Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
millte spoilt
" Mar a bheadh páiste millte ann ar thiontaigh a thuismitheoirí ina éadán, tá mearbhall ar Trimble.
bpeataí millte spoilt pets
" Tugann Síle Fisher, bean as Ciarraí o dhúchas, an-chuid cabhrach dó agus bíonn muid ag éisteacht le leithéidí Martin Hayes, Nomos, Lúnasa, Solas, Danú agus Dervish! Tá muid inár bpeataí millte acub! Bhí mé thart fá ocht mbliana is fiche d'aois ag an am sin.
deargmhillte spoilt rotten
" "Tá sé deargmhillte agat," arsa Úna.
scriosta spoilt
" Is é fírinne an scéil ná nach amháin go raibh an Nollaig scriosta ar lucht leanúna Chorcaí ach tá seans ann go bhfuil an samhradh seo chugainn agus mórán samhraí eile scriosta leis.
ag déanamh slada spoiling, ruining
" Tá muidne ag déanamh slada ar ár n-oidhreacht féin, mar a tharla d'oidhreacht na nIndiach Dearg i Meiriceá, ach gur sinne féin atá freagrach as an slad.
ceannmhillteach head-spoiling
" Ba nimhneamh agus ba díobhálach iad na briathra as a bhéal scaoilte dorcha agus ba throm, glioscarnach, ceannmhillteach a bhí an claíomh fada géar a bhí á chaitheamh aige ó lámh go lámh.
a loit to spoil
" Níl aon amhras ach go ndéanfaidh dlíodóirí na nGardaí a bhfuil amhras fúthu gach iarracht clú agus, dá bhrí sin fianaise, Kevin Fulton a loit.
a loit to spoil
" "Fear a chailleann teanga atá i gceist anseo agus ní déarfaidh mé aon rud eile faoi mar tá sé le teacht amach go gairid agus níor mhaith liom an scéal a loit.
millte spoilt
" "Bhí mé saghas millte mar phaiste," a deir sé, "toisc gur samhlaíodh Baile Phib mar cheantar garbh ag an am sin.
Seargánach spoil-sport
" ” “Caidé mar atá tú, a Aire?” a d’fhiafraigh Balor an Seargánach.
an chreach the spoils
" Díol spéise gur i nGaeltacht na Gaillimhe atá ochtar den naonúr a scuab leo an chreach lonnaithe.
go scriosfadh spéirling neamhchoitianta an rud ar fad that an uncommon hurricane would spoil the whole thing
" Níor chabhraigh an aimsir agus bhí baol ann ag pointe amháin go scriosfadh spéirling neamhchoitianta an rud ar fad.
an comhshaol a scrios to spoil the environment
" Caithfear gan an comhshaol a scrios agus tionscadail mar thabhairt ar ais an iolair a spreagadh.
millte ag an ollturasóireacht. spoilt by mass tourism.
" Ach i mo thuairimse, tá an ceantar seo millte ag an ollturasóireacht.
bhí sé mar a bheadh déagóir millte ann. he was like a spoiled teenager
" Dímhúinte, droch-dhearcadh – bhí sé mar a bheadh déagóir millte ann.
a thruailliú to spoil
" Chuir imeacht Bertie Ahern agus ceapachán Brian Cowen isteach go mór air chomh maith agus ligeadh do ghrúpaí éagsúla – feirmeoirí agus ceardchumainn áirithe, cuir i gcás – an feachtas a thruailliú le bagairtí agus agóidí nár bhain leis an Chonradh.
loite spoiled
" Pléifidh mé an bhlagadóireacht agus a mionsonraí níos mine amach anseo, ná bíodh aon buairt ort faoi sin! Is fearr an t-ádh ná éirí go moch! Tá muintir na hÉireann loite ó thaobh rogha córais nuachtlitreach leictreonacha.
