Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go dtabharfaí i dtír iad that they would be brought ashore
" Líomhaintí ======= Rinne John Howard deimhin dá lucht tacaíochta nuair a chuir sé i leith na dteifeach i mbád eile gur chaith siad páistí isteach san fharraige ag súil go dtabharfaí i dtír iad de bharr a gclann a bheith i gcontúirt.
tugadh aire mhaith do mo mhuintir i gcónaí ann my parents/people were always well looked after there
" Cén fáth ar tháinig tú ar an gcinneadh sin? Agus cén fáth an oiread sin spéise agat sna hospidéil? EO’B: Tá spéis agam in Ospidéal an Aonaigh toisc gurb é m’ospidéal áitiúil é agus tugadh aire mhaith do mo mhuintir i gcónaí ann uair ar bith go raibh orainn dul ann.
thug sé a bheatha i dtír he made a living
" D’oscail sé siopa agus mar shiopadóir grósaera comharsanachta a thug sé a bheatha i dtír ina dhiaidh sin.
thugann a mbeatha i dtír go fóill making a living
" Ar ndóigh tá daoine ar an oileán a thugann a mbeatha i dtír go fóill.
thugtar air i gcoitinne most usually called
" Tá Ionad Comhdhála agus Dísirt Naomh Cléimint (*St Clement’s Retreat and Conference Centre*), nó mar a thugtar air i gcoitinne, Galong, corradh is céad ciliméadar siar ó thuaidh as Canberra, príomhchathair na hAstráile.
tugadh i nglais lámha he was brought in handcuffs
" Stopadh an fear de dheasca mioneachtra tráchta, agus nuair a thug sé faoina ghnó a dhéanamh i gceann de dhá theanga oifigiúla an Stáit – Gaeilge – gabhadh é agus tugadh i nglais lámha chuig beairic Garda é, áit ar coimeádadh é go raibh fáil ar Gharda a bhí in innimh gnó a dhéanamh leis sa teanga sin.
i dtreo an rud a dtugtar towards what is called
" Cé nach féidir an claonadh nua seo i SAM i dtreo an rud a dtugtar ‘minimalism’, nó íostachas, air a rangú mar ghluaiseacht ar bhonn oifigiúil, is cinnte go bhfuil rud éigin suntasach ag tarlú, agus is minic an t-idirlíon á thiomáint.
Tugann Maura Lynskey aird i dtólamh Maura Lynskey always pays attention to
" Tugann Maura Lynskey aird i dtólamh ar fheiceálacht na teanga seo ar chomharthaí bóthair na tíre.