada ag an imirce iontu.
chaith sé spalla beag neamhurchóideach he gave the slight dig
" B'fhéidir gur le barr tuisceana, seachas fonn diabhlaíochta amháin, a chaith sé spalla beag neamhurchóideach leis an rí.
ní mór an slad the damage was slight
" Má bhí na ceithre scór aici fán dtráth ar thug gnó na teilifíse an doras chuici isteach mé, ní mór an slad a d’imríodar na blianta céanna ar a corp, nó ar a hanam, nó ar a héirim, nó ar an gcuimhne fhinscéalach.
feabhas beag a slight improvement
"feabhas beag le feiceáil i Meiriceá le leath bliana anuas nó mar sin, ach ní léir in aon chor go bhfanfaidh sé, ná gur toil leis na polaiteoirí tabhairt faoi fhadhbanna mar fhuinneamh, bonneagar, an timpeallacht, sláinte, agus fostaíocht a réiteach le chéile.
laghdú beag a slight decrease
" Bhí méadú le sonrú in áiteacha – Cardiff agus ceantar na hardchathrach mar shampla – agus laghdú beag in áiteacha eile – Ceredigion agus iarthar tíre, cuirim i gcás.
Níor chuir sé sin isteach ná amach ar that didn’t bother in the slightest
" Níor chuir sé sin isteach ná amach ar Mhichael Dee ná ar Bheití féin ach oiread, agus as go brách leis an bheirt acu sa chóiste, le Pilib na Gréige ag gíománaíocht ar suíochán ard taobh amuigh.
trí cháineadh doiléir a dhéanamh ar by slighting indistinctly
" Tá trolláil tugtha faoi ndeara ag beagnach gach aon duine faoin am seo agus tá an dream óg ag glacadh le nósanna mar fho-ghiolcaireacht nó 'subtweeting' ina gcáintear duine ar Twitter gan ainm úsáideora an duine a lua; mar an gcéanna, tarlaíonn a leithéid ar Facebook le '*vaguebooking*' ina ndéantar nuashonrú ar an sruth nuachta trí cháineadh doiléir a dhéanamh ar úsáideoir eile.
deacracht dá laghad the slightest difficulty
" Measann Breandán Delap nach mbeidh deacracht dá laghad ag Fianna Fáil fanacht i gceannas de bhrí go bhfuil an freasúra chomh lag sin.
athrú dá laghad the slightest change
" Ach tá Balor in amhras; ní thagann athrú dá laghad riamh ar an bhféile, dar leis.
athrú dá laghad the slightest change
" Ach tá Balor in amhras; ní thagann athrú dá laghad riamh ar an bhféile, dar leis.
aithne bheag slight acquaintance
" Chuir Colm Mac Séalaigh aithne bheag ina óige ar Mhícheál Ó Duibhir, an t-imreoir caide agus an bainisteoir foirne do Chiarraí sna blianta siar.
gur beag beann slight attention
" Léiríonn Alan Desmond thíos gur beag beann mhuintir an AE agus mhuintir oileán seo ‘na naomh is na n-ollamh’ ar an duine a thiocfas anall ag obair inár measc sa phost a mbeadh drogall orainn féin tabhairt faoi.
aithne bheag ar a slight acquaintence
" Chuir Seán Greif aithne bheag ar mhuintir Agua Preta san Amazóin ach níorbh aon ribín réidh a ghabháil a fhad leo in Agua Preta.
gur beag aird a thugtar ar slight attention is paid to
" Is ait le Niamh Ní Shúilleabháin gur beag aird a thugtar ar chion na dtomhaltóirí sa bheart.