Ní loitfead I shall not spoil
" Ní loitfead an scannán ort agus castaí uilig an phlota a sceitheadh anseo.
truaillithe ruined, spoiled
" Mar sin caidé an ‘big deal’ fá dtaobh de leathanach eile a bheith ag feidhmiú agat nuair atá na boscaí sin ticeáilte cheana féin? Caithimse cuid mhór iarracht agus fuinneamh i ndaoine a sheachaint, agus nuair a deirtear liom go dtig leat a bheith ar gach eolas te bruite fá dtaobh de chuid gníomhaíochtaí agus gluaiseachtaí achan duine a bhfuil tú mór leis, cha dtig liom a shamhlú cúis ar bith le d’intinn a bheith truaillithe ag stuif mar seo nuair nach bhfuil mórán smachta agat ar do chuid gluaiseachtaí agus gníomhaíochtaí féin.
nach loitfidh shall not spoil
" Tá mórán daoine den bharúil go mbeadh cuairt ó Bhanríon Shasana ina comhartha cinnte go bhfuil deireadh go deo le gortaithe agus leitheadais na staire, agus nach loitfidh siad riamh arís an gaol idir an dá oileán.
chreach á dáileadh spoils are being shared out
" An tAire Turasóireachta agus Ealaíona: Deirdre Clune ====================== Beidh ar Fhine Gael cothromaíocht inscne agus tíreolaíochta a chur san áireamh nuair a bheas an chreach á dáileadh.
millte spoilt
" Ba dheacair dom a shamhlú go mbeidh aon áit eile ar an mbealach chomh millte le bruscar is dramhaíl is atá Ailt an Chorráin.
Loitfeadh would spoil
" Loitfeadh tuilleadh den gcúlscéal an scannán ort.
millte, saibhre rich and spoiled
" I measc pheileadóirí millte, saibhre a léirigh níos mó duáilcí na suáilcí go minic, bhí Giggs ina eiseamláir don óige agus ina laoch spóirt den scoth, dar leis an saol.
thruailleodh iad would spoil them
" Dánta a eascraíonn as an méid a d’fhulaing sí is ea iad, dánta nochta is gan aon chleasaíocht bhréige liteartha iontu a thruailleodh iad, dánta i dteanga ársa nár chualathas á labhairt ar na sráideanna arís go dtí ré an fhile féin.
ag gníomhú mar pháiste millte operating like a spoilt child
" 
 Cúpla lá roimhe rinne an tOrd Oráisteach géarcháineadh ar shagart na paróiste, ag baint díoltais amach sular tharla a dhath mar sin is léir go mbeidh an tOrd ag gníomhú mar pháiste millte le linn an tsamhraidh, compordach go leanfaidh an teideal oidhreachta a bhronn ceannairí aontachtacha orthu leis na cianta ar aghaidh go deo na ndeor.
ag déanamh truailliú ar fhoras na n-ealaíon spoiling the institute of arts
" Cacamas Samhlaithe ========== Bhí iar-Aire Cultúir na Breataine, Kim Howells (2002), iontach daingean ina thuairim faoin chomórtas seo ag rá gur ‘conceptual bullshit’ a bhí ann, rud a spreag an Prionsa Séarlas le litir a scríobh mar thaca leis ag rá go raibh an gradam ag déanamh truailliú ar fhoras na n-ealaíon.
Gaelainn thruaillithe spoiled Irish
" Gaelainn thruaillithe atá agamsa agus formhór na ndaoine ar comhaois liom ach níl aon leigheas againn air ach táimíd ag déanamh ár ndíchill.
soilse bradacha spoiling lights
" Gan teilifís ná torann saorga ná soilse bradacha ann ach an comhluadar féin.
ar fhaitíos go gcuirfinn bréantan ar an gcóisir lest I’d spoil the party
" D'inseoinnse an scéal ó thús deireadh go fial, fonnmhar, ach bhí daoine eile sa gcomhluadar, cuntasóir Béarlóra as Baile Átha Cliath, agus beirt as Londain, rud a thug orm freagra gonta a thabhairt ar an gceist ar fhaitíos go gcuirfinn bréantan ar an gcóisir le saineolas.
súil le breis a mhilleann an cearrbhach hoping for more spoils the gambler
" ” Ar ndóigh, tá córas an rachmais bunaithe ar an tsaint, ceann de na seacht bpeaca marfach agus meastar nach mbíonn lucht pócair riamh sásta leis an mhéid airgid atá acu— súil le breis a mhilleann an cearrbhach.
scriosadh fiú amháin even to spoil
" Chomh maith le muintir na feirge agus na staince, nach mbacfadh le siúl a fhad le bothán vótála lena gcuid vótaí a scriosadh fiú amháin, tá dreamanna Poblachtacha nach ndallfaidh doras an ionad vótála go brách, bíodh go ndearna cuid acu é sin go díreach i nDoire.